Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52008PC0175

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir leis an gcomhsheasamh arna ghlacadh ag an gComhairle d'fhonn Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh lena mbunaítear comhrialacha le haghaidh seirbhísí aeriompair a oibriú sa Chomhphobal (athmhúnlú)

/* COIM/2008/0175 leagan deireanach - COD 2006/0130 */

52008PC0175

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir leis an gcomhsheasamh arna ghlacadh ag an gComhairle d'fhonn Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh lena mbunaítear comhrialacha le haghaidh seirbhísí aeriompair a oibriú sa Chomhphobal (athmhúnlú) /* COIM/2008/0175 leagan deireanach - COD 2006/0130 */


[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil 21.4.2008

COIM(2008) 175 leagan deireanach

2006/0130 (COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir leis an

gcomhsheasamh arna ghlacadh ag an gComhairle d'fhonn Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh lena mbunaítear comhrialacha le haghaidh seirbhísí aeriompair a oibriú sa Chomhphobal (athmhúnlú)

2006/0130 (COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir leis an

gcomhsheasamh arna ghlacadh ag an gComhairle d'fhonn Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh lena mbunaítear comhrialacha le haghaidh seirbhísí aeriompair a oibriú sa Chomhphobal (athmhúnlú)

(téacs is ábhartha maidir leis an LEE)

1. CÚLRA

Dáta tarchurtha an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COIM(2006) 396 – 2006/0130 (COD)) | 18 Iúil 2006 |

Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: | 31 Bealtaine 2007 |

Dáta na tuairime ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh: | 11 Iúil 2007 |

Dáta glactha an Chomhsheasaimh: d'aon toil | 18.4.2008 |

2. CUSPÓIR AN TOGRA ÓN g COIMISIÚN

Ghlac an Coimisiún, an 18 Iúil 2006, togra le haghaidh Rialacháin lena mbunaítear na comhrialacha i dtaca le seirbhísí aeriompair a oibriú sa Chomhphobal (athmhúnlú) a chuirfear in ionad na dtrí Rialachán Uimh. 2407/92, Uimh. 2408/92 agus Uimh. 2409/92 (ar a dtugtar de ghnáth "an tríú pacáiste aeriompair")[1]

Seo a leanas na príomhghnéithe den athmhúnlú atá beartaithe:

1. Neartú na gceanglas maidir le ceadúnais oibríochta a dheonú agus a chúlghairm:

2. Neartú na gceanglas maidir le haeriompróirí a léasú:

3. Na rialacha is infheidhme maidir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí (OSP) a shoiléiriú: Rinneadh athbhreithniú ar na rialacha seo d'fhonn an t-ualach riarachán a laghdú, d'fhonn úsáid iomarcach na nOSPanna a sheachaint chun margaí áirithe a dhúnadh ar an iomaíocht agus líon na n-iarratasóirí sna nósanna imeachta tairisceana a mhéadú.

4. Caidreamh le tríú tíortha a shoiléiriú: cuirtear an togra in ionad na gcomhaontuithe déthaobhacha atá i bhfeidhm idir na Ballstát agus a chuireann srian le saoirse soláthar aersheirbhísí.

5. Na rialacha maidir le dáileadh an tráchta idir na haerfort a shoiléiriú: cuirtear nós imeachta aon chéime lena dtréigtear an coincheap "córas aerfoirt" in ionad an nós imeachta dhá chéime reatha (córas aerfoirt a bhunú agus rialacha maidir le dáileadh an tráchta a shainmhíniú).

6. Cosaint chearta na dtomhaltóirí a fheabhsú (trédhearcacht na bpraghsanna agus neamh-idirdhealú): Foráiltear sa togra go bhfolaíonn na táillí aeir na cánacha, na muirir agus na táillí go léir is infheidhme agus nach foláir do na haeriompróirí faisnéis iomlán ar a dtáillí agus a rátaí aersheirbhísí agus na coinníollacha a bhaineann leo a fhoilsiú.

3. BARÚLACHA MAIDIR LEIS AN g COMHSHEASAMH

Ní hé seasamh na Comhairle amháin atá sa Chomhsheasamh ach is éard atá ann chomh maith an comhréiteach ar tháinig na trí institiúid uirthi mar thoradh ar chaibidlí Fhómhar 2007. Chuir Cathaoirleach an Choiste um Iompair agus Turasóireacht de chuid Pharlaimint na hEorpa in iúl i scríbhinn chuig Uachtaránacht na Comhairle go molfadh sé do choiste TRAN, faoi na coinníollacha sin, glacadh leis an gComhsheasamh mar atá sé sa dara léamh, ar an gcoinníoll go ndéanfaí an téarmaíocht maidir le léasú aeriompróirí le foireann arna moladh ag an bParlaimint a leasú.

Rinne an Chomhairle an comhréiteach le hiarraidh Pharlaimint na hEorpa a dhaingniú i gcruinniú na Comhairle maidir le hiompar, teileachumarsáid agus fuinneamh an 30 Samhain 2007.

