30.12.2011 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/21 |
RIALACHÁN (AE) UIMH. 1338/2011 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE
an 13 Nollaig 2011
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1934/2006 ón gComhairle lena mbunaítear ionstraim maoinithe le haghaidh comhair le tíortha tionsclaithe agus le críocha tionsclaithe agus le tíortha eile ardioncaim agus le críocha eile ardioncaim
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) agus Airteagal 209(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach i bhfianaise an téacs chomhpháirtigh a d’fhormheas an Coiste Idir-réitigh an 31 Deireadh Fómhair 2011 (1),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Ó 2007 tá an Comhphobal tar éis an comhar geografach le tíortha atá i mbéal forbartha san Áise, san Áise Láir agus i Meiriceá Laidineach agus leis an Iaráic, leis an Iaráin, le hÉimin agus leis an Afraic Theas a shruthlíniú, faoi Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 lena mbunaítear ionstraim maoinithe le haghaidh comhair um fhorbairt (2). |
(2) |
Is é díothú bochtaineachta trí shaothrú Spriocanna Forbartha na Mílaoise príomhchuspóir agus cuspóir uileghabhálach Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006. Thairis sin, déantar raon feidhme an chomhair le haghaidh na gclár geografach le tíortha, le críocha agus le réigiúin atá i mbéal forbartha, ar cláir iad a bunaíodh faoin Rialachán sin, a theorannú go hábhartha do bhearta maoinithe arna gceapadh chun na critéir um Chúnamh Oifigiúil Forbartha (“critéir COF”) a chomhlíonadh, ar critéir iad a bhunaigh Coiste um Chúnamh Forbartha na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (“OECD/DAC”). |
(3) |
Is ar mhaithe le leasanna an Aontais atá sé a chaidreamh a dhoimhniú leis na tíortha lena mbaineann atá i mbéal forbartha, ar comhpháirtithe agus gníomhaithe tábhachtacha déthaobhacha iad i bhfóraim iltaobhacha agus sa rialachas domhanda. Leas straitéiseach ag an Aontas naisc éagsúlaithe a chur chun cinn leis na tíortha sin, go háirithe i réimsí amhail malartuithe eacnamaíocha, tráchtála, acadúla, gnó agus eolaíocha. Dá bhrí sin, teastaíonn ionstraim airgeadais, lena gceadaítear maoiniú do bhearta den chineál sin, ar bearta iad nach bhfuil cáilithe, i bprionsabal, mar COF faoi na critéir COF ach atá thar a bheith tábhachtach ó thaobh caidreamh a dhaingniú de, agus lena gcuidítear go mór le dul chun cinn na dtíortha atá i mbéal forbartha lena mbaineann a chur chun cinn. |
(4) |
Chun na críche sin, leagadh amach ceithre Gníomhaíochtaí Ullmhúcháin i nósanna imeachta buiséadacha don bhliain 2007 agus don bhliain 2008 chun an comhar feabhsaithe sin a thionscnamh, i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 49(6) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme i leith bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (3). Is iad na ceithre Gníomhaíochtaí Ullmhúcháin: malartuithe gnó agus malartuithe eolaíocha leis an India; malartuithe gnó agus malartuithe eolaíocha leis an tSín; comhar le tíortha an ghrúpa meánioncaim san Áise; agus comhar le tíortha an ghrúpa meánioncaim i Meiriceá Laidineach. Faoin Airteagal sin, ní mór an nós imeachta reachtach maidir leis na Gníomhaíochtaí Ullmhúcháin a thabhairt i gcrích roimh dheireadh an tríú bliain airgeadais. |
(5) |
Is iomchuí cuspóirí agus forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1934/2006 ón gComhairle (4) chun comhar feabhsaithe den chineál sin a shaothrú le tíortha a thagann faoi Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006. Chun na críche sin, is gá raon feidhme geografach Rialachán (CE) Uimh. 1934/2006 a leathnú agus foráil a dhéanamh d’imchlúdach airgeadais chun comhar leis na tíortha sin atá i mbéal forbartha a chumhdach. |
(6) |
Agus raon feidhme geografach Rialachán (CE) Uimh. 1934/2006 á leathnú, deantar na tíortha atá i mbéal forbartha lena mbaineann a thabhairt laistigh de raon feidhme dhá ionstraim éagsúil airgeadais um ghníomhaíocht sheachtrach. Ba cheart aire a thabhairt chun a áirithiú go ndéantar an dá ionstraim airgeadais sin a dheighilt go docht óna chéile. Maidir le bearta lena gcomhlíontar critéir COF, déanfar iad a mhaoiniú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006, ach beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1934/2006 go heisiach maidir le bearta nach gcomhlíontar, i bprionsabal, na critéir sin leo. Tá sé riachtanach, chomh maith, a áirithiú, maidir leis na tíortha a tháinig faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1934/2006 roimhe seo — tíortha tionsclaithe agus críocha tionsclaithe agus tíortha eile ardioncaim agus críocha eile ardioncaim — nach gcuirtear na tíortha sin faoi mhíbhuntáiste, go háirithe faoi mhíbhuntáiste airgeadais, trí raon feidhme geografach an Rialacháin sin a leathnú. |
(7) |
Ós rud é go bhfuil brú ollmhór á chur ar bhuiséid ar fud an Aontais de bharr na géarchéime eacnamaíche agus go gcumhdaítear, leis an leathnú atá á bheartú, tíortha ina léirítear, uaireanta, leibhéal iomaíochais, atá cosúil le leibhéal iomaíochais an Aontais, agus ar tíortha iad a bhfuil meánchaighdeán maireachtála acu atá ag tarraingt ar mheánchaighdeán maireachtála cuid de na Ballstáit, ba cheart, le comhar an Aontais, aird a thabhairt ar na hiarrachtaí atá déanta ag na tíortha is faighteoirí comhaontuithe idirnáisiúnta na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair a chomhlíonadh agus a bheith rannpháirteach sna cuspóirí ginearálta a bhaineann le hastuithe gáis cheaptha teasa a laghdú. |
(8) |
Leis an athbhreithniú ar chur chun feidhme na n-ionstraimí airgeadais a bhaineann le gníomhaíocht sheachtrach, sainaithníodh go bhfuil neamhréireachtaí sna forálacha lena ndéantar costais a bhaineann le cánacha, le dleachtanna nó le muirir eile a eisiamh mar chostais atá neamhcháilithe. Ar mhaithe le comhchuibheas, moltar go ndéanfaí na forálacha sin a chur i gcomhréir leis na hionstraimí eile. |
(9) |
Ba cheart, dá bhrí sin Rialachán (CE) Uimh. 1934/2006 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1934/2006
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1934/2006 leis seo mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad teideal an Rialacháin: |
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1 go 4: “Airteagal 1 Cuspóir 1. Chun críche an Rialacháin seo, cuimseoidh ‘tíortha tionsclaithe agus críocha tionsclaithe agus tíortha eile ardioncaim agus críocha eile ardioncaim’ tíortha agus críocha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus cuimseoidh ‘tíortha atá i mbéal forbartha’ tíortha a thagann faoi Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 lena mbunaítear ionstraim maoinithe le haghaidh comhair um fhorbairt (5) agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. Gairfear ‘tíortha is comhpháirtithe’ dóibh le chéile anseo feasta. Le maoiniú Aontais faoin Rialachán seo, tabharfar tacaíocht do chomhar eacnamaíoch, airgeadais, teicniúil, cultúrtha agus acadúil le tíortha is comhpháirtithe sna réimsí a leagtar amach in Airteagal 4, a thagann laistigh de réimsí inniúlachta an Rialacháin. Fónfar, leis an Rialachán seo, do bhearta a mhaoiniú, ar bearta iad nach gcomhlíonfar leo, i bprionsabal, na critéir le haghaidh Chúnaimh Oifigiúil Forbartha (‘critéir COF’) arna bhunú ag Coiste um Chúnamh Forbartha na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (‘OECD/DAC’). 2. Is éard a bheidh mar phríomhchuspóir ag an gcomhar leis na tíortha is comhpháirtithe freagairt shonrach a thabhairt ar an ngá atá ann le naisc idir na tíortha sin a neartú agus an gá le bheith ag gníomhú níos mó leo ar bhonn déthaobhach, réigiúnach nó iltaobhach chun timpeallacht níos fabhraí agus níos trédhearcaí a chruthú chun an caidreamh idir an tAontas agus na tíortha is comhpháirtithe a fhorbairt, i gcomhréir leis na prionsabail ar dá réir a threoraítear gníomhaíocht sheachtrach an Aontais, ar prionsabail iad a leagtar síos sna Conarthaí. Is éard atá i gceist leis seo, i measc nithe eile, an daonlathas a chur chun cinn, an meas ar chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, an smacht reachta, mar aon le hobair chuibhiúil agus dea-rialachas a chur chun cinn, an comhshaol a chaomhnú, chun rannchuidiú le dul chun cinn agus le próisis forbartha inbhuanaithe sna tíortha is comhpháirtithe. Airteagal 2 Raon Feidhme 1. Beidh sé mar aidhm ag an gcomhar caidreamh a chothú le tíortha is comhpháirtithe chun idirphlé agus rapprochement a fheabhsú agus chun struchtúir agus luachanna polaitiúla, eacnamaíocha agus institiúideacha atá comhchosúil a roinnt agus a chur chun cinn. Beidh sé mar aidhm ag an Aontas chomh maith comhar agus malartuithe a mhéadú le comhpháirtithe déthaobhacha agus le gníomhaithe déthaobhacha i bhfóraim iltaobhacha agus sa rialachas domhanda, ar comhpháirtithe agus gníomhaithe iad atá seanbhunaithe nó a bhfuil a dtábhacht á méadú. Leis an gcomhar cumhdaítear freisin comhpháirtithe ag a bhfuil leas straitéiseach ag an Aontas maidir le naisc agus a luachanna a chur chun cinn, ar luachanna iad a leagtar síos sna Conarthaí. 2. I gcúinsí a bhfuil bonn cirt cuí leo agus chun comhleanúnachas agus éifeachtacht a áirithiú maidir le maoiniú Aontais agus chun comhar réigiúnach a chothú, féadfaidh an Coimisiún, agus na cláir bhliantúla ghníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 6 á nglacadh aige, a chinneadh go bhfuil tíortha nach bhfuil liostaithe sna hIarscríbhinní cáilithe le haghaidh beart arna maoiniú faoin Rialachán seo, nuair is tionscadal nó clár de chineál réigiúnach nó de chineál trasteorann atá sa tionscadal nó sa chlár atá le cur chun feidhme. Déanfar forálacha chuige sin sna cláir ilbhliantúla comhair dá dtagraítear in Airteagal 5. 3. Déanfaidh an Coimisiún na liostaí atá in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a leasú tar éis athbhreithnithe tráthrialta OECD/DAC a dhéanamh ar a liosta de thíortha atá i mbéal forbartha, agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin méid sin. 4. Maidir le maoiniú Aontais faoin Rialachán seo, tabharfar aird faoi leith, i gcás inarb iomchuí, ar chomhlíonadh chroí-chaighdeáin saothair na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) ag tíortha is comhpháirtithe agus ar iarrachtaí na dtíortha sin féachaint le hastuithe gáis cheaptha teasa a laghdú. 5. Maidir leis na tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfar deimhin de go ndéanfar comhleanúnachas ó thaobh beartais de, leis na bearta arna maoiniú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 1337/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear saoráid chun freagairt thapa a thabhairt ar an ardú as cuimse atá ag teacht ar phraghsanna bia i dtíortha atá i mbéal forbartha (6) a urramú go docht. Airteagal 3 Prionsabail ghinearálta 1. Tá an tAontas fothaithe ar phrionsabail na saoirse, an daonlathais, an mheasa ar chearta an duine agus ar shaoirsí bunúsacha, agus an smachta reachta agus féachann sé le tiomantas i leith na bprionsabal sin a chur chun cinn, a fhorbairt agus a dhaingniú i dtíortha is comhpháirtithe trí idirphlé agus trí chomhar. 2. Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, féachfar le cur chuige difreáilte a shaothrú maidir le comhar a dhearadh le tíortha is comhpháirtithe, i gcás inarb iomchuí, chun comhthéacs eacnamaíoch, sóisialta agus polaitiúil na dtíortha sin a chur san áireamh chomh maith le leasanna sonracha, straitéisí sonracha agus tosaíochtaí sonracha an Aontais. 3. Beidh bearta arna maoiniú faoin Rialachán seo comhsheasmhach le réimsí comhair a leagtar amach, go háirithe, sna hionstraimí, sna comhaontuithe, sna dearbhuithe agus sna pleananna gníomhaíochta idir an tAontas agus na tíortha is comhpháirtithe agus cumhdófar na réimsí sin leis na bearta sin agus beidh siad i gcomhréir le réimsí a bhaineann le leasanna sonracha agus tosaíochtaí sonracha an Aontais. 4. Maidir le bearta arna maoiniú faoin Rialachán seo, féachfaidh an tAontas le comhleanúnachas a áirithiú le réimsí eile dá chuid gníomhaíochta seachtraí mar aon le beartais ábhartha eile Aontais, go háirithe an comhar um fhorbairt. Áiritheofar é sin trí bheartas a cheapadh, trí phleanáil straitéiseach agus trí bhearta a leagan amach agus a chur chun feidhme. 5. Maidir le bearta arna maoiniú faoin Rialachán seo, cuirfear leo le hiarrachtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit agus le hiarrachtaí arna ndéanamh ag comhlachtaí poiblí an Aontais i réimse an chaidrimh thráchtála agus i malartuithe cultúrtha, acadúla agus eolaíocha agus tabharfar luach breise leis na bearta sin do na hiarrachtaí sin. 6. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas agus beidh malartuithe tuairimí aige go tráthrialta léi. Airteagal 4 Réimsí comhair Tabharfar tacaíocht, le maoiniú Aontais, do ghníomhaíochtaí comhair i gcomhréir le hAirteagal 1 agus beidh an maoiniú sin comhsheasmhach le críoch fhoriomlán, le raon feidhme, le cuspóirí agus le prionsabail ghinearálta an Rialacháin seo. Cumhdófar le maoiniú Aontais gníomhaíochtaí, ar gníomhaíochtaí iad i bprionsabal nach gcomhlíontar critéir COF leo, agus a bhféadfadh gné réigiúnach a bheith ag baint leo sna réimsí comhair seo a leanas:
|
(3) |
in Airteagal 5 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Ní chumhdófar leis na cláir ilbhliantúla comhair ach tréimhse bailíochta an Rialacháin seo. Leagfar amach leo leasanna sonracha agus tosaíochtaí sonracha an Aontais, mar aon leis na cuspóirí ginearálta agus na torthaí a bhfuiltear ag súil leo. Go háirithe, ó thaobh Erasmus Mundus de, féachfar sna cláir leis an gcumhdach geografach is cothroime is féidir a bhaint amach. Leagfar amach sna cláir chomh maith na réimsí arna roghnú le haghaidh maoinithe ón Aontas agus leagfar amach iontu cionroinnt airgeadais tháscach na gcistí, san iomlán, de réir na réimse tosaíochta agus de réir na tíre is comhpháirtí nó an ghrúpa de thíortha is comhpháirtithe don tréimhse lena mbaineann. I gcás inarb iomchuí, féadfar é seo a leagan amach i bhfoirm raoin. Déanfar na cláir ilbhliantúla comhair a athbhreithniú i lár téarma, nó déanfar iad a athbhreithniú ar bhealach ad hoc más gá.”; |
(4) |
cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: “Airteagal 5a Leasanna straitéiseacha, cuspóirí ginearálta, réimsí tosaíochta an Aontais maidir le maoiniúchán agus na torthaí a bhfuiltear ag súil leo i ndáil le comhar le tíortha is comhpháirtithe a liostaítear in Iarscríbhinn II Beidh na cláir ilbhliantúla comhair dá dtagraítear in Airteagal 5 leis na tíortha is comhpháirtithe a liostaítear in Iarscríbhinn II bunaithe ar na cuspóirí ginearálta seo a leanas, ar na tosaíochtaí le haghaidh maoiniúcháin seo a leanas, agus ar na torthaí seo a leanas a bhfuiltear ag súil leo:
Ba cheart go mbeadh na gníomhaíochtaí sin ina gcabhair chun tairbhí frithpháirteacha a fháil ón oideachas, ón gcultúr agus ón gcomhar leis an tsochaí shibhialta. Déanfar é sin trí fheabhas a chur ar cháilíocht an oideachais arna chur ar fáil agus trí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin fhrithpháirteacha a bhaineann le sochaithe eolasbhunaithe a fhorbairt. Leis na gníomhaíochtaí a dhéantar, ba cheart go gcuirfí go mór le cros-toirchiú smaointe, eolais, torthaí taighde agus teicneolaíochta trí mhalartuithe acadúla agus gairmiúla, go háirithe le tíortha is comhpháirtithe a bhfuil córais ardoideachais acu atá inchomparáide le córais an Aontais.”; |
(5) |
in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Déanfaidh an Coimisiún cláir bhliantúla ghníomhaíochta a ghlacadh, ar cláir iad a bheidh bunaithe ar na cláir ilbhliantúla chomhair dá dtagraítear in Airteagal 5 agus déanfaidh sé iad a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach.”; |
(6) |
leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas:
|
(7) |
in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. Ní úsáidfear maoiniú Aontais, i bprionsabal, chun cánacha, dleachtanna nó muirir a íoc sna tíortha is comhpháirtithe.”; |
(8) |
leasaítear Airteagal 9 mar seo a leanas:
|
(9) |
leasaítear Airteagal 12 mar seo a leanas:
|
(10) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13 agus in ionad Airteagal 14: “Airteagal 13 Meastóireacht 1. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht rialta ar na gníomhaíochtaí agus ar na cláir arna maoiniú faoin Rialachán seo, i gcás inarb iomchuí nó arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle, trí bhíthin tuarascálacha meastóireachta seachtracha neamhspleácha, chun a fháil amach an bhfuil na cuspóirí á gcomhlíonadh agus lena chur ar a chumas moltaí a dhéanamh d’fhonn feabhas a chur ar a chuid oibríochtaí sa todhchaí. Cuirfear torthaí na meastóireachtaí sin san áireamh nuair a bheidh cláir á gceapadh agus nuair a bheidh acmhainní á gcionroinnt. 2. Seolfaidh an Coimisiún na tuarascálacha meastóireachta dá dtagraítear i mír 1 chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, mar eolas. 3. Cinnteoidh an Coimisiún go mbeidh geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear gníomhaithe nach gníomhaithe Stáit iad, páirteach i gcéim na meastóireachta i leith an chomhair Aontais, ar comhar é dá bhforáiltear faoin Rialachán seo. Airteagal 14 Tuarascáil bhliantúil Scrúdóidh an Coimisiún an dul chun cinn a rinneadh i ndáil le cur chun feidhme na mbeart a glacadh faoin Rialachán seo agus déanfaidh sé tuarascáil bhliantúil mhionsonraithe a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Leagfar amach sa tuarascáil torthaí chur chun feidhme an bhuiséid agus léireofar léi gach gníomhaíocht agus gach clár arna maoiniú agus, a mhéid is féidir, leagfar amach inti príomhthorthaí agus príomhiarmhairtí na ngníomhaíochtaí comhair agus na gclár comhair.”; |
(11) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16: “Airteagal 16 Forálacha airgeadais Is EUR 172 milliún a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais i leith cur chun feidhme an Rialacháin seo don tréimhse ó 2007 go 2013 i gcomhair na dtíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I agus is EUR 176 milliún a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais i gcomhair na dtíortha a liostaítear in Iarscríbhinn II. Údaróidh an t-údarás buiséadach na leithreasaí bliantúla laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais.”; |
(12) |
san Iarscríbhinn, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: Liosta de na tíortha tionsclaithe agus de na críocha tionsclaithe agus de na tíortha eile ardioncaim agus na gcríoch eile ardioncaim a chumhdaítear leis an Rialachán seo”; |
(13) |
cuirtear Iarscríbhinn II nua agus Iarscríbhinn III nua isteach, agus tá téacs na nIarscríbhinní sin leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg an 13 Nollaig 2011.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
J. BUZEK
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. SZPUNAR
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Deireadh Fómhair 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 10 Nollaig 2010 (IO C 7 E, 12.1.2011, lch. 1.). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Feabhra 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Nollaig 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 28 Samhain 2011.
(2) IO L 378, 27.12.2006, lch. 41.
(3) IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.
(4) IO L 405, 30.12.2006, lch. 41.
(5) IO L 378, 27.12.2006, lch. 41.
(6) IO L 354, 31.12.2008, lch. 62.”;
(7) IO L 163, 2.7.1996, lch. 1.
(8) IO L 327, 24.11.2006, lch. 1.”;
(9) IO L 312, 23.12.1995, lch. 1.
(10) IO L 292, 15.11.1996, lch. 2.
(11) IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.”;
IARSCRÍBHINN
IARSCRÍBHINN II
Liosta de na tíortha atá i mbéal forbartha agus a chumhdaítear leis an Rialachán seo
Meiriceá Laidineach
1. |
An Airgintín |
2. |
An Bholaiv |
3. |
An Bhrasaíl |
4. |
An tSile |
5. |
An Cholóim |
6. |
Cósta Ríce |
7. |
Cúba |
8. |
Eacuadór |
9. |
An tSalvadóir |
10. |
Guatamala |
11. |
Hondúras |
12. |
Meicsiceo |
13. |
Nicearagua |
14. |
Panama |
15. |
Paragua |
16. |
Peiriú |
17. |
Uragua |
18. |
Veiniséala |
An Áise
19. |
An Afganastáin |
20. |
An Bhanglaidéis |
21. |
An Bhútáin |
22. |
Burma/Maenmar |
23. |
An Chambóid |
24. |
An tSín |
25. |
An India |
26. |
An Indinéis |
27. |
Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré |
28. |
Laos |
29. |
An Mhalaeisia |
30. |
Oileáin Mhaildíve |
31. |
An Mhongóil |
32. |
Neipeal |
33. |
An Phacastáin |
34. |
Na hOileáin Fhilipíneacha |
35. |
Srí Lanca |
36. |
An Téalainn |
37. |
Vítneam |
An Áise Láir
38. |
An Chasacstáin |
39. |
Poblacht na Cirgise |
40. |
An Táidsíceastáin |
41. |
An Tuircméanastáin |
42. |
An Úisbéiceastáin |
An Meánoirthear
43. |
An Iaráin |
44. |
An Iaráic |
45. |
Éimin |
An Afraic Theas
46. |
An Afraic Theas |
IARSCRÍBHINN III
Cionroinnt airgeadais na gcistí le haghaidh comhair leis na tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn II
Is mar seo a leanas a dhéanfar na cistí a dháileadh de réir réimse tosaíochta le haghaidh comhair leis na tíortha is comhpháirtithe a liostaítear in Iarscríbhinn II don tréimhse 2011-2013:
Réimse tosaíochta |
|
Taidhleoireacht phoiblí agus for-rochtain |
5 % ar a laghad |
Comhpháirtíocht eacnamaíoch agus comhar gnó a chur chun cinn |
50 % ar a laghad |
Naisc idir dhaoine |
20 % ar a laghad |
Cúlchiste gan cionroinnt agus costais riaracháin |
10 % ar a mhéid |
RÁITEAS ÓN GCOIMISIÚN MAIDIR LE HAIRTEAGAL 16
Leis an Rialachán, tugtar aghaidh ar an tsaincheist a bhaineann le tacaíocht a thabhairt do roinnt gníomhaíochtaí sonracha nach mbaineann le Cúnamh Oifigiúil Forbartha (COF) i dtíortha a chumhdaítear faoin Ionstraim maoinithe do Chomhar um Fhorbairt (Rialachán Uimh. 1905/2006). Ceaptar an Rialachán mar réiteach aonuaire ar an tsaincheist sin.
