This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0731
Case T-731/22: Action brought on 24 November 2022 — Kozitsyn v Council
Cás T-731/22: Caingean arna tabhairt an 24 Samhain 2022 – Kozitsyn v an Chomhairle
Cás T-731/22: Caingean arna tabhairt an 24 Samhain 2022 – Kozitsyn v an Chomhairle
IO C 24, 23.1.2023, p. 65–66
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
23.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 24/65 |
Caingean arna tabhairt an 24 Samhain 2022 – Kozitsyn v an Chomhairle
(Cás T-731/22)
(2023/C 24/90)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Andrey Anatolyevich Kozitsyn (Verkhnyaya Pyshma, an Rúis) (ionadaí: J. Grand d’Esnon, Dlíodóir)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 (1) i ndáil le Andrey Anatolyevich Kozitsyn agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 (2) i ndáil le Andrey Anatolyevich Kozitsyn, a chur ar neamhní; ag an am céanna |
— |
a dhearbhú go bhfuil Airteagal 2(1)(g) de Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle agus Airteagal 3(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle neamhdhleathach; agus |
— |
cur i bhfeidhm na bhforálacha sin a dhiúltú trí phléadáil neamhdhleathachta nó, ar a laghad ar bith, a dhearbhú go bhfuil sé neamhdhleathach na forálacha sin a chur i bhfeidhm maidir le Andrey Anatolyevich Kozitsyn; in aon chás, |
— |
a ordú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais a íoc de bhun Airteagal 140(b) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ocht saincheist dlí atá, go bunúsach, mar an gcéanna nó cosúil leis na cinn a bhí á n-agairt sa chás T-234/22, Ismailova v an Chomhairle.
(1) Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 149).
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 1).