This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52010PC0728
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL amending Council Regulation (EC) No 1234/2007 as regards contractual relations in the milk and milk products sector
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle maidir le caidreamh conarthach in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle maidir le caidreamh conarthach in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne
/* COIM/2010/0728 leagan deireanach */
[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH | An Bhruiséil 9.12.2010 COIM(2010) 728 leagan deireanach 2010/0362 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle maidir le caidreamh conarthach in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN Tar éis na gcinntí a rinneadh maidir le hathbhreithniú ar an athchóiriú i mí na Samhna 2008, bhain géarchéim thromchúiseach d'earnáil an bhainne de bharr go raibh laghdú ar an éileamh ar tháirgí déiríochta tar éis praghsanna arda as cuimse in 2007. Le sárú na géarchéime, léirigh na huirlisí sábháilteachta a héifeachtúil is atá siad i gcás géarchéime. Léirigh an ghéarchéim freisin roinnt easnamh i dtaobh an treo a bhfuil earnáil an bhainne dírithe ar an margadh. Chinn an Coimisinéir um Thalmhaíocht agus Forbairt na Tuaithe, dá bhrí sin, Grúpa Ardleibhéil Saineolaithe maidir le Bainne a bhunú le bheith ag obair ar chreat rialála a bheadh le cur i bhfeidhm don mheántéarma agus don fhadtéarma, creat a chuideodh chun an margadh agus ioncam na dtáirgeoirí a chobhsú agus chun trédhearcacht a fheabhsú agus toradh an athbhreithnithe ar an athchóiriú á urramú aige ag an am céanna. Tháinig an Grúpa Ardleibhéil Saineolaithe le chéile le haghaidh deich gcruinniú idir mí Dheireadh Fómhair 2009 agus mí an Mheithimh 2010 agus sholáthar siad tuarascáil an 15 Meitheamh 2010 a raibh 7 moladh ag gabháil leis. Rinne an Grúpa Ardleibhéil Saineolaithe meastóireacht mhionsonraithe ar na ceisteanna agus na gnéithe ar fad a ndéanann an togra iarracht déileáil leo. Bhí an Grúpa Ardleibhéil Saineolaithe comhdhéanta d'ionadaithe ó Bhallstáit ar fad an AE, bhí an tArd-Stiúrthóir um Thalmhaíocht agus Forbairt na Tuaithe ón gCoimisiún ina chathaoirleach air agus bhí breathnóir ó rúnaíocht Pharlaimint na hEorpa ann. Fuair an Grúpa ionchur ó bhéal agus i scríbhinn ó mhórghrúpaí geallsealbhóirí Eorpacha sa slabhra soláthair déiríochta: COPA-COGECA, An Bord Bainne Eorpach, Comhordú Eorpach Via Campesina (agus ionadaíocht á déanamh ag gach ceann acu ar fheirmeoirí), An Comhlachas Déiríochta Eorpach (próiseálaithe déiríochta), EUCOLAIT (trádálaithe déiríochta), EUROCOMMERCE (miondíoltóirí) agus BEUC (tomhaltóirí). Ina theannta sin, fuair an Grúpa Ardleibhéil Saineolaithe ionchur ó shaineolaithe acadúla ar tugadh cuireadh dóibh, ó ionadaithe ó thríú tíortha (ón Stáit Aontaithe Mheiriceá, ón Nua-Shéalainn, ón Astráil agus ón Eilvéis), ó Údaráis Náisiúnta Iomaíochta agus ó sheirbhísí an Choimisiúin (DG COMP agus DG AGRI). Tionóladh comhdháil do gheallsealbhóirí déiríochta freisin an 26 Márta 2010, rud a thug deis do réimse níos leithne gníomhairí sa slabhra soláthair a dtuairimí a chur in iúl. Scrúdaigh an Chomhairle an tuarascáil agus na moltaí a d'eisigh an Grúpa Ardleibhéil Saineolaithe agus glacadh conclúidí na hUachtaránachta ag cruinniú an 27 Meán Fómhair 2010. Sna conclúidí sin, spreagtar an Coimisiún chun freagra ar an gcéad trí mholadh de chuid an Ghrúpa Ardleibhéil Saineolaithe (caidreamh conarthach, cumhacht margála táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe) a chur isteach roimh dheireadh na bliana, agus freagra tapa a thabhairt ar mholadh an Ghrúpa Ardleibhéil Saineolaithe maidir le trédhearcacht. Dhírigh ceann de phríomhghnéithe obair an Ghrúpa Ardleibhéil Saineolaithe ar réimsí a bhaineann le struchtúr an mhargaidh agus na gníomhairí ann: caidreamh conarthach, cumhacht margála, eagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe. Ba mheasa a bhí gnéithe áirithe de ghéarchéim bainne na bliana 2009 de bharr struchtúr an mhargaidh mar atá faoi láthair, rud a léiríonn gur cuireadh tús leis an bpróiseas athchóirithe i bhfad ní ba dhéanaí i gcás na hearnála déiríochta i gcomparáid le hearnálacha eile, in 2003 go bunúsach. Bhí easpa solúbthachta sa mhargadh de bharr go raibh cuótaí seasta agus praghsanna arda institiúideacha ann ar feadh tréimhse fada agus, le fírinne, margaí ráthaithe do thráchtearraí déiríochta. Bhí bac ar oiriúnú struchtúrach go minic, níor gríosadh gníomhairí sa slabhra soláthair chun freagairt do chomharthaí margaidh, lena n-áirítear gluaiseachtaí i bpraghsanna, agus bhí laghdú ar dhreasachtaí i dtaobh nuálaíochta nó gnóthachan táirgiúlachta. Ba cheart an t-athchóiriú déiríochta a bheith ag teacht leis an athchóiriú in earnálacha eile atá dírithe níos mó ar an margadh i dtaobh "saoirse chun tabhairt faoin bhfeirmeoireacht". Ba cheart gnóthachain éifeachtúlachta a bheith mar thoradh air sin, rud a chuirfeadh ar chumas an earnáil sin san AE leas a bhaint as deiseanna margaidh, laistigh den AE agus lasmuigh de. Dealraíonn sé go bhfuil gá le roinnt beart sa mheántéarma, ag druidim le dul in éag chóras na gcuótaí agus tar éis an dul in éag sin. Tá an struchtúr margaidh an-éagsúil idir na Ballstáit agus laistigh díobh, ach is minic a bhíonn an leibhéal soláthair i bhfad níos airde ná mar atá ar leibhéal na próiseála. Míchothromaíocht sa chumhacht margála idir an dá leibhéal sin atá mar thoradh air sin. Tá easpa solúbthachta sa mhargadh freisin agus is beag an rogha atá ag feirmeoirí i dtaobh déirithe (nó i dtaobh iompróirí le haghaidh bainne amh go fiú). Dá bhrí sin, d'fhéadfadh fadhb a bheith ann maidir leis an soláthar a oiriúnú don éileamh agus maidir le cleachtais tráchtála mhíchothroma. Go háirithe, ní heol do na feirmeoirí go minic cén praghas a gheobhaidh siad ar a chuid bainne agus é á sheachadadh (is minic a shocraíonn na déirithe an praghas níos déanaí ar bhonn nach bhfuil aon smacht ag an bhfeirmeoir air). Ar an lámh eile, maidir le déirithe, ní i gcónaí a dhéantar pleanáil mhaith i dtaobh toirt an bhainne a bheidh le seachadadh. Níl cothromaíocht ann i dtaobh leithdháileadh an bhreisluacha sa slabhra, go háirithe maidir le feirmeoirí, agus tá fadhb shuntasach ann maidir leis an bpraghas a tharchur feadh an tslabhra. Ceann de na príomhfhadhbanna, is cosúil, is ea an fhadhb atá idir na feirmeoirí agus na próiseálaithe agus bheadh na réitigh dírithe ar an leibhéal sin. Déantar foráil sa togra do chonarthaí roghnacha scríofa a bheidh le tarraingt suas roimh ré i gcás bainne amh arna sheachadadh ag feirmeoir chuig déirí, conarthaí ina n-áireofar príomhghnéithe praghsanna, uainiú agus toirt na seachadtaí, agus fad an chonartha. D'fhonn cineál sonrach na gcomharchumann a chur san áireamh agus d'fhonn gan cur isteach ar na struchtúir reatha gan chúis, ní cheanglófaí ar chomharchumainn conarthaí a bheith acu ar choinníoll go bhfuil foráil déanta ina reachta maidir le rialacha leis an gcuspóir céanna. Chun cumhacht margála a athchothromú, tá se beartaithe freisin ligean d'fheirmeoirí dul i mbun caibidlíochta i dtaobh na dtéarmaí conartha sin, lena n-áirítear an praghas, le chéile, trí bhíthin eagraíochtaí táirgeoirí. Cé go ndéantar foráil ina leith sin i ndlí reatha na hiomaíochta, tá na féidearthachtaí teoranta in éagmais saoráidí roinnte próiseála agus tá easpa deimhneachta dlíthiúla ann. Déantar foráil sa togra do bhunús dlí i ndlí na talmhaíochta chuige sin. Moltar teorainn ar mhéid ionas nach ndéanfar an cás a dhíchobhsú ina mhalairt de threo. Ní dhéanann sé difear do chomharchumainn déiríochta, sa mhéid is gur comhtháthú ingearach feirmeoirí le saoráidí próiseála atá iontu. Saincheist eile ar a dhíríonn an Grúpa Ardleibhéil Saineolaithe is ea ról na n-eagraíochtaí idirchraoibhe. Murab ionann le heagraíochtaí táirgeoirí nach n-áiríonn ach feirmeoirí, cumhdaíonn siad sin an slabhra soláthair ar fad nó cuid de: feirmeoirí, próiseálaithe, dáileoirí agus miondíoltóirí. Féadfaidh siad ról úsáideach a bheith acu i dtaighde, i gcáilíocht a feabhsú, agus i ndea-chleachtas i dtaobh modhanna táirgthe agus próiseála a chur chun cinn agus a scaipeadh. Is ann dóibh i roinnt Ballstát sa lá atá inniu ann agus tugann siad faoi na róil sin fad is a urramaíonn siad dlí an AE. Ina theannta sin, in earnálacha amhail earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, déanann rialacha sonracha de chuid an AE foráil maidir le gníomhartha dá leithéid, faoi réir teorainneacha, agus, go minic, maidir le grinnscrúdú an Choimisiúin. Tá sé beartaithe na rialacha ar chuspóirí na IPOanna in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí a chur i bhfeidhm san earnáil déiríochta, le hoiriúnuithe iomchuí, ionas go leanfar de shrianta diana na hiomaíochta (lena n-áirítear praghsanna a shocrú agus an margadh a dheighilt) a eisiamh agus ionas go gcuirfear na comhaontuithe lena mbaineann faoi bhráid an Choimisiúin. Chuideodh na rialacha sin chun faisnéis agus chun trédhearcacht i dtáirgeadh agus sa mhargadh a fheabhsú, lena n-áirítear sonraí staitisticiúla a fhoilsiú ar phraghsanna, toirteanna agus fad conarthaí maidir le bainne amh a sheachadadh, ar conarthaí iad atá tugtha i gcrích, agus trí anailísí a sholáthar ar fhorbairtí féideartha an mhargaidh amach anseo ar leibhéal réigiúnach nó náisiúnta. Arís, chun críche feabhas a chur ar fhaisnéis i dtaobh táirgthe agus ar fhorbairtí ar an margadh a leanúint, is riachtanach don Choimisiún faisnéis rialta a fháil ar thoirt an bhainne amh a sheachadtar. D'fhonn tuilleadh feabhais a chur ar thrédhearcacht, eagrófar comhchruinnithe de shaineolaithe an Choiste Bainistíochta de Chomheagraíocht na Margaí Talmhaíochta in éineacht leis an nGrúpa Comhairleach maidir le Bainne chun measúnú a dhéanamh ar staid an mhargaidh agus a bhfuil i ndán dó agus é mar chuspóir acu feasacht a ardú chomh maith le freagracht na n-oibreoirí sa slabhra déiríochta a mhéadú chun go n-áireofar ar bhealach níos cuimsithí comharthaí an mhargaidh agus chun an soláthar a oiriúnú don éileamh. Tugann an togra seo aghaidh ar na 4 eilimint: caidreamh conarthach, cumhacht margála táirgeoirí, eagraíochtaí idirchraoibhe agus trédhearcacht sa mhéid is go bhfuil leasú ag teastáil chun forálacha a thíolacadh. Is céimeanna suntasacha go maith iad na réitigh sin, agus cé go bhfuil údar leo de bharr staid agus struchtúr an mhargaidh faoi láthair, réitigh shealadacha ab ea iad agus bheidís faoi réir athbhreithnithe. Ba cheart bailíocht an togra a bheith srianta don achar ama a bhfuil gá ag táirgeoirí bainne leis chun iad féin a oiriúnú do chorr a bheidh gan chuóta táirgthe agus chun feabhas a chur ar a n-eagrú i bhfianaise timpeallachta atá níos dírithe ar an margadh. Ba cheart a mheas san athbhreithniú idirmheánach, go háirithe, conas a d'oibrigh na forálacha atá beartaithe, ar cheart go leanfaí d'fheidhm a bheith acu ar feadh chuid eile na tréimhse agus ba cheart bealaí a scrúdú chun feirmeoirí a spreagadh le dul isteach i gcomhaontuithe maidir le comhtháirgeadh. Tá an togra bunaithe ar an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe ar an gcéad fhomhír d'Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) de. Tá údar le beart ar leibhéal an AE ós rud é nach mór bearta a ghlacadh ar an leibhéal sin d'fhonn cuspóirí an chomhbheartais talmhaíochta a chur i gcrích agus d'fhonn a áirithiú go gcuirtear an beartas sin chun feidhme go comhionann ar fud an Aontais, ach iomaíocht éifeachtúil a choinneáil sa mhargadh déiríochta agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú ag an am céanna. Is fíor sin go háirithe i gcás ina bhfuil cur i bhfeidhm dlí iomaíochta an AE – inniúlacht eisiach de chuid an Aontais – maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta i gceist. I bhfianaise na gcásanna difreáilte san Aontas i ndáil le dlí na hiomaíochta, áfach, fágtar faoi na Ballstáit rogha a dhéanamh an ndéanfar eilimintí áirithe den togra (conarthaí) éigeantach. Is inniúlacht eisiach de chuid an Aontais é dlí iomaíochta an AE agus ní féidir le Ballstáit aonair, dá bhrí sin, cur i bhfeidhm an dlí sin a oiriúnú don chomhbheartas talmhaíochta. Ní féidir amhlaidh a dhéanamh ach de réir Airteagal 42 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Maidir le caidreamh conarthach, fágann an togra corrlach leathan luachmhéadaithe faoi na Ballstáit. Ní mór íoschaighdeán áirithe a leagan síos, áfach, ionas go bhféadfaidh an margadh inmheánach agus comheagraíocht na margaí feidhmiú go cuí, de bharr an ghné trasteorann bunúsach a bhaineann leo. Féadfaidh an AE na cuspóirí sin a bhaint amach ar bhealach níos fearr, ós rud é nach féidir le Ballstáit aonair na cuspóirí beartaithe maidir le dlí na hiomaíochta a bhaint amach agus ós rud é go bhfuil gá leis na híoschaighdeáin riachtanacha i ndáil le dlí na hiomaíochta chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus chomheagraíocht na margaí a áirithiú. Urramaíonn an togra prionsabal na coimhdeachta. Ar leibhéal an AE, is cur chuige deonach atá ann maidir le caidreamh conarthach. Fágtar de rogha ag na Ballstáit cibé acu a roghnóidh nó nach roghnóidh siad scéim éigeantach. Ní rialaítear ach 4 ghné de na conarthaí ar leibhéal an AE a luaithe is a bhfuil cur i bhfeidhm éigeantach ar a chríoch roghnaithe ag Ballstát d'fhonn feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus chomheagraíocht na margaí a áirithiú. Maidir leis na forálacha i ndáil le cumhacht caibidlíochta feirmeoirí déiríochta a neartú, moltar teorainn 3.5 % le táirgeadh bainne an AE, rud a fhágfaidh deis caibidlíochta idir eagraíochtaí táirgeoirí atá ar comh-mhéad, beagnach, le mórphróiseálaithe déiríochta. Táthar ag beartú teorainn arb ionann é agus cion áirithe de tháirgeacht náisiúnta chun iomaíocht a áirithiú maidir le soláthar bainne amh ar an leibhéal náisiúnta. Toisc go bhfuil an deis ann do na húdaráis iomaíochta ábhartha idirghabháil i gcásanna aonair nuair is gá agus nuair atá call leis, ní dhéanfaí dochar do phróiseálaithe beaga agus meánmhéide bainne amh ina gcríoch. Bíonn rialacha maidir le heagraíochtaí idirchraoibhe bunaithe go mór ar na rialacha atá ann le haghaidh earnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus tá siad dírithe ar dheimhneacht dhlíthiúil a áirithiú i dtaobh ghníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí sin. Tá bunús dlí sainráite curtha leis i gcomhair na mBallstát chun go mbaileoidh siad faisnéis ar sheachadtaí bainne amh ar bhonn míosúil, agus baineann an bunús dlí sin leis na sonraí atá idir lámha ag na hoibreoirí agus níor cheart dó ualach suntasach a chur ar na próiseálaithe déiríochta ná ar na Ballstáit. D'fhonn leibhéal an tsoláthair a fheabhsú níos mó, thabharfaí spreagadh d'eagraíochtaí táirgeoirí freisin, faoi mar atá molta sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Slabhra Soláthair Bia Níos Éifeachtaí san Eoraip. An fhoráil reatha maidir le tacú le bunú agus le hoibríocht riaracháin grúpaí táirgeoirí, atá ar fáil cheana féin do gach earnáil sna Ballstáit nua faoi Bheartas Forbartha Tuaithe, ba cheart é a leathnú chun an AE-15 a chuimsiú freisin. Níor cheart, áfach, an deis a tabhairt tacú le grúpaí táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí ós rud é go bhfuil deiseanna ann cheana tacú lena ngníomhaíochtaí faoi Airteagal 103b-103g den Rialachán maidir le CEM aonair. Is cuid den ghníomhaíocht chun na bunrialacháin talmhaíochta a chur in oiriúint do Chonradh Liospóin é na forálacha ábhartha a mhodhnú. A fhad is a bhaineann le moltaí eile an Ghrúpa Ardleibhéil Saineolaithe, ba cheart déileáil leis an gceist maidir leis an áit ina ndéantar an fheirmeoireacht, mar atá pléite ag an nGrúpa Ardleibhéil Saineolaithe, mar chuid den phacáiste cáilíochta mar a thugtar uirthi. Faoin gcreat nua sin, tabharfar isteach bunús dlí maidir le lipéadú éigeantach i ndáil leis an áit ina ndéantar an fheirmeoireacht i ngach earnáil. Mar gheall air sin, tar éis measúnuithe tionchair iomchuí a dhéanamh agus ar bhonn gach cáis faoi leith, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir le lipéadú éigeantach i ndáil leis an áit ina ndéantar an fheirmeoireacht ar an leibhéal iomchuí geografach d'fhonn éilimh na dtomhaltóirí ar thrédhearcacht agus faisnéis a shásamh. Tá an earnáil déiríochta ar cheann de na chéad earnálacha a dhéanfar a imscrúdú. Cuirfear san áireamh torthaí an phlé sa Chomhairle agus sa Pharlaimint i dtaobh thogra an Choimisiúin maidir le faisnéis faoi bhia a sholáthar do thomhaltóirí [COIM(2008) 40]. Thabharfaí aghaidh ar athruithe féideartha ar ionstraimí margaidh, ar thaighde agus ar nuálaíocht faoi thionscamh CAP tar éis 2013, d'fhonn an plé a leathnú chun comhthéacs níos leithne a chuimsiú, i.e. na táirgí talmhaíochta ar fad a áireamh, agus chun go mbeidh cur chuige comhtháite ann. 2010/0362 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle maidir le caidreamh conarthach in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d'Airteagal 42 agus d'Airteagal 43(2) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach[1], Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[2], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach[3], De bharr an méid seo a leanas: (1) Tá na hathchóirithe a rinneadh ar chomheagraíocht na margaí (CEM) i ndiaidh a chéile, ar athchóirithe iad a chumhdaíonn bainne agus táirgí bainne, agus atá cuimsithe anois i Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcás táirgí áirithe talmhaíochta (an Rialachán maidir le CEM aonair)[4], dírithe ar an margadh (i.e. ligtear do chomharthaí praghais cinntí feirmeoirí a threorú i dtaobh cad atá le táirgeadh agus cé mhéad de atá le táirgeadh) d'fhonn staid iomaíoch na hearnála déiríochta mar aon lena hinmharthanacht i gcomhthéacs trádála domhandaithe a neartú. Trí Rialachán (CE) Uimh. 72/2009 ón gComhairle an 19 Eanáir 2009 maidir le modhnuithe ar an gcomhbheartas talmhaíochta trí leasú a dhéanamh ar Rialacháin (CE) Uimh. 247/2006, (CE) Uimh. 320/2006, (CE) Uimh. 1405/2006, (CE) Uimh. 1234/2007, (CE) Uimh. 3/2008 agus (CE) Uimh. 479/2008 and lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 1883/78, (CEE) Uimh. 1254/89, (CEE) Uimh. 2247/89, (CEE) Uimh. 2055/93, (CE) Uimh. 1868/94, (CE) Uimh. 2596/97, (CE) Uimh. 1182/2005 agus (CE) Uimh. 315/2007[5], (athbhreithniú ar an athchóiriú 2008-2009), cinneadh dá bhrí sin go raibh sé riachtanach cuótaí a mhéadú píosa ar phíosa d'fhonn aistriú rianúil a áirithiú go dtí deireadh chóras cuóta an bhainne in 2015. (2) Sa tréimhse 2007-2009, tharla forbairtí eisceachtúla i margaí earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne. I dtús báire, bhí meath suntasach ar sholáthairtí de bharr dálaí aimsire eisceachtúla san Aigéine, agus tháinig ardú tapa suntasach ar phraghsanna dá bhrí sin. Cé go raibh soláthairtí an domhain ag téarnamh agus cé go raibh praghsanna ag dul i dtreo leibhéal níos normálta, bhí tionchar diúltach ag an ngéarchéim airgeadais agus eacnamaíoch a tharla ina dhiaidh sin ar tháirgeoirí déiríochta an AE, toisc gur chuir sé go mór le luaineacht na bpraghsanna. I dtús báire, tháinig méadú suntasach ar chostais ábhar beatha agus ar chostais eile ionchuir, lena n-áirítear fuinneamh, toisc go raibh praghsanna tráchtearraí níos airde. Ina dhiaidh sin, nuair a tháinig laghdú ar an éileamh domhanda agus ar éileamh san AE, an t-éileamh ar bhainne agus ar tháirgí bainne san áireamh, fad is a d'fhan táirgeadh san AE cobhsaí, theip ar phraghsanna san AE agus thit siad go dtí an leibhéal is ísle sa líontán sábhála. Níorbh ionann an titim ghéar sin i bpraghsanna tráchtearraí déiríochta agus praghsanna níos ísle a bheith ar tháirgí déiríochta ar leibhéal an tomhaltóra agus dá bhrí sin, cruthaíodh bearna idir ollchorrlach na n-earnálacha iartheachtacha i gcás fhormhór na dtáirgí ó earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne i bhformhór na dtíortha, agus níor ligeadh don éileamh ar na táirgí sin athrú i gcomhréir le praghsanna ísle tráchtearraí, rud a mhoilligh téarnamh na bpraghsanna agus ba mheasa dá bharr tionchar na bpraghsanna ísle ar tháirgeoirí bainne. (3) I bhfianaise na staide deacra sin i margadh an bhainne, bunaíodh Grúpa Ardleibhéil Saineolaithe maidir le Bainne i mí Dheireadh Fómhair 2009 chun na críche plé a dhéanamh ar na socruithe meántéarmacha agus fadtéarmacha le haghaidh earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, i bhfianaise na cuótaí déiríochta a dhul in éag in 2015. Bhí an Grúpa Ardleibhéil Saineolaithe le bheith ag obair ar chreat rialála a bhí le cur i bhfeidhm, agus toradh an athbhreithnithe ar an athchóiriú á urramú acu, chun cuidiú chun an margadh agus ioncam na dtairgeoirí a chobhsú agus chun trédhearcacht a fheabhsú. (4) Fuair an Grúpa Ardleibhéil Saineolaithe ionchur ó bhéal agus i scríbhinn ó mhórghrúpaí geallsealbhóirí Eorpacha sa slabhra soláthair déiríochta a dhéanann ionadaíocht ar fheirmeoirí, próiseálaithe déiríochta, trádálaithe déiríochta, miondíoltóirí agus tomhaltóirí. Ina theannta sin, fuair an Grúpa Ardleibhéil Saineolaithe ionchur ó shaineolaithe acadúla ar tugadh cuireadh dóibh, ó ionadaithe tríú tíortha, ó Údaráis Náisiúnta Iomaíochta agus ó sheirbhísí an Choimisiúin. Tionóladh comhdháil do gheallsealbhóirí déiríochta freisin an 26 Márta 2010, rud a thug deis do réimse níos leithne gníomhairí sa slabhra soláthair a dtuairimí a chur in iúl. Thíolaic an Grúpa Ardleibhéil Saineolaithe a thuarascáil an 15 Meitheamh 2010, agus bhí anailís ar staid reatha na hearnála déiríochta agus roinnt moltaí inti. (5) Luaigh an Grúpa Ardleibhéil Saineolaithe go bhfuil difríochtaí móra idir na hearnálacha táirgíochta agus próiseála déiríochta sna Ballstáit. Ní hionann staid na n-oibreoirí laistigh de na Ballstáit aonair ná na cineálacha oibreoirí ach oiread. Ach tá comhchruinniú an tsoláthair íseal in go leor cásanna agus tá éagothroime, dá bhrí sin, sa chumhacht margála sa slabhra soláthair idir feirmeoirí agus déirithe. Féadfaidh cleachtais tráchtála mhíchothroma a bheith mar thoradh ar an éagothroime sin; go háirithe, ní heol do na feirmeoirí go minic cén praghas a gheobhaidh siad ar a chuid bainne agus é á sheachadadh toisc gur minic a shocraíonn na déirithe an praghas níos déanaí ar bhonn an bhreisluacha a fhaightear, rud nach bhfuil aon smacht ag an bhfeirmeoir air i gcás nach bhfuil baint aige le comharchumainn. (6) Tá fadhb leis an bpraghas a tharchur feadh an tslabhra, go háirithe maidir le praghsanna ag geata na feirme. Ar an taobh eile, le linn 2009 níor fhreagair an tsoláthair bainne don éileamh laghdaithe. I roinnt Ballstáit ar táirgeoirí móra iad, sholáthar na feirmeoirí níos mó ná mar a sholáthar siad an bhliain roimhe sin, mar fhreagra ar na praghsanna laghdaithe. Comhchruinníodh an breisluach sa slabhra de réir a chéile sna hearnálacha iartheachtacha, go háirithe i gcás déirithe. (7) Maidir le déirithe, ní i gcónaí a dhéantar pleanáil mhaith i dtaobh thoirt an bhainne a sheachadófar le linn an tséasúir. I gcás comharchumainn déiríochta go fiú (atá faoi úinéireacht feirmeoirí, a bhfuil saoráidí próiseála iontu agus ina bpróiseáiltear 58 % de bhainne amh an AE iontu), féadfaidh easpa a bheith ann maidir leis an soláthar a oiriúnú i bhfianaise an éilimh: tá dualgas ar fheirmeoirí a chuid bainne a sheachadadh ar a gcomharchumann agus tá dualgas ar an gcomharchumann glacadh leis an mbainne ar fad. (8) Ní bhaintear úsáid forleathan as conarthaí foirmiúla i scríbhinn roimh sheachadadh, fiú amháin conarthaí foirmiúla ina bhfuil eilimintí bunúsacha. Féadfar feasacht a ardú, áfach, agus freagracht na n-oibreoirí sa slabhra déiríochta a mhéadú chun go gcuirfear san áireamh níos fearr comharthaí an mhargaidh, chun aistriú praghsanna a fheabhsú agus chun an soláthar a oiriúnú don éileamh agus freisin chun cuidiú chun cleachtais áirithe tráchtála mhíchothroma a sheachaint. (9) In éagmais reachtaíocht an AE maidir le conarthaí den sórt sin, féadfaidh na Ballstáit, laistigh dá gcórais dlí conarthaí féin, úsáid na gconarthaí sin a dhéanamh éigeantach chomh fada agus go n-urramaítear dlí an AE agus an méid sin á dhéanamh agus go háirithe go n-urramaítear feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus chomheagraíocht na margaí. I bhfianaise éagsúlacht na gcásanna ar fud an AE sa chomhthéacs seo, agus chun leasa na coimhdeachta, ba cheart gur faoi na Ballstáit a bheadh an cinneadh sin. Chun íoschaighdeáin iomchuí a áirithiú do na conarthaí sin, áfach, mar aon le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus chomheagraíocht