This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R2483
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/2483 of 12 December 2022 approving amendments to the specification for a protected designation of origin or a protected geographical indication (‘Saumur’ (PDO))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2483 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2022 lena bhformheastar leasuithe ar an tsonraíocht ar shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó ar thásc geografach faoi chosaint (“Saumur” (STFC))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2483 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2022 lena bhformheastar leasuithe ar an tsonraíocht ar shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó ar thásc geografach faoi chosaint (“Saumur” (STFC))
C/2022/9534
IO L 323, 19.12.2022, p. 29–29
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
19.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 323/29 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2483 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Nollaig 2022
lena bhformheastar leasuithe ar an tsonraíocht ar shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó ar thásc geografach faoi chosaint (“Saumur” (STFC))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 99 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Scrúdaigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas ar leasú ar chlár um shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Saumur” a chuir an Fhrainc ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
(2) |
D’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas ar leasú ar an tsonraíocht in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2), de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 97(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
(3) |
Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart an leasú ar an tsonraíocht a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
(5) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá na leasuithe ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Saumur” (STFC) formheasta anois.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Nollaig 2022.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún