6.8.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 283/11 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1303 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Lúnasa 2021
lena gcealaítear an chosaint arna tabhairt don sonrúchán tionscnaimh (“Neusiedlersee-Hügelland” (STFC))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 106 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le hAirteagal 19 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (2) sonraítear go bhfuil feidhm mutatis mutandis ag an nós imeachta a bhunaítear le hAirteagal 94 agus le hAirteagail 96 go 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 maidir le cealú sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint de réir bhrí Airteagal 106 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
(2) |
De bhun Airteagal 19 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Ostair ar chealú an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Neusiedlersee-Hügelland” a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3). |
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ós rud é nár tugadh aon fhógra faoi ráiteas freasúra don Choimisiún, ba cheart an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Neusiedlersee-Hügelland” a chealú. |
(4) |
I bhfianaise chealú chosaint an tsonrúcháin tionscnaimh “Neusiedlersee-Hügelland”, ní mór an iontráil a scriosadh ó chlár an Aontais um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint i gcomhair fíonta dá dtagraítear in Airteagal 104 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
(5) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cealaítear leis seo an chosaint a thugtar don sonrúchán tionscnaimh “Neusiedlersee-Hügelland” (STFC).
Airteagal 2
Cealaítear leis seo clárú an tsonrúcháin tionscnaimh “Neusiedlersee-Hügelland” (STFC) sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint i gcomhair fíonta.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Lúnasa 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiarratais ar chosaint sonrúchán tionscnaimh, tásca geografacha agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí, cealú cosanta agus lipéadú agus cur i láthair (IO L 9, 11.1.2019, lch. 2).