This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22022A0413(01)
Agreement in the form of an Exchange of Letters between the European Union and the Republic of Mauritius concerning the extension of the Protocol setting out the fishing opportunities and the financial contribution provided for by the Fisheries Partnership Agreement between the European Union and the Republic of Mauritius
Comhaontú i bhfoirm malartú litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís a bhaineann le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís

ST/5658/2022/INIT
IO L 115, 13.4.2022, p. 45–50
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
13.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 115/45 |
COMHAONTÚ i bhfoirm malartú litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís a bhaineann le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís
A. Litir ón Aontas Eorpach
A Dhaoine Uaisle,
Is díol sásaimh dom a dheimhniú go bhfuil an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís i gcomhaontú maidir leis na socruithe eatramhacha seo a leanas, lena gcuirtear síneadh leis an bPrótacal, lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís (“an Prótacal”), a raibh feidhm aige ón 8 Nollaig 2017 go dtí an 7 Nollaig 2021, go dtí go dtabharfar chun críche an chaibidlíocht maidir le hathnuachan an Phrótacail.
Dá bhrí sin, chomhaontaigh an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís an méid seo a leanas:
(1) |
Amhail ón 1 Eanáir 2022, nó ó aon dáta eile ina dhiaidh sin tar éis shíniú an Mhalartaithe Litreacha seo, déanfar na socruithe a bheidh i bhfeidhm le linn bhliain dheireanach an Phrótacail a athnuachan faoi na coinníollacha céanna go dtí go gcomhaontófar prótacal nua agus go dtí go mbeidh an Prótacal sin infheidhme, ar feadh uastréimhse 6 mhí. |
(2) |
Ranníocaíocht airgeadais an Aontais Eorpaigh le go mbeadh rochtain ag soithí ar uiscí Oileán Mhuirís faoin Malartú Litreacha seo, is fiú leath an mhéid bhliantúil í dá bhforáiltear faoi Airteagal 4(2), pointe (a), den Phrótacal, méid arb ionann é dá bhrí sin agus EUR 110 000, atá coibhéiseach le tonnáiste tagartha 2 000 tona. Déanfar an íocaíocht sin in aon tráthchuid amháin tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an dáta a chuirfear an Malartú Litreacha seo i bhfeidhm go sealadach. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 4(5) agus (6) den Phrótacal. |
(3) |
Faoin Malartú Litreacha seo, EUR 110 000 a bheidh sa tacaíocht le haghaidh bheartas earnála iascaigh Oileán Mhuirís agus EUR 67 500 a bheidh sa tacaíocht chun an beartas muirí agus an geilleagar muirí a fhorbairt. Formheasfaidh an Comhchoiste dá bhforáiltear faoi Airteagal 9 den Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh an t-amchlár le haghaidh an mhéid sin i gcomhréir le hAirteagal 5(1) den Phrótacal tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis dáta theacht i bhfeidhm an Mhalartaithe Litreacha seo. Íocfar an ranníocaíocht airgeadais le haghaidh na tacaíochta earnála in aon tráthchuid amháin ar bhonn an chlársceidealaithe chomhaontaithe. |
(4) |
I gcás go síneofar prótacal nua de thoradh na caibidlíochta chun an Prótacal a athnuachan agus go gcuirfear i bhfeidhm é (go sealadach) ina dhiaidh sin sula rachaidh an tréimhse 6 mhí dá bhforáiltear faoi phointe (1) thuas in éag, déanfar an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear i bpointí (2) agus (3) thuas a laghdú pro rata temporis. I gcás ina mbeidh méid a chomhfhreagraíonn don laghdú is infheidhme íoctha cheana féin, déanfar an méid sin a asbhaint ón gcéad ranníocaíocht airgeadais atá dlite faoin bPrótacal nua. |
(5) |
Le linn thréimhse feidhme an Mhalartaithe Litreacha seo, eiseofar údaruithe iascaireachta i gcomhréir le Caibidil II den Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal. Beidh an táille réamhíocaíochta le haghaidh soithí peas-saighne agus soithí spiléireachta comhionann le leath na dtáillí a shocraítear i gCaibidil II, pointe 3, fophointe 3(a) go (c), den Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal i gcomhair na bliana deireanaí de chur i bhfeidhm an Phrótacail, agus beidh sí comhionann le leath na gcainníochtaí ábhartha den tuinnín agus de speicis atá cosúil leis an tuinnín dá dtagraítear i bpointe 3, fophointe 3(a) go (c). Comhfhreagróidh an táille cheadúnais is infheidhme maidir le soithí soláthair do leath na táille dá bhforáiltear i gCaibidil II, pointe (4), den Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal, agus dá bhrí sin EUR 2 000 a bheidh inti. |
(6) |
Beidh na húdaruithe iascaireachta a eisítear faoin Malartú Litreacha seo bailí go dtí deireadh na tréimhse fadaithe. |
(7) |
A mhéid a bhaineann leis an tuairisciú gabhála a leagtar síos i gCaibidil III den Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal, soláthróidh an tAontas sonraí gabhála maidir le gach soitheach údaraithe dá chuid d’Oileán Mhuirís roimh dheireadh gach ráithe. Soláthróidh Oileán Mhuirís, ar bhonn ráithiúil, sonraí gabhála faoi shoithí údaraithe de chuid an Aontais a gheofar ó logleabhair. |
(8) |
I gcás gach soithigh peas-saighne agus gach soithigh spiléireachta, seolfaidh an tAontas ráiteas deiridh maidir leis na táillí atá le híoc ag an soitheach i ndáil lena gníomhaíochtaí iascaireachta le linn thréimhse an tsínidh le hOileán Mhuirís agus le húinéir na loinge ábhartha tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis dheireadh thréimhse an tsínidh. I gcás ina bhfuil an méid atá sa ráiteas deiridh níos mó ná an táille réamhíocaíochta dá dtagraítear i bpointe (5), íocfaidh úinéir na loinge an t-iarmhéid atá gan íoc, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an ráiteas deiridh a fháil. Ní aisíocfar aon mhéid arna íoc ar an táille réamhíocaíochta a sháraíonn an ráiteas deiridh. A mhéid a bhaineann leis an tarraingt suas agus an nós imeachta atá le leanúint ag Oileán Mhuirís nuair a fhaightear an ráiteas deiridh agus nuair a chonspóidtear é, beidh feidhm ag Caibidil III, pointe (5), mutatis mutandis. |
(9) |
A mhéid a bhaineann le mairnéalaigh a ghlacadh ar bord, mar a fhoráiltear i gCaibidil VIII den Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal, le linn a ngníomhaíochtaí in uiscí Oileán Mhuirís, rachaidh seisear mairnéalach cáilithe de chuid Oileán Mhuirís ar bord loingeas an Aontais. |
(10) |
Beidh feidhm shealadach ag an Malartú Litreacha seo amhail ón 1 Eanáir 2022, nó ó aon dáta eile ina dhiaidh sin tar éis a shínithe, go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm. Tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a thabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile go bhfuil na nósanna imeachta is gá chun na críche sin curtha i gcrích acu. |
Bheinn faoi chomaoin agat ach a chur in iúl go bhfuarthas an litir seo agus a dhearbhú go bhfuil Poblacht Oileán Mhuirís i gcomhaontú leis na téarmaí inti.
A dhuine uasail, glac, le do thoil, deimhne mo mhodha fhíormhóir duit.
B. Litir ó Phoblacht Oileán Mhuirís
A Dhaoine Uaisle,
Tá sé d’onóir agam a chur in iúl duit go bhfuarthas do litir dar dáta an lae inniu, atá mar seo a leanas:
“Is díol sásaimh dom a dheimhniú go bhfuil an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís i gcomhaontú maidir leis na socruithe eatramhacha seo a leanas, lena gcuirtear síneadh leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís (“an Prótacal”) a bhí i bhfeidhm ón 8 Nollaig 2017 go dtí an 7 Nollaig 2021, go dtí go dtabharfar chun críche an chaibidlíocht maidir le hathnuachan an Phrótacail.
Dá bhrí sin, chomhaontaigh an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís an méid seo a leanas:
(1) |
Amhail ón 1 Eanáir 2022, nó ó aon dáta eile ina dhiaidh sin tar éis shíniú an Mhalartaithe Litreacha seo, déanfar na socruithe a bheidh i bhfeidhm le linn bhliain dheireanach an Phrótacail a athnuachan faoi na coinníollacha céanna go dtí go gcomhaontófar prótacal nua agus go dtí go mbeidh an Prótacal sin infheidhme, ar feadh uastréimhse 6 mhí. |
(2) |
Ranníocaíocht airgeadais an Aontais Eorpaigh le go mbeadh rochtain ag soithí ar uiscí Oileán Mhuirís faoin Malartú Litreacha seo, is fiú leath an mhéid bhliantúil í dá bhforáiltear faoi Airteagal 4(2), pointe (a), den Phrótacal, méid arb ionann é dá bhrí sin agus EUR 110 000, atá coibhéiseach le tonnáiste tagartha 2 000 tona. Déanfar an íocaíocht sin in aon tráthchuid amháin tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an dáta a chuirfear an Malartú Litreacha seo i bhfeidhm go sealadach. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 4(5) agus (6) den Phrótacal. |
(3) |
