3.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 152/184 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/873 ÓN gCOIMISIÚN
an 2 Meitheamh 2022
lena leasaítear den 331ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIS (Da'esh) agus Al-Qaida
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2002 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIS (Da'esh) agus Al-Qaida (1), agus go háirithe Airteagal 7(1)(a) agus Airteagal 7a(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 liostaítear na daoine, na grúpaí agus na heintitis arna gcumhdach ag reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha faoin Rialachán sin. |
(2) |
An 27 Bealtaine 2022, chinn Coiste Smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe leasú a dhéanamh ar shé iontráil i liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas ar cheart feidhm a bheith ag reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha maidir leo. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Meitheamh 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Thar ceann an Uachtaráin
An tArd-Stiúrthóir
An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil
IARSCRÍBHINN
Déantar na sonraí aitheantais le haghaidh na n-iontrálacha seo a leanas faoin gceannteideal “Daoine nádúrtha” in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 a leasú mar a leanas:
(1) |
“HAJJI 'ABD AL-NASIR (ailiasanna Hajji Abdelnasser; Hajji Abd al-Nasr; Taha al-Khuwayt). Dáta breithe: Idir 1965 agus 1969. Seoladh: Poblacht Arabach na Siria. Áit bhreithe: Tall 'Afar, an Iaráic. Náisiúntacht: Iarácach. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 19.11.2018.” cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin: “Taha Ibrahim Abdallah Bakr Al Khuwayt (bunscript: طه إبراهيم عبد الله بكر ال خويت) (ailiasanna láidre (a) Hajji Abdelnasser, (b) Hajji Abd al-Nasr, (c) Hajji ‘Abd Al-Nasir (liostaithe tráth mar sin); ailiasanna neamhláidre (a) Taha al-Khuwayt, (b) Mullah Taha, (c) Mullah Khuwayt). Dáta breithe: Idir 1965 agus 1969. Áit bhreithe: Tall 'Afar, an Iaráic. Náisiúntacht: Iarácach. Seoladh: Príosún san Iaráic. Faisnéis eile: Iar-Ghobharnóir SIIS i gCúige al-Jazira, ceannaire míleata i bPoblacht Arabach na Siria, mar aon le ball agus cathaoirleach ar Choiste Tarmligthe SIIS. Faoi choimeád ag an Iaráic ó bhí 2019 ann. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 19.11.2018.” |
(2) |
“Amir Muhammad Sa’id Abdal-Rahman al-Mawla (bunscript: أمیر محمد سعید عبد الرحم المولى) (ailiasanna láidre (a) Abu Ibrahim al-Hashimi al-Qurashi, (b) Hajji Abdallah, (c) Abu ‘Umar al-Turkmani, (d) Abdullah Qardash, (e) Abu ‘Abdullah Qardash, (f) al-Hajj Abdullah Qardash, (g) Hajji Abdullah Al-Afari, (h) 'Abdul Amir Muhammad Sa'id Salbi, (i) Muhammad Sa'id 'Abd-al-Rahman al-Mawla, (j) Amir Muhammad Sa’id ‘Abd-al-Rahman Muhammad al-Mula; ailiasanna neamhláidre (a) Al-Ustadh, (b) Ustadh Ahmad). Dáta breithe: (a) 5.10.1976, (b) 1.10.1976. Áit bhreithe: (a) Tall’Afar, an Iaráic, (b) Mosul, an Iaráic. Náisiúntacht: Iarácach. Faisnéis eile: Ceannaire ar an Stát Ioslamach san Iaráic agus sa Leiveaint, liostaithe mar Al-Qaida san Iaráic. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 21.5.2020.” cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin: “Amir Muhammad Sa’id Abdal-Rahman al-Salbi (bunscript: أمیر محمد سعید عبد الرحمن السلبي) (ailiasanna láidre (a) Abu Ibrahim al-Hashimi al-Qurashi, (b) Hajji Abdallah, (c) Abu ‘Umar al-Turkmani, (d) Abdullah Qardash, (e) Abu ‘Abdullah Qardash, (f) al-Hajj Abdullah Qardash, (g) Hajji Abdullah Al-Afari, (h) 'Abdul Amir Muhammad Sa'id Salbi, (i) Muhammad Sa'id 'Abd-al-Rahman al-Mawla, (j) Amir Muhammad Sa’id ‘Abd-al-Rahman Muhammad al-Mula, (k) Amir Muhammad Sa'id Abdal-Rahman al-Mawla (liostaithe tráth mar sin); ailiasanna neamhláidre (a) Al-Ustadh, (b) Ustadh Ahmad). Dáta breithe: (a) 5.10.1976, (b) 1.10.1976, (c) 6.1.1976. Áit bhreithe: (a) Tall’Afar, an Iaráic, (b) Mosul, an Iaráic. Náisiúntacht: Iarácach. Uimh. aitheantais náisiúnta: 00278640 (eisithe an 2.5.2012). Seoladh: (a) Teach 110, Sráid 704, Ceantar 704, Tall’Afar, an Iaráic (seoladh roimhe seo), (b) gar do Mhosc Shahid Mazen agus Ospidéal al-Khansa, Mosul, an Iaráic (seoladh roimhe seo), (c) Idlib, Poblacht Arabach na Siria. Faisnéis eile: Ceannaire ar an Stát Ioslamach san Iaráic agus sa Leiveaint, liostaithe mar Al-Qaida san Iaráic. Ainm a mháthar: Samira Shareef (سميرة شريف) nó Sahra Sharif Abd al-Qader (سهرة شريف عبد القادر). Airde 170 cm, cos dheas teasctha. D’eisigh an Iaráic barántas gabhála in 2018. Marbh ó bhí an 3 Feabhra 2022 ann de réir tuairiscí. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 21.5.2020.” |
(3) |
“Aris Sumarsono (ailiasanna láidre (a) Zulkarnan, (b) Zulkarnain, (c) Zulkarnin, (d) Arif Sunarso, (e) Zulkarnaen, (f) Aris Sunarso, (g) Ustad Daud Zulkarnaen; ailiasanna neamhláidre Murshid). Dáta breithe: 1963. Áit bhreithe: Sráidbhaile Gebang, Masaran, Sragen, Lár Java, an Indinéis. Náisiúntacht: Indinéiseach. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 16.5.2005.” cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin: “Aris Sumarsono (ailiasanna láidre (a) Zulkarnan, (b) Zulkarnain, (c) Zulkarnin, (d) Arif Sunarso, (e) Zulkarnaen, (f) Aris Sunarso, (g) Ustad Daud Zulkarnaen; ailiasanna neamhláidre (a) Murshid, (b) Daud, (c) Pak Ud, (d) Mbah Zul, (e) Zainal Arifin, (f) Zul, (g) Abdullah Abdurrahman, (h) Abdul, (i) Abdurrahman). Dáta breithe: 19.4.1963. Áit bhreithe: Sráidbhaile Gebang, Masaran, Sragen, Lár Java, an Indinéis. Náisiúntacht: Indinéiseach. Seoladh: (a) Desa Gebang, Kecamatan Masaran, Kabupaten Sragen, Jawa Tengah, an Indinéis, (b) Desa Taman Fajar, Kecamatan Probolinggo, Kabupaten Lampung Timur, Lampung, an Indinéis. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 16.5.2005.” |
(4) |
“Mochammad Achwan (ailiasanna (a) Muhammad Achwan, (b) Muhammad Akhwan, (c) Mochtar Achwan, (d) Mochtar Akhwan, (e) Mochtar Akwan). Seoladh: Jalan Ir. H. Juanda 8/10, RT/RW 002/001, Jodipan, Blimbing, Malang, an Indinéis. Dáta breithe: (a) 4.5.1948 (b) 4.5.1946. Áit bhreithe: Tulungagung, an Indinéis. Náisiúntacht: Indinéiseach. Uimh. aitheantais náisiúnta: 3573010405480001 (Cárta Aitheantais Indinéiseach faoin ainm Mochammad Achwan). Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 2a(4)(b): 12.3.2012.” cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin: “Mochammad Achwan (ailiasanna láidre (a) Muhammad Achwan, (b) Muhammad Akhwan, (c) Mochtar Achwan, (d) Mochtar Akhwan, (e) Mochtar Akwan). Dáta breithe: (a) 4.5.1948 (b) 4.5.1946. Áit bhreithe: Tulungagung, an Indinéis. Náisiúntacht: Indinéiseach. Uimh. aitheantais náisiúnta: (a) 3573010405480001 (Cárta Aitheantais Náisiúnta Indinéiseach), (b) 353010405480001 (Cárta Aitheantais Náisiúnta Indinéiseach). Seoladh: Jalan Ir. H. Juanda 8/10, RT/RW 002/001, Jodipan, Blimbing, Malang, 65127, an Indinéis. Faisnéis eile: Éimír ghníomhach ar Jemmah Anshorut Tauhid (JAT). Bainteach le Abu Bakar Ba’asyir, Abdul Rahim Ba’aysir agus le Jemaah Islamiyah. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 12.3.2012.” |
(5) |
“Mounir Ben Dhaou Ben Brahim Ben Helal (ailiasanna (a) Mounir Helel, (b) Mounir Hilel, (c) Abu Rahmah, (d) Abu Maryam al-Tunisi. Dáta breithe: 10.5.1983. Áit bhreithe: Ben Guerdane, an Túinéis. Náisiúntacht: Túinéiseach. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 29.2.2016.” cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin: “Mounir Ben Dhaou Ben Brahim Ben Helal (ailiasanna neamhláidre (a) Mounir Helel, (b) Mounir Hilel, (c) Abu Rahmah, (d) Abu Maryam al-Tunisi. Dáta breithe: 10.5.1983. Áit bhreithe: Ben Guerdane, an Túinéis. Náisiúntacht: Túinéiseach. Uimh. aitheantais náisiúnta: 08619445. Seoladh: Amria Ben Guerdane, Medenine, an Túinéis. Faisnéis eile: Éascaitheoir trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta a bhfuil taithí aige ar bhealaí taistil a bhunú agus a dhaingniú. Tá dlúthbhaint aige le tacaíocht ábhartha a sholáthar d’Eagraíocht Al-Qaida sa Mhagraib Ioslamach san Afraic Thuaidh. Thug sé cúnamh do throdaithe eachtracha sceimhlitheoireachta taisteal ar fud na hAfraice Thuaidh agus go Poblacht Arabach na Siria chun dul isteach sa Stát Ioslamach san Iaráic agus sa Leiveaint, a liostaítear mar Al-Qaida san Iaráic. Gairm: oibrí feirme. Ainm a mháthar: Mbarka Helali. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 29.2.2016.” |
(6) |
“Muhammad Sholeh Ibrahim (ailiasanna (a) Mohammad Sholeh Ibrahim, (b) Muhammad Sholeh Ibrohim (c) Muhammad Soleh Ibrahim (d) Sholeh Ibrahim (e) Muh Sholeh Ibrahim). Dáta breithe: Mí Mheán Fómhair 1958. Áit bhreithe: Demak, an Indinéis. Náisiúntacht: an Indinéis. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 20.4.2016.” cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin: “Muhammad Sholeh Ibrahim (ailiasanna láidre (a) Mohammad Sholeh Ibrahim, (b) Muhammad Sholeh Ibrohim (c) Muhammad Soleh Ibrahim (d) Sholeh Ibrahim (e) Muh Sholeh Ibrahim). Teideal: Ustad. Dáta breithe: Mí Mheán Fómhair 1958. Áit bhreithe: Demak, an Indinéis. Náisiúntacht: an Indinéis. Uimh. aitheantais náisiúnta: (a) 3311092409580002 (Cárta Aitheantais Náisiúnta Indinéiseach), (b) 3311092409580003 (Cárta Aitheantais Náisiúnta Indinéiseach). Seoladh: (a) Masjid Baitul Amin, Waringinrejo RT 01 RW 02, Grogol, Cemani, Sukoharjo, Jawa Tengah 57572, an Indinéis, (b) Desa Cemani, Waringinrejo RT 001/021, Kecamatan Grogol, Kabupaten Sukoharjo, Jawa Tengah, an Indinéis. Faisnéis eile: Tá sé ina éimír ghníomhach ar Jemmah Anshorut Tauhid (JAT) ó bhí 2014 ann agus tá tacaíocht tugtha aige don Stát Ioslamach san Iaráic agus sa Leiveaint (SIIL), atá liostaithe mar Al-Qaida san Iaráic. Gairm: Léachtóir/Múinteoir príobháideach. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 20.4.2016.” |