9.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 81/21


RIALACHÁN (AE) 2021/409 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Márta 2021

lena mbunaítear iamh iascach le haghaidh leathóg i limistéar 7a i gcás soithí a bhfuil bratach na Beilge ar foluain acu

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2020/123 ón gComhairle (2) cuótaí le haghaidh 2020.

(2)

De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta le haghaidh 2020 ídithe ag gabhálacha an stoic leathóg i limistéar 7a ag soithí a bhfuil bratach na Beilge ar foluain acu nó atá cláraithe sa Bheilg.

(3)

Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ídiú cuótaí

Maidir leis an gcuóta iascaireachta a chionroinntear ar an mBeilg le haghaidh an stoic leathóg i limistéar 7a le haghaidh 2020 dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar é a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Toirmisc

1.   Cuirfear toirmeasc, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, ar an stoc sin a iascach dá dtagraítear in Airteagal 1 ag soithí a bhfuil bratach na Beilge ar foluain acu nó atá cláraithe sa Bheilg. Beidh toirmeasc go háirithe ar éisc a lorg, ar threalamh iascaireachta a chur ar uisce, úsáid a bhaint as nó a tharraingt chun an stoc sin a iascach.

2.   Maidir le héisc nó táirgí iascaigh, ón stoc a ghabh na soithí sin, a thrasloingsiú, a choinneáil ar bord, a phróiseáil ar bord, a aistriú, a chur i gcaighean, a ramhrú agus a thabhairt i dtír, leanfaidh sin de bheith údaraithe le haghaidh gabhálacha a tógadh roimh an dáta sin.

3.   Maidir le gabhálacha neamhbheartaithe speiceas ón stoc sin a ghabhann na soithí sin, tabharfar ar bord na soithí iascaireachta agus coinneofar iad ar bord, déanfar iad a thaifeadadh, a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh i gcoinne cuótaí i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Virginijus SINKEVIČIUS

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2020/123 ón gComhairle an 27 Eanáir 2020 lena socraítear le haghaidh 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 25, 30.1.2020, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).


IARSCRÍBHINN

Uimh.

36/TQ123

Ballstát

an Bheilg

Stoc

PLE/07A.

Speiceas

an leathóg (Pleuronectes platessa)

Limistéar

7a

Dáta Deiridh

24.12.2020


  翻译: