13.2.2008 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/8 |
RIALACHÁN (CE) UIMH. 107/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Eanáir 2008
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 maidir le maímh i leith cothaithe agus sláinte a dhéantar maidir le bianna i ndáil leis na cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) go bhfuil an nós imeachta rialúcháin a bunaíodh le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (4) le cur i bhfeidhm maidir le bearta cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann leis an Rialachán sin. |
(2) |
Leasaíodh Cinneadh 1999/468/CE le Cinneadh 2006/512/CE, lenar tugadh isteach an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú chun bearta cur chun feidhme a bhfuil raon feidhme ginearálta leo a ghlacadh, ar bearta iad a cheaptar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha d’ionstraim bhunaidh, a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh, a leasú, inter alia trí chuid de na heilimintí sin a scriosadh nó tríd an ionstraim a fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha. |
(3) |
Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún bearta Comhphobail a ghlacadh maidir le lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht bianna áirithe; maoluithe ó fhorálacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 a bhunú; próifílí cothaitheach a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta mar aon leis na coinníollacha agus na díolúintí faoina bhféadfar iad a úsáid; liostaí de mhaímh i leith cothaithe agus sláinte a bhunú agus/nó a leasú; agus an liosta bianna a mbeidh srian nó toirmeasc ar mhaímh a dhéanamh ina leith a leasú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán sin a leasú a cheapfar iad, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. |
(4) |
I gcás ina mbeidh feidhm ag forálacha cosanta sonraí, níor cheart go gcuirfeadh an t-údarú a shrianann úsáid chuig oibreoir aonair cosc ar iarratasóirí eile cur isteach ar údarú chun an maíomh céanna a úsáid. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 leis seo mar a leanas:
1. |
leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:
|
2. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d), an dara mír, Airteagal 3:
|
3. |
leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:
|
4. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(2): ‘2. Glacfar leasuithe ar an Iarscríbhinn i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3) agus, i gcás inar iomchuí, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás. I gcás inar iomchuí, déanfaidh an Coimisiún páirtithe leasmhara, go háirithe oibreoirí gnó bia agus grúpaí tomhaltóirí, a tharraingt isteach sa phróiseas chun an dearcadh agus an tuiscint ar na maímh a bheidh i gceist a mheas.’; |
5. |
leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:
|
6. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17(3): ‘3. Glacfar cinneadh críochnaitheach ar an iarratas, a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3). Ar a shon sin, i gcás ina mbeartóidh an Coimisiún úsáid an mhaímh a shrianadh i bhfabhar an iarratasóra, ar an iarratasóir cosaint sonraí dílseánaigh a iarraidh:
|
7. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír, Airteagal 18(4): ‘5. I gcás ina n-eiseoidh an tÚdarás tuairim nach dtacóidh leis an maíomh a chur isteach sa liosta dá dtagraítear i mír 4, glacfar cinneadh ar an iarratas, a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3). I gcás ina mbeartóidh an Coimisiún, áfach, úsáid an mhaímh a shrianadh i bhfabhar an iarratasóra, ar an iarratasóir cosaint sonraí dílseánaigh a iarraidh:
|
8. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2 agus phointe 3, den dara fomhír d’Airteagal 20(2):
|
9. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25: ‘Airteagal 25 An nós imeachta coiste 1. Tabharfaidh an Coiste cúnamh don Choimisiún. 2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de. Is trí mhí a shocrófar mar an tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE. 3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’; |
10. |
leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 15 Eanáir 2008
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
H.-G PÖTTERING
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. LENARČIČ
(1) IO C 325, 30.12.2006, lch. 37.
(2) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Meitheamh 2007 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 17 Nollaig 2007.
(3) IO L 404, 30.12.2006, lch. 9.
(4) IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).