This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62023TN0271
Case T-271/23: Action brought on 22 May 2023 — Alfa-Bank v Council
Cás T-271/23: Caingean arna tabhairt an 22 Bealtaine 2023 — Alfa-Bank v an Chomhairle
Cás T-271/23: Caingean arna tabhairt an 22 Bealtaine 2023 — Alfa-Bank v an Chomhairle
IO C 235, 3.7.2023, p. 72–73
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
3.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 235/72 |
Caingean arna tabhairt an 22 Bealtaine 2023 — Alfa-Bank v an Chomhairle
(Cás T-271/23)
(2023/C 235/86)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Alfa-Bank JSC (Moscó, an Rúis) (ionadaí: B. Malmendier, Dlíodóir)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
mír 198 de Chinneadh (CBES) 2023/432 ón gComhairle an 25 Feabhra 2023 (1) lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES an 17 Márta 2014 a chur ar neamhní; |
— |
mír 198 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/429 ón gComhairle an 25 Feabhra 2023 (2) lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 an 17 Márta 2014 a chur ar neamhní; |
— |
a ordú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh costais na n-imeachtaí a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir sé shaincheist dlí.
1. |
An chéad shaincheist dlí: rinne an Chomhairle na fíricí a mheas go mícheart, rud a d’fhág go ndearnadh an t-iarratasóir a aicmiú go míréasúnta mar dhuine den chatagóir shonraithe — ‘príomhdhaoine gnó nó príomhdhaoine dlítheanacha, príomheintitis nó príomhchomhlachtaí atá rannpháirteach in earnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú na hÚcráine, agus as daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhaineann leo’. |
2. |
An dara saincheist dlí: níl forais dhlíthiúla ann go bhforchuirfeadh an Chomhairle bearta sriantacha eacnamaíocha ar an iarratasóir, ar a ‘chomhlaigh’ agus ar a chliaint. |
3. |
An tríú saincheist dlí: níl fianaise iomlán, iontaofa agus leordhóthanach ag an gComhairle chun údar maith a thabhairt leis na forais chun bearta sriantacha a fhorchur ar an iarratasóir agus ar na daoine lena mbaineann. |
4. |
An ceathrú saincheist dlí: sárú ar phrionsabal na comhréireachta agus sárú ar chearta bunúsacha, go háirithe an ceart chun maoine, an tsaoirse chun gníomhaíocht eacnamaíoch nó tráchtála a shaothrú agus an ceart chun clú a chosaint. |
5. |
An cúigiú saincheist dlí: easpa fianaise go bhfuil comhlaigh dlíthiúla ann, chomh maith le hábharthacht agus cineál an chaidrimh idir an t-iarratasóir agus na comhlaigh. |
6. |
An séú saincheist dlí: sárú ag an gComhairle ar an gcothromaíocht idir cuspóir beartais eachtraigh na smachtbhannaí agus na srianta ar chearta eacnamaíocha an iarratasóra agus, mar thoradh air sin, ag cur le bochtaineacht dhaonra Chónaidhm na Rúise. |
(1) Cinneadh (CBES) 2023/432 ón gComhairle an 25 Feabhra 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023 LI 59, lch. 437).
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/429 ón gComhairle an 25 Feabhra 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023 LI 59, lch. 278).