Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A SÉ: FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS - TEIDEAL I: FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ - Caibidil 1: Na hInstitiúidí - Roinn 5: Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh - Airteagal 257 (sean-Airteagal 225a CCE)
Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0160 - 0160
Airteagal 257 (sean-Airteagal 225a CCE) Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, cúirteanna speisialaithe a bhunú a bheidh i gceangal leis an gCúirt Ghinearálta chun aicmí áirithe caingne nó imeachtaí i réimsí áirithe a éisteacht agus a chinneadh ag céadchéim. Gníomhóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle trí bhíthin rialachán ar thogra ón gCoimisiún tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt Bhreithiúnais nó arna iarraidh sin don Chúirt Bhreithiúnais agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Socrófar sa rialachán ag cur cúirteanna speisialaithe ar bun na rialacha maidir le comhdhéanamh na cúirte sin agus sonrófar ann raon na dlínse a thugtar di. Beidh breitheanna arna dtabhairt ag na cúirteanna speisialaithe faoi réir ceart achomhairc a bheith ann ar phoncanna dlí amháin nó, nuair a fhoráiltear amhlaidh sa rialachán ag cur cúirt speisialaithe ar bun, faoi réir ceart achomhairc freisin ar cheisteanna fíorais a bheith ann chun na Cúirte Ginearálta. Roghnófar comhaltaí na gcúirteanna speisialaithe as measc daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a bhfuil acu an ábaltacht is gá chun feidhmeanna breithiúnacha a fheidhmiú. Ceapfaidh an Chomhairle iad, ag gníomhú di d'aon toil. Glacfaidh na cúirteanna speisialaithe a rialacha nós imeachta le comhaontú na Cúirte Breithiúnais. Is gá formheas ón gComhairle a bheith leis na rialacha sin. Mura bhforáiltear a mhalairt sa rialachán ag cur cúirteanna speisialaithe ar bun, beidh feidhm maidir leis na painéil bhreithiúnacha ag na forálacha sin de na Conarthaí a bhaineann le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus ag forálacha Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm ar aon chaoi ag Teideal I den Reacht agus ag Airteagal 64 de maidir leis na cúirteanna speisialaithe. --------------------------------------------------