Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Tacú le comhar an Aontais Eorpaigh i réimse an chánachais: Fiscalis (2021-2027)

Tacú le comhar an Aontais Eorpaigh i réimse an chánachais: Fiscalis (2021-2027)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2021/847 lena mbunaítear an clár Fiscalis chun comhar a dhéanamh i réimse an chánachais

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bunaítear leis an clár ‘Fiscalis’ maidir le comhar i réimse an chánachais*. Beidh sé sin i bhfeidhm ar feadh thréimhse chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 an Aontais Eorpaigh (AE). Leagtar amach ann, don chlár:

  • a chuspóirí ginearálta agus sonracha;
  • méid, foirmeacha agus rialacha mhaoiniú AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is iad na cuspóirí ginearálta leis an reachtaíocht tacú le húdaráis chánach agus chánachais chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • an margadh inmheánach a threisiú;
  • iomaíochas AE agus iomaíocht chóir a chothú san AE;
  • leasanna airgeadais agus eacnamaíocha AE agus náisiúnta a chosaint, lena n–áirítear ar chalaois, imghabháil agus seachaint cánach;
  • feabhas a chur ar bhailiú cánach.

Is iad seo a leanas na cuspóirí sonracha leis an gclár:

  • tacú le beartas cánach agus cur chun feidhme dhlí AE a bhaineann le cánachas;
  • comhar a chothú idir na húdaráis chánach, lena n–áirítear malartú faisnéise cánach;
  • tacú le forbairt acmhainní riaracháin, lena n–áirítear maidir leis an inniúlacht dhaonna agus forbairt agus oibriú córas leictreonach Eorpach.

Is é €269 milliún (praghsanna reatha) an buiséad 7 mbliana chun an clár a chur i bhfeidhm. D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith i gceist leis sin:

  • réimsí gníomhaíochtaí a chlúdach, amhail speansais as gníomhaíochtaí a bhaineann le bainistíocht ar chláir, staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, líonraí teicneolaíochta faisnéise agus cúnamh teicniúil agus riaracháin;
  • suas le 100% de chostais incháilithe tionscadail a mhaoiniú;
  • maoiniú a sholáthar, go háirithe trí dheontais, duaiseanna, soláthar agus aisíocaíocht costas a bhaineann le saineolaithe seachtracha;
  • gníomhaíochtaí tacaíochta atá á maoiniú cheana ó fhoinsí maoinithe eile AE, ar an gcoinníoll nach gclúdaítear na costais chéanna sna ranníocaíochtaí éagsúla.

Tá an clár ar oscailt do rannpháirtíocht tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad, faoi réir coinníollacha áirithe. Go sonrach, ní mór do na tíortha sin rochtain a cheadú do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise, a fhéadfaidh imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, chun airgeadas AE a chosaint. Féadfaidh saineolaithe seachtracha — amhail iad siúd ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad nach bhfuil baint acu leis an gclár, lena n–áirítear tíortha is lú forbairt — páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí an chláir.

Áirítear iad seo a leanas ar ghníomhaíochtaí atá incháilithe i leith maoinithe:

  • cruinnithe agus imeachtaí ad hoc comhchosúla;
  • comhar tionscadalbhunaithe;
  • Forbairt acmhainne TF, go háirithe forbairt agus oibriú córas leictreonach Eorpach;
  • forbairt inniúlachta daonna agus gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta eile
  • bearta tacaíochta, amhail staidéir agus gníomhaíochtaí nuálaíochta, go háirithe cruthúnas ar choincheap, treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí cumarsáide.

Aithnítear tosaíochtaí féideartha in Iarscríbhinn III:

  • dlí cánach AE a chur chun feidhme, oiliúint foirne, comhar riaracháin agus aisghabháil éileamh
  • faisnéis a mhalartú, a húsáid a fheabhsú agus formáidí caighdeánacha TF a fhorbairt;
  • tacú le digitiú agus modheolaíochtaí a nuashonrú in údaráis chánach;
  • Dea-chleachtais a roinnt, go háirithe chun calaois cánach breisluacha a chomhrac.

Déanann an Coimisiún Eorpach agus Ballstáit AE an méid seo a leanas:

  • córais leictreonacha Eorpacha a fhorbairt agus a oibriú i gcomhar lena chéile;
  • plean straitéiseach ilbhliantúil um chánachas (MASP-T) a bhunú agus a choinneáil cothrom le dáta, ar plean é:
    • ina liostaítear na cúraimí ábhartha uile, amhail dearadh, tástáil comhréireachta, cur in úsáid, cothabháil, slándáil agus rialú cáilíochta do na córais leictreonacha Eorpacha,
    • ina aicmítear cé na comhpháirteanna atá sonrach don Aontas Eorpach, a bhaineann go sonrach le Ballstát ar leith (náisiúnta) nó teaglaim den dá cheann,
    • ina chlúdaítear nuálaíocht, gníomhaíochtaí píolótacha agus modheolaíochtaí agus uirlisí tacaíochta.

Maidir leis an gCoimisiún:

In Iarscríbhinn II liostaítear táscairí chun tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le cuspóirí sonracha an chláir a bhaint amach. Tugadh isteach táscairí breise, arb é is aidhm dóibh aschuir, torthaí agus tionchair an chláir a thomhas, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2300 ón gCoimisiún an 30 Lúnasa 2022 lena mbunaítear creat faireacháin agus meastóireachta don chlár Fiscalis.

Ceanglaítear leis an reachtaíocht:

  • ar fhaighteoirí mhaoiniú AE a bhfoinse a admháil agus faisnéis éifeachtach agus spriocdhírithe a sholáthar maidir lena ngníomhaíochtaí agus torthaí do lucht spéise idir na meáin agus an pobal;
  • ar an gCoimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide faoin gclár a chur i gcrích.

Maidir leis an rialachán:

  • aisghairtear leis Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 lena mbunítear Fiscalis 2020 ón 1 Eanáir 2021;
  • éascaítear leis go leanfar le gníomhaíochtaí faoi Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 go dtí go ndúnfar iad.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021.

CÚLRA

Tagann Fiscalis 2027 in ionad Fiscalis 2020, a mhair ó 2014 go 2020. Méadaítear leis an gclár nua tacaíocht AE d’údaráis chánach náisiúnta chun comhar i réimse an chánachais a chur chun cinn agus chun cuidiú le feabhas a chur ar chur chun feidhme beartais cánach.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cánachas. Clúdaítear ann dearadh, riarachán, forfheidhmiú agus comhlíonadh cánach breisluacha, dleachtanna máil ar alcóil agus ar thobac, cánacha fuinnimh agus leictreachais agus cánacha agus dleachtanna náisiúnta eile a ghearrtar thar ceann an Aontais Eorpaigh.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2021/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear clár “Fiscalis” chun comhar a dhéanamh i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 (IO L 188, 28.5.2021, lgh. 1–17).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2300 ón gCoimisiún an 30 Lúnasa 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú do chlár Fiscalis chun comhar a dhéanamh i réimse an chánachais (IO L 305, 25.11.2022, lgh. 1–4).

Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lgh. 1–222).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 14.12.2022

Top
  翻译: