02012R1151 — GA — 08.06.2022 — 003.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (AE) Uimh. 1151/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343 14.12.2012, lch. 1) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
RIALACHÁN (AE) 2017/625 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 15 Márta 2017 |
L 95 |
1 |
7.4.2017 |
|
RIALACHÁN (AE) 2021/2117 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 2 Nollaig 2021 |
L 435 |
262 |
6.12.2021 |
Arna cheartú le:
RIALACHÁN (AE) Uimh. 1151/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Samhain 2012
maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
TEIDEAL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Cuspóirí
Is é is aidhm don Rialachán seo cuidiú le táirgeoirí táirgí talmhaíochta agus bia-earraí ceannaitheoirí agus tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi shaintréithe agus airíonna feirmeoireachta na dtáirgí sin agus na mbia-earraí sin, chun an méid seo a leanas a áirithiú:
go mbeidh iomaíocht chóir ann d’fheirmeoirí agus do tháirgeoirí táirgí talmhaíochta agus bia-ábhar a bhfuil saintréithe agus airíonna breisluacha ag baint leo;
go mbeidh faisnéis iontaofa a bhaineann leis na táirgí sin ar fáil do na tomhaltóirí;
go n-urramófar cearta maoine intleachtúla; agus
sláine an mhargaidh inmheánaigh.
Tá sé beartaithe leis na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo tacú le gníomhaíochtaí talmhaíochta agus próiseála agus na córais feirmeoireachta a bhaineann le táirgí ardcháilíochta, agus ar an dóigh sin rannchuidiú le cuspóirí an bheartais forbartha tuaithe a bhaint amach.
Bunaítear leis an Rialachán seo scéimeanna cáilíochta a chuirfidh bonn faoi shainaithint agus, nuair is iomchuí, faoi chosaint ainmneacha agus téarmaí a thabharfaidh táirgí talmhaíochta, go háirithe, le fios nó a thabharfaidh tuairisc orthu nuair a bheidh:
saintréithe breisluacha sna táirgí sin; nó
airíonna breisluacha a eascraíonn as na modhanna feirmeoireachta nó próiseála arna n-úsáid lena dtáirgeadh, nó as áit a dtáirgthe nó as margaíocht nó as rannchuidiú féideartha na modhanna sin le forbairt inbhuanaithe.
Airteagal 2
Raon feidhme
Chun gealltanais idirnáisiúnta nó modhanna nua táirgthe nó ábhair nua a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 56, lena gcomhlánófar liosta na dtáirgí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Beidh dlúthbhaint ag na táirgí sin le táirgí talmhaíochta nó leis an ngeilleagar tuaithe.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “scéimeanna cáilíochta” na scéimeanna a bhunaítear faoi Theideal II, faoi Theideal III agus faoi Theideal IV;
ciallaíonn “grúpa” aon chomhlachas, is cuma cén fhoirm dhlíthiúil atá aige, ina bhfuil táirgeoirí nó próiseálaithe, den chuid is mó, atá ag obair leis an táirge céanna;
ciallaíonn “traidisiúnta” go bhfuil cruthúnas ann gur úsáideadh an táirge ar an margadh baile ar feadh tréimhse inarbh fhéidir an táirge a sheachadadh ó ghlúin amháin go glúin eile; 30 bliain ar a laghad a bheidh sa tréimhse seo;
ciallaíonn “lipéadú” aon fhocal, aon sonra, aon trádmharc, aon ainm branda, aon ábhar pictiúrtha nó aon siombail a bhaineann le bia-ábhar agus a chuirtear ar aon phacáistíocht, ar aon doiciméad, ar aon fhógra, ar aon lipéad, ar aon fháinne nó ar aon choiléar a ghabhann leis an mbia-ábhar sin nó trína ndéantar tagairt dó;
ciallaíonn “carachtar sonrach” i gcás táirge na saintréithe táirgthe a idirdhealaíonn táirge go soiléir ó tháirgí comhchosúla eile den chatagóir chéanna;
ciallaíonn “téarmaí cineálacha” ainmneacha táirgí, agus bíodh is go mbaineann siad leis an ionad, leis an réigiún nó leis an tír inar táirgeadh nó inar margaíodh an táirge i dtosach, arb iad an t-ainm coitianta ar an táirge san Aontas anois iad;
ciallaíonn “céim táirgthe” táirgeadh, próiseáil nó ullmhúchán;
ciallaíonn “táirgí próiseáilte” bia-earraí a eascraíonn as táirgí neamhphróiseáilte a phróiseáil. Féadfaidh comhábhair a bheith i dtáirgí próiseáilte atá riachtanach chun iad a mhonarú nó chun saintréithe sonracha a thabhairt dóibh.
TEIDEAL II
AINMNIÚCHÁIN TIONSCNAIMH FAOI CHOSAINT AGUS TÁSCA GEOGRAFACHA FAOI CHOSAINT
Airteagal 4
Cuspóir
Bunaítear scéim um ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint d’fhonn cúnamh a thabhairt do tháirgeoirí táirgí atá nasctha le limistéar geografach tríd an méid seo a leanas:
luach cothrom a ghnóthú do cháilíochtaí a dtáirgí;
cosaint chomhionann na n-ainmneacha a áirithiú mar cheart maoine intleachtúla ar chríoch an Aontais;
faisnéis shoiléir a sholáthar do thomhaltóirí ar airíonna breisluacha an táirge.
Airteagal 5
Ceanglais maidir le hainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha
Chun críoch an Rialacháin seo, is éard atá i gceist le “sonrúchán tionscnaimh” ainm a bhféadfaidh a bheith ina ainm a úsáidtear go traidisiúnta, lena sainaithnítear táirge:
de thionscnamh áit, réigiúin nó, i gcásanna eisceachtúla, tíre ar leith;
ar timpeallacht gheografach ar leith agus a gnéithe dúchasacha nádúrtha agus a gnéithe daonna, is cúis, go bunúsach nó go heisiach, lena cháilíocht nó lena shaintréithe; agus
a dtarlaíonn a chéimeanna táirgthe ar fad sa limistéar geografach sainithe.
Chun críoch an Rialacháin seo, is éard atá i gceist le “tásc geografach” ainm, lena n-áirítear ainm a úsáidtear go traidisiúnta, lena sainaithnítear táirge:
de thionscnamh áit, réigiúin nó tíre ar leith;
a bhfuil a cháilíocht, a chlú nó saintréith eile dá chuid inchurtha go bunúsach i leith a thionscnaimh gheografaigh; agus
a dtarlaíonn ceann amháin de na céimeanna táirgthe ar a laghad sa limistéar geografach sainithe.
Ainneoin mhír 1, déanfar ainmneacha áirithe a láimhseáil mar ainmniúcháin tionscnaimh, fiú amháin má thagann amhábhair na dtáirgí lena mbaineann ó limistéar geografach atá níos leithne ná an limistéar geografach sainithe, nó atá éagsúil ón limistéar sin, ar choinníoll:
gur sainíodh limistéar táirgthe na n-amhábhar;
go bhfuil coinníollacha speisialta ann a bhaineann le táirgeadh na n-amhábhar;
go bhfuil socruithe rialaithe ann lena n-áirithítear go gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (b); agus
gur aithníodh na hainmniúcháin tionscnaimh i dtrácht mar ainmniúcháin tionscnaimh sa tír thionscnaimh roimh an 1 Bealtaine 2004.
Chun críocha na míre seo, ní mheasfar ach ainmhithe beo, feoil agus bainne a bheith ina n-amhábhair.
Chomh maith leis sin, chun an carachtar sonrach a bhaineann le táirgí nó limistéir ar leith a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56, i ndáil le srianta agus maoluithe i dtaca le marú ainmhithe beo nó i dtaca le foinsiú amhábhar.
Leis na srianta agus na maoluithe sin, cuirfear san áireamh, ar bhonn critéar oibiachtúil, cáilíocht nó úsáid agus fios gnóithe aitheanta nó fachtóirí nádúrtha aitheanta.
Airteagal 6
Nádúr cineálach, easaontais le hainmneacha cineálacha plandaí agus pórtha ainmhithe, le comhainmneacha agus le trádmharcanna
Déanfar na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a mheas i ndáil le húsáid iarbhír na n-ainmneacha faoi choinbhleacht, lena n-áirítear úsáid ainm an chineáil phlanda nó an phóir ainmhí lasmuigh dá limistéar tionscnaimh agus úsáid ainm cineáil phlanda a chosnaítear le ceart maoine intleachtúla eile.
Ní chlárófar ainm comhainmneach a chuirfeadh an tomhaltóir amú sa chaoi go gcreidfeadh sé gur tháinig na táirgí ó chríoch eile fiú má tá an t-ainm cruinn fad is a bhaineann le críoch, le réigiún nó le háit tionscnaimh iarbhír na dtáirgí atá i gceist.
Airteagal 7
Sonraíocht táirge
Maidir le hainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint, comhlíonfaidh sé sonraíocht lena n-áireofar an méid seo a leanas ar a laghad:
an t-ainm atá le cosaint mar ainmniúchán tionscnaimh nó mar thásc geografach, mar a úsáidtear é, bíodh sé sin sa trádáil nó sa ghnáthchaint, agus sna teangacha sin amháin a úsáidtear nó a úsáideadh san am atá thart chun tuairisc a thabhairt ar an táirge ar leith sin sa limistéar geografach sainithe;
tuairisc ar an táirge, lena n-áirítear na hamhábhair, más iomchuí, agus príomhthréithe fisiceacha, ceimiceacha, micribhitheolaíochta nó orgánaileipteacha an táirge;
sainmhíniú ar an limistéar geografach teormharcáilte i ndáil leis an nasc dá dtagraítear i bpointe (f)(i) nó (ii) den mhír seo, agus, nuair is iomchuí, sonraí lena dtugtar le fios comhlíonadh cheanglais Airteagal 5(3);
fianaise gur de thionscnamh an limistéir gheografaigh shainithe dá dtagraítear in Airteagal 5(1) nó (2) é an táirge;
tuairisc ar an modh trína bhfaightear an táirge agus, nuair is iomchuí, ar na fíormhodhanna áitiúla neamhathraitheacha mar aon le faisnéis faoi phacáistiú, má chinneann an grúpa iarrthach amhlaidh agus má thugann siad cúiseanna leordhóthanacha a bhaineann go sonrach leis an táirge chun a mhíniú cén fáth nach mór don phacáistiú tarlú sa limistéar geografach sainithe chun an cháilíocht a chosaint, chun an tionscnamh a áirithiú nó chun rialú a áirithiú, agus dlí an Aontais á chur san áireamh, go háirithe i ndáil le saorghluaiseacht earraí agus saorsholáthar seirbhísí;
mionsonraí lena suitear an méid seo a leanas:
a mhéid a bhaineann le sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, an nasc idir cáilíocht nó saintréithe an táirge agus an timpeallacht gheografach dá dtagraítear in Airteagal 5(1); cé go bhféadfar na mionsonraí a bhaineann le gnéithe daonna na timpeallachta geografaí sin, i gcás inarb ábhartha, a theorannú do thuairisc ar an mbainistiú ithreach agus tírdhreacha, ar chleachtais saothraithe nó ar aon rannchuidiú ábhartha eile ón duine le gnéithe nádúrtha na timpeallachta geografaí a chothabháil dá dtagraítear sa mhír sin;
a mhéid a bhaineann le tásc geografach faoi chosaint, an nasc idir cáilíocht, clú nó saintréith eile an táirge agus an tásc geografach dá dtagraítear in Airteagal 5(2);
ainm agus seoladh na n-údarás nó, má tá teacht orthu, ainm agus seoladh na gcomhlachtaí a fhíoraíonn go gcomhlíontar forálacha na sonraíochta táirge de bhun Airteagal 37 agus na cúraimí sonracha atá orthu;
aon riail shonrach a bhaineann le lipéadú an táirge i dtrácht.
Féadfaidh tuairisc a bheith sa tsonraíocht táirge ar rannchuidiú an tsonrúcháin tionscnaimh nó an táisc gheografaigh leis an bhforbairt inbhuanaithe.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha maidir le foirm na sonraíochta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).
Airteagal 8
Inneachar an iarratais ar chlárú
Beidh na sonraí seo a leanas ar a laghad san iarratas ar chlárú ainmniúcháin tionscnaimh nó ar chlárú táisc gheografaigh de bhun Airteagal 49(2) nó (5):
ainm agus seoladh an ghrúpa iarrthaigh agus na n-údarás nó, má tá teacht orthu, na gcomhlachtaí a fhíoraíonn go gcomhlíontar forálacha shonraíocht an táirge;
an tsonraíocht táirge dá bhforáiltear in Airteagal 7;
doiciméad amháin ina leagtar amach an méid seo a leanas:
na príomhshonraí atá sa tsonraíocht táirge: an t-ainm, tuairisc ar an táirge, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, rialacha sonracha maidir le pacáistiú agus lipéadú, agus sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach;
tuairisc ar an nasc idir an táirge agus an timpeallacht gheografach nó an tionscnamh geografach dá dtagraítear in Airteagal 5(1) nó (2), de réir mar a bheidh, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, na heilimintí sonracha atá sa tuairisc ar an táirge nó sa mhodh táirgthe atá ina mbonn cuí leis an nasc sin.
Sa bhreis ar an méid sin, beidh cruthúnas go bhfuil ainm an táirge cosanta sa tír ar dá tionscnamh é ar áireamh in iarratas dá dtagraítear in Airteagal 49(5).
Beidh na sonraí seo a leanas sa sainchomhad iarratais dá dtagraítear in Airteagal 49(4):
ainm agus seoladh an ghrúpa iarrthaigh;
an doiciméad amháin dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo;
dearbhú ón mBallstát go bhfuil sé den tuairim go gcomhlíonann an t-iarratas arna thaisceadh ag an ngrúpa iarrthach agus a cháilíonn do chinneadh fabhrach coinníollacha an Rialacháin seo agus na forálacha arna nglacadh dá bhun;
tagairt foilseacháin na sonraíochta táirge.
Airteagal 9
Cosaint náisiúnta idirthréimhseach
Féadfaidh Ballstát, ar bhonn idirthréimhseach amháin, cosaint a bhronnadh ar ainm faoin Rialachán seo ar an leibhéal náisiúnta, le héifeacht ón dáta a dtaisctear iarratas leis an gCoimisiún.
Tiocfaidh deireadh le cosaint náisiúnta den sórt sin ar an dáta a ndéantar cinneadh faoi chlárú faoin Rialachán seo nó a dtarraingítear siar an t-iarratas.
I gcás nach bhfuil ainm cláraithe faoin Rialachán seo, is ar an mBallstát lena mbaineann amháin a bheidh an fhreagracht as iarmhairtí cosanta náisiúnta den sórt sin.
Is ar an leibhéal náisiúnta amháin a bheidh éifeachtaí ag na bearta a dhéanfaidh Ballstáit faoin gcéad mhír agus ní bheidh aon éifeachtaí acu ar thrádáil laistigh den Aontas ná ar thrádáil idirnáisiúnta.
Airteagal 10
Forais le freasúra
►M2 Ní bheidh ráiteas freasúra réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 51(1) inghlactha ach amháin má fhaigheann an Coimisiún an ráiteas sin laistigh den teorainn ama a leagtar amach sa mhír sin, agus: ◄
má léiríonn sé nár comhlíonadh na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 5 agus in Airteagal 7(1);
má léiríonn sé go mbeadh clárú an ainm a mholtar contrártha d’Airteagal 6(2), (3) nó (4);
má léiríonn sé go ndéanfadh clárú an ainm a mholtar dochar d’ainm nó do thrádmharc atá comhionann go hiomlán nó i bpáirt nó do tháirgí atá ar an margadh go dleathach le cúig bliana ar a laghad roimh an dáta foilseacháin dá bhforáiltear i bpointe (a) d’Airteagal 50(2); nó
má thugtar mionsonraí ónar féidir a mhaíomh gur ainm cineálach é an t-ainm a bhfuil clárú iarrtha ina leith.
Airteagal 11
Clár na n-ainmniúchán tionscaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint
Airteagal 12
Ainmneacha, siombailí agus tásca
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena saineofar saintréithe teicniúla shiombailí an Aontais agus tásc an Aontais mar aon leis na rialacha dá n-úsáid ar na táirgí a mhargaítear faoi ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó faoi thásc tionscnaimh faoi chosaint, lena n-áirítear na rialacha a bhaineann leis na leaganacha teanga iomchuí a bheidh le húsáid. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).
Airteagal 13
Cosaint
Déanfar ainmneacha cláraithe a chosaint ar an méid seo a leanas:
aon úsáid dhíreach nó indíreach tráchtála a bhaintear as ainm cláraithe maidir le táirgí nach gcumhdaítear faoin gclárú i gcás ina bhfuil na táirgí sin inchomparáide leis na táirgí atá cláraithe faoin ainm sin nó i gcás ina dtagann úsáid an ainm sin i dtír ar chlú an ainm atá faoi chosaint nó i gcás ina lagaítear nó ina gcaolaítear ar an ainm sin, lena n-áirítear nuair a úsáidtear na táirgí sin mar chomhábhar;
aon mhí-úsáid, aon aithris nó aon tabhairt chun cuimhne, fiú má thugtar fíorthionscnamh na dtáirgí nó na seirbhísí le fios nó má aistrítear an t-ainm faoi chosaint nó má chuirtear slonn ar nós “stíl”, “cineál”, “modh”, “faoi mar a tháirgtear i”, “aithris” nó rud éigin dá samhail leis, lena n-áirítear nuair a úsáidtear na táirgí sin mar chomhábhar;
aon tásc bréagach nó míthreorach eile maidir le foinse, tionscnamh, nádúr nó cáilíochtaí sár-riachtanacha an táirge a úsáidtear ar an bpacáistiú laistigh nó ar an bpacáistiú lasmuigh, san ábhar fógraíochta nó sna doiciméid a bhaineann leis an táirge áirithe, chomh maith le pacáistiú an táirge i gcoimeádán a d’fhéadfadh barúil bhréige a chur in iúl faoina thionscnamh;
aon chleachtas eile a d’fhéadfadh an tomhaltóir a chur amú maidir le fíorthionscnamh an táirge.
I gcás ina bhfuil ainm táirge a mheastar a bheith cineálach cuimsithe in ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó i dtásc geografach faoi chosaint, measfar nach mbeidh úsáid an ainm chineálaigh sin contrártha do phointe (a) nó pointe (b) den chéad fhomhír.
Chuige sin, ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis a bheidh freagrach as na céimeanna sin a thógáil i gcomhréir le nósanna imeachta a chinnfidh gach aon Bhallstát.
Cuirfidh na húdaráis inniúla ráthaíochtaí leordhóthanacha oibiachtúlachta agus neamhchlaontachta ar fáil, agus beidh an fhoireann cháilithe agus na hacmhainní is gá chun a gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh ar fáil dóibh.
Beidh feidhm ag an gcosaint dá dtagraítear i mír 1 maidir leis an méid seo a leanas:
earraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais ach a bheidh gan scaoileadh i saorchúrsaíocht laistigh de chríoch chustaim an Aontais; agus
earraí a dhíoltar trí mhodhanna ciandíola amhail ríomhthráchtáil.
Maidir le hearraí a thagann isteach i gcríoch chustaim an Aontais ach nach scaoiltear sa tsaorchúrsaíocht laistigh den chríoch sin, beidh an grúpa nó aon oibreoir atá i dteideal úsáid a bhaint as an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint, beidh sé i dteideal cosc a chur ar gach tríú páirtí earraí a thabhairt isteach san Aontas, le linn trádála, gan iad a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta ansin, i gcás inar tháinig na hearraí sin, lena n-áirítear an phacáistíocht, ó thríú tíortha agus ina bhfuil orthu, gan údarú, an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint.
Airteagal 14
An gaol idir trádmharcanna, ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha
Déanfar trádmharcanna a chláraítear de shárú ar an gcéad fhomhír a chur ó bhail.
Beidh feidhm ag forálacha na míre seo ainneoin fhorálacha Threoir 2008/95/CE.
Airteagal 15
Idirthréimhsí d’úsáid ainmniúchán tionscaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint
Gan dochar d’Airteagal 14, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gceadófar idirthréimhse suas le cúig bliana do tháirgí ar lena linn is féidir leanúint d’ainmniúchán faoina ndearnadh táirge a mhargú a úsáid i gcás táirgí de thionscnamh Ballstáit nó tríú tír, ar ainmniúchán é a chuimsíonn ainm atá contrártha d’Airteagal 13(1) nó ina bhfuil ainm den sórt sin, ar choinníoll go dtugtar an méid seo a leanas le fios i ráiteas freasúra atá inghlactha faoi Airteagal 49(3) nó Airteagal 51:
go gcuirfeadh clárú an ainm ainm eile atá comhionann go hiomlán nó i bpáirt i gcontúirt; nó
go ndearnadh táirgí den sórt sin a mhargú go dleathach faoin ainm sin ar an gcríoch lena mbaineann ar feadh cúig bliana ar a laghad roimh an dáta foilseacháin dá bhforáiltear i bpointe (a) d’Airteagal 50(2).
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2) seachas i gcás ina dtaisctear ráiteas freasúra inghlactha faoi Airteagal 49(3).
►M2 Gan dochar d’Airteagal 14, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcuirtear síneadh suas go 15 bliana leis an idirthréimhse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcásanna a bhfuil údar cuí leo i gcásanna ina léirítear an méid seo a leanas: ◄
go raibh an t-ainmniúchán dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo in úsáid go dleathach, go leanúnach agus go cóir ar feadh 25 bliana ar a laghad sular cuireadh an t-iarratas ar chlárú faoi bhráid an Choimisiúin;
nárbh é an cuspóir a bhí le húsáid an ainmniúcháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo teacht i dtír ar chlú an ainm chláraithe agus nuair a léirítear nár cuireadh an tomhaltóir amú agus nach bhféadfaí é a bheith curtha amú maidir le fíorthionscnamh an táirge.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).
Beidh feidhm mutatis mutandis leis an gcéad fhomhír maidir le tásc geografach faoi chosaint nó ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint lena dtagraítear do limistéar geografach atá suite i dtríú tír, ach amháin maidir leis an nós imeachta freasúra.
Tabharfar na hidirthréimhsí sin le fios sa sainchomhad iarratais dá dtagraítear in Airteagal 8(2).
Airteagal 16
Forálacha idirthréimhseacha
Airteagal 16a
Na tásca geografacha do tháirgí fíona cumhraithe atá ann faoi láthair
Na hainmneacha atá cláraithe sa chlár arna bhunú de bhun Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ), déanfar iad a chlárú go huathoibríoch sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán seo mar thásca geografacha faoi chosaint. Na sonraíochtaí comhfhreagracha, measfar gurb iad sin na sonraíochtaí chun críoch Airteagal 7 den Rialachán seo.
TEIDEAL III
SAINEARRAÍ TRAIDISIÚNTA FAOI RÁTHAÍOCHT
Airteagal 17
Cuspóir
Bunaítear scéim do shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht chun modhanna traidisiúnta táirgthe agus oidis thraidisiúnta a chosaint, trí chabhrú le táirgeoirí táirgí traidisiúnta chun airíonna breisluacha a n-oideas traidisiúnta agus a dtáirgí traidisiúnta a mhargú agus chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi na hairíonna breisluacha sin.
Airteagal 18
Critéir
Beidh ainm incháilithe lena chlárú mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht i gcás ina ndéanann sé cur síos ar tháirge sonrach nó ar bhia-ábhar sonrach:
a eascraíonn as modh táirgthe, as modh próiseála nó as modh comhdhéanaimh a fhreagraíonn do chleachtas traidisiúnta maidir leis an táirge sin nó leis an mbia-ábhar sin; nó
a tháirgtear ó amhábhair nó ó chomhábhair arb iad a úsáidtear go traidisiúnta.
D’fhonn ainm a chlárú mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, beidh sé ina ainm:
atá in úsáid go traidisiúnta chun tagairt a dhéanamh don táirge sonrach; nó
a shainaithneoidh carachtar traidisiúnta nó carachtar sonrach an táirge.
Airteagal 19
Sonraíocht táirge
Maidir le sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, comhlíonfaidh sé sonraíocht arb eárd a bheidh ann an méid seo a leanas:
an t-ainm a mholtar a chlárú, sna leaganacha teanga iomchuí;
tuairisc ar an táirge lena n-áirítear a phríomhthréithe fisiceacha, ceimiceacha, micribhitheolaíochta nó orgánaileipteacha, agus lena dtabharfar carachtar sonrach an táirge le fios;
tuairisc ar an modh táirgthe atá ar na táirgeoirí a úsáid, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, nádúr agus saintréithe na n-amhábhar nó na gcomhábhar arna n-úsáid, agus modh ullmhúcháin an táirge;
na príomheilimintí lena mbunaítear carachtar traidisiúnta an táirge.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha maidir le foirm na sonraíochta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).
Airteagal 20
Inneachar an iarratais ar chlárú
Is iad na sonraí seo a bheidh in iarratas ar ainm a chlárú mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht dá dtagraítear in Airteagal 49(2) nó (5):
ainm agus seoladh an ghrúpa iarrthaigh;
an tsonraíocht táirge dá bhforáiltear in Airteagal 19.
Beidh na sonraí seo a leanas sa sainchomhad iarratais dá dtagraítear in Airteagal 49(4):
na heilimintí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo; agus
dearbhú ón mBallstát go bhfuil sé den tuairim go gcomhlíonann an t-iarratas arna thaisceadh ag an ngrúpa agus a cháilíonn do chinneadh fabhrach coinníollacha an Rialacháin seo agus na forálacha arna nglacadh dá bhun.
Airteagal 21
Forais le freasúra
Ní bheidh an ráiteas freasúra réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 51(1) inghlactha ach amháin má fhaigheann an Coimisiún an ráiteas sin sula rachaidh an teorainn ama in éag agus:
má thugtar cúiseanna a bhfuil bunús cuí leo ar an bhfáth nach dtagann an clárú a mholtar le téarmaí an Rialacháin seo; nó
má léirítear leis, i gcás táirgí comhchosúla talmhaíochta nó bia-ábhair comhchosúla, go bhfuil úsáid an ainm dleathach, go bhfuil cáil ar an úsáid sin agus go ngabhann tábhacht eacnamaíoch leis an úsáid sin.
Airteagal 22
Clár na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht
Airteagal 23
Ainmneacha, siombail agus tásc
Beidh sé roghnach an tsiombail a chur ar lipéid sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a tháirgtear lasmuigh den Aontas.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sainítear saintréithe teicniúla shiombail an Aontais agus an tásc mar aon leis na rialacha dá n-úsáid ar na táirgí a bhfuil ainm sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht air, lena n-áirítear na rialacha i leith na teangacha iomchuí a bheidh le húsáid. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).
Airteagal 24
Srian ar ainmneacha cláraithe a úsáid
Airteagal 24a
Idirthréimhsí le haghaidh úsáid sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena dtabharfar idirthréimhse suas le 5 bliana do tháirgí atá ar an margadh agus a bhfuil ainm a sháraíonn Airteagal 24(1) mar shonrúchán orthu nó mar chuid dá sonrúchán, ionas go bhféadfar leanúint de bheith ag úsáid an tsonrúcháin faoinar cuireadh ar an margadh iad, ar choinníoll go gcuirtear ar fáil ráiteas freasúra inghlactha de bhun Airteagal 49(3) nó Airteagal 51 a léiríonn go raibh an t-ainm sin in úsáid go dleathach ar mhargadh an Aontais ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad roimh dháta foilsithe an fhoilseacháin dá bhforáiltear in Airteagal 50(2), pointe (b).
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2) cé is moite de thaisceadh ráiteas freasúra inghlactha faoi Airteagal 49(3).
Airteagal 25
Forálacha idirthréimhseacha
Airteagal 26
Nós imeachta simplithe
Roimh ainm a chur isteach dó, tionscnóidh an Ballstát nós imeachta freasúra mar a shainítear in Airteagal 49(3) agus (4).
Má léirítear le linn an nós imeachta sin go n-úsáidtear an t-ainm freisin chun tagairt a dhéanamh do tháirgí inchomparáide nó do tháirgí a bhfuil ainm atá comhionann leis nó atá comhchosúil leis, féadfar an t-ainm a chomhlánú le téarma lena sainaithnítear an carachtar traidisiúnta nó sonrach atá ann.
Féadfaidh grúpa ó thríú tír ainmneacha den chineál sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin go díreach nó trí údaráis an tríú tír.
TEIDEAL IV
TÉARMAÍ ROGHNACHA CÁILÍOCHTA
Airteagal 27
Cuspóir
Bunaítear scéim um théarmaí roghnacha cáilíochta le go n-éascófar do tháirgeoirí táirgí talmhaíochta a bhfuil saintréithe breisluacha nó airíonna breisluacha ag baint leo na saintréithe nó na hairíonna sin a thabhairt le fios laistigh den mhargadh inmheánach.
Airteagal 28
Rialacha náisiúnta
Féadfaidh na Ballstáit rialacha náisiúnta a choimeád ar bun maidir le téarmaí roghnacha cáilíochta nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann na rialacha sin dlí an Aontais.
Airteagal 29
Téarmaí roghnacha cáilíochta
Comhlíonfaidh téarmaí roghnacha cáilíochta na critéir seo a leanas:
baineann an téarma le saintréith catagóire táirgí amháin nó níos mó, nó le hairí feirmeoireachta nó próiseála a bhfuil feidhm aige i réimsí sonracha;
cuireann úsáid an téarma luach leis an táirge i gcomparáid le táirgí de chineál comhchosúil; agus
baineann gné Eorpach leis an téarma.
Airteagal 30
Forchoimeád agus leasú
Airteagal 31
Táirge sléibhe
Ní úsáidfear an téarma sin ach chun tuairisc a dhéanamh ar tháirgí atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine, a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh agus lena mbaineann na coinníollacha seo a leanas:
ó limistéir sléibhe go bunúsach a thagann na hamhábhair agus an bheatha d’ainmhithe feirme araon;
i gcás táirgí próiseáilte, tarlaíonn an phróiseáil freisin i limistéir sléibhe.
Airteagal 32
Táirge ó fheirmeoireacht oileán
Tráth nach déanaí ná an 4 Eanáir 2014, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an cás a bhaineann le téarma nua a bhunú, “táirge ó fheirmeoireacht oileán”. Ní fhéadfar an téarma a úsáid ach chun tuairisc a dhéanamh ar na táirgí a cheaptar lena gcaitheamh ag an duine a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh agus arb ó oileáin a thagann na hamhábhair a bhaineann leo. Ina theannta sin, chun go gcuirfear an téarma i bhfeidhm maidir le táirgí próiseáilte, ní foláir freisin don phróiseáil tarlú ar oileáin i gcásanna ina ndéanann an méid sin difear suntasach do shaintréithe sainiúla an táirge deiridh.
Beidh tograí reachtacha iomchuí ag gabháil leis an tuarascáil, más gá, chun téarma roghnach cáilíochta “táirge ó fheirmeoireacht oileán” a fhorchoimeád.
Airteagal 33
Srianta ar úsáid
Airteagal 34
Faireachán
Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha, bunaithe ar anailís riosca, lena áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais an Teidil seo agus, i gcás sáruithe, cuirfidh siad na pionóis riaracháin iomchuí i bhfeidhm.
TEIDEAL V
FORÁLACHA COITEANNA
CAIBIDIL I
Rialuithe oifigiúla ar ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint, ar thásca geografacha faoi chosaint agus ar shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht
Airteagal 35
Raon feidhme
Beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo maidir leis na scéimeanna cáilíochta a leagtar amach i dTeideal II agus i dTeideal III.
Airteagal 36
A bhfuil i gceist le rialuithe oifigiúla
sna rialuithe oifigiúla arna ndéanamh i gcomhréir le Rialachán ►C3 (AE) 2017/625 ◄ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ) cumhdófar:
a fhíorú cibé a dhéanann an táirge an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach a chomhlíonadh; agus
faireachán ar úsáid na n-ainmneacha cláraithe chun tuairisc a dhéanamh ar tháirge a chuirtear ar an margadh, i gcomhréir le hAirteagal 13 i gcás ainmneacha a chláraítear faoi Theideal II agus i gcomhréir le hAirteagal 24 i gcás ainmneacha a chláraítear faoi Theideal III.
Airteagal 37
Comhlíonadh na sonraíochta táirge a fhíorú
Maidir le hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint, tásca geografacha faoi chosaint agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht lena n-ainmnítear táirgí de thionscnamh an Aontais, déanfar fíorú ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge, sula gcuirtear an táirge ar an margadh, mar a leanas:
ag na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán ►C3 (AE) 2017/625 ◄ ; nó
ag comhlachtaí tarmligthe de réir bhrí Airteagal 3(5) de Rialachán ►C3 (AE) 2017/625 ◄ ;
Féadfaidh na hoibreoirí a bheidh faoi réir na rialuithe sin íoc as na costais a bhaineann le fíorú den sórt sin ar chomhlíonadh sonraíochtaí. Féadfaidh na Ballstáit ranníocaíocht a dhéanamh freisin i leith na gcostas sin.
Maidir le hainmniúcháin tionscnaimh, le tásca geografacha agus le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht lena n-ainmnítear táirgí a bhaineann le táirge de thionscnamh tríú tír, is iad seo a leanas a dhéanfaidh fíorú ar chomhlíonadh na sonraíochtaí sula gcuirfear an táirge ar an margadh:
údarás poiblí amháin nó níos mó de na húdaráis phoiblí arna ainmniú nó arna n-inmniú ag an tríú tír; agus/nó
comhlacht deimhnithe táirgí amháin nó níos mó de na comhlachtaí deimhnithe táirgí.
Poibleoidh an Coimisiún ainm agus seoladh na n-údarás agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus déanfaidh sé an t-eolas sin a nuashonrú go tráthrialta.
▼M1 —————
Airteagal 39
Comhlachtaí tarmligthe a dhéanann rialuithe i dtríú tíortha
Déanfar na comhlachtaí tarmligthe a dhéanann rialuithe sna tríú tíortha dá dtagraítear i mír 2(b) d’Airteagal 37 a chreidiúnú de réir an chaighdeáin chomhchuibhithe ábhartha don “Mheasúnú comhréireachta – Ceanglais ar chomhlachtaí a dheimhníonn táirgí, próisis agus seirbhísí”. Féadfaidh comhlacht náisiúnta creidiúnúcháin lasmuigh den Aontas an creidiúnú a thabhairt do na comhlachtaí tarmligthe seo, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, nó féadfaidh comhlacht creidiúnúcháin lasmuigh den Aontas a bhfuil socrú aitheantais iltaobhach sínithe aige faoi choimirce an Fhóraim Idirnáisiúnta Creidiúnúcháin é a thabhairt.
Airteagal 40
Gníomhaíochtaí rialaithe a phleanáil agus a thuairisciú
CAIBIDIL II
Eisceachtaí i gcás úsáidí áirithe roimhe seo
Airteagal 41
Téarmaí cineálacha
Le cruthú go bhfuil ainm tagtha chun bheith cineálach nó nach bhfuil, ní mór na tosca ábhartha go léir a chur san áireamh, go háirithe:
an staid mar atá i limistéir tomhaltais;
na gníomhartha dlí náisiúnta ábhartha nó gníomhartha dlí ábhartha an Aontais.
Airteagal 42
Cineálacha plandaí agus pórtha ainmhithe
Ní chuirfidh an Rialachán seo cosc ar tháirgí a chur ar an margadh, ar táirgí iad a n-áirítear lena lipéadú ainm nó téarma atá faoi chosaint nó á fhorchoimeád faoi scéim cáilíochta a thuairiscítear i dTeideal II, i dTeideal III, nó i dTeideal IV a bhfuil ainm cineáil phlanda nó póir ainmhí ann nó arb éard atá ann ainm cineáil phlanda nó póir ainmhí, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
gurb éard atá sa táirge sin an cineál nó an pór atá i gceist, nó gur díorthaíodh é as;
nach gcuirtear tomhaltóirí amú;
gur iomaíocht chóir é úsáid ainm an chineáil nó ainm an phóir;
nach dtagann úsáid an ainm sin i dtír ar chlú an téarma atá faoi chosaint; agus
i gcás na scéime cáilíochta a thuairiscítear i dTeideal II, gur leath táirgeadh agus margú an táirge amach thar limistéar tionscnaimh roimh dháta an iarratais ar chlárú an táisc gheografaigh.
Airteagal 43
Gaol le maoin intleachtúil
Beidh feidhm ag na scéimeanna cáilíochta a thuairiscítear i dTeideal III agus Teideal IV gan dochar do rialacha an Aontais ná do rialacha na mBallstát lena rialaítear maoin intleachtúil agus go háirithe na rialacha sin a bhaineann le hainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha agus trádmharcanna, agus cearta a dheonaítear faoi na rialacha sin.
CAIBIDIL III
Tásca agus siombailí na scéimeanna cáilíochta agus ról na dtáirgeoirí
Airteagal 44
Tásca agus siombailí a chosaint
Ní fhéadfar tásca, giorrúcháin ná siombailí lena dtagraítear do na scéimeanna cáilíochta a úsáid ach amháin i ndáil le táirgí a tháirgtear i gcomhréir le rialacha na scéime cáilíochta a bhfuil feidhm acu ina leith. Baineann an riail sin go háirithe leis na tásca, na giorrúcháin agus na siombailí seo a leanas:
“ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint”, “tásc geografach faoi chosaint”, “tásc geografach”, “ATFC”, “TGFC”, agus na siombailí a bhaineann leo, mar a fhoráiltear dóibh i dTeideal II;
“sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht”, “STFR”, agus an tsiombail a bhaineann leis, mar a fhoráiltear di i dTeideal III;
“táirge sléibhe” mar a fhoráiltear dó i dTeideal IV.
Airteagal 45
Ról na ngrúpaí
Gan dochar d’fhorálacha sonracha maidir le heagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, féadfaidh grúpa:
rannchuidiú lena áirithiú go mbeidh cáilíocht, cáil agus barántúlacht a dtáirgí ráthaithe ar an margadh trí fhaireachán a dhéanamh ar úsáid an ainm le linn trádála agus, más gá, trí údaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 36, nó aon údarás inniúil eile a chur ar an eolas faoi chuimsiú Airteagal 13(3);
beart a dhéanamh chun cosaint dhlíthiúil dhóthanach a áirithiú don ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó don tásc geografach faoi chosaint agus do na cearta maoine intleachtúla atá nasctha go díreach leo;
gníomhaíochtaí faisnéise agus tionscnaimh a fhorbairt a bheidh dírithe ar airíonna breisluacha an táirge a chur in iúl do thomhaltóirí;
gníomhaíochtaí gaolmhara a fhorbairt lena áirithiú go gcomhlíonann táirge an tsonraíocht a ghabhann leis;
beart a dhéanamh chun feidhmíocht na scéime a fheabhsú, lena n-áirítear saineolas eacnamaíoch a fhorbairt, anailísí eacnamaíocha a dhéanamh, faisnéis eacnamaíoch faoin scéim a scaipeadh agus comhairle a chur ar fáil do tháirgeoirí.
beart a dhéanamh chun luach táirgí a fheabhsú agus, i gcás inar gá, céimeanna a ghlacadh chun aon bheart atá díobhálach d’íomhá na dtáirgí sin, nó a bhfuil an baol ann go mbeadh sé díobhálach dó, a chosc nó dul ina choinne.
Airteagal 46
Ceart chun leas a bhaint as na scéimeanna
Airteagal 47
Táillí
Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus go háirithe d’fhorálacha Chaibidil VI de Theideal II de, féadfaidh Ballstáit táille a ghearradh leis na costais a bhaineann le bainistiú na scéimeanna cáilíochta a chumhdach, lena n-áirítear na costais sin a thabhaítear le linn iarratais, freasúraí, iarratais ar leasuithe agus iarrataí ar chealú dá bhforáiltear sa Rialachán seo a phróiseáil.
CAIBIDIL IV
Próiseas iarratais agus próiseas cláraithe maidir le hainmniúcháin tionscnaimh, tásca geografacha agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht
Airteagal 48
Raon na bpróiseas iarratais
Beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo maidir leis na scéimeanna cáilíochta a leagtar amach i dTeideal II agus i dTeideal III.
Airteagal 49
Iarratas ar ainmneacha a chlárú
Féadfar déileáil le duine aonair nádúrtha nó dlítheanach mar ghrúpa má léirítear go gcomhalltar an dá cheann de na coinníollacha a leanas:
is é an duine lena mbaineann an t-aon táirgeoir atá toilteanach iarratas a chur isteach;
maidir le hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus le tásca geografacha faoi chosaint, tá tréithe ag an limistéar geografach sainithe atá éagsúil go suntasach ó na tréithe atá i limistéir chomharsanachta nó tá tréithe an táirge éagsúil leis na táirgí a tháirgtear i limistéir chomharsanachta.
Déanfaidh an Ballstát grinnscrúdú ar an iarratas go hiomchuí lena áirithiú go bhfuil bonn cirt cuí leis agus go gcomhlíonann sé coinníollacha na scéime a mbaineann sé léi.
Déanfaidh an Ballstát inghlacthacht na bhfreasúraí a fhaightear faoin scéim a leagtar amach i dTeideal II a scrúdú i bhfianaise na gcritéar dá dtagraítear in Airteagal 10(1), nó scrúdóidh sé inghlacthacht na bhfreasúraí a fhaightear faoin scéim a leagtar amach i dTeideal III i bhfianaise na gcritéar dá dtagraítear in Airteagal 21(1).
Áiritheoidh an Ballstát go bpoibleofar a chinneadh fabhrach agus go mbeidh deis achomhairc ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige ann.
Áiritheoidh an Ballstát go bhfoilseofar an leagan sin den tsonraíocht táirge ar a bhfuil a chinneadh fabhrach bunaithe, agus tabharfaidh sé rochtain leictreonach ar an tsonraíocht táirge.
I ndáil le hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint, áiritheoidh an Ballstát freisin go ndéanfar an leagan den tsonraíocht táirge ar a mbeidh an cinneadh ón gCoimisiún bunaithe de bhun Airteagal 50(2) a fhoilsiú go leormhaith.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta, le foirm agus le cur i láthair iarratas, lena n-áirítear le haghaidh iarratas a bhaineann le níos mó ná críoch amháin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).
Airteagal 50
Grinnscrúdú ag an gCoimisiún agus foilsiú le haghaidh freasúra
Níor cheart gurbh fhaide ná 6 mhí an tréimhse a chaithfeadh an Coimisiún i mbun an ghrinnscrúdaithe, agus an tréimhse sin arna tomhas ón dáta a fhaightear an t-iarratas ón mBallstát. I gcás ina sárófar an tréimhse sin, cuirfidh an Coimisiún cúiseanna na moille in iúl i scríbhinn don hiarratasóir
Uair sa mhí ar a laghad, foilseoidh an Coimisiún liosta na n-ainmneacha sin ar cuireadh iarratais ar chlárú ina leith faoina bhráid, mar aon leis an dáta a cuireadh isteach iad.
I gcás ina measfaidh an Coimisiún, bunaithe ar an ngrinnscrúdú a rinneadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo, gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6 a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chlárú faoin scéim a leagtar amach i dTeideal II, nó gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 18(1) agus (2) a mhéid a bhaineann le hiarratais faoin scéim a leagtar amach i dTeideal III, foilseoidh sé an méid seo a leanas in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh:
i gcás iarratais faoin scéim a leagtar amach i dTeideal II, an doiciméad aonair agus tagairt foilseacháin na sonraíochta táirge;
i gcás iarratais faoin scéim a leagtar amach i dTeideal III, an tsonraíocht.;
Díolmhófar an Coimisiún ón oibleagáid cloí leis an spriocdháta don ghrinnscrúdú a dhéanamh agus na cúiseanna leis an moill a chur in iúl don iarratasóir,i gcás ina bhfaigheann sé cumarsáid ó Bhallstát, maidir le hiarratas ar chlárú arna thaisceadh leis an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 49(4), ar cumarsáid í:
ina gcuirtear in iúl don Choimisiún ndearnadh an t-iarratas a neamhbhailíochtú ar an leibhéal náisiúnta trí chinneadh breithiúnach is infheidhme láithreach ach nach cinneadh breithiúnach críochnaitheach é; nó
ina n-iarrtar ar an gCoimisiún an grinnscrúdú dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fionraí toisc gur tionscnaíodh imeachtaí breithiúnach náisiúnta chun agóid a dhéanamh in aghaidh bhailíocht an iarratais agus a mheasann an Ballstát go bhfuil na imeachtaí sin bunaithe ar fhorais bhailí.
Beidh éifeacht ag an díolúine go dtí go gcuirfidh an Ballstát in iúl don Choimisiún go bhfuil an t-iarratas bunaidh infheidhme arís nó go bhfuil an iarraidh ar fhionraí á tarraingt siar ag an mBallstát.
Airteagal 51
Nós imeachta freasúra
Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cónaí air nó atá bunaithe i mBallstát seachas sa Bhallstát sin ónar cuireadh an t-iarratas isteach, agus a bhfuil leas dlisteanach aige, féadfaidh sé ráiteas freasúra réasúnaithe a thaisceadh leis an mBallstát a bhfuil sé ina chónaí nó bunaithe ann laistigh de theorainn ama inar féidir agóid a thaisceadh de bhun na chéad fhomhíre.’;
An t-údarás nó an duine a thaisc an ráiteas freasúra réasúnaithe agus an t-údarás nó an comhlacht a thaisc an t-iarratas, rachaidh siad i mbun na gcomhairliúchán iomchuí sin gan moill mhíchuí. Cuirfidh siad an fhaisnéis ábhartha ar fáil dá chéile chun a mheas an gcomhlíonann an t-iarratas ar chlárú na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Mura dtagtar ar chomhaontú, cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil don Choimisiún.
