Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Iomaíochas an Aontas Eorpaigh (AE) i nanaileictreonaic agus i gcórais ríomhaire leabaithe a spreagadh

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí faoin gclár Fís Eorpach' for an updated information about the subject.

Iomaíochas an Aontas Eorpaigh (AE) i nanaileictreonaic agus i gcórais ríomhaire leabaithe a spreagadh

Faoin dlí seo den Aontas Eorpach, cuirtear ar bun comhpháirtíocht earnála príobháidí agus poiblí ar a dtugtar ECSEL. Iarrtar leis an chomhpháirtíocht seo an bhearna idir thaighde agus an margadh a shárú go tapa agus an Eoraip a choimeád ar thús cadhnaíochta maidir le comhchodanna agus le córais leictreonacha.

ACHT

Rialachán (AE) Uimh. 561/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear an comhghnóthas ECSEL.

ACHOIMRE

Tá ann do dhá Chomhthionscnamh Teicneolaíochta in ECSEL ina ndírítear ar nanaileictreonaic (ENIAC) agus ar chórais ríomhaire leabaithe (Artemis), mar aon leis an Ardán Teicneolaíochta Eorpach (ETP) maidir le córais chomhtháthaithe chliste (EPoSS). Tá feidhm ag ECSEL idir 2014 agus 2024. Is ríthábhachtach comhchodanna agus córais leictreonacha don nuálaíocht táirge agus táirgiúlachta ar fud an gheilleagair agus bíonn páirt thábhachtach acu maidir le dul i ngleic leis na dúshláin a thagann os comhair na sochaí.

Is príomhthéamaí na réimsí seo i bhFís 2020, clár AE um thaighde agus um nuálaíocht don tréimhse 2014-20.

Na cuspóirí:

  • cur le tionscal Eorpach láidir agus iomaíoch maidir le comhchodanna agus le córais leictreonacha;
  • rochtain a chur ar fáil do na geallsealbhóirí uile ar bhonneagar den scoth maidir le comhchodanna leictreonacha agus le córais leictreonacha chliste agus leabaithe a dhearadh agus a mhonarú.

Na buntáistí

Déanann ECSEL:

  • soláthar príomhtheicneolaíochtaí digiteacha a dhaingniú trí thacú le nuálaíocht i mórearnálacha gheilleagar na hEorpa agus trí neamhspleáchas an gheilleagair sa réimse seo a chinntiú;
  • obair ar son tairseach chriticiúil a bhaint amach, an toradh ná go bhforbrófar braislí, maidir le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) ach go háirithe;
  • na rioscaí agus an t-am chun margaidh a laghdú;
  • straitéisí a chomhordú le tíortha an AE le hinfheistíocht phríobháideach a mhealladh, rud a chinnteoidh nach ndéanfar iarrachtaí faoi dhó;
  • costais a laghdú trí acmhainní a chomhroinnt.

Na comhpháirtithe:

  • an Coimisiún Eorpach;
  • tíortha an AE agus tíortha comhlachaithe;
  • trí chomhlachas thionsclaíocha phríobháideacha (Comhlachais Thionsclaíocha EPoSS, AENEAS agus ARTEMIS) a dhéanann ionadaíocht do mhicrileictreonaic agus do nanaileictreonaic, do chórais chomhtháthaithe chliste agus do chórais leabaithe/chibearfhisiceacha.

An buiséad

Tá timpeall € 1.18 billiún á infheistiú ag an AE in ECSEL tríd an chlár Fís 2020, agus táthar ag súil leis go gcuirfidh tíortha rannpháirteacha AE an méid cistiúcháin céanna nó níos mó ná é ar fáil agus go gcuirfidh na comhpháirtithe € 2.34 bhilliún ar fáil ar a laghad.

An comhthéacs

Faoin Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (Airteagal 187), is féidir comhghnóthais a chur ar bun lena chur ar chumas na n-earnálacha poiblí agus príobháideacha i mBallstáit AE teacht le chéile le cláir taighde agus forbartha teicneolaíochta agus le clár maidir le taisealbhadh an Aontais a chur i gcrích go héifeachtach.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (AE) Uimh. 561/2014 ón gComhairle

27.6.2014

-

IO L 169, 7.6.2014, lch. 152-178

Nuashonrú is déanaí: 03.08.2014

Top
  翻译: