Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52009PC0223

Togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gclár Eorpach um breathnadóireacht na Cruinne (GMES) agus a oibríochtaí tosaigh (2011-2013) (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) {SEC(2009) 639} {SEC(2009) 640}

/* COIM/2009/0223 leagan deireanach - COD 2009/0070 */

52009PC0223




[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil 20.5.2009

COIM(2009) 223 leagan deireanach

2009/0070 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an gclár Eorpach um breathnadóireacht na Cruinne (GMES) agus a oibríochtaí tosaigh (2011–2013) (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

{SEC(2009) 639}{SEC(2009) 640}

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. COMHTHÉACS AN TOGRA

1.1. Comhthéacs

Tionscnamh um breathnadóireacht na Cruinne arna threorú ag an AE is ea GMES. Tá sé beartaithe ag an Eoraip a cumas oibríochtúil féin um breathnadóireacht na Cruinne a fhorbairt mar aitheantas don fhreagracht bhreise atá ar an AE ó thaobh cúrsaí na hEorpa agus an Domhain. Rogha straitéiseach is ea a leithéid de chóras a bhunú agus beidh tionchar buan aige ar fhorbairt pholaitiúil, eacnamaíochta, shóisialta agus eolaíochta an AE amach anseo[1].

Is féidir faisnéis faoi chórais fhisiceacha, cheimiceacha agus bhitheolaíochta an phláinéid a bhailiú nó, ar leibhéal níos ginearálta, monatóireacht a dhéanamh ar an dtimpeallacht nádúrtha de thoradh bhreathnadóireacht na Cruinne. Baineann sé leas as saoráidí spásbhunaithe (i.e. satailíte) agus saoráidí neamh-spásbhunaithe, lena n-áirítear suiteálacha san aer, ar muir agus ar talamh (‘ in situ ’). Déantar na sonraí a bhailítear ó shatailítí agus ó bhonneagar in situ a phróiseáil chun seirbhísí faisnéise a chur ar fáil le bainistiú níos fearr a dhéanamh ar an gcomhshaol agus slándáil níos fearr a chur ar fáil do shaoránaigh. Cuirfidh sé seo ar ár gcumas, mar shampla, acmhainní nádúrtha agus bithéagsúlacht a bhainistiú ar shlí níos éifeachtaí, monatóireacht a dhéanamh ar staid na n-aigéan agus ar chomhdhéanamh ceimiceach an atmaisféir (dhá phríomhthoisc is ea iad seo maidir le hathrú aeráide), freagairt a thabhairt ar thubaistí nádúrtha agus de dhéanamh an duine, lena n-áirítear súnámaithe, agus faireachas níos éifeachtúla ar theorainneacha a áirithiú.

Tá iarrachtaí móra taighde agus forbartha déanta ag an AE, ag Gníomhaireacht Spáis na hEorpa (GSE) agus ag a mBallstáit le tríocha bliain anuas maidir le breathnadóireacht na Cruinne agus é de chuspóir acu bonneagar agus seirbhísí réamhoibríochtúla maidir le breathnadóireacht na Cruinne a fhorbairt[2].

Mar sin féin, mura gcuirtear cúrsaí meitéareolaíochta oibríochtúla san áireamh, ní shásaíonn na sonraí atá á gcur ar fáil ag na seirbhísí atá ann faoi láthair na paraiméadair atá de dhíth ar lucht ceaptha beartas[3] ná ní chuirtear ar fáil iad ar bhonn leanúnach, go háirithe toisc go bhfuil srianta airgeadais agus/nó teicniúla ar shaolré na seirbhíse nó ar an mbonneagar breathnadóireachta féin. Is é sin le rá nach féidir muinín a chur i seirbhísí reatha um breathnóireacht na Cruinne san Eoraip toisc bearnaí a bheith sa bhonneagar agus toisc nach féidir a ráthú go mbeidh siad ar fáil go fadtéarmach. Cúis imní é seo d’úsáideoirí deiridh ar nós údarás poiblí agus do sholáthraithe seirbhísí iartheachtacha, a bhfuil drogall orthu mórchuid airgid a infheistiú i margaí nach bhfuil aibí agus atá baolach agus a mbeadh deacrachtaí breise acu maidir le caipiteal a fháil i gcomhair a leithéid d’infheistíocht.

Bunaíodh GMES chun breathnadóireacht oibríochtúil na Cruinne a áirithiú i réimsí comhshaoil agus slándála atá níos fairsinge ná cúrsaí meitéareolaíochta oibríochtúla. Is iad seo a leanas cuspóirí ginearálta GMES sa chomhthéacs seo:

- seirbhísí inbhuanaithe um breathnadóireacht na Cruinne a chumasú a oirfidh do riachtanais úsáideoirí, lena n-áirítear lucht ceaptha beartas poiblí agus saoránaigh phríobháideacha. Cuirfidh na seirbhísí GMES ar chumas lucht ceaptha beartas, go háirithe:

- reachtaíocht náisiúnta, Eorpach agus idirnáisiúnta a ullmhú maidir le cúrsaí comhshaoil, lena n-áirítear athrú aeráide;

- monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na reachtaíochta seo;

- a bheith in ann faisnéis chuimsitheach chruinn a fháil faoi chúrsaí slándála (chun teorainneacha a fhaire, mar shampla);

- a áirithiú go bhfuil an bonneagar breathnadóireachta atá riachtanach chun na seirbhísí GMES a chur ar fáil inbhuanaithe. Déanfar é seo trí chomhpháirtíochtaí a bhunú leo siúd ar leo an bonneagar nó trí bhonneagar nua a chruthú murar leor an bonneagar atá ar fáil chun na sonraí a sholáthar atá riachtanach le haghaidh seirbhísí GMES;

- deiseanna a chruthú chun go bhféadfadh an earnáil phríobháideach níos mó leasa a bhaint as foinsí faisnéise, agus cuidiú sa chaoi sin le soláthraithe seirbhísí breisluacha, ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide iad a lán díobh, an deis a thapú sa mhargadh.

1.2. Forais agus cuspóirí an togra

Tá idir ghníomhaíochtaí forbartha agus chéim oibríochtúil i gceist le GMES. Maidir le gníomhaíochtaí forbartha, tacaíonn cistí ón Seachtú Creatchlár (FP7)[4] le bonneagair spáis a fhorbairt, mar chuid de chlár eilimint spáis GMES GSE, agus cuireann siad maoiniú ar fáil le haghaidh seirbhísí réamhoibríochtúla maidir le monatóireacht talún, monatóireacht mhara, monatóireacht atmaisféir, práinnfhreagairt, cúrsaí slándála agus maolú athrú aeráide agus oiriúnú dó.

I ndiaidh Theachtaireacht an Choimisiúin dar teideal “ Global Monitoring for Environment and Security: From Concept to Reality ”[5] (Monatóireacht Dhomhanda don Chomhshaol agus don tSlándáil: Ó Choincheap go Réaltacht) agus treoshuímh an Tríú Comhairle Spáis, tá cur chuige céimithe á leanúint maidir le cur chun feidhme oibríochtaí GMES, bunaithe ar thosaíochtaí a sainaithníodh go soiléir, ag tosú le forbairt trí sheirbhís mheara um práinnfhreagairt, um monatóireacht talún agus um sheirbhísí mara.

Tá maoiniú á chur ar fáil do na chéad seirbhísí oibríochtúla um bainistiú éigeandálaí agus um monatóireacht talún mar ghníomhartha ullmhúcháin[6]. Cuirfear seirbhísí oibríochtúla GMES ar fáil ar scála níos leithne ó 2011 go 2013, ag tógáil agus ag déanamh comhlánú ar bhunsraith na ngníomhaíochtaí forbartha a maoiníodh faoi théama spáis an Seachtú Creatchlár, agus ar ghníomhaíochtaí idir-rialtasacha agus náisiúnta. Díreofar an gníomh Comhphobail seo ar an slabhra iomlán seirbhísí le haghaidh práinnfhreagartha agus monatóireachta talún, ar rochtain ar shonraí agus ar oibríochtaí bonneagair. Tá an roghnú seo déanta ar bhunús na gcritéar sonrach seo a leanas:

- aibíocht theicniúil leordhóthanach;

- leanúnachas le gníomhartha ullmhúcháin, agus le gníomhaíochtaí reatha eile lasmuigh de chreat na gclár taighde, ar nós an tionscadail chumhdach talún CORINE;

- cumas cruthaithe maidir le seirbhísí iartheachtacha a fhorbairt;

- is lucht tionscail iad na soláthraithe seirbhísí agus mar sin d’éireoidís as a gcuid gníomhaíochtaí mura ndéanfadh an AE tuilleadh idirghabhála. Is iad institiúidí poiblí a chuireann seirbhísí ar fáil sa réimse mara agus atmaisféir den chuid is mó agus bheadh siadsan in ann leanúint ar aghaidh lena gcuid gníomhaíochtaí (ar scála níos lú, is dócha) go dtí 2013 gan tacaíocht an Chomhphobail; agus

- maidir le seirbhísí éigeandála, is léir go mb’fhearr léarscáileanna éigeandála a chur ar fáil ar bhonn oibríochtúil d’údaráis chosanta sibhialta in 2011 agus gan fanacht go 2014 chuige sin.

Rinneadh plé forleathan ar na tosaíochtaí seo in ndiaidh Fhóram GMES in Lille a d’eagraigh uachtaránacht na Fraince, agus comhairliúcháin laistigh de Chomhairle Comhairleach GMES mar chuid den phlé sin. D’aontaigh na páirtithe leasmhara go mbeidh sé riachtanach cur leis na cistí taighde sa tréimhse 2011-2013 d’fhonn seirbhísí a chur ar fáil ar bhonn oibríochtúil sna réimsí sin ina bhfuil an baol ann go dtarlódh cliseadh sa tseirbhís. D’admhaigh siad freisin go bhfuil na gníomhaíochtaí monatóireachta mara agus atmaisféir ag dul chun cinn go maith. Ós rud é gur institiúidí nó lucht eolaíochta iad formhór na ngníomhairí Eorpacha a bhfuil baint acu lena gcur chun feidhme, is cosúil go bhfuil Creatchlár 7 sásúil faoi láthair, ó thaobh méide de agus mar ionstraim dlíthiúil, chun cumas a chur ar fáil a bheidh an-ghar do choinníollacha oibríochtúla maidir le seirbhísí mara agus atmaisféir.

Meastar go mbeidh clár iomlán GMES bunaithe le linn an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile (ó 2014 ar aghaidh).

Is é cuspóir an togra seo bunús dlíthiúil a chur leis an gclár GMES agus le cistiúchán an CE do chéad oibríochtaí GMES (2011–2013), faoi mar a tugadh le fios i dTeachtaireacht 2008 ar chuir an Chomhairle fáilte roimhe ina conclúidí an 2 Nollaig 2008, chun:

- go mbeifear in ann seirbhísí práinnfhreagartha (lena n-áirítear léarscáileanna éigeandála agus léarscáileanna tagartha) a chur ar fáil do ghníomhaithe práinnfhreagartha éagsúla ar leibhéal an Chomhphobail agus ar leibhéal na mBallstát, agus do phríomhghníomhaireachtaí bainteacha na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear iad siúd i réimsí cosanta sibhialta, cabhrach daonnúla agus bainistiú géarchéimeanna idir 2011 agus 2013, pé lá agus pé am den lá nó den oíche a bheadh siad ag teastáil, chun go bhféadfadh siad freagra níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla a thabhairt ar éigeandálaí agus ar thubaistí daonnúla;

- go mbeifear in ann seirbhísí monatóireachta talún (go mór mór, sonraí réamhphróiseáilte, táirgí chumhdach talún uile-Eorpacha, léarscáileanna ardtaifigh de chathracha, léarscáileanna ithreacha agus léarscáileanna téamúla) a sholáthar d’údaráis phoiblí (agus údaráis chomhshaoil san áireamh) san Eoraip idir 2011 agus 2013, chun go mbeidh siad in ann a gcuid oibre a dhéanamh níos fearr ó thaobh ceaptha beartas, cur chun feidhme agus monatóireachta; d’fhéadfadh seirbhísí monatóireachta talún tacú, inter alia , le cur chun feidhme na Straitéise Téamúla maidir le hIthir[7] agus le measúnú éiceachóras;

- cur le soláthar agus infhaighteacht faisnéise comhshaoil don phobal, go háirithe de réir phrionsabail Choinbhinsiún Aarhus[8], Threoir INSPIRE agus an Córas Faisnéise Comhroinnte Comhshaoil (SEIS)[9];

- fás earnáil um breathnadóireacht na Cruinne tráth níos faide anonn a spreagadh ó thaobh post, nuálaíochta agus iomaíochais idirnáisiúnta sa tréimhse idir 2011 agus 2013 trí chostas rochtana faisnéise a ísliú.

1.3. Maoiniú GMES: ó thaighde agus fhorbairt go hoibríochtaí

Tá gnéithe taighde agus forbartha GMES á gcómhaoiniú faoi láthair ar leibhéal Eorpach, idir-rialtasach agus náisiúnta bunaithe ar chomhpháirtíochtaí idir na gníomhairí éagsúla san earnáil, agus leanfar den socrú seo. Is iad na Ballstáit agus na heagraíochtaí idir-rialtasacha a íocfaidh cuid de chostas forbartha agus oibríochta na suiteálacha i spás[10] agus na suiteálacha in situ ar fad a chuirfidh sonraí ar fáil le haghaidh seirbhísí GMES, toisc go sárófaí prionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta dá gcuirfeadh an CE maoiniú ar fáil le haghaidh na gcostas go léir a bhaineann leis an mbonneagar is gá. Mar mhalairt air sin díreoidh an CE ar na réimsí sin ina gcuirfidh idirghabháil an Chomhphobail breisluach soiléir ar fáil.

Déanfaidh an AE comhordú ar na comhpháirtíochtaí sin agus déanfaidh sé bainistiú ar a gcuirfidh sé ar fáil do GMES. Mura gcuirtear san áireamh an sciar teoranta a thugtar d’oibríocht na seirbhísí práinnfhreagartha agus monatóireachta talún agus a mhaoinítear mar ghníomhartha ullmhúcháin, is éard atá sa rannchuid seo faoi láthair cómhaoiniú ar na gníomhaíochtaí taighde seo a leanas faoi théama spáis Chreatchlár 7:

- forbairt bonneagair spáis[11] atá á dhéanamh ag GSE chun na bearnaí atá sa bhonneagar spáis reatha a líonadh;

- taighde ar comhtháthú a dhéanamh ar shonraí in situ agus ar shonraí spáis;

- forbairt seirbhísí réamhoibríochtúla.

Maidir le seirbhísí réamhoibríochtúla, úsáidtear taighde chun slabhraí seirbhíse a fhorbairt, trí fhréamhshamhlacha aonair a chur chun feidhme, arna dtástáil i gceantair roghnaithe san Eoraip le háirithiú go n-oibríonn siad go sásúil. Dírítear an cistiúchán go príomha ar an slabhra próiseála a fhorbairt agus ar iarrachtaí chun bailíochtú a dhéanamh ar na coincheapa, na teicneolaíochtaí agus na seirbhísí arna bhforbairt.

Is é an chéad dúshlán eile atá le sárú ag GMES ná na seirbhísí oibríochtúla a chumasú sa tréimhse 2011-2013. Ní mór infheistíocht a dhéanamh chun táirgí a sholáthar bunaithe ar fhréamhshamhlacha a forbraíodh le linn gníomhaíochtaí taighde roimhe sin chun go mbeifear in ann an t-éileamh a shásamh ó thaobh an oiread sonraí a bheidh le próiseáil chun clúdach iomlán uile-Eorpach nó domhanda a chur ar fáil pé lá agus pé am den lá nó den oíche a bheadh siad ag teastáil agus leis an aga freagartha is lú is féidir.

Gléas taighde agus forbartha is ea Creatchlár 7 agus ar an ábhar sin níor dearadh é chun tacú le hoibríochtaí tosaigh GMES sa mhéid is gur gá iad a áirithiú ar bhonn níos buaine. Leanfar ar aghaidh le gníomhaíochtaí taighde agus forbartha, ag an am céanna, i réimse bailíochtaithe táirgí, mar shampla. Beidh sé riachtanach mar sin cistiúchán oibríochtúil agus cistiúchán taighde araon a úsáid go comhuaineach amach anseo, agus an dá chineál cistiúcháin dírithe ar riachtanais éagsúla chomhlántacha. Ciallaíonn sé seo i gcás na tréimhse 2011-2013 go gcaithfear cur le cistí Chreatchlár 7 atá leithdháilte do théama an spáis trí chistí breise nach i gcomhair na taighde iad a chur ar fáil faoin Rialachán beartaithe le haghaidh oibríochtaí tosaigh GMES a chlúdach. Áiritheoidh creat rialachais GMES go mbeidh na gníomhaíochtaí taighde agus na gníomhaíochtaí oibríochtúla comhsheasmhach lena chéile. Beidh an Coimisiún ag brath ar an Ionad Comhthaighde agus ar sheirbhísí Eurostat maidir le dearadh agus cur chun feidhme teicniúil na seirbhísí.

1.4. Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an Aontais

Áiritheoidh an Coimisiún comhlántacht agus comhsheasmhacht le beartais eile an Chomhphobail, go mór mór ó thaobh na gcúrsaí seo a leanas: iomaíochas, cláir GNSS na hEorpa, cosaint sonraí pearsanta, cosaint shibhialta agus cabhair dhaonnúil, beartas comhtháthaithe agus beartas talmhaíochta. Lena chois sin, is gléas é GMES le haghaidh comhoibriú a bhaineann le forbairt, cabhair dhaonnúil agus cásanna géarchéime ar fud an domhain agus, go sonrach, leis an Afraic.

Ina theannta sin, meastar go bhfuil seirbhísí GMES riachtanach, ní amháin toisc gurb iad lucht ceaptha beartais is mó a bhainfidh leas astu, ach toisc go spreagfaidh siad nuálaíocht agus fás san earnáil iartheachtach. Dá bhrí sin, tá GMES i gcomhréir go hiomlán le straitéis Liospóin.

Tacóidh GMES leis an gCóras Faisnéise Comhroinnte Comhshaoil (SEIS) agus bainfidh sé tairbhe as. Ar an gcéad dul síos, cuireann GMES leis an bhfáil atá ar shonraí/tháirgí ábhartha a sholáthraítear trí mheán a chuid seirbhísí. Ar an dara dul síos, d’fhéadfadh SEIS cur leis na sruthanna sonraí in situ le haghaidh GMES trí chur ar fáil sonraí beagnach i bhfíor-am a chumasú (ag tosú leis na sonraí sin a thagann faoi reachtaíocht chomhshaoil, a raibh SEIS dírithe orthu ar dtús). Ina theannta sin, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh GMES i gcomhchuibheas le bailiú sonraí atá riachtanach le haghaidh beartas comhshaoil i gcomhthéacs Ionaid Sonraí na hEorpa, go mór mór chomh fada is a bhaineann siad le monatóireacht talún.

Faoi mar a tugadh le fios i dTeachtaireacht 2008 ní mór do GMES cloí le creat an Bhonneagair d'Fhaisnéis Spáis san Eoraip (INSPIRE). Tá INSPIRE bunaithe ar Threoir[12] a bhaineann le sonraí spáis atá ag údaráis phoiblí sna Ballstáit. Ní leagann sé aon dualgas ar na Ballstáit tacair sonraí geospáis nua a chruthú, cé gurb í cuspóir GMES a áirithiú go mbeidh seirbhísí oibríochtúla um breathnadóireacht na Cruinne ar fáil go leanúnach.

2. Ábhar an Rialacháin ó Pharlaimint na h EORPA AGUS ÓN g COMHAIRLE MAIDIR LEIS AN g CLÁR EORPACH UM BREATHNADÓIREACHT NA CRUINNE (GMES) AGUS A OIBRÍOCHTAÍ TOSAIGH (2011–2013)

Faoi mar a leagadh amach i roinn 1.2, is é cuspóir sonrach an Rialacháin bheartaithe ná bunús dlíthiúil a chur faoin gclár GMES agus faoi chistiú an CE d’oibríochtaí tosaigh GMES. Ba cheart go n-áiritheodh sé sin go leanfaidh eilimintí GMES ar aghaidh i ndiaidh 2011, agus iad roghnaithe ar bhonn na gcritéar sin a ndearnadh cur síos orthu thuas. Déanfaidh an Coimisiún oibríochtaí tosaigh GMES (2011-2013) a bhainistiú laistigh de chreat gníomhaíochtaí iomlána GMES an AE, a dhéanann gníomhaíochtaí taighde an AE agus gníomhaíochtaí comhpháirtithe GMES a fholú freisin. Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go mbeidh siad seo comhlántach le Creatchlár 7 maidir le cistiúchán agus socruithe eagrúcháin.

Tugtar sainmhíniú in Airteagal 1 de Rialachán beartaithe GMES ar ábhar an Rialacháin, is é sin le rá, clár an Chomhphobail um breathnadóireacht na Cruinne (“clár GMES”) a bhunú, agus na rialacha maidir le cur chun feidhme oibríochtaí tosaigh GMES (2011-2013).

Leagann Airteagal 2 síos a mbeidh i gclár GMES, lena n-áireofar eilimint seirbhíse, eilimint spáis agus eilimint in situ .

Déanann Airteagal 3 cur síos ar raon feidhme oibríochtaí tosaigh GMES a bheidh bunaithe ar ghníomhaíochtaí ar tugadh maoiniú dóibh faoi théama spáis an Seachtú Creatchlár agus gníomhaíochtaí náisiúnta, agus a dhéanfaidh comhlánú orthu. Tá cuspóirí gach réimse díobh leagtha síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an togra. Ceapadh na gníomhaíochtaí arna liostú in Airteagal 2 i gcomhréir leis an gcur chuige modúlach maidir le cur chun feidhme GMES. I bhfianaise na gcritéar a bhfuil cur síos orthu i roinn 1.2. thuas ba cheart go mbeadh gníomhaíochtaí sna réimsí seo a leanas i gceist le hoibríochtaí tosaigh GMES (2011–2013):

1. seirbhísí práinnfhreagartha;

2. seirbhísí monatóireachta talún;

3. bearta a thacaíonn le húsáideoirí maidir le leas a bhaint as seirbhísí;

4. rochtain ar shonraí;

5. eilimint spáis GMES.

Cé go gcuirfear tús le hoibríochtaí tosaigh um sheirbhísí práinnfhreagartha agus monatóireachta talún níos luaithe ná oibríochtaí tosaigh um sheirbhísí eile GMES, ní hionann é sin agus a rá nach dtacóidh an AE le hoibríocht na seirbhísí eile (lena n-áirítear seirbhísí monatóireachta mara agus atmaisféir) i ndiaidh 2013. Tá sé ar intinn ag an AE tacar iomlán seirbhísí GMES a choinneáil ar siúl i gcomhthéacs oibríochtúil i ndiaidh 2013.

Leagann Airteagal 4 síos socruithe eagrúcháin le haghaidh oibríochtaí tosaigh GMES. Go sonrach, deirtear ann nach amháin go ndéanfaidh an Coimisiún bainistiú ar a gcuirfidh sé ar fáil do GMES ach go mbeidh sé freagrach as comhordú foriomlán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí chomhpháirtithe GMES, i.e. na Ballstáit, agus go nglacfaidh siadsan na céimeanna is gá chun cur chun feidhme éifeachtach thionscadal GMES a áirithiú ar leibhéal na mBallstát. Faoi mar a leagadh amach i dTeachtaireacht 2008, ní mór idirdhealú a dhéanamh idir an creat foriomlán rialachais agus an leibhéal cur chun feidhme teicniúil, ar cheart a thabhairt den chuid is mó d‘eagrais Eorpacha a bhíonn ag idirghníomhú le heagrais phríobháideacha agus phoiblí, lena n-áirítear Gníomhaireacht Spáis na hEorpa (GSE) agus gníomhaireachtaí speisialaithe an AE[13]. Ar an ábhar sin is do GSE a thabharfar cur chun feidhme teicniúil eilimint spáis GMES. Ina theannta sin, deir Airteagal 4 gur cheart don Choimisiún comhchuibheas chlár GMES le beartais eile an Chomhphobail a áirithiú.

Leagann Airteagal 5 síos na foirmeacha dlíthiúla a d’fhéadfadh a bheith i gceist i gcomhair chistiú an Chomhphobail.

Tá rialacha in Airteagal 6 faoi rannpháirtíocht tíortha nach de chuid an AE iad sa chlár GMES. Ós rud é gur togra domhanda é GMES, tá sé riachtanach foráil a dhéanamh chun go mbeidh tíortha lasmuigh den AE rannpháirteach ann, nuair a cheadaíonn comhaontuithe agus nósanna imeachta é sin. Leagann Airteagal 7, maidir le cistiúchán, síos an clúdach foriomlán airgeadais i leith mhaoiniú an Chomhphobail d’oibríochtaí tosaigh GMES. Déanfar leithreasaí a údarú go bliantúil i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. Tá cead ag tíortha lasmuigh den AE agus ag eagraíochtaí idirnáisiúnta tacaíocht airgid nó tacaíocht chomhchineálach a thabhairt do na cláir ar bhonn comhaontuithe iomchuí, faoi mar a dhéantar i gcás na gclár GNSS Eorpach.

Tá cuntas in Airteagal 8 ar chuspóirí an bheartais sonraí agus faisnéise i gcomhair gníomhartha a mhaoinítear faoin gclár GMES. Is é an príomhchuspóir go mbeadh rochtain iomlán oscailte ann[14], ag cur san áireamh go bhféadfaí srianta a chur le rochtain iomlán oscailte, go háirithe chun cosaint leordhóthanach sonraí agus faisnéise a áirithiú ar chúiseanna slándála.

Tá foráil in Airteagal 9 maidir le monatóireacht rialta a dhéanamh ar an ngníomh a dtugtar maoiniú dó faoin Rialachán, i gcomhréir le rialacha infheidhme an CE agus i gcomhréir leis an gcleachtas is fearr. Cuirfear tuarascálacha eatramhacha agus tuarascálacha meastóireachta ex-post faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Baineann Airteagal 10 le bearta cur chun feidhme. Is trí nós imeachta coiste a dhéanfar cinneadh faoi shonraí maidir le cur chun feidhme agus maidir leis na cláir oibre bliantúla. Beidh cur síos níos grinne ar na gníomhaíochtaí i gcomhréir le tosaíochtaí GMES le fáil sa chlár oibre bliantúil. Cabhróidh an coiste arna bhunú faoi Airteagal 11 den Rialachán beartaithe leis an gCoimisiún le hoibríochtaí tosaigh GMES a chur chun feidhme, ach leanfaidh coiste cláir Chreatchlár 7 ina chumraíocht spáis ar aghaidh ag cabhrú leis an gCoimisiún chun cistí Chreatchlár 7 a bhainistiú.

Foráiltear le hAirteagal 11 do bhunú nós imeachta coiste i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ina leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[15].

Tá rialacha in Airteagal 12 maidir le leasanna airgeadais an Chomhphobail a chosaint chun a áirithiú go gcuirtear bearta iomchuí i bhfeidhm chun mírialtachtaí agus calaois a chosc.

3. Comhairliúchán le páirtithe leasmhara agus Measúnú Iarmharta

Tá an togra le haghaidh Rialachán maidir le clár Eorpach um breathnadóireacht na Cruinne (GMES) agus a oibríochtaí tosaigh bunaithe ar chomhairliúcháin fhorleathana agus tá Measúnú Iarmharta ag dul leis. Chuir an Coimisiún dlús in 2006 lena chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara, lena n-áirítear:

- ceardlanna téamúla leo siúd a bheidh ag úsáid na seirbhísí amach anseo;

- bunú “Grúpaí Cur chun Feidhme” ina raibh ionadaithe a úsáideoirí. D'ullmhaigh na Grúpaí Cur chun Feidhme moltaí faoi raon feidhme, leagan amach agus pleananna cur chun feidhme na seirbhísí, agus an bonneagar riachtanach san áireamh;

- comhairliúcháin le comhordaitheoirí náisiúnta GMES i gComhairle Chomhairleach GMES;

- cruinnithe rialta déthaobhacha idir Biúró GMES de chuid an Choimisiúin Eorpaigh agus páirtithe leasmhara ó lucht tionscail, ó na réigiúin agus ó áiteanna eile; agus

- comhdhálacha faoi GMES arna n-eagrú ag Uachtaránachtaí éagsúla an AE.

Léirigh an comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara go soiléir nach féidir le húsáideoirí a bheith ag brath ar thionscadail taighde amháin. Ní mór dóibh a bheith in ann sonraí agus faisnéis iontaofa chruinn a rochtain a chuirfear ar fáil go tráthúil, nó de ruathar i gcás seirbhísí éigeandála. Dar leis na páirtithe leasmhara, má tá an cuspóir seo le baint amach ní mór:

- na bearta is gá a dhéanamh chun an líne buiséadaithe ullmhúcháin oibríochtúil a tugadh isteach in 2008 a mhéadú chun oibríochtaí tosaigh na seirbhísí GMES a chlúdach;

- raon feidhme na ngníomhaíochtaí a shainiú ar bhealach a dhéanann comhlánú ar na scéimeanna maoinithe agus cláir atá ann cheana;

- comhpháirtíochtaí a bhunú le háirithiú go mbeidh na seirbhísí oibríochtúla inbhuanaithe;

- a áirithiú go n-oirfidh na sonraíochtaí seirbhíse do riachtanais úsáideoirí, ós rud é go bhfuil an tionscnamh á chur chun cinn ar mhaithe leo; agus

- beartas oscailte sonraí agus faisnéise a áirithiú chun go mbeidh sé níos éasca ag an tionscal seirbhísí breisluacha, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, an deis a thapú sa mhargadh.

Mar aon leis an moladh bonnlíne dada a dhéanamh, scrúdófar na trí rogha seo a leanas maidir le cur chun feidhme oibríochtaí tosaigh GMES sa tuarascáil Mheasúnú Iarmharta: (i) modh oscailte comhordaithe agus é sin amháin, (ii) idirghabháil rialála, agus (iii) maoiniú an Chomhphobail. Léiríonn an Measúnú Iarmharta go meastar gurb é maoiniú an Chomhphobail an rogha is fearr, toisc gur cosúil go mbeadh sé níos éifeachtúla ó thaobh costais de, fiú i gcomparáid leis an gcás is fearr ó thaobh na roghanna eile. Léirigh anailís a rinneadh ar iarmhairt mhaoiniú an Chomhphobail go mbeadh an luach ab fhearr ar airgead le fáil leis an rogha seo agus go gcuirfeadh sé bunús inbhuanaithe ar fáil don earnáil iartheachtach chun seirbhísí saincheaptha a fhorbairt.

4. COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Tá feidhm le prionsabal na coimhdeachta sa mhéid is nach bhfuil an togra faoi réir inniúlacht eisiach an Chomhphobail.

Ní féidir le Ballstáit cuspóirí an ghnímh bheartaithe a bhaint amach go sásúil i gcás seirbhísí a mbeidh clúdach uile-Eorpach (nó fiú domhanda) acu agus go háirithe i gcás seirbhísí cumhdaigh talún uile-Eorpacha, toisc gur gá ionchur na mBallstát éagsúil a chur le chéile ar leibhéal Eorpach. Tá dhá fháth ann gur féidir leis an gComhphobal seirbhísí eile um breathnadóireacht na Cruinne atá folaithe leis an togra (léarscáileanna éigeandála, mar shampla, nó léarscáileanna monatóireachta talún téamúla a bhfuil raon feidhme tíreolaíochta níos teoranta leo) a chur ar fáil ar shlí níos fearr. Ar an gcéad dul síos, bheadh barainneachtaí an mhórscála ann dá ndéanfaí bainistiú níos comhtháite agus níos láraithe ar na sonraí ó bhraiteoirí sa spás nó in situ . Ar an dara dul síos, bheadh dúbailt i gceist dá ndéanfaí seirbhísí um breathnadóireacht na Cruinne a chur ar fáil ar bhealach neamh-chomhordaithe ar leibhéal na mBallstát nó na réigiún, agus bheadh sé deacair nó fiú dodhéanta monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme reachtaíocht chomhshaoil an CE ar bhonn critéar oibiachtúil trédhearcach. Má tharlaíonn sé nach gcuirtear faisnéis inchomparáide ar fáil ar leibhéal na mBallstát, ní bheidh an Coimisiún in ann a fháil amach ar cuireadh an reachtaíocht chomhshaoil chun feidhme i gceart i ngach Ballstát.

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta go hiomlán toisc (i) nach bhfuil seirbhísí oibríochtúla GMES sna réimsí monatóireachta talún agus práinnfhreagartha á gcur in áit seirbhísí atá ann cheana féin ach go ndéanann siad comhlánú orthu nó déanann siad a áirithiú go leanfar ar aghaidh leo agus (ii) nach ndéanfar soláthar seirbhísí a lárú ar leibhéal an Chomhphobail ach amháin nuair nach bhfuil aon dul as.

5. ROGHA IONSTRAIME DLÍ

Tá sé ar intinn ag an gCoimisiún an clár Eorpach um breathnadóireacht na Cruinne (GMES) a bhunú trí Rialachán, i.e. ionstraim a bhfuil feidhm ghinearálta aici agus í ina cheangal go huile agus go hiomlán agus í infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Tá sé seo amhlaidh toisc go dtugann an beart bunúsach atá beartaithe sainmhíniú ar róil agus ar fhreagrachtaí na mBallstát chomh maith le sainmhíniú ar róil agus ar fhreagrachtaí an Choimisiúin féin. Ar an ábhar sin is Rialachán an ionstraim is fearr a chur in oiriúint chun an cuspóir inmhianaithe a bhaint amach.

6. Impleacht bhuiséadach

Leagann an ráiteas airgeadais a ghabhann leis an togra seo le haghaidh Rialacháin na leithreasaí buiséadacha síos le haghaidh oibríochtaí tosaigh GMES. Tá an togra comhoiriúnach leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2007-2013.

2009/0070 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an gclár Eorpach um breathnadóireacht na Cruinne (GMES) agus a oibríochtaí tosaigh (2011–2013) (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 157(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[16],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[17],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[18],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh[19],

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Le linn a cruinnithe an 15 agus 16 Meitheamh 2001 in Gothenburg, tháinig an Chomhairle Eorpach ar chomhaontú maidir le straitéis um fhorbairt inbhuanaithe, i dtreo is go ndéanfadh beartais eacnamaíochta, sóisialta agus comhshaoil atreisiú ar a chéile, agus chuir sí gné chomhshaoil le próiseas Liospóin.

(2) Sa rún maidir le Beartas Spáis na hEorpa[20] an 21.5.2007 arna ghlacadh ag an gceathrú comhchruinniú coimhdheachtach de chuid Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus Chomhairle Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa ar leibhéal aireachta (“an Chomhairle Spáis”, a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(1) den Chomhaontú Creata idir an Comhphobal Eorpach agus Gníomhaireacht Spáis na hEorpa[21]), d’aithin an Chomhairle an chaoi a bhfuil, agus an chaoi a d’fhéadfadh, gníomhaíochtaí spáis tacú le straitéis Liospóin i leith fáis agus fostaíochta, trí theicneolaíochtaí agus seirbhísí cumasaithe a chur ar fáil le haghaidh shochaí faisnéise na hEorpa atá ag teacht chun cinn, agus cur le comhtháthú na hEorpa, agus leag sí béim ar an gcaoi a bhfuil spás ina ghné thábhachtach den straitéis um fhorbairt inbhuanaithe.

(3) Tionscnamh um breathnadóireacht na Cruinne is ea Monatóireacht Dhomhanda don Chomhshaol agus don tSlándáil (GMES) a bhfuil an Comhphobal Eorpach i gceannas air agus atá á reáchtáil i gcomhpháirtíocht leis na Ballstáit. Tá sé de chuspóir aige acmhainneacht thionsclaíoch beartais nuálaíochta, taighde, agus forbartha teicneolaíche a shaothrú níos fearr sa réimse um breathnadóireacht na Cruinne agus seirbhísí faisnéise a sholáthar a thugann rochtain ar shonraí agus ar fhaisnéis chruinn i réimse an chomhshaoil agus na slándála faoi cheannas an Chomhphobail, agus atá saincheaptha do riachtanais réimse leathan úsáideoirí. Áirítear leis na húsáideoirí lucht cinnteoireachta ar leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil a fhorbraíonn agus a chuireann beartais chomhshaoil chun feidhme.

(4) Chun cuspóir GMES a bhaint amach ar mhodh inbhuanaithe, is gá comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na gcomhpháirtithe éagsúla a bhfuil baint acu le GMES, agus an cumas breathnadóireachta a fhorbairt, a bhunú agus a oibriú sa chaoi a shásóidh éilimh úsáideoirí. Beidh GMES ina ghléas fíorthábhachtach le tacú le bithéagsúlacht agus le monatóireacht éiceachóras agus chun athrú aeráide a mhaolú agus oiriúnú chuige.

(5) Tá seirbhísí GMES riachtanach chun úsáid foinsí faisnéise ag an earnáil phríobháideach a chothú ar bhonn leanúnach, rud a chuideodh le nuálaíocht a chothú i measc soláthraithe seirbhísí breisluacha, ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide iad a lán acu.

(6) Tá gníomhaíochtaí forbartha agus oibríochtaí araon i gceist le GMES. Ó thaobh oibríochtaí de, thacaigh an Chomhairle Spáis, ina tríú treoshuímh ar glacadh leis ag cruinniú na Comhairle Spáis an 28.11.2005, le cur chuige céimneach maidir le cur chun feidhme GMES bunaithe ar thosaíochtaí a aithníodh go soiléir, ag tosú le forbairt ar thrí sheirbhís mheara i réimse na práinnfhreagartha, na monatóireachta talún agus na seirbhísí mara.

(7) Cuireadh maoiniú ar fáil le haghaidh na chéad seirbhísí oibríochtúla i réimse na práinnfhreagartha agus na monatóireachta talún mar ghníomhartha ullmhúcháin i gcomhréir le hAirteagal 49(6)(b) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach.[22] (“an Rialachán Airgeadais” anseo feasta).

(8) Le cois na ngníomhaíochtaí forbartha arna maoiniú faoi réimse téamúil an spáis a cuireadh san áireamh i gCinneadh Uimh. 1982/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Seachtú Creatchlár an Chomhphobail Eorpaigh um thaighde, um fhorbairt teicneolaíochta agus um ghníomhaíochtaí léirithe (2007–2013)[23] (“an Seachtú Creatchlár” anseo feasta), tá gníomh Comhphobail riachtanach sa tréimhse 2011-2013 chun leanúnachas a áirithiú leis na gníomhartha ullmhúcháin agus chun seirbhísí oibríochtúla a bhunú ar bhonn níos buaine i réimsí a bhfuil aibíocht theicniúil leordhóthanach acu mar aon le cumas cruthaithe ó thaobh forbartha seirbhísí iartheachtacha, lena n-áirítear práinnfhreagairt agus monatóireacht talún. Leanfar le seirbhísí mara agus atmaisféir a fhorbairt i gcomhthreo leis na seirbhísí bainistithe éigeandála agus monatóireachta talún le tacaíocht ón gcistiúchán taighde agus forbartha faoin Seachtú Creatchlár, lena n-áireofar bunú cumas réamhoibríochta roimh 2013.

(9) Ina Theachtaireacht dar teideal “ Global Monitoring for Environment and Security (GMES): we care for a safer planet ”[24] (Monatóireacht Dhomhanda don Chomhshaol agus don tSlándáil: cúram pláinéid níos sábháilte), thug an Coimisiún cuntas ar an gcur chuige atá aige i leith rialachas agus maoiniú GMES agus thug sé le fios go raibh sé ar intinn aige cur chun feidhme teicniúil GMES a tharmligean chuig eintitis speisialaithe, lena n-áirítear an GSE i gcás eilimint spáis GMES mar gheall ar a seasamh uathúil agus a saineolas.

(10) Tá seirbhísí oibríochtúla sa réimse maolaithe éigeandála agus freagartha daonnúla riachtanach chun comhordú a dhéanamh ar chumas reatha an Chomhphobail agus a Bhallstát chun a bheith ullmhaithe níos fearr, chun freagairt a thabhairt ar thubaistí nádúrtha agus de dhéanamh an duine a mbíonn drochthionchar acu ar an gcomhshaol go minic, agus chun teacht aniar uaidh na tubaistí sin. Ós rud é go bhféadfadh méadú a theacht ar éigeandálaí de thoradh athrú aeráide, beidh GMES riachtanach maidir le hoiriúnú don athrú aeráide. Mar sin ba cheart do sheirbhísí GMES faisnéis gheospásúil a chur ar fáil le tacú le gníomhairí éagsúla a bhíonn ag obair sa réimse práinnfhreagartha agus freagartha daonnúla.

(11) Tá seirbhísí monatóireachta talún tábhachtach ó thaobh monatóireacht bithéagsúlachta agus éiceachóras, maolú athrú aeráide agus oiriúnú dó, agus bainistiú a dhéanamh ar réimse leathan acmhainní agus beartas, a mbaineann an chuid is mó díobh leis an timpeallacht nádúrtha: ithir, uisce, talmhaíocht, foraoiseacha, fuinneamh agus fóntais, ceantair faoi thithe, saoráidí caitheamh aimsire, bonneagar agus iompar. Tá seirbhísí oibríochtúla monatóireachta talún riachtanach ar leibhéal na hEorpa agus ar leibhéal an domhain, agus iad forbartha i gcomhar le Ballstáit, tríú tíortha san Eoraip, comhpháirtithe lasmuigh den Eoraip, agus leis na Náisiúin Aontaithe.

(12) Braitheann soláthar seirbhísí oibríochtúla a mhaoinítear faoin Rialachán seo ar rochtain ar shonraí a bhailítear trí bhonneagar spáis agus trí shaoráidí san aer, ar muir agus ar talamh (“bonneagar in situ ”) agus trí chláir shuirbhéireachta. Ba cheart, ar an ábhar sin, a áirithiú go bhféadfar a leithéid de shonraí a rochtain, agus ba cheart tacaíocht a thabhairt nuair is gá é do bhailiú sonraí in situ ar bhealach a dhéanann comhlánú ar ghníomhaíochtaí an Chomhphobail agus ar ghníomhaíochtaí náisiúnta. Tá tábhacht faoi leith i gceist leis seo nuair nach n-éilíonn dlí an Chomhphobail ná dlí náisiúnta a leithéid de bhailiú sonraí. Ar deireadh, caithfear a áirithiú go mbeidh an bonneagar in situ agus spáis ar a bhraitheann sé ar fáil go leanúnach, lena n-áirítear bonneagar spáis arna shainfhorbairt do GMES i gcreat chlár eilimint spáis GMES GSE (na misin Fairtheora). Tosóidh na chéad Fhairtheoirí ar a gcéim oibríochtúil thosaigh ag tosú in 2011.

(13) Ba cheart don Choimisiúin comhlántacht a áirithiú maidir le taighde a bhaineann le GMES, gníomhaíochtaí forbartha faoin Seachtú Creatchlár, an méid a chuireann an CE le hoibríochtaí tosaigh GMES, gníomhaíochtaí comhpháirtithe GMES, agus struchtúir atá ann cheana, cosúil leis na hIonaid Sonraí Eorpacha.

(14) Ba cheart oibríochtaí tosaigh GMES a chur chun feidhme go comhsheasmhach le beartais, ionstraimí agus gníomhartha bainteacha eile an Chomhphobail, go mór mór maidir le hiomaíochas agus nuálaíocht, le beartais chomhtháite, taighde, iompair agus iomaíochta, leis an gclár Eorpach maidir le Bonneagar Domhanda um Loingseoireacht Satailíte (GNSS) agus le cosaint sonraí pearsanta. Ina theannta sin, ba cheart do GMES tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt an bhonneagair d'fhaisnéis spáis sa Chomhphobal a bunaíodh le Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d'Fhaisnéis Spáis sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE)[25]. Ba cheart do GMES chomhlánú a dhéanamh freisin ar an gCóras Faisnéise Comhroinnte Chomhshaoil (SEIS)[26] agus ar ghníomhaíochtaí an Chomhphobail sa réimse práinnfhreagartha.

(15) Tá foráil sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus sna Comhaontuithe Creata le tíortha is iarrthóirí agus leo siúd a d’fhéadfadh a bheith mar thíortha is iarrthóirí maidir le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir an Chomhphobail. Ba cheart go n-osclófaí deiseanna rannpháirtíochta do thíortha eile nach bhfuil san AE agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta trí chomhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích chuige sin.

(16) Ar feadh an ama a bheidh oibríochtaí tosaigh GMES ar siúl, ba cheart go mbunófaí clúdach airgeadais EUR 107m agus gurb é sin an príomhrud dá ndéantar tagairt dó, laistigh de bhrí phointe 37 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 17 Bealtaine 2006 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach agus bainistíocht fhónta airgeadais[27] . Meastar go gcuirfear EUR 43 milliún ó théama spáis an Seachtú Creatchlár ar fáil mar chomhlánú ar an gclúdach airgeadais seo le haghaidh gníomhartha taighde a ghabhann le hoibríochtaí tosaigh GMES.

(17) I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ba cheart go bhféadfadh Ballstáit, tíortha nach bhfuil san AE agus eagraíochtaí idirnáisiúnta tacú leis na cláir ar bhonn comhaontuithe iomchuí.

(18) Ba cheart go mbeadh seirbhísí GMES inrochtana go huile agus go follasach. Tá sé seo riachtanach chun úsáid agus comhroinnt sonraí agus faisnéis um breathnadóireacht na Cruinne a chur chun cinn i gcomhréir le prionsabail SEIS, INSPIRE agus Chóras Domhanda na gCóras um Breathnadóireacht na Cruinne (GEOSS).

(19) Ba cheart monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar an ngníomh a mhaoineofar faoin Rialachán seo chun go mbeifear in ann coigeartaithe a dhéanamh.

(20) Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[28].

(21) Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún an Iarscríbhinn a oiriúnú do dhul chun cinn teicniúil agus eolaíochta. Toisc go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5(a) de Chinneadh 1999/468/CE.

(22) Ba cheart bearta iomchuí a dhéanamh le cosc a chur ar mhírialtachtaí agus ar chalaois agus ba cheart na rudaí a bhfuil gá leo a dhéanamh chun cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó ar baineadh leas mícheart astu a aisghabháil, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le cosaint leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach[29] agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint ó chalaois agus ó mhírialtacht eile[30] agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF)[31].

(23) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, is é sin bunú chlár GMES agus a chuid oibríochtaí tosaigh, a bhaint amach a dhóthain toisc go mbeidh cumas uile-Eorpach ag baint le hoibríochtaí tosaigh GMES agus go mbraithfidh siad ar sheirbhísí a bheith á soláthar ar bhealach comhordaithe ar fud na mBallstát agus iad arna gcomhordú ar leibhéal an Chomhphobail agus mar sin gur fearr, toisc scála an ghnímh, a d’fhéadfaí iad a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta faoi mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí seo a bhaint amach.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Ábhar

Bunaítear clár Eorpach um breathnadóireacht na Cruinne (“clár GMES” anseo feasta) leis an Rialachán seo agus leagtar síos ann na rialacha maidir le cur chun feidhme oibríochtaí tosaigh GMES.

Airteagal 2 Clár GMES

1. Tógfaidh an clár GMES ar na gníomhaíochtaí taighde arna ndéanamh faoi Chinneadh Uimh. 1982/2006/CE ( “an Seachtú Creatchlár” anseo feasta) agus faoi Chlár Eilimint Spáis GMES Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa.

2. Cuimseoidh an clár GMES iad seo a leanas:

6. eilimint seirbhíse a áiritheoidh rochtain ar fhaisnéis a chlúdóidh na réimsí téamúla seo a leanas:

7. monatóireacht talún;

8. bainistiú éigeandálaí;

9. slándáil;

10. monatóireacht ar chomhshaol na mara;

11. monatóireacht atmaisféir;

12. maolú athrú aeráide agus oiriúnú dó;

13. eilimint spáis a áiritheoidh breathnadóireacht inbhuanaithe ón spás le haghaidh na réimsí téamúla dá dtagraítear i bpointe (a);

14. eilimint in situ a áiritheoidh breathnadóireacht trí fhearais san aer, ar farraige, agus ar talamh le haghaidh na réimsí téamúla dá dtagraítear i bpointe (a);

Airteagal 3 Oibríochtaí tosaigh GMES (2011-2013)

1. Clúdóidh oibríochtaí tosaigh GMES an tréimhse 2011-2013 agus cuimseoidh siad gníomhartha sna réimsí seo a leanas:

15. seirbhísí práinnfhreagartha;

16. seirbhísí monatóireachta talún;

17. bearta a thacaíonn le húsáideoirí maidir le leas a bhaint as seirbhísí;

18. rochtain ar shonraí, lena n-áirítear tacú le sonraí a bhailiú in situ ;

19. eilimint spáis GMES.

3. Tugtar sainmhíniú san Iarscríbhinn ar chuspóirí faoi leith na ngníomhartha sin dá dtagraítear i mír 1.

D’fhéadfadh an Coimisiúin an Iarscríbhinn a oiriúnú do dhul chun cinn theicniúil agus eolaíochta.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Airteagal seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

Airteagal 4 Socruithe eagraíochtúla

1. Áiritheoidh an Coimisiúin comhordú chlár GMES le gníomhaíochtaí ar leibhéal náisiúnta, Comhphobail, agus idirnáisiúnta.

4. Déanfaidh an Coimisiún Eorpach bainistíocht ar na cistí atá leithdháilte do na gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 605/2002 ("an Rialachán Airgeadais" anseo feasta) agus áiritheoidh sé go mbeidh clár GMES comhlántach agus comhsheasmhach le beartais, ionstraimí agus gníomhartha ábhartha eile an Chomhphobail, go mór mór ó thaobh na gcúrsaí seo a leanas: iomaíochas agus nuálaíocht, comhtháthú, taighde, iompar agus iomaíocht, na cláir Eorpacha maidir le Bonneagar Domhanda um Loingseoireacht Satailíte (GNSS), cosaint sonraí pearsanta, Treoir 2007/2/CE (INSPIRE), an Córas Faisnéise Comhroinnte Comhshaoil (SEIS) agus gníomhaíochtaí an Chomhphobail sa réimse práinnfhreagartha.

5. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá d’fhonn cur chun feidhme GMES ar leibhéal na mBallstát a áirithiú mar aon le sineirgí féideartha le tionscnaimh ábhartha náisiúnta, Comhphobail agus idirnáisiúnta.

Cuireadh cur i bhfeidhm eiliminte spáis GMES ar iontaoibh Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa, agus beidh sí ag brath ar an Eagraíocht Eorpach chun Sochar a Bhaint as Satailítí Meitéareolaíochta (EUMESTAT) nuair is gá.

Airteagal 5 Foirmeacha cistiúcháin an Chomhphobail

1. D’fhéadfadh go mbeadh cistiúchán an Chomhphobail sna foirmeacha dlíthiúla seo a leanas:

20. deontais;

21. conarthaí soláthair phoiblí.

6. D’fhéadfaí deontais Chomhphobail a sholáthar i bhfoirmeacha sonracha, lena n-áirítear comhaontú creata comhpháirtíochta, nó comhchistiúchán deontas oibriúcháin nó deontas gníomhaíochta. Ní bheidh deontais oibriúcháin do chomhlachtaí a mbeidh cuspóirí acu a bhfuil leas ginearálta na hEorpa i gceist leo faoi réir ag forálacha céimlaghdaitheachta an Rialacháin Airgeadais. I gcás deontas, glacfar leis an uasráta cómhaoinithe i gcomhréir le nós imeachta Airteagal 11(3).

Airteagal 6 Rannpháirtíocht tríú tíortha

Féadfaidh na tíortha seo a leanas a bheith rannpháirteach sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 2(1):

22. Tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar Páirtithe Conarthacha iad do Chomhaontú LEE, i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sa Chomhaontú LEE;

23. na tíortha is iarrthóirí, chomh maith le hiarrthóirí féideartha atá ar áireamh sa phróiseas cobhsaíochta agus comhlachais i gcomhréir leis na Comhaontuithe Creata, nó Prótacal le Comhaontú Comhlachais, de réir na bprionsabal ginearálta maidir le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir an Chomhphobail, a tugadh chun críche leis na tíortha sin;

24. Cónaidhm na hEilvéise, tríú tíortha eile nach dtagraítear dóibh i bpointí (1) agus (2), agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, i gcomhréir le comhaontuithe arna gcur i gcrích ag an gComhphobal Eorpach leis na tríú tíortha nó na heagraíochtaí idirnáisiúnta sin, de bhun Airteagal 300 de Chonradh CE, ina leagfar amach na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe a bhaineann lena rannpháirtíocht.

Airteagal 7 Cistiúchán

1. Is é an clúdach airgeadais atá leithdháilte chun an Rialachán seo a chur chun feidhme EUR 107 milliún.

2. Údaróidh an t-údarás buiséadach na leithreasaí ar bhonn bliantúil laistigh de na teorainneacha a leagtar síos sa chreat airgeadais ilbhliantúil.

3. D’fhéadfadh tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta cistiúchán breise a sholáthar don chlár GMES freisin.

Caithfear le cistí breise dá dtagraítear sa chéad fhomhír mar ioncam leithdháilte, i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 8 Beartas Sonraí agus Faisnéise GMES

1. Beidh na cuspóirí seo a leanas ag an mbeartas sonraí agus faisnéise um ghníomhartha á maoiniú faoi chlár GMES:

25. úsáid agus comhroinnt faisnéis agus sonraí GMES a chur chun cinn;

26. rochtain iomlán agus oscailte ar fhaisnéis arna soláthar ag seirbhísí GMES agus ar shonraí arna mbailiú trí bhonneagar GMES, faoi réir ag srianta slándála ábhartha;

27. neartú a dhéanamh ar mhargaí um breathnadóireacht na Cruinne san Eoraip, agus san earnáil iartheachtach go háirithe, d’fhonn fás agus cruthú poist a chumasú;

28. cur le hinbhuanaitheacht maidir le soláthar sonraí agus faisnéis GMES;

29. tacú leis na comhphobail taighde Eorpacha.

2. Cuirfidh an Coimisiún cuspóirí bheartas sonraí agus faisnéise GMES chun feidhme le haghaidh na heiliminte seirbhíse, na heiliminte spáis agus na heiliminte in situ , trína áirithiú go háirithe go mbeidh comhaontuithe deontais, conarthaí soláthair agus comhaontuithe tarmligin a thabharfar i gcrích le soláthraithe seirbhíse GMES, le hoibreoirí bhonneagar GMES agus le soláthraithe sonraí i gcomhréir leis na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 9 Monatóireacht agus meastóireacht

1. Déanfaidh an Coimisiún monatóireacht agus meastóireacht ar chur chun feidhme na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 3(1).

2. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil eatramhach mheastóireachta a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíochta agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún faoin 31 Nollaig 2012, agus déanfaidh sé tuarascáil mheastóireachta ex-post a thíolacadh dóibh chomh maith.

Airteagal 10 Bearta cur chun feidhme

1. Glacfaidh an Coimisiúin an clár oibre bliantúil de bhun Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais agus Airteagal 90 agus Airteagal 166 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002[32] i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 11(34);

2. D’fhéadfadh go gclúdódh an leithdháileadh airgeadais do chlár GMES costais maidir le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, monatóireachta, rialaithe, iníoctha agus meastóireachta atá ag teastáil go díreach chun bainistíocht a dhéanamh ar chlár GMES agus chun cuspóirí an chláir a bhaint amach, go háirithe staidéir, cruinnithe, faisnéis agus gníomhartha foilseacháin, i dteannta leis na costais eile go léir maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin a d’fhéadfadh an Coimisiún a thabhú as an gclár GMES a bhainistiú.

Airteagal 11 Coiste

1. Tabharfaidh coiste (“Coiste GMES”) cúnamh don Choimisiún.

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Dhá mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 4(3) de Chinneadh 1999/468/CE.

Airteagal 12 Leasanna airgeadais an Chomhphobail a chosaint

1. Áiritheoidh an Coimisiún, áit a gcuirtear gníomhartha arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Chomhphobail trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtúla agus trí mhéideanna a íocadh gan iad a bheith dlite a aisghabháil, agus, má bhraitear mírialtachtaí, trí phionóis éifeachtúla, chomhréireacha agus athchomhairleacha i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95, Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2185/96 agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999.

2. I gcás ghníomhartha an Chomhphobail arna maoiniú faoin Rialachán seo, ciallóidh coincheap na mírialtachtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 aon sárú ar fhoráil de dhlí an Chomhphobail nó aon sárú ar oibleagáid chonarthach ag éirí as gníomh nó neamhghníomh ag oibreoir eacnamaíochta, a dhéanann dochar, nó a dhéanfadh dochar, do bhuiséad ginearálta na gComhphobal, trí chaiteachas gan chúis.

3. Forálfar le comhaontuithe a éireoidh as an Rialachán seo, lena n-áireofar comhaontuithe a thabharfar i gcrích le tríú tíortha rannpháirteacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, do mhaoirseacht agus rialú airgeadais ag an gCoimisiún, nó ag aon ionadaí a bheidh údaraithe aige, agus d’iniúchtaí ag an gCúirt Iniúchóirí, ar an láthair más gá.

Airteagal 13 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa, Thar ceann na Comhairle,

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

Cuspóirí oibríochtaí tosaigh GMES (2011-2013)

Beidh na cuspóirí seo a leanas ag an ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 2(1):

30. áiritheoidh seirbhísí práinnfhreagartha, atá bunaithe ar ghníomhaíochtaí reatha san Eoraip, go gcuirfear sonraí um breathnadóireacht na Cruinne agus táirgí díorthaithe ar fáil ar mhaithe leis na gníomhairí práinnfhreagartha ar leibhéal idirnáisiúnta, Eorpach, náisiúnta agus réigiúnach do chineálacha éagsúla tubaistí, lena n-áirítear guaiseacha meitéareolaíocha (lena n-áirítear stoirmeacha, dóiteáin agus tuilte), guaiseacha geoifisiceacha (lena n-áirítear creathanna talún, súnámaithe, brúchtaí bolcánacha agus sciorrthaí talún), tubaistí de dhéanamh an duine a tharla d’aon turas nó trí thimpiste agus tubaistí daonnúla eile. Ós rud é go bhféadfadh méadú a theacht ar éigeandálaí de thoradh athrú aeráide, beidh práinnfhreagairt GMES riachtanach ó thaobh tacú le hoiriúnú don athrú aeráide sa réimse seo mar chuid de na gníomhaíochtaí coiscthe, réidhe, freagartha agus téarnaimh san Eoraip;

31. áiritheoidh seirbhísí monatóireachta talún go gcuirfear sonraí um breathnadóireacht na Cruinne agus táirgí díorthaithe ar fáil ar mhaithe leis na húdaráis Eorpacha, náisiúnta agus réigiúnacha atá freagrach as monatóireacht chomhshaoil ar bhithéagsúlacht, ithir, uisce, foraoiseacha agus acmhainní náisiúnta, agus i gcur chun feidhme ginearálta beartas i leith an chomhshaoil, faisnéis gheografacha a bhailiú, na talmhaíochta, fuinnimh, pleanála uirbí, bonneagair agus iompair. Áireofar le seirbhísí monatóireachta talún monatóireacht ar athróga maidir le hathrú aeráide;

32. áireofar le bearta le tacú le húsáideoirí leas a bhaint as seirbhísí cur chun feidhme comhéadan teicniúil arna gcur in oiriúint do thimpeallacht shonrach an úsáideora, oiliúint, cumarsáid agus forbairt ar an earnáil iartheachtach;

33. áiritheoidh rochtain ar shonraí, lena n-áirítear tacaíocht do bhailiú sonraí in situ , go mbaileofar sonraí um breathnadóireacht na Cruinne as raon leathan de mhisin Eorpacha agus cineálacha eile bonneagair, lena n-áirítear bonneagar in situ , agus go gcuirtear ar fáil iad chun cuspóirí GMES a bhaint amach agus na seirbhísí práinnfhreagartha agus monatóireachta talún go háirithe;

34. áiritheoidh oibríochtaí tosaigh GMES oibríochtaí eilimint spáis GMES, atá comhdhéanta de bhonneagar um breathnadóireacht na Cruinne a iompraítear i spás agus a dhíríonn ar bhreathnadóireacht ar fhochórais na Cruinne a áirithiú (lena n-áirítear dromchlaí talún, an t-atmaisféar agus aigéin). Bunófar é ar bhonneagar spáis náisiúnta agus Eorpaigh atá ann cheana nó atá beartaithe agus ar bhonneagar spáis arna fhorbairt i gClár Eilimint Spáis GMES.

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1. AINM AN TOGRA:

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gClár Eorpach um breathnadóireacht na Cruinne (GMES) agus a oibríochtaí tosaigh (2011–2013).

2. CREAT "ABM/ABB"

Réimse/Réimsí beartais: Fiontar.

Gníomhaíocht/Gníomhaíochtaí: Iomaíochas, beartas i leith an tionscail, nuálaíocht agus fiontraíocht.

3. NA LÍNTE BUISÉID

3.1 Línte buiséid (línte oibríochtúla agus línte a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin (na seanlínte B.A.) lena n-áirítear a gceannteidil:

Líne buiséid nua: 02.02.15

3.2. Fad thréimhse an ghnímh agus na hiarmharta airgeadais:

2011-2013 le haghaidh tiomantas agus 2011-2016 le haghaidh íocaíochtaí.

3.3 Tréithe buiséadacha ( is féidir sraitheanna a chur isteach más gá ):

Líne buiséid | Saghas caiteachais | Nua | Ranníocaíocht CSTE | Ranníocaíochtaí na dtíortha is iarrthóirí | Ceannteideal sa chreat airgeadais |

02.02.15.XX | Éigeantach | Difreáilte[33] | TÁ | TÁ | TÁ | 1a |

02.01.04.05 | Éigeantach/ Neamhéigeantach | Difreáilte | TÁ | TÁ | TÁ | 1a |

4. ACHOIMRE AR NA h ACMHAINNÍ

4.1. Acmhainní Airgeadais

4.1.1. Achoimre ar na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ)

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Líon iomlán na n-acmhainní daonna | 18 | 22 | 24 |

5. SAINTRÉITHE AGUS CUSPÓIRÍ

5.1. Na riachtanais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Tionscnamh um breathnadóireacht na Cruinne is ea GMES, mar a leagtar amach i gCaibidil 1 den Mheabhrán Míniúcháin. Baineann sé leas as saoráidí spásbhunaithe (i.e. satailíte) agus saoráidí neamh-spásbhunaithe, lena n-áirítear suiteálacha san aer, ar muir agus ar talamh (‘ in situ ’). Déantar na sonraí a bhailítear ó shatailítí agus in situ a phróiseáil chun seirbhísí faisnéise a chur ar fáil sna réimsí monatóireachta talún, monatóireachta mara, monatóireachta atmaisféir, práinnfhreagartha, slándála agus maolú athrú aeráide agus oiriúnú dó.

Déantar cómhaoiniú ar GMES faoi láthair ar leibhéal idir-rialtasach, Eorpach agus ar leibhéal náisiúnta atá bunaithe ar chomhpháirtíochtaí idir na gníomhairí éagsúla. Mura gcuirtear san áireamh an sciar beag teoranta a thugtar d’oibríocht na seirbhísí práinnfhreagartha agus monatóireachta talún, agus a mhaoinítear mar bhearta ullmhúcháin[38], is éard atá sa leithdháileadh seo faoi láthair gníomhaíochtaí taighde agus forbartha faoi Chreatchlár 7.

Ó 2011 go 2013, beidh gá an clúdach atá ar fáil laistigh den Seachtú Creatchlár (Creatchlár 7) a bhreisiú mar fhreagairt ar na riachtanais seo a leanas: Ar an gcéad dul síos ba cheart seirbhísí oibríochtúla tosaigh GMES a chur ar fáil ar scála níos leithne chun an chonair a réiteach do chlár iomlán GMES a bhunú faoin gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil (ó 2014 ar aghaidh). Ar an dara dul síos, tá leibhéal aibíochta bainte amach ag cuid de na tionscadail seirbhíse réamhoibríochtúla arna maoiniú faoi Chreatchlár 7, seirbhísí éigeandála agus monatóireachta talún go háirithe, a cheadaíonn aistriú chuig seirbhísí oibríochtúla (i.e. ar bhunús neamhthaighde) roimh an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile fiú.

Ba cheart rochtain ar léarscáileanna éigeandála a eagrú ar bhunús oibríochtúil chomh luath agus is féidir chun ligean d’údaráis chosanta an daonra shibhialta freagairt níos éifeachtaí do thubaistí nádúrtha nó de dhéanamh an duine agus chun comhordú níos dlúithe a chur chun cinn idir tíortha a théann éigeandálaí trasnáisiúnta i bhfeidhm orthu. Bíonn tionchar mór ag seachadadh éifeachtach seirbhísí um chosaint an daonra shibhialta toisc go bhféadfadh go mbeadh sé ríthábhachtach ní amháin chun daoine aonair a chosaint ach freisin chun bonneagar eacnamaíochta criticiúil a chaomhnú.

Tacóidh seirbhísí monatóireachta talún leis an lucht ceaptha beartais (lena n-áireofar gníomhaireachtaí comhshaoil) le gníomh a cheapadh agus a chur i bhfeidhm a phléifidh le húsáid talún, athruithe ar chumhdach talún agus ceisteanna maidir le bainistíocht uirbeach agus le monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh an ghnímh.

Braitheann seirbhísí práinnfhreagartha agus monatóireachta talún ar ghníomhaíochtaí cúnta amhail rochtain ar shonraí. Ba cheart go mbeifí in ann na tacair sonraí a bhfaighfear le haghaidh na seirbhísí a athúsáid ag úsáideoirí chun tuilleadh mionsaothraithe a dhéanamh i.e. trí cheadúnais ilúsáideora a fháil laistigh de na teorainneacha a cheadófar ag an mbuiséad. Thairis sin, ní foláir freisin an bonneagar atá riachtanach chun na sonraí a bhailiú a oibriú.

Tá an togra seo dírithe ar eagraíochtaí agus gnóthaí poiblí agus príobháideacha a sholáthraíonn seirbhísí um breathnadóireacht na Cruinne.

5.2. An breisluach toisc an Comhphobal a bheith páirteach ann, comhchuibheas an togra le hionstraimí airgeadais eile agus le sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

De réir mar a léirítear sa Mheabhrán Míniúcháin, is é maoiniú an Chomhphobail an fhoirm idirghabhála is oiriúnaí chun na riachtanais sin a riar.

I gcás táirgí uile-Eorpacha, ní féidir le Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta beartaithe a bhaint amach go sásúil, toisc gur gá ionchur na mBallstát éagsúil a chur le chéile ar leibhéal Eorpach. Tá dhá fháth ann gur féidir leis an gComhphobal seirbhísí eile a chur ar fáil níos fearr (léarscáileanna éigeandála a sholáthar, mar shampla, nó léarscáileanna monatóireachta talún téamúla a bhfuil raon feidhme tíreolaíochta níos teoranta leo). Ar an gcéad dul síos bheadh barainneachtaí an mhórscála ann dá ndéanfaí bainistiú níos comhtháite agus níos láraithe ar na sonraí ó bhraiteoirí sa spás nó in situ . Ar an dara dul síos bheadh dúbailt i gceist dá ndéanfaí seirbhísí um breathnadóireacht na Cruinne a chur ar fáil ar bhealach neamh-comhordaithe ar leibhéal na mBallstát, agus bheadh sé deacair nó fiú dodhéanta monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme reachtaíocht chomhshaoil an CE ar bhonn critéar oibiachtúil trédhearcach.

Trí húsáid níos leithne na seirbhísí seo ag raon níos leithne d’úsáideoirí féideartha ar fud an AE, féadann an Comhphobal cur le breisluach na seirbhísí sin a uasmhéadú agus leis an leas is fearr a bhaint as sochair iomlána eacnamaíochta agus sóisialta ag éirí as forbairt láidir ar mhargaí iartheachtacha, a mbeidh cruthú post nua agus seirbhísí nuálaíochta san earnáil phríobháideach mar thoradh orthu.

I láthair na huaire níl aon ionstraim airgeadais eile ann a dhíríonn go sonrach ar na riachtanais a dtéann an togra seo i ngleic leo. Beidh naisc ann, áfach, idir na gníomhartha chun an clár seo a chur chun feidhme agus gníomhaíochtaí taighde sna réimsí sin atá á maoiniú ag na Creatchláir CE. Tá na naisc seo an-inmhianaithe toisc go léiríonn siad gur cuireadh i gcrích an chéim taighde go rathúil agus gur tugadh isteach an chéim oibríochtúil go rathúil, a d’fhéadfaí tacaíocht ón gclár seo a bhronnadh uirthi.

Déanfaidh an Coimisiún a áirithiú go mbeidh siad comhsheasmhach agus i gcomhréir le beartais eile an Chomhphobail, go mór mór ó thaobh na gcúrsaí seo a leanas: iomaíochas, iompar, clár GNSS na hEorpa, cosaint sonraí pearsanta, beartas comhtháthaithe[39], INSPIRE agus SEIS. Lena chois sin, ba cheart go mbeadh GMES ina ghléas le haghaidh na gcúrsaí seo a leanas: comhoibriú nasctha le forbairt, cabhair dhaonnúil agus cásanna géarchéime ar fud an domhain agus, go mór mór, leis an Afraic.

Rud eile de, meastar go bhfuil seirbhísí GMES riachtanach, ní amháin toisc gurb iad lucht ceaptha beartais na húsáideoirí is dírí, ach toisc go spreagfaidh siad nuálaíocht agus fás san earnáil iartheachtach. Dá bhrí sin, tá GMES i gcomhréir go hiomlán le straitéis Liospóin.

5.3. Cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí bainteacha an togra i gcomhthéacs an chreata le haghaidh bhainistiú na ngníomhaíochtaí (ABM)

Tá an togra seo nasctha le beartais an Chomhphobail i leith iomaíochais, tionscail, nuálaíochta agus fiontraíochta agus tá na cuspóirí seo a leanas ag baint leis:

35. seirbhísí oibríochtúla tosaigh GMES a chumasú, agus iad in oiriúint do riachtanais úsáideoirí, lena n-áirítear lucht ceaptha beartas agus saoránaigh phríobháideacha;

36. cur le hinbhuanaitheacht an bhonneagair um breathnadóireacht is gá chun seirbhísí GMES a chur ar fáil;

37. deiseanna a chruthú chun go mbainfidh an earnáil phríobháideach leas níos mó as foinsí faisnéise, agus éascú a dhéanamh dá bhrí sin ar nuálaíocht na soláthraithe seirbhísí breisluacha.

Bíonn ról lárnach ag forbairt ar sheirbhísí um breathnadóireacht na Cruinne go háirithe maidir le feabhas a chur ar iomaíochas agus nuálaíocht san earnáil seo agus sna margaí iartheachtacha. Tá idirghabháil phoiblí chomhsheasmhach ag teastáil fós chun seirbhísí um breathnadóireacht na Cruinne a chur ar fáil go hinbhuanaitheach san Eoraip. Is í an chúis leis sin nach amháin go raibh mainneachtain sna margaí maidir le riachtanais éagsúla an phobail a riar ach freisin toisc nach bhfuil an margadh iartheachtach aibí agus go bhfuil sé ag brath ar chistiúchán poiblí, agus go dtí an lá atá inniu ann cuireadh teorainn shuntasach lena fhorbairt de bharr éiginnteachta maidir le hinacmhainneacht agus fáil fhadtéarmach na seirbhísí bunúsacha agus na sonraí a dtógann siad orthu. Mar sin má bhaintear amach na cuspóirí sonracha atá leagtha amach thuas cuirfear le fás agus cruthú post in earnáil nuálaíoch, a bhfuil an deighleog iartheachtach de déanta suas d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide den chuid is mó. Éascóidh na seirbhísí sin rochtain ar shonraí lárnacha atá ag teastáil i gceapadh beartais ag leibhéal áitiúil agus réigiúnach i réimsí mar thalmhaíocht, lena n-áirítear foraoiseacht, agus bainistíocht uisce. Mar shampla, d’fhéadfadh go gcuirfidís le feabhas a chur ar dhearadh agus cothabháil líonraí bóthair. Is é an toradh a bheidh air sin sa deireadh ná go mbeifear in ann athrú aeráide a mheasúnú níos fearr.

Táthar ag súil go gcuirfidh an eilimint éigeandála le seachadadh seirbhísí níos éifeachtaí um chosaint an daonra shibhialta, agus mar sin go seachnófar bás agus go maolófar dochar do bhonneagar ríthábhachtach eacnamaíochta, toisc go mbeifear in ann na réimsí atá faoi réir rioscaí comhshaoil a thuar níos fearr, go mbeidh rochtain níos fearr ar sheirbhísí léarscáilíochta níos tráthúla agus níos cruinne le linn tubaistí agus go mbeifear in ann an ghéarchéim a bhainistiú níos fearr tar éis an tarlaithe. Tá achoimre sa tábla thíos ar na cuspóirí oibríochtúla, na táscairí, na torthaí agus ar tháscairí bainteacha.

Cuspóir Oibríochtúil | Aschur | Táscaire sprice aschuir | Torthaí | Táscaire toraidh | Iarmhairt | Táscaire Iarmharta |

1. Soláthar seirbhísí práinnfhreagartha a chumasú | 1.1. Seirbhís léarscáilíochta Eorpach um práinnfhreagairt | Léarscáilíocht curtha i ngníomh de réir éilimh ar leibhéal na hEorpa | Fáil níos leithne agus níos tapúla ar sheachadadh léarscáileanna | Éileamh sásaithe laistigh den bhuiséad atá ar fáil | Rochtain níos tráthúla agus iontaofa ar shonraí agus faisnéis de bharr an ghnímh | Leibhéal sásaimh an úsáideora ábhartha |

1.2. Comhtháthú táirgí um práinnfhreagairt | Léarscáilíocht thiomanta curtha i ngníomh de réir éilimh | Fáil níos fearr ar sheirbhís thiomanta léarscáilíochta réigiúnach |

2. Soláthar seirbhísí monatóireachta talún a chumasú | 2.1. Seirbhís thréimhsiúil léarscáilíochta um chumhdach talún | Seirbhís léarscáileanna um chumhdach talún uile-Eorpach agus cumhdach talún i láithreacha achrainn | Fáil níos fearr ar sheirbhís léarscáilíochta Sreabhadh seasta sonraí | Éileamh sásaithe laistigh den bhuiséad atá ar fáil |

2.2. Gníomhaíochtaí dinimiciúla monatóireachta talún | Athróga riachtanacha i leith na haeráide curtha ar fáil go laethúil |

3. Tacú le húsáideoirí leas a bhaint as na seirbhísí | 3. Bearta chun tacú le húsáideoirí leas a bhaint as na seirbhísí oibríochtúla | Bearta tionlacain (lena n-áirítear comhéadain agus oiliúint) chun úsáideoirí a spreagadh le faisnéis a úsáid | Comhéadain teicniúla i bhfeidhm agus úsáideoirí ar a n-eolas faoi sheirbhísí | Feasacht níos leithne ag úsáideoirí ar sheirbhísí agus úsáid níos leithne seirbhísí |

4. Tacaíocht airgeadais a sholáthar d’oibríochtaí eilimint spáis GMES | 4. Gnáthoibríochtaí fairtheoirí 1A, 2A agus 3A[40] agus oibríochtaí deighleoige ar an talamh maidir le rochtain ar shonraí | Deontais ag tacú le hoibríochtaí fairtheoirí | Gnáthoibríochtaí na dtrí fhairtheoir áirithithe | Gan aon chur isteach ar oibríochtaí | Gnáthoibríochtaí áirithithe le linn an ghnímh |

5. Fáil agus soláthar sonraí | 5. Fáil sonraí chun tacú le hoibríochtaí seirbhíse | Conradh um fháil sonraí/rochtain ar shonraí | Ceadúnais ilúsáideora le haghaidh sonraí | Fáil níos fearr ar shonraí agus rochtain níos fearr orthu |

5.4. Modhanna cur chun feidhme (táscach)

Léirigh an modh/na modhanna thíos[41] a roghnaíodh chun an gníomh seo a chur chun feidhme.

X Bainistiú Láraithe

X Ag an gCoimisiún go díreach

X Go hindíreach trína tharmligean chuig:

( Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

X Comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail agus dá dtagraítear in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais

X Comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

X Eagraíochtaí idirnáisiúnta

Bainistiú comhpháirteach nó díláraithe

Leis na Ballstáit

Le Tríú tíortha

X Comhbhainistiú le heagraíochtaí idirnáisiúnta (Gníomhaireacht Spáis na hEorpa)

Cuirfear na gníomhartha éagsúla chun feidhme go díreach ag an gCoimisiún trí mheán:

- Deontais a bhronnfar trí mheán glao oscailte ar thograí;

- Deontais a bhronnfar do thairbhithe ainmnithe a shainaithneofar sa chlár bliantúil oibre;

- Nósanna imeachta tairisceana.

6. MONATÓIREACHT AGUS MEASTÓIREACHT

6.1. Córas Monatóireachta

Cuirfear córas monatóireachta i bhfeidhm chun a áirithiú go mbainfear amach na haschuir cháilíochta is airde agus an úsáid is éifeachtaí acmhainní. Beidh monatóireacht ar siúl ar feadh shaol an chláir. Beidh sé bunaithe ar aiseolas faoin gclár ó úsáideoirí institiúide agus tairbhithe, lena n-áireofar athbhreithniú ar shonraí agus bailiú sonraí trí mheán suirbhéanna spriocdhírithe

6.2. Meastóireacht

6.2.1. Meastóireach ex-ante

Tugadh faoi measúnú iarmharta leathnaithe a chuimsíonn riachtanais i leith meastóireachta ex-ante . Tar éis measúnú comparáideach a dhéanamh ar na roghanna beartais a bhí ar fáil, aithníodh an rogha beartais ab fhearr agus rinneadh measúnú ar an tionchar, na rioscaí, na toimhdí agus an éifeachtúlacht ó thaobh costais de a bhaineann leis. Tá an togra seo i gcomhréir go hiomlán le conclúidí an mheasúnaithe.

6.2.2. Bearta a glacadh i ndiaidh meastóireachta idirmheánaí/ex-post (ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil san am atá thart)

Tógann an togra seo ar an taithí a fuarthas agus GMES á fhorbairt mar thionscnamh taighde le deich mbliana anuas. Fuarthas de réir na taithí sin, cé go bhfuil cistiúchán um thaighde fós riachtanach chun leanúint ar aghaidh le forbairt GMES, go bhfuil sé riachtanach anois tacú le seachadadh roinnt seirbhísí lárnacha um breathnadóireacht na Cruinne chun an leas is fearr a bhaint as an infheistíocht a rinneadh go dtí seo agus chun na riachtanais a aithníodh thuas a riar.

6.2.3. Téarmaí agus minicíocht meastóireachta sa todhchaí

Ocht mí déag tar éis don chlár a thosú, tabharfar faoi mheastóireacht eatramhach sheachtrach ar na torthaí a baineadh amach ar na gnéithe cáilíochtúla de chur chun feidhme an chláir. Dhá bhliain tar éis dheireadh an chláir, déanfar meastóireacht sheachtrach ex-ante ar a thorthaí agus a thionchar a thíolacadh.

7. BEARTA FRIT H-CHALAOISE

Is iad na seirbhísí lárnacha an Choimisiúin agus/nó Toscaireachtaí CE i dtíortha tairbhí a bheidh freagrach as monatóireacht riaracháin a dhéanamh ar na conarthaí, na deontais agus na híocaíochtaí bainteacha.

Tabharfar aird faoi leith ar an gcineál caiteachais (incháilitheacht), ar an mbuiséad a choimeád (costais iarbhír) agus ar dhoiciméid tacaíochta agus doiciméid ábhartha a fhíorú.

8. SONRAÍ NA n ACMHAINNÍ

8.1 Cuspóirí an togra i dtéarmaí a gcostais airgeadai s

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

(Ba cheart ceannteidil na gcuspóirí, an ghnímh agus na n-aschur a thabhairt) | Saghas aschuir | Meánchostas | 2011 | 2012 | 2013 | IOMLÁN |

2011 | 2012 | 2013 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 |

Oifigigh nó foireann shealadach[42] (XX 01 01) | A*/AD | 11 | 12 | 12 |

B*, C*/AST | 6 | 8 | 9 |

Foireann arna maoiniú[43] ag Airteagal XX 01 02 | 1 | 2 | 3 |

Foireann eile[44] arna maoiniú ag Airteagal XX 01 04/05 | 0 | 0 | 0 |

IOMLÁN | 18 | 22 | 24 |

Déanfaidh an AS iarracht a shocrú eagraíochta a réasúnú trí shineirgí méadaithe a lorg agus déanfaidh sé a staid foirne a athscrúdú i bhfianaise na gcúinsí a bheidh i réim ag an am agus go háirithe de réir thorthaí phróiseas leantach an Choimisiúin um scagadh acmhainní daonna. Táthar ag súil go n-aithneofar dóthain féidearthachtaí um ath-imscaradh inmheánach trí mheán breathnú ar na modhanna sin chun formhór na mball foirne a bheidh ag teastáil don tionscnamh sin a chlúdach. Murar féidir an líon iomlán ball foirne a shainaithint sa phróiseas seo, déanfaidh na húsáideoirí ar Ard–Stiúrthóireachtaí iad iarratas ar an gcuid eile den riachtanas foirne sa chleachtadh APS faoi seach

8.2.2. Cur síos ar na cúraimí a thagann as an ngníomh

- Oifigigh bheartais (AD/SNE): freagrach as dearadh beartais maidir leis an gclár agus as comhordú foriomlán;

- Bainisteoirí cláir (AD): freagrach as cur i bhfeidhm, monatóireacht agus meastóireacht an chláir;

- Bainisteoirí cláir cúnta (AST): freagrach as cabhrú le bainisteoirí cláir agus iad i mbun a gcuid cúram;

- Cúntóirí airgeadais agus conarthaí (AST/gníomhairí conartha): freagrach as deontais agus conarthaí a bhainistiú;

- Cúntóirí riaracháin (AST): freagrach as tacaíocht riaracháin agus rúnaíochta.

8.2.3. Foinsí na n-acmhainní daonna (reachtúil)

( Na poist a dháiltear do bhainistiú an chláir a bhfuil a n-ionad le gabháil nó a fhadófar

( Poist a réamhdháileadh laistigh de chleachtadh APS/PDB don bhliain n

X Poist a iarrfar sa chéad nós imeachta APS/PDB eile

X Poist a ath-imscarfar ag baint úsáide as na hacmhainní atá ann cheana laistigh den AS bainistithe (ath-imscaradh inmheánach)

( Poist is gá do bhliain n cé nach raibh siad á dtuar i gcleachtadh APS/PDB na bliana a bhí i gceist.

Déanfar an gá atá le hacmhainní daonna agus riaracháin a fholú laistigh den leithreasú is féidir a dheonú don AS atá i gceannas sa nós imeachta leithdháilte bliantúil i bhfianaise srianta buiséid.

8.2.4. Caiteachas riaracháin eile a fholaítear sa mhéid tagartha (XX 01 04/05 – Caiteachas ar bhainistiú riaracháin)

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Líne buiséid (uimhir agus ceannteideal) | 2011 | 2012 | 2013 | Bliain n+3 | Bliain n+4 agus níos déanaí | IOMLÁN |

1. Cúnamh teicniúil agus riaracháin (lena n-áirítear costais a bhaineann le foireann) |

Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin[45] |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin eile |

- intra muros |

- extra muros[46] | 1 | 2 | 2 |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin iomlán | 1 | 2 | 2 |

8.2.5 Costas airgeadais na n-acmhainní daonna agus costais ghaolmhara nach n-áirítear sa mhéid tagartha

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Cineál acmhainní daonna | 2011 | 2012 | 2013 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 agus níos déanaí |

Oifigigh agus foireann shealadach (XX 01 01) | 2.1 | 2.4 | 2.6 |

Foireann arna maoiniú ag Airteagal XX 01 02 (foireann chúnta, SNI, foireann ar conradh, etc.) (sonraigh an líne buiséid) | 0.06 | 0.14 | 0.2 |

Costas iomlán na n-acmhainní daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | 2.1 | 2.5 | 2.8 |

Ríomh - Oifigigh agus foireann shealadach

Ba cheart tagairt a dhéanamh do phointe 8.2.1, más infheidhme .

€122 000 in aghaidh an oifigigh in aghaidh na bliana

€73 000 in aghaidh SNI in aghaidh na bliana

€64 000 in aghaidh gníomhaire conartha in aghaidh na bliana

Ríomh – Foireann arna maoiniú faoi Airteagal XX 01 02

2011 – 1 gníomhaire conartha

2012 – 1 gníomhaire conartha + 1 SNI

2013 – 2 gníomhairí conartha + 1 SNI

8.2.6 Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

2011 | 2012 | 2013 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 agus níos déanaí | IOMLÁN |

XX 01 02 11 01 – Misin | 0.023 | 0.025 | 0.030 | 0.078 |

XX 01 02 11 02 – Cruinnithe agus comhdhálacha | 0.208 | 0.208 | 0.208 | 0.624 |

XX 01 02 11 03 – Coistí[47] | 0.139 | 0.139 | 0.139 | 0.417 |

XX 01 02 11 04 – Staidéir agus Comhairliúcháin |

XX 01 02 11 05 – Córais Faisnéise |

2. Caiteachas bainistíochta iomlán eile (XX 01 02 11) | 0.350 | 0.352 | 0.357 | 1.059 |

3. Caiteachas eile de chineál riaracháin (sonraigh agus cuir isteach tagairt don líne buiséid) |

Iomlán an chaiteachais riaracháin cé is moite d'achmhainní daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | 0.350 | 0.352 | 0.357 | 1.059 |

Ríomh – Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha

20 misean dhá lá ar a mhéid ar mheánchostas laethúil €750 in aghaidh na bliana = €30 000

6 chruinniú dhá lá agus thart ar 30 rannpháirtí iontu ag €1 044 (€860 taisteal + €92 per diem * 2 lá) = €187 920

3 chruinniú coiste: €860 in aghaidh an rannpháirtí * 54 rannpháirtí (in aghaidh na bliana) = €139 320

Déanfar na hacmhainní daonna agus riaracháin a bhfuil gá leo a fholú laistigh den leithreasú is féidir a dheonú don AS atá i gceannas sa nós imeachta leithdháilte bliantúil i bhfianaise srianta buiséid.

8.2.7. Cur chun feidhme - acmhainní daonna

Chun na hacmhainní daonna a bheidh riachtanach don ghníomh seo a ríomh, tugadh faoin anailís seo a leanas:

- Na meicníochtaí cur chun feidhme a shainaithint chun na haschuir éagsúla a sheachadadh;

- Na príomhchatagóirí leithne de thascanna a bheidh riachtanach do na meicníochtaí cur chun feidhme a shainaithint;

- An líon uaireanta a dhéanfar an tásc le linn thréimhse an ghnímh a shainaithint;

- Meastachán ar na riachtanais foirne i gcoibhéisí lánaimseartha (FTE) in aghaidh an táisc in aghaidh na bliana.

Cur síos achomair ar mheicníochtaí cur chun feidhme

Cuspóirí oibríochtúla | Aschur | Meicníochtaí cur chun feidhme |

1. Soláthar seirbhísí práinnfhreagartha a chumasú | 1.1. Seirbhís léarscáilíochta Eorpach um práinnfhreagairt | Soláthar chun léarscáilíocht mhearsheirbhíse a bhunú de réir éilimh; léarscáilíocht eile de réir éilimh ag clúdach céimeanna éagsúla den timthriall freagartha; léarscáilíocht tagartha; bailíochtú agus rialú léarscáileanna; feidhmeanna cartlannaithe, tagraíochta agus scaipthe sonraí. Bainistíocht ar an timthriall soláthair. Leanúint na seirbhíse. Comhordú ar sholáthraithe seirbhíse ábhartha eile. |

1.2. Comhtháthú táirgí um práinnfhreagairt | Glaonna ar thograí do dheontais dírithe ar aonáin ábhartha sa réimse sin atá ag díriú ar fhaisnéis shonrach d’úsáideoirí deiridh ar leibhéal réigiúnach ar bhunús na sonraí atá á soláthar ar leibhéal an AE. Bainistíocht ar an timthriall glao ar thograí. Leanúint chur chun feidhme na ndeontas. Comhordú ag teastáil idir na heagraíochtaí éagsúla um chosaint an daonra shibhialta. |

2. Soláthar seirbhísí monatóireachta talún a cheadú | 2.1. Seirbhís thréimhsiúil léarscáilíochta um chumhdach talún | Gníomhaíochtaí ar leibhéal na hEorpa: Soláthar chun na seirbhísí seo a leanas a bhunú ar leibhéal na hEorpa: réamhphróiseáil íomhánna; rochtain ar shonraí tagartha; ilchumhdach talún agus táirgí um athrú ar chumhdach talún; bailíochtú agus rialú léarscáileanna; feidhmeanna cartlannaithe tagartha agus scaipthe sonraí. Bainistíocht ar an timthriall soláthair. Leanúint na seirbhíse. Comhordú ar sholáthraithe seirbhíse ábhartha eile. Gníomhaíochtaí ar leibhéal réigiúnach: Glaonna ar thograí spriocdhírithe ar aonáin ábhartha sa réimse seo agus é mar aidhm leis táirgí Eorpacha a bhaint as iomlán na bhfardal atá ann cheana sna Ballstáit agus a úsáideann múnla coitianta atá bunaithe ar oibiachtaí. Leanúint chur chun feidhme na ndeontas. Comhordú ag teastáil idir na heagraíochtaí ábhartha. |

2.2. Gníomhaíochtaí dinimiciúla monatóireachta talún | Soláthar chun seirbhísí a bhunú chun sraith de pharaiméadair bhith-gheoifhisiceacha a chur ar fáil ar bhonn laethúil i bhfíor-am agus ar leibhéal domhanda. Bainistíocht ar an timthriall soláthair. Leanúint na seirbhíse. Comhordú ar sholáthraithe seirbhíse ábhartha eile. |

3. Tacú le húsáideoirí leas a bhaint as na seirbhísí | 3. Bearta chun tacú le húsáideoirí leas a bhaint as na seirbhísí oibríochtúla | Soláthar chun seirbhís a chur ar fáil a bheidh dírithe ar úsáid sonraí agus faisnéise a spreagadh i measc úsáideoirí deiridh agus chun seirbhísí GMES a chur chun cinn i dtimpeallacht shonrach an úsáideora agus sreabhadh faisnéise. Bainistíocht ar an timthriall soláthair. Leanúint na seirbhíse. Comhordú ar sholáthraithe seirbhíse ábhartha eile. |

4. agus 5 Tacaíocht airgeadais a sholáthar d’eilimint spáis GMES agus rochtain ar shonraí | 4. Gnáthoibríochtaí fairtheoirí 1A, 2A agus 3A[1], oibríochtaí deighleoige a bhaineann le sonraí ar an talamh agus socruithe um rochtain ar shonraí le húinéirí sonraí | Cistiúchán do ghníomhaíochtaí arna n-oibriú ag an GSE a d’fhéadfadh a bheith á gcomhbhainistiú. Bainistíocht ar an gcomhaontú comhbhainistíochta. Soláthar sonraí in situ agus bainistíocht ar an timthriall soláthair. Leanúint gníomhaíochtaí ábhartha. |

Acmhainní daonna ag teastáil in aghaidh aschuir agus taisc

Aschur | Catagóir leathan taisc | Líon tascanna | 2011 (CLA) | 2012 (CLA) | 2013 (CLA) |

1.1. Seirbhís léarscáilíochta Eorpach um práinnfhreagairt | (a) Dearadh soláthair, foilsiú, meastóireacht agus conraitheoireacht | 1 | 1 |

(b) Leanúint na seirbhíse léarscáilíochta conraithe | 2 | 0.5 | 0.5 |

(c) Comhordú ar léarscáilíocht na hEorpa | 3 | 0.25 | 0.5 | 1 |

(d) Próiseáil airgeadais agus leanúint na gníomhaíochta maidir le riarachán | 3 | 0.5 | 0.5 | 0.5 |

Iomlán 1.1: | 1.75 | 1.5 | 2 |

1.2. Comhtháthú táirgí um práinnfhreagairt | (a) Deontais – Glao ar thograí deartha, foilsiú, meastóireacht agus conraitheoireacht | 3 | 0.75 | 0.5 | 0.5 |

(b) Leanúint deontas um ghníomhaíochtaí sonracha léarscáilíochta | 15 | 0.25 | 1 | 1 |

(c) Comhordú ar oibreoirí ábhartha ar leibhéal na hEorpa | 3 | 0.5 | 0.5 | 0.5 |

(d) Próiseáil airgeadais agus leanúint na gníomhaíochta maidir le riarachán | 15 | 1 | 1.5 | 1.5 |

Iomlán 1.2: | 2.5 | 3.5 | 3.5 |

Iomlán chuspóir 1: | 4.25 | 5 | 5.5 |

2.1. Seirbhís thréimhsiúil léarscáilíochta um chumhdach talún | (a) Dearadh soláthair, foilsiú, meastóireacht agus conraitheoireacht | 3 | 1 |

(b) Leanúint seirbhísí conraithe | 9 | 0.5 | 1 | 2 |

(c) Deontais – Glao ar thograí, foilsiú, meastóireacht agus conraitheoireacht | 3 | 0.25 | 0.5 | 0.5 |

(d) Leanúint deontas | 9 | 0 | 0.5 | 0.5 |

(e) Comhordú ar oibreoirí ábhartha ar leibhéal na hEorpa | 3 | 0.5 | 0.5 | 0.5 |

(f) Próiseáil airgeadais agus leanúint an tsoláthair agus na ndeontas don ghníomhaíocht ó thaobh riaracháin de | 18 | 1.5 | 2.5 | 3 |

Iomlán 2.1: | 3.75 | 5 | 6.5 |

2.2 Gníomhaíochtaí dinimiciúla monatóireachta talún | (a) Dearadh soláthair, foilsiú, meastóireacht agus conraitheoireacht | 1 | 0.75 |

(b) Leanúint seirbhísí conraithe | 2 | 0.25 | 0.5 | 0.5 |

(c) Scaipeadh agus bearta tionlacain | 3 | 0.75 | 0.75 |

(d) Próiseáil airgeadais agus leanúint na gníomhaíochta maidir le riarachán | 3 | 0.75 | 0.75 | 0.75 |

Iomlán 2.2: | 1.75 | 2 | 2 |

Iomlán chuspóir 2: | 5.5 | 7 | 8.5 |

3. Úsáid seirbhísí oibríochtúla | (a) Dearadh soláthair, foilsiú, meastóireacht agus conraitheoireacht | 1 | 1 |

(b) Leanúint seirbhísí conraithe | 2 | 0.5 | 0.5 |

(c) Gníomhaíochtaí comhordaithe | 2 | 0.5 | 0.5 |

(d) Próiseáil airgeadais agus leanúint na gníomhaíochta maidir le riarachán | 2 | 0.25 | 0.5 | 0.5 |

Iomlán chuspóir 3: | 1.25 | 1.5 | 1.5 |

4. agus 5 Oibríochtaí spáis GMES agus rochtain ar shonraí | (a) Ullmhú comhaontú comhbhainistíochta le GSE | 1 | 1 |

(b) Maoirseacht oibríochtúil ar an gcomhaontú | 3 | 1 | 1 |

(c) Comhordú ar leibhéal náisiúnta/na mBallstát | 3 | 0.5 | 0.5 |

(d) Monatóireacht ar an gcomhaontú ó thaobh riaracháin agus airgeadais de | 3 | 0.5 | 0.5 |

Iomlán chuspóir 4 agus 5 | 1 | 2 | 2 |

Bainistíocht, comhairle saineolaithe agus forchostais | (a) Bainistíocht – Ceann Aonaid | 3 | 1 | 1 | 1 |

(b) Comhordú airgeadais | 3 | 0.5 | 0.5 | 0.5 |

(c) Comhairleoir dlí | 3 | 0.5 | 1 | 1 |

(d) Speisialtóir spáis | 3 | 1 | 1 | 1 |

(e) Comhéadan úsáideoirí - duine teagmhála | 3 | 1 | 1 | 1 |

(f) Rúnaíocht | 3 | 2 | 2 | 2 |

Iomlán na bhforchostas | 6 | 6.5 | 6.5 |

Iomlán na n-acmhainní daonna atá ag teastáil | 18 | 22 | 24 |

[1] Féach ar an Teachtaireacht dar teideal “ Global Monitoring for Environment and Security: we care for a safer planet ” (Monatóireacht Dhomhanda don Chomhshaol agus don tSlándáil: cúram pláinéid níos sábháilte), COIM(2008) 748, 12.11.2008, (“Teachtaireacht 2008”).

[2] Chaith an AE EUR 100m ar thionscadail GMES faoi Chreatchlár 6 agus rinne GSE EUR 100m eile a infheistiú i dtionscadail a bhain le gnéithe seirbhíse GMES. Cuirfidh an AE EUR 430m ar fáil le haghaidh thionscadail seirbhíse GMES agus le haghaidh bailiú sonraí do na seirbhísí sin idir 2007 agus 2013 mar chuid de théama spáis an chláir “comhoibrithe” faoi leith faoi Chreatchlár 7. Lena chois sin tabharfar EUR 624m ó théama spáis Chreatchlár 7 d’fhorbairt na heiliminte spáis de chlár GMES GSE, rud is fiú EUR 2246m é (de réir dálaí eacnamaíochta 2008) san iomlán (lena n-áirítear cistí ó Bhallstáit GSE).

[3] Go háirithe, níl go leor faisnéise ardcháilíochta a bailíodh ar leibhéal Eorpach nó ar leibhéal domhanda ar fáil faoi láthair ag lucht ceaptha beartas na hEorpa.

[4] Féach Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Seachtú Creatchlár an Chomhphobail Eorpaigh um thaighde, um fhorbairt teicneolaíochta agus um ghníomhaíochtaí léirithe (2007–2013).

[5] COIM(2005) 565, 10.11.2005.

[6] De réir Airteagal 49(6)(b) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme i leith buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (IO L 248, 16.9.2002, lch 1).

[7] COIM(2006) 231, 22.9.2006.

[8] De thoradh Chomhaontú Aarhus an 25 Meitheamh 1998 maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht an Phobail i gCeapadh Beartas agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil, tá sé de cheart ag gach duine an fhaisnéis faoin gcomhshaol atá ag na húdaráis áitiúla a rochtain (“rochtain ar fhaisnéis chomhshaoil”), páirt a ghlacadh i gcinnteoireacht i leith an chomhshaoil agus athbhreithniú a dhéanamh ar nósanna imeachta chun dúshlán a thabhairt faoi chinntí poiblí má ceapadh iad beag beann ar an dá cheart thuasluaite nó beag beann ar dhlí an chomhshaoil i gcoitinne (“rochtain ar cheartas”).

[9] Féach Roinn 1.4. freisin

[10] I measc na misin reatha i spás a chuirfidh sonraí ar fáil le haghaidh GMES tá Spot, TerraSAR-X, satailítí EUMETSAT, CosmoSkymed, DMC Deimos, Ikonos, GeoEye, Quickbird agus ENVISAT.

[11] Tá GSE ag forbairt cúig mhisean “fairtheora” faoi láthair mar chuid dá chlár eilimint spáis GMES.

[12] IO L 108, 25.4.2007, lch 1.

[13] Ina measc siúd beidh an Ghníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach (EEA), an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA), Lárionad Satailíte an Aontais Eorpaigh (EUSC), an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC) agus an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (FRONTEX).

[14] Faoi mar a tugadh le fios i dTeachtaireacht 2008, leanfaidh an Coimisiún ar aghaidh ag féachaint an bhféadfaí laghdú a dhéanamh amach anseo ar chéatadán an infheistíochta poiblí i ndiaidh 2014 mar gheall ar fhorbairt ar dheiseanna an mhargaidh agus ar mhuirir bunaithe ar chostais arna ngearradh ar úsáideoirí.

[15] IO L 184, 17.7.1999, lch 23.

[16] IO C , , lch .

[17] IO C , , lch .

[18] IO C , , lch .

[19] IO C , , lch .

[20] IO C 136, 20.6.2007, lch 1.

[21] IO L 261, 6.8.2004, lch 64.

[22] IO L 248, 16.9.2002, lch 1.

[23] IO L 400, 30.12.2006, lch 1.

[24] COIM(2008) 748, 12.11.2008.

[25] IO L 108, 25.4.2007, lch 1.

[26] COIM(2008) 46.críochnaitheach

[27] IO C 139, 14.6.2006, lch 1.

[28] IO L 184, 17.7.1999, lch 23.

[29] IO L 312, 23.12.1995, lch 1.

[30] IO L 292, 15.11.1996, lch 2.

[31] IO L 136, 31.5.1999, lch 1.

[32] IO L 357, 31.12.2002, lch 1.

[33] Leithreasaí difreáilte

[34] Caiteachas nach dtagann faoi Chaibidil xx 01 den Teideal xx.

[35] Caiteachas laistigh d'Airteagal xx 01 04 de Theideal xx.

[36] Caiteachas laistigh de Caibidil xx 01 seachas Airteagail xx 01 04 nó xx 01 05.

[37] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

[38] I gcomhréir le hAirteagal 49(6)(b) den Rialachán Airgeadais.

[39] Leagann Roinn 1.1.2 de Threoirlínte Straitéiseacha an Chomhphobail ar Chomhtháthú do 2007-2013 béim ar an ngá leis na naisc a neartú idir cosaint agus fás an chomhshaoil agus déantar tagairt shonrach do GMES inti.

[40] Misin spáis is iad na Fairtheoirí a forbraíodh faoi chuimsiú chlár roghnach GSE arna chómhaoiniú ag an AE.

[41] Má tá níos mó ná modh amháin sonraithe cuir sonraí breise ar fáil le do thoil sa chuid “Tráchta ábhartha” den phointe seo.

[42] Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an méid tagartha.

[43] Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an méid tagartha.

[44] Costas a fholaítear sa mhéid tagartha.

[45] Ba cheart tagairt a dhéanamh don ráiteas airgeadais reachtach sonrach le haghaidh na gníomhaireachta/na ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin lena mbaineann.

[46] Cúnamh teicniúil agus riaracháin a bhaineann le comhordú deontas ar leibhéal na mBallstát le haghaidh ghníomhaíocht 1 agus monatóireachta talún.

[47] Sonraigh an saghas coiste agus an grúpa a mbaineann sé leis.

Top
  翻译: