19.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 323/94 |
CINNEADH (AE) 2022/2491 Ó IONADAITHE RIALTAIS NA MBALLSTÁT, AG TEACHT LE CHÉILE DÓIBH I DTIONÓL NA COMHAIRLE
an 8 Nollaig 2022
lena n-údaraítear don Choimisiún Eorpach forálacha Chomhaontaithe Chuimsithigh idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Táidsíceastáine, den pháirt eile, a chaibidil, thar ceann na mBallstát, a thagann faoi réim inniúlachtaí na mBallstát
TÁ IONADAITHE RIALTAIS BHALLSTÁIT AN AONTAIS EORPAIGH, AG TEACHT LE CHÉILE DÓIBH I dTIONÓL NA COMHAIRLE,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Ba cheart an Coimisiún Eorpach a údarú chun dul i mbun caibidlíochta, thar ceann na mBallstát, maidir le forálacha Chomhaontaithe Chuimsithigh idir an tAontas agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Táidsíceastáine, den pháirt eile (“an Comhaontú”) a thagann faoi réim inniúlachtaí na mBallstát. |
(2) |
Cuirfear an Comhaontú in ionad an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair lena mbunaítear comhpháirtíocht idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Táidsíceastáine, den pháirt eile (1), |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Leis seo, údaraíonn Ionadaithe Rialtais na mBallstát don Choimisiún dul i mbun caibidlíochta, thar ceann na mBallstát, maidir le forálacha Chomhaontaithe Chuimsithigh idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Táidsíceastáine, den pháirt eile a thagann faoi réim inniúlachtaí na mBallstát.
2. Seolfar an chaibidlíocht ar bhonn, i gcás inarb infheidhme, na dtreoracha caibidlíochta ón gComhairle a leagtar amach san aguisín a ghabhann le Cinneadh (AE) 2022/2490 ón gComhairle (2) .
Airteagal 2
Tá Airteagal 1 gan dochar do chinntí a dhéanfaidh na Ballstáit amach anseo maidir lena n-ionadaithe a ainmniú i ndáil le hábhair a thagann faoi inniúlachtaí na mBallstát.
Airteagal 3
Déanfar an chaibidlíocht i gcomhairle le hIonadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól Mheitheal na Comhairle um Oirthear na hEorpa agus Lár na hÁise agus, maidir leis na codanna den Chomhaontú a bhaineann le trádáil, sa Choiste um an mBeartas Trádála.
Airteagal 4
Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Nollaig 2022.
Thar ceann Ionadaithe Rialtais na mBallstát
An tUachtarán
V. RAKUŠAN
(1) IO L 350, 29.12.2009, lch. 3.
(2) Cinneadh (AE) 2022/2490 ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 lena n-údaraítear don Choimisiún Eorpach agus d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le forálacha Chomhaontaithe Chuimsithigh idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Táidsíceastáine (Féach leathanach 92 den Iris Oifigiúil seo.).