This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021D1984
Council Implementing Decision (CFSP) 2021/1984 of 15 November 2021 implementing Decision 2013/255/CFSP concerning restrictive measures against Syria
Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/1984 ón gComhairle an 15 Samhain 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Siria
Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/1984 ón gComhairle an 15 Samhain 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Siria
ST/13217/2021/INIT
IO L 402I, 15.11.2021, p. 5–7
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
15.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 402/5 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2021/1984 ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Samhain 2021
lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Siria
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint do Chinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Siria (1), agus go háirithe Airteagal 30(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 31 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/255/CBES. |
(2) |
I bhfianaise thromchúis na staide sa tSiria, agus i bhfianaise na n-athruithe i Rialtas na Siria le déanaí, ba cheart ceathrar a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES. Chomh maith leis sin, ba cheart an fhaisnéis a bhaineann le cúigear a liostaítear cheana in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES a thabhairt cothrom le dáta. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2013/255/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Samhain 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES mar a leanas:
(1) |
cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn A (Daoine):
|
(2) |
i Roinn A (“Daoine”), in ionad na n-iontrálacha seo a leanas cuirtear an méid seo a leanas:
|