Sábháilteacht bia – ábhair theagmhála bia shábháilte
ACHOIMRE AR:
Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 maidir le hábhair agus earraí atá ceaptha teacht i dteagmháil le bia
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
- Leagtar síos leis rialacha comhchoiteanna maidir le hábhair theagmhála bia (FCManna) a chur ar an margadh, lena n áirítear pacáistiú bia, earraí cistine, earraí boird agus trealamh próiseála bia, atá ceaptha teacht i dteagmháil le bia nó ar dóigh dóibh teacht i dteagmháil le bia, nó a gcomhábhair a aistriú (substaintí a d’fhéadfadh a bheith iontu) isteach i mbia.
- Chomh maith leis sin, cinntítear leis gur féidir na táirgí a úsáidtear a dhíol áit ar bith sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch – limistéar ina gcuimsítear Ballstáit an Aontais Eorpaigh (AE), chomh maith leis an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua – ina bhfuil saorghluaiseacht daoine, earraí, seirbhísí, agus caipitil.
PRÍOMHPHOINTÍ
- Ní mór FCManna a mhonarú i gcomhréir leis an dea-chleachtas monaraíochta ionas faoi ghnáthdhálaí úsáide nó faoi dhálaí úsáide intuartha, nach n aistreofar a gcomhábhair chuig bia i gcainníochtaí a d’fhéadfadh:
- sláinte an duine a chur i mbaol;
- athrú do-ghlactha a dhéanamh ar chomhdhéanamh an bhia; nó
- bheith ina gcúis le meath ar bhlas nó uigeacht an bhia.
- Cuimsítear sa reachtaíocht 17 ngrúpa ábhar agus nithe a bhféadfaí bearta sonracha a ghlacadh ina leith.
- D’fhéadfadh liosta de na substaintí údaraithe a gceadaítear iad a úsáid ar leibhéal AE i monarú FCManna agus srianta, amhail teorainneacha sonracha ar sscnamh (comhábhair a aistriú) a bheith i gceist leis na bearta sonracha sin.
- Leagtar amach sa rialachán chomh maith an próiseas maidir le hiarratas ar úsáid substainte nua i gcás go bhfuil liosta dá leithéid ann, mar shampla le haghaidh FCManna plaisteacha. Ní mór sainchomhad a sheoladh isteach chuig an údarás ábhartha náisiúnta, a sheolfaidh ar aghaidh ansin é chuig an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia.
- Ní mór FCManna nach raibh i dteagmháil le bia cheana nuair a dhíoltar le tomhaltóirí iad, amhail earraí cistine agus earraí boird, a shainaithint mar “le haghaidh teagmháil bhia” nó tsiombail fíona agus foirc atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán a bheith ag gabháil leo, mura bhfuil úsáid ceaptha an earra mar FCM soiléir. Ní mór faisnéis eile a soláthar nuair is ábhartha chun úsáid shábháilte an earra FCM a áirithiú chomh maith.
- Ní mór bearta inrianaitheachta a bheith i bhfeidhm ionas gur féidir táirgí lochtacha a aisghairm nó faisnéis shonrach a chur ar fáil don phobal.
- Níl feidhm ag na rialacha maidir le:
- ábhair agus earraí ársa;
- clúdach cótaí, mar shampla craicne cáise, táirgí feola nó torthaí ullmhaithe, ar cuid den bhia iad nó ar féidir iad a ithe leis an mbia.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón 3 Nollaig 2004, seachas na bearta inrianaitheachta, a bhfuil feidhm leo ón 27 Deireadh Fómhair 2006.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus nithe atá ceaptha teacht i dteagmháil le bia agus lena n aisghairtear Treoir 80/590/CEE agus Treoir 89/109/CEE (IO L 338, 13.11.2004, lgh. 4-17).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Nuashonraithe 07.01.2022
Top