Tráth ar bith laistigh den tréimhse chomhairliúcháin, féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh ón iarratasóir, síneadh a chur leis an spriocdháta le haghaidh na gcomhairliúchán ach gan an síneadh sin a bheith níos faide ná 3 mhí.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta, foirm agus cur i láthair na bhfreasúraí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).
Airteagal 52
Cinneadh faoi chlárú
Tar éis na gcomhairliúchán iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 51(3), agus torthaí na gcomhairliúchán sin a bheith curtha san áireamh, má fhaigheann an Coimisiún ráiteas freasúra réasúnaithe atá inghlactha, déanfaidh sé ceann de na nithe seo a leanas:
má thángthas ar chomhaontú, cláróidh sé an t-ainm trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 57(2) a chur i bhfeidhm, agus, más gá, leasóidh sé an fhaisnéis a foilsíodh de bhun Airteagal 50(2) ar choinníoll nach leasuithe suntasacha iad; nó
murar thángthas ar chomhaontú, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme lena ndéanfar cinneadh maidir leis an gclárú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).
Airteagal 53
Leasuithe ar shonraíochtaí táirge
Tabharfar cur síos sna hiarratais ar na leasuithe a iarrtar agus na cúiseanna atá leo.
Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn ‘leasú Aontais’ leasú ar shonraíocht táirge ar fíor an méid seo a leanas ina leith:
tá, mar chuid de, athrú ar ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó ar ainm an táisc gheografaigh faoi chosaint, nó ar úsáid an ainm sin;
tá an riosca ann go gcealódh sé na naisc dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (b), i dtaca le sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint, nó nasc dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointe (b), i dtaca le tásca geografacha faoi chosaint;
baineann sé le sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht; nó
gabhann srianta breise leis i dtaca le margaíocht a dhéanamh ar an táirge.
Ciallaíonn ‘leasú caighdeánach’ aon leasú a dhéantar ar shonraíocht táirge nach leasú Aontais é.
Ciallaíonn ‘leasú sealadach’ leasú caighdeánach a bhaineann le hathrú sealadach ar shonraíocht táirge mar thoradh ar bhearta éigeantacha sláintíochta nó fíteashláintíochta a d’fhorchuir na húdaráis phoiblí nó leasú sealadach ab éigean a dhéanamh de dheasca tubaiste nádúrtha nó dálaí díobhálacha aimsire a ndearna na húdaráis inniúla iad a aithint go foirmiúil.
Formheasfaidh an Coimisiún leasuithe Aontais. Leanfaidh an nós imeachta formheasta an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 49 go 52, mutatis mutandis.
Beidh grinnscrúdú ar an iarratas dírithe ar an leasú atá beartaithe. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún nó an Ballstát lena mbaineann iarraidh ar an iarrthóir eilimintí eile de na sonraíochtaí táirge a mhodhnú.
Formheasfaidh an Ballstát ar ina chríoch atá limistéar geografach an táirge lena mbaineann suite na leasuithe caighdeánacha agus cuirfear ar fáil go poiblí iad agus cuirfear in iúl don Choimisiún iad. Formheasfaidh tríú tíortha leasuithe caighdeánacha i gcomhréir leis an dlí is infheidhme sa tríú tír lena mbaineann, agus cuirfidh siad na leasuithe sin in iúl don Choimisiún.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta, foirm agus cur i láthair iarratais ar leasú agus maidir le fógra a thabhairt faoi leasuithe ar leibhéal an Aontais, agus maidir le nósanna imeachta agus foirm na leasuithe caighdeánacha agus faoi leasuithe caighdeánacha a chur in iúl don Choimisiún. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).
Airteagal 54
Cealú
Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun clárú ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint nó sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a chealú, sna cásanna seo a leanas:
mura n-áirithítear go bhfuil coinníollacha na sonraíochta á gcomhlíonadh;
mura gcuirtear táirge ar an margadh le linn seacht mbliana ar a laghad faoin sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, faoin ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó faoin tásc geografach faoi chosaint.
Ar iarratas ó tháirgeoirí an táirge atá á mhargú faoin ainm cláraithe, féadfaidh an Coimisiún an clárú a fhreagraíonn don táirge sin a chealú.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta agus foirm an phróisis cealaithe, agus maidir le cur i láthair na n-iarrataí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).
TEIDEAL VI
FORÁLACHA NÓS IMEACHTA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
CAIBIDIL I
Feirmeoireacht áitiúil agus díolacháin dhíreacha
Airteagal 55
Feirmeoireacht áitiúil agus díolacháin dhíreacha a thuairisciú
Tráth nach déanaí ná an 4 Eanáir 2014, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an gcás i gcomhair scéim lipéadaithe nua d’fheirmeoireacht áitiúil agus do dhíolachán díreach chun cúnamh a thabhairt do tháirgeoirí a gcuid táirgí a mhargú go háitiúil. Díreofar sa tuarascáil sin ar chumas an fheirmeora breisluach a chur lena tháirgí tríd an lipéad nua, agus ba cheart critéir eile a chur san áireamh inti, amhail na deiseanna chun astaíochtaí carbóin agus dramhaíl a laghdú trí shlabhraí táirgeachta agus dáileacháin atá gearr.
Beidh tograí reachtacha iomchuí maidir le cruthú scéim lipéadaithe d’fheirmeoireacht áitiúil agus do dhíolachán díreach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.
CAIBIDIL II
Rialacha nós imeachta
Airteagal 56
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 57
An nós imeachta coiste
I gcás nach dtugann an coiste tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
CAIBIDIL III
Aisghairm agus forálacha críochnaitheacha
Airteagal 58
Aisghairm
Leanfaidh Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 509/2006 d’fheidhm a bheith aige, áfach, maidir le hiarratais a bhaineann le táirgí nach dtagann faoi raon feidhme Theideal III den Rialachán seo, agus ar iarratais iad a fuair an Coimisiún tráth sular tháinig an Rialachán seo i bhfeidhm.
Airteagal 59
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm le hAirteagal 12(3) agus le hAirteagal 23(3), áfach, ón 4 Eanáir 2016 gan dochar do tháirgí atá curtha cheana féin ar an margadh roimh an dáta sin.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
TÁIRGÍ TALMHAÍOCHTA AGUS BIA-EARRAÍ DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2(1)
I. Ainmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha
II. Sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht
IARSCRÍBHINN II
TÁBLA COMHGHAOIL DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 58(2)
Rialachán (CE) Uimh. 509/2006 |
An Rialachán seo |
Airteagal 1(1) |
Airteagal 2(1) |
Airteagal 1(2) |
Airteagal 2(3) |
Airteagal 1(3) |
Airteagal 2(4) |
Airteagal 2(1), pointe (a) |
Airteagal 3, pointe (5) |
Airteagal 2(1), pointe (b) |
Airteagal 3, pointe (3) |
Airteagal 2(1), pointe (c) |
— |
Airteagal 2(1), pointe (d) |
Airteagal 3, pointe (2) |
Airteagal 2(2), an chéad fhomhír go dtí an tríú fomhír |
— |
Airteagal 2(2), an ceathrú fomhír |
— |
Airteagal 3 |
Airteagal 22(1) |
Airteagal 4(1), an chéad fhomhír |
Airteagal 18(1) |
Airteagal 4(2) |
Airteagal 18(2) |
Airteagal 4(3), an chéad fhomhír |
— |
Airteagal 4(3), an dara fomhír |
Airteagal 18(4) |
Airteagal 5(1) |
Airteagal 43 |
Airteagal 5(2) |
Airteagal 42(1) |
Airteagal 6(1) |
Airteagal 19(1) |
Airteagal 6(1), pointe (a) |
Airteagal 19(1), pointe (a) |
Airteagal 6(1), pointe (b) |
Airteagal 19(1), pointe (b) |
Airteagal 6(1), pointe (c) |
Airteagal 19(1), pointe (c) |
Airteagal 6(1), pointe (d) |
— |
Airteagal 6(1), pointe (e) |
Airteagal 19(1), pointe (d) |
Airteagal 6(1), pointe (f) |
— |
Airteagal 7(1) agus (2) |
Airteagal 49(1) |
Airteagal 7(3), pointe (a) agus pointe (b) |
Airteagal 20(1), pointe (a) agus pointe (b) |
Airteagal 7(3), pointe (c) |
— |
Airteagal 7(3), pointe (d) |
— |
Airteagal 7(4) |
Airteagal 49(2) |
Airteagal 7(5) |
Airteagal 49(3) |
Airteagal 7(6), pointe (a), pointe (b) agus pointe (c) |
Airteagal 49(4) |
Airteagal 7(6), pointe (d) |
Airteagal 20(2) |
Airteagal 7(7) |
Airteagal 49(5) |
Airteagal 7(8) |
Airteagal 49(6) |
Airteagal 8(1) |
Airteagal 50(1) |
Airteagal 8(2), an chéad fhomhír |
Airteagal 50(2), pointe (b) |
Airteagal 8(2), an dara fomhír |
Airteagal 52(1) |
Airteagal 9(1) agus (2) |
Airteagal 51(1) |
Airteagal 9(3) |
Airteagal 21(1) agus (2) |
Airteagal 9(4) |
Airteagal 52(2) |
Airteagal 9(5) |
Airteagal 52(3) agus (4) |
Airteagal 9(6) |
Airteagal 51(5) |
Airteagal 10 |
Airteagal 54 |
Airteagal 11 |
Airteagal 53 |
Airteagal 12 |
Airteagal 23 |
Airteagal 13(1) |
— |
Airteagal 13(2) |
— |
Airteagal 13(3) |
— |
Airteagal 14(1) |
Airteagal 36(1) |
Airteagal 14(2) |
Airteagal 46(1) |
Airteagal 14(3) |
Airteagal 37(3), an dara fomhír |
Airteagal 15(1) |
Airteagal 37(1) |
Airteagal 15(2) |
Airteagal 37(2) |
Airteagal 15(3) |
Airteagal 39(2) |
Airteagal 15(4) |
Airteagal 36(2) |
Airteagal 16 |
— |
Airteagal 17(1) agus (2) |
Airteagal 24(1) |
Airteagal 17(3) |
Airteagal 24(2) |
Airteagal 18 |
Airteagal 57 |
Airteagal 19(1), pointe (a) |
— |
Airteagal 19(1), pointe (b) |
Airteagal 49(7), an dara fomhír |
Airteagal 19(1), pointe (c) |
Airteagal 49(7), an chéad fhomhír |
Airteagal 19(1), pointe (d) |
Airteagal 22(2) |
Airteagal 19(1), pointe (e) |
Airteagal 51(6) |
Airteagal 19(1), pointe (f) |
Airteagal 54(1) |
Airteagal 19(1), pointe (g) |
Airteagal 23(4) |
Airteagal 19(1), pointe (h) |
— |
Airteagal 19(1), pointe (i) |
— |
Airteagal 19(2) |
Airteagal 25(1) |
Airteagal 19(3), pointe (a) |
— |
Airteagal 19(3), pointe (b) |
Airteagal 25(2) |
Airteagal 20 |
Airteagal 47 |
Airteagal 21 |
Airteagal 58 |
Airteagal 22 |
Airteagal 59 |
Iarscríbhinn I |
Iarscríbhinn I (Cuid II) |
Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 |
An Rialachán seo |
Airteagal 1(1) |
Airteagal 2(1) agus (2) |
Airteagal 1(2) |
Airteagal 2(3) |
Airteagal 1(3) |
Airteagal 2(4) |
Airteagal 2 |
Airteagal 5 |
Airteagal 3(1), an chéad fhomhír |
Airteagal 6(1) |
Airteagal 3(1), an dara fomhír agus an tríú fomhír |
Airteagal 41(1), (2) agus (3) |
Airteagal 3 (2), (3) agus (4) |
Airteagal 6(2), (3) agus (4) |
Airteagal 4 |
Airteagal 7 |
Airteagal 5(1) |
Airteagal 3, pointe (2) agus Airteagal 49(1) |
Airteagal 5(2) |
Airteagal 49(1) |
Airteagal 5(3) |
Airteagal 8(1) |
Airteagal 5(4) |
Airteagal 49(2) |
Airteagal 5(5) |
Airteagal 49(3) |
Airteagal 5(6) |
Airteagal 9 |
Airteagal 5(7) |
Airteagal 8(2) |
Airteagal 5(8) |
— |
Airteagal 5(9), an chéad fhomhír |
— |
Airteagal 5(9), an dara fomhír |
Airteagal 49(5) |
Airteagal 5(10) |
Airteagal 49(6) |
Airteagal 5(11) |
— |
Airteagal 6(1), an chéad fhomhír |
Airteagal 50(1) |
Airteagal 6(2), an chéad fhomhír |
Airteagal 50(2), pointe (a) |
Airteagal 6(2), an dara fomhír |
Airteagal 52(1) |
Airteagal 7(1) |
Airteagal 51(1), an chéad fhomhír |
Airteagal 7(2) |
Airteagal 51(1), an dara fomhír |
Airteagal 7(3) |
Airteagal 10 |
Airteagal 7(4) |
Airteagal 52(2) agus (4) |
Airteagal 7(5) |
Airteagal 51(3) agus Airteagal 52(3) agus (4) |
Airteagal 7(6) |
Airteagal 11 |
Airteagal 7(7) |
Airteagal 51(5) |
Airteagal 8 |
Airteagal 12 |
Airteagal 9 |
Airteagal 53 |
Airteagal 10(1) |
Airteagal 36(1) |
Airteagal 10(2) |
Airteagal 46(1) |
Airteagal 10(3) |
Airteagal 37(3), an dara fomhír |
Airteagal 11(1) |
Airteagal 37(1) |
Airteagal 11(2) |
Airteagal 37(2) |
Airteagal 11(3) |
Airteagal 39(2) |
Airteagal 11(4) |
Airteagal 36(2) |
Airteagal 12 |
Airteagal 54 |
Airteagal 13(1) |
Airteagal 13(1) |
Airteagal 13(2) |
Airteagal 13(2) |
Airteagal 13(3) |
Airteagal 15(1) |
Airteagal 13(4) |
Airteagal 15(2) |
Airteagal 14 |
Airteagal 14 |
Airteagal 15 |
Airteagal 57 |
Airteagal 16, pointe (a) |
Airteagal 5(4), an dara fomhír |
Airteagal 16, pointe (b) |
— |
Airteagal 16, pointe (c) |
— |
Airteagal 16, pointe (d) |
Airteagal 49(7) |
Airteagal 16, pointe (e) |
— |
Airteagal 16, pointe (f) |
Airteagal 51(6) |
Airteagal 16, pointe (g) |
Airteagal 12(7) |
Airteagal 16, pointe (h) |
— |
Airteagal 16, pointe (i) |
Airteagal 11(3) |
Airteagal 16, pointe (j) |
— |
Airteagal 16, pointe (k) |
Airteagal 54(2) |
Airteagal 17 |
Airteagal 16 |
Airteagal 18 |
Airteagal 47 |
Airteagal 19 |
Airteagal 58 |
Airteagal 20 |
Airteagal 59 |
Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II |
Iarscríbhinn I (Cuid I) |
( 1 ) IO L 204, 21.7.1998, lch. 37.
( 2 ) IO L 78, 24.3.2009, lch. 1.
( 3 ) Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach ar tháirgí fíona cumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle (IO L 84, 20.3.2014, lch. 14).
( 4 ) Rialachán ►C3 (AE) 2017/625 ◄ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) ( ►C3 IO L 95, 7.4.2017, lch. 1 ◄ );