4.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 197/114 |
CINNEADH (CBES) 2021/904 ÓN gCOMHAIRLE
an 3 Meitheamh 2021
lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES
maidir le Misean Smachta Reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (*) (EULEX KOSOVO)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 4 Feabhra 2008, ghlac an Chomhairle Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES (1). |
(2) |
An 11 Meitheamh 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/792 (2), lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES agus lena gcuirtear síneadh leis an Misean go dtí an 14 Meitheamh 2021. |
(3) |
I gcomhthéacs an Athbhreithnithe Straitéisigh ar EULEX KOSOVO, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) gur cheart síneadh a chur leis an Misean go dtí an 14 Meitheamh 2023 agus gur cheart an cúram maidir le tacaíocht oibríochtúil a chur ar fáil don idirphlé arna éascú ag an Aontas a aistriú chuig Oifig an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv faoin 31 Nollaig 2022. |
(4) |
Níor cheart a thuiscint go ndéanann aon ní sa Chinneadh seo dochar do neamhspleáchas agus d’uathriail na mbreithiúna ná na n-ionchúisitheoirí atá gníomhach in imeachtaí breithiúnacha i gcomhthéacs EULEX KOSOVO. |
(5) |
Ós rud é go bhfuil saintréithe speisialta ag roinnt le gníomhaíochtaí EULEX KOSOVO de thaca leis na himeachtaí breithiúnacha a athlonnaíodh laistigh de Bhallstát, is iomchuí a shainaithint sa Chinneadh seo an méid a bheartaítear chun an tacaíocht do na himeachtaí breithiúnacha sin a athlonnaíodh a chumhdach agus foráil a dhéanamh maidir leis an gcuid sin den bhuiséad a chur chun feidhme trí bhíthin deontais. |
(6) |
Ba cheart Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES a leasú dá réir sin. |
(7) |
Cuirfear EULEX KOSOVO i gcrích i gcomhthéacs staid a bhféadfadh meathlú teacht uirthi agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh iad, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear, leis seo, Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 3, cuirtear an abairt seo a leanas leis: “Déanfar an cúram maidir le tacaíocht oibríochtúil a chur ar fáil don idirphlé arna éascú ag an Aontas a aistriú chuig Oifig an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv faoin 31 Nollaig 2022.”; |
(2) |
leasaítear Airteagal 16 mar seo a leanas:
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte den dara mír d’Airteagal 20: “Rachaidh sé in éag an 14 Meitheamh 2023.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 3 Meitheamh 2021/
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. N. SANTOS
(*) Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le Rún 1244 (1999) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
(1) Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES ón gComhairle an 4 Feabhra 2008 maidir le Misean Rialach Dlí an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv, EULEX KOSOVO (IO L 42, 16.2.2008, lch. 92).
(2) Cinneadh (CBES) 2020/792 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2020 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES ón gComhairle maidir le Misean Rialach Dlí an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (EULEX KOSOVO) (IO L 193, 17.6.2020, lch. 9).