Athdhearbhaíonn an Coimisiún gurb é díothú na bochtaineachta lena n-áirítear saothrú Spriocanna Forbartha na Mílaoise an príomhchuspóir atá ag a bheartas maidir le comhar um fhorbairt agus gur tosaíocht atá ann i gcónaí.
Meabhraíonn sé go ndéanfar an méid tagartha airgeadais a shocraítear in Airteagal 16 le haghaidh tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn II a chur chun feidhme trí úsáid a bhaint as línte buiséid speisialta a cheaptar le haghaidh gníomhaíochtaí seachas Cúnamh Oifigiúil Forbartha.
Thairis sin, deimhníonn an Coimisiún go bhfuil sé beartaithe aige an méid tagartha airgeadais a shocraítear in Airteagal 38 den Ionstraim maoinithe do Chomhar um Fhorbairt (Rialachán Uimh. 1905/2006) a urramú don tréimhse 2007-2013 chomh maith leis na forálacha sa Rialachán céanna maidir leis na critéir don COF a chomhlíonadh. Meabhraíonn sé, ar bhonn na pleanála airgeadais atá ann faoi láthair, go sárófar an méid tagartha sin in 2013.
Sa chomhthéacs sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún dréachtbhuiséid a mholadh lena n-áiritheofar dul chun cinn i gcúnamh forbartha don Áise agus do Mheiriceá Laidineach faoi Rialachán Uimh. 1905/2006 i ndáil leis an ionstraim do chomhar um fhorbairt le linn na tréimhse go dtí 2013 i dtreo is nach ndéanfar difear do na méideanna COF atá réamh-mheasta faoi láthair faoin ICF agus faoi bhuiséad an AE i gcoitinne.
RÁITEAS Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE MAIDIR LE LEAS A BHAINT AS GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE SA CHREAT AIRGEADAIS ILBHLIANTÚIL (MFF) 2014-2020 A BHEIDH ANN AMACH ANSEO
Tugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar aird an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal Buiséad don Eoraip 2020 (COIM (2011) 500 (1)), agus go háirithe go bhfuil sé beartaithe leas a bhaint as gníomhartha tarmligthe sna hionstraimí a bheidh ann amach anseo maidir le maoiniú seachtrach agus tá siad ag feitheamh le tograí reachtacha, a dtabharfar aird chuí orthu.
(1) Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal: Buiséad don Eoraip 2020 (COIM (2011) 500), luaitear an méid seo a leanas:
‘Ina theannta sin, leis an mbunús dlí a bheidh leis na hionstraimí difriúla, beartófar leas a bhaint go forleathan as gníomhartha tarmligthe ionas gur mó an tsolúbthacht a bheidh ann agus beartais á mbainistiú le linn na tréimhse maoiniúcháin, agus ag an am céanna beidh sainchumais an dá bhrainse den reachtóir á n-urramú.’
agus
‘Meastar go gcaithfear feabhas a chur ar an ngrinnscrúdú daonlathach a dhéantar ar chúnamh seachtrach. D'fhéadfaí sin a dhéanamh trí leas a bhaint as gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i gcás gnéithe áirithe de na cláir, rud a chiallódh go mbeadh na comhreachtóirí ar chomhchéim agus rud a áiritheodh gur mó an tsolúbthacht a bheidh ann i gcás na pleanála. Maidir leis an gCiste Eorpach Forbraíochta, tá sé beartaithe an grinnscrúdú a thabhairt ar aon dul leis an ionstraim do chomhar um fhorbairt, agus sainiúlachtaí na hionstraime seo a chur san áireamh ag an am céanna’.