7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/172 |
Airteagal 290
1. Féadfar le gníomh reachtach an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo agus a fhorlíonann nó a leasaíonn gnéithe neamhriachtanacha áirithe den ghníomh reachtach sin a ghlacadh.
Déanfar cuspóirí, inneachar, raon feidhme agus ré tharmligean na cumhachta a shainiú go sainráite sna gníomhartha reachtacha. Déanfar na heilimintí sár-riachtanacha d'aon réimse a fhorchoimeád don ghníomh reachtach agus ní bheidh na heilimintí sin dá réir sin ina n-ábhar do tharmligean cumhachta.
2. Leagfar síos go sainráite le gníomhartha reachtacha na coinníollacha a mbeidh an tarmligean faoina réir; féadfaidh na coinníollacha sin a bheith mar a leanas:
(a) |
féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle a chinneadh an tarmligean a chúlghairm; |
(b) |
ní fhéadfaidh an gníomh arna tharmligean teacht i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse arna socrú leis an ngníomh reachtach. |
Chun críocha (a) agus (b), gníomhóidh Parlaimint na hEorpa trí thromlach na gcomhaltaí a chomhdhéanann í, agus gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe.
3. Déantar "arna tharmligean" nó "arna tarmligean" a chur isteach de réir mar is iomchuí i gceannteidil gníomhartha tarmligthe.