Cé is moite den phointe áirithe seo, is leis na nithe seo a leanas a bhaineann na heilimintí eile atá faoi chaibidil idir na trí institiúidí agus a ndearnadh comhréiteach ina dtaobh sa Chomhsheasamh:

- Gné sóisialta an mhargaidh inmheánaigh: Tá an dá institiúid sásta le "Aithris" (aithris 8a) ina mheabhraítear oibleagáidí na mBallstát maidir leis an reachtaíocht shóisialta ábhartha náisiúnta agus Eorpach a chur i bhfeidhm. Thairis sin tá an Coimisiún tiomanta don dá institiúid a chur ar an eolas i dtaobh thorthaí an staidéir a dhéanann sé ar thionchar mhargadh inmheánach na heitlíochta ar fhostaíocht agus ar choinníollacha oibre;

- Fóntacht airgeadais le haghaidh athchúiteamh agus athdhúichiú na bpaisinéirí i gcás féimheachta. Níl aon tagairt dó sa téacs ach déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar indéantacht agus impleachtaí gach birt lena ndéantar foráil d'oibleagáid árachais chun aisíoc a dhéanamh ar na ticéidí agus chun na costais aisdúichithe a chlúdach;

- Caidreamh seachtrach: dhiúltaigh an Comhairle scun scan don ghné seo. Ar mhaithe le comhréiteach, d'fhonn taobhú le comhaontú iomlán idir na hinstitiúidí go léir, ghlac an Coimisiún leis go bhfuil deireadh leis na forálacha maidir le caidreamh seachtrach, ach rinne sé agus na Ballstáit dearbhú comhpháirteach maidir le comhar i rochtain na dtríú tíortha ar mhargadh inmheánach an aeriompair. Thairis sin, rinne sé dearbhú aontaobhach maidir leis na srianta ar shocruithe i leith comhroinnt cód ("codeshare") idir aeriompróirí Comhphobail agus iompróirí na dtríú tíortha, mar atá arna leagan amach in Airteagal 15(5) nua;

- Dáileadh an tráchta idir na haerfoirt: Le hAirteagal 19 nua ceadaítear dáileadh an tráchta idir na haerfoirt ar an gcoinníoll:

- go bhfónann na haerfoirt don chathair nó don chomhchathair chéanna,

- go bhfóntar do na haerfoirt le bonneagar iompair leordhóthanach a sholáthraíonn, a mhéid is féidir, nasc díreach trínar féidir an t-aerfort a shroicheadh laistigh de nócha nóiméad, lena n-áirítear, i gcás inar gá, ar bhonn trasteorann,

- go bhfuil na haerfoirt nasctha le chéile agus leis an gcathair nó an leis an gcomhchathair ar a bhfónann siad le seirbhís iompair phoiblí atá minic, iontaofa agus éifeachtach.

- go soláthraíonn siad na seirbhísí is gá do na haeriompróirí agus nach ndéantar dochar míchuí a dhéanamh dá ndeiseanna tráchtála.

- Faisnéis ar na praghsanna: fadaíodh raon feidhme oibleagáid na trédhearcachta faisnéise agus an neamh-idirdhealaithe d'fhonn na heitiltí go léir a imíonn ón gComhphobal a fholú, lena n-áirítear na heitiltí a oibríonn cuideachtaí na dtríú tíortha (Airteagal 24). Anseo feasta, ní mór go mbeidh na táillí ar chánacha, na táillí aerfoirt agus na táillí, formhuirir agus costais eile san áireamh sna praghsanna deireanacha a fhógraítear do na heitiltí sin. Le "Aithris" (aithris 15), spreagtar na cuideachtaí Comhphobail chun trédhearcacht den leibhéal céanna a thaispeáint i gcás na n-eitiltí a bhfuil aerfort sa Chomhphobail mar cheann scríbe acu.

Cuireann an Coimisiún fáilte roimh an méid a d'eascair as an gcaibidlíocht idirinstitiúideach, eadhon rialacha nua atá feabhsaithe go suntasach agus atá i bhfad níos soiléire

4. CONCLÚID

Measann an Coimisiún go gcuidíonn comhsheasamh na Comhairle le príomhchuspóir agus spiorad an togra a choimeád, agus ar an ábhar sin tacaíonn sé leis. Cuireann an Coimisiún fáilte roimhe mar go léiríonn sé staid na gcaibidlí idir-institiúideacha, lena gceadaítear an togra seo a ghlacadh ar an dara léamh.

[1] Rialachán (CEE) Uimh. 2407/92 maidir le haeriompróirí a cheadúnú (IO L 240, 24.8.1992, lch. 1) – Rialachán (CEE) 2408/92 maidir le rochtain aeriompróirí Comhphobail ar aerbhealaí laistigh den Chomhphobal (IO L 240, 24.8.1992, lch. 8) – Rialachán (CEE) Uimh. 2409/92 maidir le táillí agus rátaí aersheirbhísí (IO L 240, 24.8.1992, lch. 15).

Top
  翻译: