This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32007R0520
Stoic de speicis mhórimirceacha a chaomhnú
Féachtar leis le stoic áirithe de speicis mhuirí mhórimirceacha (agus foghabhálacha) a chosaint agus a chaomhnú trí bhearta teicniúla a leagan amach lena ngabháil agus lena dteacht i dtír a rialú.
Sainítear speicis mhórimirceacha mar seo a leanas:
An tAigéan Atlantach
Éisc róbheaga
Ní mór tuinníní trópaiceacha agus colgáin atá níos lú ná na moltaí ón gCoimisiúin Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT) a chaitheamh ar ais isteach san fharraige láithreach. Tá toirmeasc ar éisc róbheaga de na speicis sin a thionscnaíonn ó thíortha nach tíortha iad den Aontas Eorpach iad agus a ghabhtar san Atlantach a scaoileadh lena ndíol nó lena gcur ar an margadh.
Srianta maidir le soithí agus trealamh iascaireachta
Tá toirmeasc ar iascaireacht tuinníní mórshúileacha ag peaslíonta saighne agus soithí cuaille agus líne tuinníní le linn mhí na Samhna in uiscí tropaiceacha ar leith, arna sainiú de réir:
Tá toirmeasc chomh maith ar bheith ag iascaireacht cainníocht ar bith den bhoiníotó aigéanach, tuinníní mórshúileacha nó tuinníní buí a ghabhtar ag baint úsáid as peaslíonta saighne* in uiscí sainithe áirithe de chuid na Portaingéile.
Líon na soithí iascaireachta
Cinneann an Chomhairle líon ceadaithe agus acmhainn iomlán in olltonnáiste (GT) shoithí iascaireachta AE atá níos faide ná 24 mhéadar agus a dhíríonn ar thuinníní mórshúileacha san Aigéan Atlantach agus sna farraigí in aice láimhe (arna sainiú in Airteagal 1 de Choinbhinsiún ICCAT), ar bhun na meánlíonta le linn na tréimhse 1991 go 1992, agus ar shrian na líonta shoithí AE a bhí ag iascaireacht tuinníní mórshúileacha in 2005 ar tugadh fógra do ICCAT ina leith ar an 30 Meitheamh 2005.
Cinneann an Chomhairle líon na soithí a dhíríonn ar thuinníní bána an Atlantaigh Thuaidh, bunaithe ar mheánlíon le haghaidh na tréimhse 1993 go 1995.
Roimh an 15 Bealtaine gach bliain, cuireann gach Ballstát AE líon (agus an tonnáiste más cuí) na soithí faoi mar atá thuas in iúl don Choimisiún Eorpach lena chur ar aghaidh chuig ICCAT.
Speicis nach spriocspeicis iad
Ní foláir go spreagfaidh na Ballstáit scaoileadh turtar mara beo agus siorcanna beo (go háirithe cinn óga) a ghabhtar de thaisme, chomh maith le hábhar muirí aischurtha siorcanna a laghdú trí roghnaíocht trealaimh iascaireachta a fheabhsú.
Ní mór do na Ballstáit cosc a chur ar úsáid líonta tarraingthe, eangacha timpeallaithe, peaslíonta saighne, dreidirí, eangacha geolbhaigh agus spiléir le haghaidh iascaireacht tuinníní agus speicis ghaolmhara sa Mheánmhuir chun críche spóirt agus fóillíochta, agus a áirithiú nach gcuirfear éisc a ghabhtar ar an mbealach sin ar an margadh.
Ní mór tuarascáil bhliantúil maidir le cur chun feidhme na mbeart sin a sholáthar.
An tAigéan Indiach
Líon na soithí iascaireachta
Cinneann an Chomhairle líon shoithí iascaireachta an Aontais Eorpaigh níos faide ná 24 mhéadar a bheidh údaraithe le haghaidh iascaireacht san Aigéan Indiach, bunaithe ar líonta 2003.
Speicis nach spriocspeicis iad
Ní foláir go spreagfaidh na Ballstáit scaoileadh siorcanna beo (go háirithe cinn óga) a ghabhtar de thaisme, chomh maith le hábhar muirí aischurtha siorcanna a laghdú.
Ní mór do na Ballstáit a seacht ndícheall a dhéanamh chun tionchar na hiascaireachta ar phobal na dturtar mara a laghdú, lena n–áirítear:
An tAigéan Ciúin Iartharach agus an tAigéan Ciúin Láir
Dramhaíl
Ní foláir go n–íoslaghdóidh na Ballstáit dramhaíl, ábhair mhuirí aischurtha, gabhálacha arna dtógáil le trealamh caillte nó tréigthe, truailliú ó shoithí iascaireachta, gabhálacha speiceas éisc nó ainmhithe nach spriocspeicis, agus tionchair ar bith ar speicis ghaolmhara nó spleácha, go háirithe speicis atá faoi bhagairt a ndíothaithe.
Mamaigh mhuirí
Tá cosc ar aon bháire nó aon ghrúpa mamach muirí a thimpeallú le peaslíonta saighne.
Tá feidhm leis ón 1 Meitheamh 2007.
Tá AE ina pháirtí conarthach i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (féach an achoimre).
Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2007 lena leagtar síos bearta teicniúla maidir le stoic áirithe de speicis mhórimirceacha a chaomhnú agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 973/2001 (IO L 123, 12.5.2007, lgh. 3-13)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Cinneadh 2005/75/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 2004 maidir le haontachas an Chomhphobail leis an gCoinbhinsiún maidir le Stoic Éisc Mhórimirceacha san Aigéan Ciúin Iartharach agus san Aigéan Ciúin Láir a Chaomhnú agus a Bhainistiú (IO L 32, 4.2.2005, lgh. 1-2)
Cinneadh 95/399/CE ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 1995 maidir le haontachas an Chomhphobail leis an gCoinbhinsiún maidir le Bunú Choimisiún Tuinníní an Aigéin Indiaigh (IO L 236, 5.10.1995, lch. 24)
Comhaontú lena mbunaítear Coimisiún Tuinníní an Aigéin Indiaigh (IO L 236, 5.10.1995, lgh. 25-33)
An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (IO L 162, 18.6.1986, lgh. 34-38)
Prótacal chun an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú a leasú (IO L 313, 4.12.2019, lgh. 3-13)
Cinneadh 86/238/CEE an 9 Meitheamh 1986 maidir leis an gComhphobal d’aontú don Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú, arna leasú leis an bPrótacal a cuireadh i gceangal le Gníomh Críochnaitheach Chomhdháil Lánchumhachtaí na Stáit is Páirtithe sa Choinbhinsiún arna shíniú i bPáras ar an 10 Iúil 1984 (IO L 162, 18.6.1986, lch. 33)
Nuashonraithe 29.04.2021