na margaí, ba cheart roinnt coinníollacha bunúsacha a leagan síos ar leibhéal an AE maidir le húsáid na gconarthaí sin. Ós rud é go bhféadfadh rialacha a bhfuil an éifeacht chéanna acu a bheith ag roinnt comharchumann déiríochta ina gcuid reachtanna, ba cheart go ndéanfaí iad a dhíolmhú ó cheangal maidir le conarthaí ar mhaithe le simplíocht. D'fhonn éifeachtacht aon chórais dá leithéid a áirithiú i gcás ina mbailíonn páirtithe idirmheánacha bainne ó fheirmeoirí chun é a sheachadadh ar phróiseálaithe, ba cheart feidhm chomhionann a bheith aige i gcás mar sin. (10) Déantar foráil in Airteagal 42 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go mbeidh feidhm ag rialacha an AE maidir le hiomaíocht ar tháirgeadh agus ar thrádáil táirgí talmhaíochta, a mhéid is a chinneann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle faoi chuimsiú Airteagal 43(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, a dhéanann foráil é féin i leith comheagraíocht mhargaí le haghaidh táirgí talmhaíochta a ghlacadh. (11) D'fhonn forbairt réasúnach táirgthe a áirithiú agus d'fhonn caighdeán réasúnta maireachtála a áirithiú d'fheirmeoirí déiríochta, ba cheart a gcumhacht margála i dtaobh próiseálaithe a neartú agus ba cheart leithdháileadh níos cothroime ar an mbreisluach feadh an tslabhra soláthair a bheith mar thoradh air sin. D'fhonn cuspóirí sin an chomhbheartais talmhaíochta a bhaint amach, dá bhrí sin, ba cheart foráil a ghlacadh de bhun Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh chun go mbeidh sé de chumas ag eagraíochtaí táirgeoirí ina bhfuil feirmeoirí déiríochta nó a gcomhlachais, téarmaí conartha, lena n-áirítear praghas, a chaibidliú le chéile le déirí maidir le cuid de tháirgeadh a gcomhaltaí nó an táirgeadh ar fad. D'fhonn iomaíocht éifeachtúil a choimeád sa mhargadh déiríochta, ba cheart an fhéidearthacht sin a bheith faoi réir teorainneacha iomchuí cainníochtúla. Ba cheart na heagraíochtaí táirgeoirí sin a bheith incháilithe d'aitheantas faoi Airteagal 122 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 dá bhrí sin. Ba cheart é a bheith de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i ndáil leis na coinníollacha chun comhlachais na n-eagraíochtaí táirgeoirí a fhormheas. (12) Tugadh isteach rialacha ar leibhéal an AE le haghaidh eagraíochtaí idirchraoibhe i roinnt earnálacha. Féadfaidh na heagraíochtaí sin ról úsáideach a bheith acu in idirphlé a chumasú idir gníomhairí ar an slabhra soláthair agus i ndea-chleachtas agus trédhearcacht sa mhargadh a chur chun cinn. Ba cheart na rialacha sin a chur i bhfeidhm go comhionann in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, in éineacht leis na forálacha a shoiléiríonn seasamh na n-eagraíochtaí sin faoi dhlí na hiomaíochta fad is a áirithítear nach saobhann siad an iomaíocht ná an margadh inmheánach agus nach mbíonn tionchar acu ar dhea-fheidhmiú chomheagraíocht na margaí. (13) D'fhonn na forbairtí sa mhargadh a leanúint, tá faisnéis thráthúil ar thoirt an bhainne amh arna sheachadadh de dhíth ón gCoimisiún. Is é Airteagal 192 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 an bunús le haghaidh malartú faisnéise idir na Ballstáit agus an Coimisiún. Ba cheart foráil a dhéanamh, áfach, chun a áirithiú go seachadaíonn na próiseálaithe an fhaisnéis sin chuig na Ballstáit ar bonn rialta. Ba cheart é a bheith de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i ndáil le raon feidhme, ábhar, formáid agus uainiú na ndearbhuithe sin. (14) Tá údar leis na bearta atá leagtha amach sa Rialachán seo i bhfianaise dálaí reatha eacnamaíocha an mhargaidh déiríochta agus struchtúr an tslabhra soláthair. Ba cheart iad a chur i bhfeidhm, dá bhrí sin, ar feadh tréimhse atá fada go leor (sula ndíothaítear cuótaí bainne agus ina dhiaidh sin) le go mbeidh éifeacht iomlán acu. Ós rud é gur bearta leathana iad, áfach, ba cheart iad a bheith sealadach, mar sin féin, agus faoi réir athbhreithniú chun eolas a fháil faoina n-oibríocht agus ar cheart leanúint d'fheidhm a bheith acu. Ba cheart deileáil leis sin i dtuarascálacha ón gCoimisiún maidir le forbairt mhargadh an bhainne, lena gcumhdófar go háirithe dreasachtaí féideartha chun feirmeoirí a spreagadh le dul isteach i gcomhaontuithe maidir le comhtháirgeadh, atá le cur isteach faoin 30 Meitheamh 2014 agus faoin 31 Nollaig 2018. (15) Ba cheart é a bheith de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh d'fhonn eilimintí neamhriachtanacha áirithe de bhearta atá leagtha amach sa Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú. Ba cheart na heilimintí a bhféadfar an chumhacht sin a fheidhmiú ina leith a shainiú, chomh maith leis na coinníollacha a mbeidh an tarmligean faoina réir. (16) D'fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na mbeart atá sa Rialachán seo a ráthú i ngach Ballstát, ba cheart é a bheith de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt go sainráiteach, ba cheart don Choimisiún na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/yyyy] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le... (17) Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 a leasú dá réir, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 mar seo a leanas: (1) Cuirtear Airteagal 4a nua isteach: " Airteagal 4a Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh I gcás ina dtugtar cumhachtaí don Choimisiún, gníomhóidh sé i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 196a i gcás gníomhartha tarmligthe, agus i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 196b i gcás gníomhartha cur chun feidhme, ach amháin má fhoráiltear a mhalairt go sainráiteach sa Rialachán seo." (2) I bpointe (a) den chéad mhír d'Airteagal 122, cuirtear an pointe seo a leanas isteach tar éis phointe (iii): "(iii a ) bainne agus táirgí bainne;" (3) Cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 123: "4. Féadfaidh na Ballstáit aitheantas a thabhairt freisin do na heagraíochtaí idirchraoibhe seo a leanas: (a) eagraíochtaí idirchraoibhe atá comhdhéanta d'ionadaithe do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá nasctha le táirgí earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne a tháirgeadh, a thrádáil nó a phróiseáil. (b) eagraíochta idirchraoibhe arna n-eagrú ar thionscnamh roinnt de na hionadaithe, nó na hionadaithe ar fad, dá dtagraítear i bpointe (a); (c) eagraíochtaí idirchraoibhe a dhéanann ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas i réigiún amháin nó níos mó den Aontas, ag cur san áireamh leasanna na dtomhaltóirí: (i) faisnéis agus trédhearcacht i dtáirgeadh agus sa mhargadh a fheabhsú, lena n-áirítear trí shonraí staitisticiúla a fhoilsiú i dtaca le praghsanna, toirteanna agus fad conarthaí maidir le bainne amh a sheachadadh, ar conarthaí iad a tugadh i gcrích roimhe seo, agus trí anailísí a sholáthar ar fhorbairtí féideartha an mhargaidh amach anseo ar leibhéal réigiúnach nó náisiúnta; (ii) cabhrú chun comhordú níos fearr a dhéanamh ar an mbealach a chuirtear táirgí earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne ar an margadh, go háirithe trí bhíthin staidéir taighde agus staidéar ar na margaí; (iii) leaganacha caighdeánacha de chonarthaí a tharraingt suas a bheadh ag luí le rialacha an Aontais; (iv) faisnéis a sholáthar agus an taighde atá riachtanach a dhéanamh chun an táirgeadh a choigeartú chun táirgí a sholáthar a oirfidh níos fearr do riachtanais an mhargaidh agus do mhianta agus ionchas tomhaltóirí, go háirithe maidir le cáilíocht na dtáirgí agus cosaint an chomhshaoil; (v) bealaí a lorg chun úsáid táirgí atá dírithe ar shláinte ainmhithe agus ionchur eile a shrianadh; (vi) modhanna agus uirlisí a fhorbairt chun cáilíocht na dtáirgí a fheabhsú ag gach céim den táirgeadh agus den mhargaíocht; (vii) leas a bhaint as acmhainneacht na feirmeoireachta orgánaí agus a leithéid d’fheirmeoireacht agus sonrúcháin tionscnaimh, lipéid cháilíochta agus tásca geografacha a chosaint agus a chur chun cinn; agus (viii) táirgeadh comhtháite nó modhanna táirgthe eile atá slán ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn." (4) Cuirtear an Roinn IIa seo a leanas isteach i gCaibidil II de Theideal II de Chuid II: "Roinn IIAEagraíochtaí táirgeoirí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne Airteagal 126a Caibidlíocht chonarthach in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne 1. I gcás conarthaí maidir le bainne amh arna sheachadadh ag feirmeoir ar phróiseálaí bainne amh, nó ar bhailitheoir laistigh de bhrí an dara fomhír d'Airteagal 185f(1), féadfaidh eagraíocht táirgeoirí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, ar eagraíocht í a aithnítear faoi Airteagal 122, na conarthaí sin a chaibidliú ar son na gcomhaltaí ar feirmeoirí iad, maidir le cuid dá gcomhtháirgeadh nó a gcomhtháirgeadh ar fad. 2. Féadfaidh an eagraíocht táirgeoirí caibdlíocht a dhéanamh: (a) cibé acu a aistríonn nó nach n-aistríonn na feirmeoirí úinéireacht an bhainne amh chuig an eagraíocht táirgeoirí, (b) cibé acu is ionann nó nach ionann an praghas a chaibidlítear maidir le comhtháirgeadh roinnt de na comhaltaí ar feirmeoirí iad, nó comhtháirgeadh na gcomhaltaí ar fad ar feirmeoirí iad, (c) chomh fada agus nach sáraíonn toirt iomlán an bhainne amh arna cumhdach ag na caibidlíochtaí sin ag eagraíocht táirgeoirí ar leith: (i) 3.5 % de tháirgeadh iomlán an Aontais, agus (ii) 33 % de tháirgeadh iomlán náisiúnta aon Bhallstáit ar leith arna chumhdach leis na caibidlíochtaí sin ag an eagraíocht táirgeoirí sin, agus (iii) 33 % de tháirgeadh iomlán náisiúnta comhcheangailte na mBallstát ar fad arna chumhdach leis na caibidlíochtaí sin ag an eagraíocht táirgeoirí sin, agus (d) chomh fada agus nach bhfuil na feirmeoirí i dtrácht ina gcomhaltaí d'eagraíocht táirgeoirí ar bith eile, ar eagraíocht í a dhéanann caibidlíocht ar na conarthaí sin ar son na bhfeirmeoirí freisin, agus (e) chomh fada agus a dhéanann an eagraíocht táirgeoirí údaráis inniúla an Bhallstáit nó na mBallstát ina bhfuil sé ag oibriú a chur ar an eolas. 3. Chun críocha an Airteagail seo, cumhdóidh tagairtí d'eagraíochtaí táirgeoirí comhlachais na n-eagraíochtaí táirgeoirí sin chomh maith. D'fhonn a áirithiú go ndéanfar monatóireacht chuí ar na comhlachais sin, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, rialacha a ghlacadh maidir leis na coinníollacha a bhaineann le haitheantas a thabhairt do na comhlachais sin. 4. Chun críocha pointe (c) de mhír 2 a chur i bhfeidhm, foilseoidh an Coimisiún, trí mhodhanna a mheasann sé a bheith iomchuí, méid an bhainne amh a tháirgtear san Aontas agus sna Ballstáit ag baint úsáide as an bhfaisnéis is déanaí atá ar fáil. 5. De mhaolú ar mhír 2(c)(ii) agus (iii), fiú nuair nach sáraítear an teorainn 33 %, féadfaidh an t-údarás iomaíochta dá dtagraítear sa dara fomhír cinneadh a dhéanamh i gcás aonair nach bhféadfaidh caibidlíocht na heagraíochta táirgeoirí tarlú má mheasann sé go bhfuil sé sin riachtanach chun cosc a chur ar eisiamh iomaíochta nó chun dochar tromchúiseach do phróiseálaithe bainne amh ar GBManna iad a sheachaint ina chríoch. Is é an Coimisiún a dhéanfaidh an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír trí bhíthin gníomhartha tarmligthe gan chúnamh ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 195(1) le haghaidh caibidlíochtaí lena gcumhdaítear táirgeadh breis is Ballstát amháin. Is é údarás náisiúnta iomaíochta an Bhallstáit a gcumhdaíonn na caibidlíochtaí a tháirgeacht a dhéanfaidh an cinneadh i ngach cás eile. Ní bheidh feidhm ag na cinntí dá dtagraítear sa chéad agus sa dara fomhír roimh an dáta a fhograítear iad do na gnóthais lena mbaineann. 6. Chun críocha an Airteagail seo: (a) is éard a bheidh in "údarás náisiunta iomaíochta" an t-údarás dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 maidir le cur chun feidhme na rialacha i dtaca le hiomaíocht atá leagtha síos in Airteagal 81 agus Airteagal 82 den Chonradh[6]. (b) ciallóidh "GBM" micreaghnóthas, gnóthas beag nó gnóthas meánmhéide laistigh de bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le sainmhíniú ar mhicreaghnóthais agus ar ghnóthais bheaga agus meánmhéide[7]." (5) In Airteagal 175, cuirtear na focail "faoi réir Airteagal 176 go hAirteagal 177a den Rialachán seo", in ionad "faoi réir Airteagal 176 go hAirteagal 177 den Rialachán seo". (6) Cuirtear isteach Airteagal 177a mar seo a leanas: " Airteagal 177a Comhaontuithe agus cleachtais chomhbheartaithe in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne 1. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 101(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe eagraíochtaí idirchraoibhe aitheanta a bhfuil sé mar chuspóir acu na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 123(4)(c) den Rialachán seo a thabhairt chun críche. 2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 ach ar an gcoinníoll: (a) gur cuireadh an Coimisiún ar an eolas faoi na comhaontuithe, na cinntí agus na cleachtais chomhbheartaithe; (b) nach gceapann an Coimisiún, laistigh de thrí mhí ón uair a fhaigheann sé na sonraí ar fad atá ag teastáil, agus trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme gan chúnamh ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 195(1), nach bhfuil na comhaontuithe, na cinntí ná na cleachtais chomhbheartaithe ag luí le rialacha an Aontais. 3. Ní féidir na comhaontuithe, na cinntí ná na cleachtais chomhbheartaithe a chur i bhfeidhm roimh dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír 2(b). 4. Dearbhófar, pé ar bith, nach bhfuil na comhaontuithe, na cinntí ná na cleachtais chomhbheartaithe seo a leanas ag luí le rialacha an Aontais: (a) comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe a bhféadfadh deighilt éigin ar mhargaí laistigh den Aontas a bheith mar thoradh orthu; (b) comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar fheidhmiú fónta eagraíocht na margaí; (c) comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe a bhféadfadh saobhadh ar an iomaíocht a bheith mar thoradh orthu, ar saobhadh é nach bhfuil riachtanach chun cuspóirí an chomhbheartais talmhaíochta arna saothrú trí ghníomhaíocht na heagraíochta idirchraoibhe a bhaint amach; (d) comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe a mbaineann socrú praghsanna leo; (e) comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe lena bhféadfaí idirdhealú a chruthú nó iomaíocht a dhíothú maidir le cion substaintiúil na dtáirgí i gceist. 5. Má fhaigheann an Coimisiún, tar éis don tréimhse dá dtagraítear i mír 2(b) dul in éag, nach bhfuil na coinníollacha maidir le mír 1 a chur i bhfeidhm comhlíonta, déanfaidh sé Cinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme gan chúnamh ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 195(1), ina ndearbhófar go bhfuil feidhm ag Airteagal 101(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an gcomhaontú, an cinneadh nó an cleachtas comhbheartaithe i dtrácht. Ní bheidh feidhm ag an gCinneadh sin ón gCoimisiún tráth níos luaithe ná an dáta ar a chuirfear in iúl don eagraíocht idirchraoibhe lena mbaineann é, ach amháin má thug an eagraíocht idirchraoibhe sin faisnéis mhícheart nó má bhain sí mí-úsáid as an díolúine dá bhforáiltear i mír 1. 6. I gcás comhaontuithe ilbhliantúla, beidh an fógra don chéad bhliain bailí le linn bhlianta an chomhaontuithe ina dhiaidh sin. Sa chás sin, áfach, féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin ag Ballstát eile, cinneadh faoi neamhluí a eisiúint ag am ar bith." (7) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 179: " Airteagal 179 Cumhachtaí cur chun feidhme maidir le comhaontuithe agus cleachtais chomhbheartaithe Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta ar fad is gá a ghlacadh, ar bearta iad a bhaineann le hAirteagal 176a go hAirteagal 178." (8) In Airteagal 184, cuirtear an pointe seo a leanas isteach: "(10) chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 30 Meitheamh 2014 agus faoin 31 Nollaig 2018 maidir le forbairt staid an mhargaidh in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne agus go háirithe maidir le feidhmiú phointe (iiia) den chéad mhír d'Airteagal 122 agus d'Airteagail 123(4), 126a, 177a, 185e agus 185f, lena gcumhdaítear go háirithe dreasachtaí féideartha chun feirmeoirí a spreagadh le dul isteach i gcomhaontuithe maidir le comhtháirgeadh in éineacht le haon togra iomchuí eile." (9) Cuirtear isteach Airteagal 185e agus Airteagal 185f mar a leanas: " Airteagal 185e Dearbhuithe éigeantacha in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne 1. Dearbhóidh próiseálaithe bainne amh don údarás inniúil náisiúnta cainníocht an bhainne amh a sheachadtar orthu gach mí. 2. D'fhonn úsáideacht agus tráthúlacht na ndearbhuithe sin a áirithiú chun críocha an margadh a bhainistiú, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, rialacha a ghlacadh maidir le raon feidhme, ábhar, formáid agus uainiú na ndearbhuithe sin. Airteagal 185f Caidreamh conarthach in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne 1. I gcás ina gcinneann Ballstát gur gá gach seachadadh bainne amh arna dhéanamh ag feirmeoir ar phróiseálaí bainne amh a chumhdach le conradh scríofa idir na páirtithe, comhlíonfaidh an conradh sin na coinníollacha atá leagtha síos i mír 2. De réir mar a thuairiscítear sa chéad fhomhír, cinnfidh an Ballstát lena mbaineann freisin nach mór gach céim den seachadadh a chumhdach le conradh den sórt sin idir na páirtithe, i gcás ina dhéantar an bainne amh a sheachadadh trí bhailitheoir amháin nó níos mó. Chuige sin, ciallaíonn 'bailitheoir' gnóthas a iompraíonn bainne amh ó fheirmeoir nó ó bhailitheoir eile chuig próiseálaí bainne amh nó chuig bailitheoir eile, i gcás ina n-aistrítear úinéireacht an bhainne amh i ngach cás. 2. Maidir leis an gconradh: (a) cuirfear i gcrích é roimh an seachadadh, (b) déanfar i scríbhinn é, agus (c) áireofar ann, go háirithe, na gnéithe seo a leanas: (i) an praghas is iníoctha don seachadadh: - praghas a bheidh seasta agus a leagfar amach sa chonradh, agus/nó - praghas nach mbeidh athrú air ach de bharr tosca atá leagtha amach sa chonradh, go háirithe forbairt ar staid an mhargaidh bunaithe ar tháscairí margaidh, an toirt arna seachadadh agus cáilíocht nó comhshuíomh an bhainne amh arna sheachadadh, (ii) an toirt a fhéadfar a sheachadadh agus/nó a sheachadófar agus uainiú na seachadtaí, agus (iii) fad an chonartha, conradh go ceann tréimhse éiginnte san áireamh agus clásail fhoirceanta ag gabháil leis. 3. De mhaolú ar mhír 1, ní bheidh gá le conradh i gcás ina seachadóidh feirmeoir bainne amh ar phróiseálaí bainne amh, nuair is comharchumann é an próiseálaí a bhfuil an feirmeoir ina chomhalta de, ar choinníoll go n-áirítear go bhfuil éifeachtaí cosúla ag forálacha reachtanna an chomharchumainn leis na forálacha atá leagtha amach i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 2. 4. Caibidlítear go neamhshrianta idir na páirtithe, eilimintí ar fad na gconarthaí maidir le seachadadh bainne amh arna chur i gcrích ag feirmeoirí, ag bailitheoirí nó ag próiseálaithe bainne amh, lena n-áirítear na gnéithe sin dá dtagraítear i mír 2(c). 5. D'fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin seo a ráthú, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta ar fad is gá a ghlacadh." (10) Cuirtear Airteagal 196 a agus Airteagal 196 b isteach mar seo a leanas i gCaibidil I de Chuid VII: " Airteagal 196a Gníomhartha tarmligthe 1. Is ar feadh tréimhse neamhchinntithe a thabharfar na cumhachtaí don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa Rialachán seo a ghlacadh. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna. 2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear i mír 1 a chúlghairm tráth ar bith. Maidir leis an institiúid a bhfuil tús curtha aici le nós imeachta inmheánach d'fhonn a chinneadh an ndéanfar tarmligean na cumhachta a chúlghairm, féachfaidh sí chuige fógra ina leith sin a thabhairt don institiúid eile agus don Choimisiún laistigh de thréimhse réasúnach sula ndéanfar an cinneadh deireanach, agus luafaidh sí na cumhachtaí tarmligthe a d'fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme agus na cúiseanna a d'fhéadfadh a bheith leis an gcúlghairm sin. Má dhéantar cinneadh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na gcumhachtaí atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an gcinneadh ar an toirt nó ag dáta níos déanaí a bheidh sonraithe ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe laistigh de thréimhse dhá mhí ó dháta an fhógra. Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, déanfar an tréimhse sin a shíneadh ar feadh míosa amháin. Más rud é, nuair a thiocfaidh deireadh leis an tréimhse sin, nach bhfuil agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle i gcoinne an ghnímh tharmligthe, foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a bheidh sonraithe ann. Foilseofar an gníomh tarmligthe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm sula rachaidh an tréimhse sin in éag má tá sé curtha in iúl don Choimisiún ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon nach bhfuil sé beartaithe acu agóid a dhéanamh. Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid in aghaidh gnímh tharmligthe, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanann agóid na cúiseanna atá aici le hagóid a dhéanamh in aghaidh an ghnímh tharmligthe. Airteagal 196b Gníomhartha cur chun feidhme I gcás ina nglacfar gníomhartha cur chun feidhme de bhun an Rialacháin seo, tabharfaidh an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 195 den Rialachán seo cúnamh don Choimisiún agus beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal [5] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/yyyy]." (11) Cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 204: "6. Maidir le hearnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, beidh feidhm ag pointe (iiia) den chéad mhír d'Airteagal 122 agus Airteagal 123(4), 126a, 177a, 185e agus 185f go dtí an 30 Meitheamh 2020." Airteagal 2 Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh . Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Beidh feidhm aige ón […]. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle An tUachtarán An tUachtarán RÁITEAS AIRGEADAIS | Indic/10/744996(SM/tm) 6.142.2010.1 | DÁTA: 07/10/2010 | 1. | CEANNTEIDEAL BUISÉID 05 02 12 943.1 | LEITHREASAÍ :EUR Mil (Buiséad 2010) | 2. | TEIDEAL: Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 (an Rialachán maidir le CEM aonair) maidir le caidreamh conarthach in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne. | 3. | BUNÚS DLÍ Airteagal 42 agus Airteagal 43 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. | 4. | AIDHMEANNA: Freagairt thapa a thabhairt ar mholtaí an Ghrúpa Ardleibhéil arna scrúdú ag an gComhairle agus arna nglacadh trí chonclúidí na hUachtaránachta an 27 Meán Fómhair 2010. Baineann an togra seo go príomha le caidreamh conarthach, cumhacht margála conraitheoirí, eagraíocht idirchraoibhe agus trédhearcacht. | 5. | IMPLEACHTAÍ AIRGEADAIS | TRÉIMHSE 12 MHÍ (EUR milliún) | BLIAIN AIRGEADAIS REATHA 2010 (EUR milliún) | BLIAIN AIRGEADAIS INA DHIAIDH SIN 2011 (EUR milliún) | 5.0 | CAITEACHAS - ARNA GHEARRADH AR BHUISÉAD AN AE (AISÍOCAÍOCHTAÍ/IDIRGHABHÁLACHA) - ÚDARÁIS NÁISIÚNTA - EILE | - | - | - | 5.1 | IONCAM - ACMHAINNÍ DÍLSE AN AE (TOBHAIGH/DLEACHTANNA CUSTAIM) - NÁISIÚNTA | - | - | - | 2012 | 2013 | 2014 | 2015 | 5.0.1 | CAITEACHAS MEASTA | - | - | - | - | 5.1.1 | IONCAM MEASTA | - | - | - | - | 5.2 | MODH RÍOMHA | 6.0 | AN FÉIDIR AN TIONSCADAL A MHAOINIÚ Ó LEITHREASAÍ ARNA nIONTRÁIL SA CHAIBIDIL ÁBHARTHA DEN BHUISÉAD REATHA? | IS FÉIDIR NÍ FÉIDIR | 6.1 | AN FÉIDIR AN TIONSCADAL A MHAOINIÚ TRÍ AISTRIÚ A DHÉANAMH IDIR CAIBIDLÍ AN BHUISÉID REATHA? | IS FÉIDIR NÍ FÉIDIR | 6.2 | AN mBEIDH GÁ LE BUISÉAD FORLÍONTACH? | IS FÉIDIR NÍ FÉIDIR | 6.3 | AN GÁ LEITHREASAÍ A IONTRÁIL I mBUISÉID SA TODHCHAÍ? | IS FÉIDIR NÍ FÉIDIR | BARÚLACHA: Níl aon tionchar díreach ag na bearta atá beartaithe ar Bhuiséad an AE, ar bearta iad a d'fhéadfadh cuidiú chun an margadh agus ioncam na soláthróirí a chobhsú sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Áiríodh cheana féin in COIM(2010) 537 na hathruithe a rinneadh ar Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 chun go bhféadfar tacú le hEagraíochtaí Táirgeoirí san AE-15 | [1] IO C , , lch. . [2] IO C , , lch. . [3] IO C , , lch. . [4] IO L 299, 16.11.2007, lch. 1. [5] IO L 230, 2.9.2009, lch. 6. [6] IO L 1, 4.1.2003, lch. 1. [7] IO L 124, 20.5.2003, lch. 36.