This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0093
Case T-93/22: Action brought on 18 February 2022 — Ramazani Shadary v Council
Cás T-93/22: Caingean arna tabhairt an 18 Feabhra 2022 – Ramazani Shadary v an Chomhairle
Cás T-93/22: Caingean arna tabhairt an 18 Feabhra 2022 – Ramazani Shadary v an Chomhairle
IO C 148, 4.4.2022, p. 43–43
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 148, 4.4.2022, p. 36–36
(GA)
4.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 148/36 |
Caingean arna tabhairt an 18 Feabhra 2022 – Ramazani Shadary v an Chomhairle
(Cás T-93/22)
(2022/C 148/57)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Emmanuel Ramazani Shadary (Kinshasa, Poblacht Dhaonlathach an Chongó) (ionadaithe: T. Bontinck, P. De Wolf, A. Guillerme agus T. Payan, dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Cinneadh (CBES) 2021/2181 ón gComhairle an 9 Nollaig 2021 a neamhniú (1), a mhéid a choimeádtar leis an t-iarratasóir faoi Uimh. 9 den iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin; |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2177 ón gComhairle an 9 Nollaig 2021 (2) a neamhniú, a mhéid a choimeádtar leis an t-iarratasóir faoi Uimh. 9 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin; |
— |
a ordú don Chomhairle na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, ardaíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí atá, go bunúsach, comhionann nó cosúil leis na cinn a ardaítear i gCás T-90/22, Kande Mupompa v an Chomhairle.
(1) Cinneadh (CBES) 2021/2181 ón gComhairle an 9 Nollaig 2021, lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (IO 2021 L 443, lch. 75).
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2177 ón gComhairle an 9 Nollaig 2021, lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm i dtaca le Poblacht Dhaonlathach an Chongó (IO 2021 L 443, lch. 3).