Substaintí a ídíonn an ciseal ózóin
ACHOIMRE AR:
Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin (an Rialachán maidir le hídiú an chisil ózóin)
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
- Leagtar síos le Rialachán Uimh. 1005/2009 rialacha maidir le substaintí a dhéanann dochar don chiseal ózóin a tháirgeadh, a allmhairiú, a onnmhairiú, a dhíol, a úsáid, a athshlánú, a athchúrsáil, a athghabháil agus a scriosadh.
- Leagtar amach sa rialachán riachtanais agus bearta tuairiscithe do na táirgí agus don trealamh ina n-úsáidtear na substaintí sin.
- Rinneadh mionleasúchán ar an rialachán ceithre huaire.
PRÍOMHPHOINTÍ
- Mar riail ghinearálta, cuirtear cosc ar shubstaintí rialaithe a tháirgeadh agus a dhíol, substaintí amhail halóin (chun dóiteáin a mhúchadh), bróimíd mheitile (chun lotnaidí a rialú) agus hidreaclórafluaracarbóin (a úsáidtear i gcuisneoirí agus i gcórais aerchóirithe), a rialaítear a monaraíocht agus a n-úsáid.
- Ceadaítear roinnt eisceachtaí, faoi dhálaí soiléire: má úsáidtear iad mar amhábhar*, mar oibreáin phróisis* nó chun críocha úsáide saotharlainne nó anailíse.
- Cuireadh bac ar úsáid bróimíde meitile i mí an Mhárta 2010, ach amháin i gcás coraintíní éigeandála chun leathadh galar nó lotnaidí a chosc. I ngach cás, ní mór údarú sealadach a fháil ón gCoimisiún Eorpach.
- Féadfar úsáid a bhaint as córais cosanta dóiteáin agus as múchtóirí dóiteáin a bhfuil halón iontu i gcúinsí áirithe. Tá méadú ag teacht ar líon na dtáirgí malartacha a bhfuil fáil orthu agus leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 744/2010 na scoithdhátaí mionsonraithe, dátaí ó 2013 go dtí 2040 ag brath ar úsáid halóin.
- Cuirtear cosc go bunúsach ar allmhairí agus ar onnmhairí substaintí rialaithe agus táirgí a bhfuil na substaintí sin iontu. Bíonn feidhm ag córas ceadúnas nuair a cheadaítear substaint nó táirge den saghas sin. Sa bhliain 2013, chuir an Coimisiún rialacha níos solúbtha i bhfeidhm maidir le húsáid halón in aerárthaí.
- Ní mór córais athshlánaithe a bheith curtha i bhfeidhm chun na substaintí rialaithe seo a scriosadh, a athchúrsáil nó a athghabháil: substaintí rialaithe a úsáidtear i gcuisniú, in aerchóiriú, i dtrealamh teaschaidéil, i múchtóirí dóiteáin, i dtrealamh cosanta dóiteáin agus in earraí a bhfuil tuaslagóirí iontu.
Aisghairm
Aisghairfear Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 agus cuireadh Rialachán (AE) 2024/590 ina ionad (féach an achoimre) amhail ón 3 Márta 2025.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
- Tá sé i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2010.
- Le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 athbhreithníodh Rialachán (CE) Uimh. 2037/2000 agus a leasuithe ina dhiaidh sin agus cuireadh in ionad an Rialacháin sin agus a leasuithe ina dhiaidh sin é.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Amhábhar. Aon substaint rialaithe nó substaint nua a thagann athrú ceimiceach uirthi nuair a athraítear a comhdhéanamh bunaidh go hiomlán agus nach mbaineann ach méid beag astaíochtaí léi.
Oibreán próisis. Substaintí rialaithe a úsáidtear mar oibreáin próisis ceimiceán chun na gcríoch atá liostaithe in Iarscríbhinn III.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin (IO L 286, 31.10.2009, lgh. 1–30).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Nuashonraithe 08.03.2024
Top