18.2.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 57/77 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/243 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Feabhra 2021
lena bhformheastar leasuithe nach mion ar an tsonraíocht le haghaidh ainm atá cláraithe i gclár na sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint “Vinagre del Condado de Huelva” (STFC)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1) agus go háirithe Airteagal 52(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhua na chéad fhomhíre d’Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na Spáinne ar fhormheas na leasuithe ar an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Vinagre del Condado de Huelva”, atá cláraithe faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh.984/2011 ón gCoimisiún (2). |
(2) |
Ós rud é gur leasuithe nach mion atá i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3) faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2)(a) den Rialachán sin. |
(3) |
Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas agóide faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart na leasuithe ar an tsonraíocht a fhormheas, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheastar leis seo na leasuithe ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Vinagre del Condado de Huelva” (STFC).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Feabhra 2021.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 984/2011 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2011 lena n-iontráiltear ainm i gclár na sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na sonraí geografacha faoi chosaint [Vinagre del Condado de Huelva (PDO)] (IO L 260, 5.10.2011, lch. 7).