Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Téarmaí agus coinníollacha le haghaidh ionstraimí airgeadais atá réidh lena n–úsáid

Téarmaí agus coinníollacha le haghaidh ionstraimí airgeadais atá réidh lena n–úsáid

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán Cur chun Feidhme (AE) Uimh. 964/2014 — rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 maidir le téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha le haghaidh ionstraimí airgeadais

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME?

Leagtar amach leis rialacha i ndáil leis na téarmaí agus na coinníollacha caighdeánacha lena n–ullmhaítear ionstraimí airgeadais atá réidh lena n–úsáid mar a deirtear, le húsáid. Comhlíonann na hionstraimí sin an rialachán maidir le Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha agus an beartas Státchabhrach cheana.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ionstraimí airgeadais atá réidh lena n–úsáid

Maidir leis na hionstraimí airgeadais sin:

  • ceapadh iad chun tíortha AE a spreagadh le tacaíocht airgeadais imrothlaigh* a chur ar fáil seachas deontais thraidisiúnta a thairg;
  • ceapadh iad chun acmhainní poiblí agus príobháideacha a chomhcheangal;
  • roinneadh iad ina gcatagóirí éagsúla:
    • “iasacht chomhroinnte riosca” (rioscaí a roinnt idir acmhainní poiblí agus príobháideacha) agus “ionstraim ráthaíochta caidhpeáilte” (i gcás go bhfeidhmíonn airgead poiblí mar ráthaíocht i gcoinne réamhshocraithe istigh i bpunann iasachtaí bainc) a bhfuil sé mar aidhm leo beirt rochtain níos fearr a sholáthar d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) ar airgeadas,
    • baineann “iasacht um athchóiriú” le tionscadail maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh inathnuaite san earnáil foirgníochta cónaithe,
    • i “saoráid chomhinfheistíochta” comhcheanglófar acmhainní poiblí agus príobháideacha chun maoiniú a sholáthar do ghnólachtaí nuathionscanta agus FBManna, agus
    • tá sé mar aidhm le “ciste forbartha uirbí” tacú le tionscadail uirbeacha inbhuanaithe.

Raon feidhme

Leagtar amach sa rialachán rialacha ina gcumhdaítear na téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha le haghaidh na n–ionstraimí airgeadais seo a leanas:

  • iasacht comhroinnte riosca punainne
  • ráthaíocht chaidhpeáilte punainne
  • iasacht um athchóiriú
  • saoráid chomh-infheistíochta
  • ciste forbartha uirbí.

Ábhar comhaontaithe cistiúcháin

Tá tábla anótáilte den ábhar i gcomhaontú cistiúcháin idir údarás bainistithe* agus idirghabhálaí airgeadais* leagtha amach san iarscríbhinn a ghabhann leis an rialachán. Áirítear na nithe seo a leanas ar an ábhar, i measc nithe eile:

  • raon feidhme agus cuspóir
  • cuspóir beartais
  • comhlíonadh na rialacha Státchabhrach
  • torthaí sprice
  • ról agus dliteanas an idirghabhálaí airgeadais
  • fad agus incháilitheacht an chaiteachais ag tráth an dúnta.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN CUR CHUN FEIDHME?

Tá feidhm leis ón 2 Deireadh Fómhair 2014.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Tacaíocht airgeadais imrothlaigh: is acmhainní iad acmhainní “tacaíochta airgeadais imrothlaigh” a chuirtear ar ais lena n–úsáid amach anseo. Tagraítear do na rialacha maidir le húsáid na n–acmhainní a chuirtear ar ais in Airteagal 44 agus in Airteagal 45 de Rialachán na bhForálacha Coiteanna maidir leis na Cistí Struchtúracha agus Comhtháthaithe.
Údarás bainistithe: údarás nó comhlacht náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, nó comhlacht príobháideach, arna ainmniú ag tír AE chun gach clár oibriúcháin a bhainistiú. Féadfar an t–údarás bainistithe céanna a ainmniú le haghaidh níos mó ná clár amháin oibriúcháin.
Idirghabhálaí airgeadais: comhlacht a chuireann ionstraim airgeadais chun feidhme. Tagraítear do na comhlachtaí dá bhféadfaidh na húdaráis bhainistithe é sin a chur de chúram orthu in Airteagal 38(4) (a), (b) agus (c) de Rialachán na bhForálacha Coiteanna.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán Cur chun Feidhme (AE) Uimh. 964/2014 ón gCoimisiún an 11 Meán Fómhair 2014 lena leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha le haghaidh ionstraimí airgeadais (IO L 271, 12.9.2014, lgh. 16-44)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 964/2014 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite sin ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉAD GAOLMHAR

Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa, maidir leis an gCiste Comhtháthaithe, maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, agus maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (OJ L 347, 20.12.2013, lgh. 320–469)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 28.01.2019

Top
  翻译: