7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/51 |
Airteagal 4
1. Déanfaidh an tAontas inniúlacht a roinnt leis na Ballstáit nuair a thugann na Conarthaí inniúlacht dó nach mbaineann leis na réimsí dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 6.
2. Cuirfear i bhfeidhm inniúlachtaí a bheidh á roinnt idir an tAontas agus na Ballstáit sna príomhréimsí seo a leanas:
(a) |
margadh inmheánach; |
(b) |
beartas sóisialta, i dtaca leis na gnéithe atá sainithe sa Chonradh seo; |
(c) |
comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach; |
(d) |
talmhaíocht agus iascach, amach ó acmhainní bitheolaíocha na mara a chaomhnú; |
(e) |
comhshaol; |
(f) |
cosaint tomhaltóirí; |
(g) |
iompar; |
(h) |
gréasáin thras-Eorpacha; |
(i) |
fuinneamh; |
(j) |
limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais; |
(k) |
gnáthchúraimí slándála i gcúrsaí sláinte poiblí, i dtaca leis na gnéithe atá sainithe sa Chonradh seo. |
3. I réimsí an taighde, na forbartha teicneolaíche agus an spáis, beidh inniúlacht ag an Aontas gníomhaíochtaí a chur i gcrích, go háirithe cláir a shainiú agus a chur chun feidhme; ar a shon sin, ní bheidh mar thoradh ar an inniúlacht sin a fheidhmiú na Ballstáit a chosc ar a n-inniúlacht siúd a fheidhmiú.
4. I réimsí an chomhair um fhorbairt agus na cabhrach daonnúla, beidh inniúlacht ag an Aontas gníomhaíochtaí a chur i gcrích agus comhbheartas a sheoladh; ar a shon sin, ní bheidh mar thoradh ar an inniúlacht sin a fheidhmiú na Ballstáit a chosc ar a n-inniúlacht siúd a fheidhmiú.