This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52023M11038
Prior notification of a concentration (Case M.11038 – ROTHSCHILD & CO / ANDERA PARTNERS / FINANCIERE CANELLA) Candidate case for simplified procedure (Text with EEA relevance) 2023/C 55/03
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11038 — ROTHSCHILD & CO / ANDERA PARTNERS / FINANCIERE CANELLA) Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2023/C 55/03
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11038 — ROTHSCHILD & CO / ANDERA PARTNERS / FINANCIERE CANELLA) Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2023/C 55/03
PUB/2023/163
IO C 55, 14.2.2023, p. 3–4
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
14.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 55/3 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11038 — ROTHSCHILD & CO / ANDERA PARTNERS / FINANCIERE CANELLA)
Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 55/03)
1.
An 6 Feabhra 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
— |
Five Arrows Sustainable Investments (“FASI”, Lucsamburg), a bhaineann le grúpa Rothschild & Co (an Fhrainc), |
— |
Andera Partners (an Fhrainc), |
— |
Financière Canella (an Fhrainc), atá faoi rialú Andera Partners. |
Gheobhaidh FASI agus Andera Partners rialú comhpháirteach ar Financière Canella ina iomláine de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:
— |
Is cistí infheistíochta iad FASI atá faoi bhainistiú agus comhairle Five Arrows Managers ag díriú ar infheistíocht a dhéanamh i gcuideachtaí meánmhéide in Iarthar na hEorpa, |
— |
Is gnólacht bainistíochta sócmhainní Andera Partners a bhfuil speisialtóireacht aige ar Chothromas Príobháideach, |
— |
Tá Financière Canella gníomhach in athchóiriú foirgneamh cónaithe pobail i réigiún Pháras (Ile-de-France). |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11038 — ROTHSCHILD & CO / ANDERA PARTNERS / FINANCIERE CANELLA
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
European Commission |
Directorate-General for Competition |
Merger Registry |
1049 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).