Faoin Malartú Litreacha seo, EUR 110 000 a bheidh sa tacaíocht le haghaidh bheartas earnála iascaigh Oileán Mhuirís agus EUR 67 500 a bheidh sa tacaíocht chun an beartas muirí agus an geilleagar muirí a fhorbairt. Formheasfaidh an Comhchoiste dá bhforáiltear faoi Airteagal 9 den Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh an t-amchlár le haghaidh an mhéid sin i gcomhréir le hAirteagal 5(1) den Phrótacal tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis dáta theacht i bhfeidhm an Mhalartaithe Litreacha seo. Íocfar an ranníocaíocht airgeadais le haghaidh na tacaíochta earnála in aon tráthchuid amháin ar bhonn an chlársceidealaithe chomhaontaithe. |
(4) |
I gcás go síneofar prótacal nua de thoradh na caibidlíochta chun an Prótacal a athnuachan agus go gcuirfear i bhfeidhm é (go sealadach) ina dhiaidh sin sula rachaidh an tréimhse 6 mhí dá bhforáiltear faoi phointe (1) thuas in éag, déanfar an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear i bpointí (2) agus (3) thuas a laghdú pro rata temporis. I gcás ina mbeidh méid a chomhfhreagraíonn don laghdú is infheidhme íoctha cheana féin, déanfar an méid sin a asbhaint ón gcéad ranníocaíocht airgeadais atá dlite faoin bPrótacal nua. |
(5) |
Le linn thréimhse feidhme an Mhalartaithe Litreacha seo, eiseofar údaruithe iascaireachta i gcomhréir le Caibidil II den Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal. Beidh an táille réamhíocaíochta le haghaidh soithí peas-saighne agus soithí spiléireachta comhionann le leath na dtáillí a shocraítear i gCaibidil II, pointe 3, fophointe 3(a) go (c), den Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal i gcomhair na bliana deireanaí de chur i bhfeidhm an Phrótacail, agus beidh sí comhionann le leath na gcainníochtaí ábhartha den tuinnín agus de speicis atá cosúil leis an tuinnín dá dtagraítear i bpointe 3, fophointe 3(a) go (c). Comhfhreagróidh an táille cheadúnais is infheidhme maidir le soithí soláthair do leath na táille dá bhforáiltear i gCaibidil II, pointe (4), den Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal, agus dá bhrí sin EUR 2 000 a bheidh inti. |
(6) |
Beidh na húdaruithe iascaireachta a eisítear faoin Faoin Malartú Litreacha seo bailí go dtí deireadh na tréimhse fadaithe . |
(7) |
A mhéid a bhaineann leis an tuairisciú gabhála a leagtar síos i gCaibidil III den Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal, soláthróidh an tAontas sonraí gabhála maidir le gach soitheach údaraithe dá chuid d’Oileán Mhuirís roimh dheireadh gach ráithe. Soláthróidh Oileán Mhuirís, ar bhonn ráithiúil, sonraí gabhála faoi shoithí údaraithe de chuid an Aontais a gheofar ó logleabhair. |
(8) |
I gcás gach soithigh peas-saighne agus gach soithigh spiléireachta, seolfaidh an tAontas ráiteas deiridh maidir leis na táillí atá le híoc ag an soitheach i ndáil lena gníomhaíochtaí iascaireachta le linn thréimhse an tsínidh le hOileán Mhuirís agus le húinéir na loinge ábhartha tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis dheireadh thréimhse an tsínidh. I gcás ina bhfuil an méid atá sa ráiteas deiridh níos mó ná an táille réamhíocaíochta dá dtagraítear i bpointe (5), íocfaidh úinéir na loinge an t-iarmhéid atá gan íoc, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an ráiteas deiridh a fháil. Ní aisíocfar aon mhéid arna íoc ar an táille réamhíocaíochta a sháraíonn an ráiteas deiridh. A mhéid a bhaineann leis an tarraingt suas agus an nós imeachta atá le leanúint ag Oileán Mhuirís nuair a fhaightear an ráiteas deiridh agus nuair a chonspóidtear é, beidh feidhm ag Caibidil III, pointe (5), mutatis mutandis. |
(9) |
A mhéid a bhaineann le mairnéalaigh a ghlacadh ar bord, mar a fhoráiltear i gCaibidil VIII den Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal, le linn a ngníomhaíochtaí in uiscí Oileán Mhuirís, rachaidh seisear mairnéalach cáilithe de chuid Oileán Mhuirís ar bord loingeas an Aontais. |
(10) |
Beidh feidhm shealadach ag an Malartú Litreacha seo amhail ón 1 Eanáir 2022, nó ó aon dáta eile ina dhiaidh sin tar éis a shínithe, go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm. Tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a thabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile go bhfuil na nósanna imeachta is gá chun na críche sin curtha i gcrích acu. |
Bheinn faoi chomaoin agat ach a chur in iúl go bhfuarthas an litir seo agus a dhearbhú go bhfuil Poblacht Oileán Mhuirís i gcomhaontú leis na téarmaí inti.”.
Tá sé d'onóir agam a dheimhniú go bhfuil an méid sin thuas inghlactha ag Poblacht Oileán Mhuirís agus gurb ionann do litir agus an litir seo, i dteannta a chéile, agus comhaontú i gcomhréir le do thogra.