23.8.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 298/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1383 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Meitheamh 2021
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/990 a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le sócmhainní a fhaigheann cistí margaidh airgid mar chuid de chomhaontuithe athcheannaigh droim ar ais
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le cistí margaidh airgid (1), agus go háirithe Airteagal 15(7) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/990 (2) ón gCoimisiún tá infheistíochtaí incháilithe i gcomhaontuithe athcheannaigh droim ar ais ag bainisteoirí cistí margaidh airgid faoi réir ceanglais bhreise cáilíochtúla agus cainníochtúla, lena n-airítear coigeartú sonrach ar luach sócmhainne (caolchorrlach). Mar sin féin, níl feidhm ag ceanglais maidir le hidirbhearta a dhéantar le hinstitiúidí creidmheasa, gnólachtaí árachais agus gnóthas árachais a bhunaítear san Aontas nó a chumhdaítear faoi chinneadh coibhéise. Le hAirteagal 2(6), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/990 sonraítear na creataí rialála faoi seach le haghaidh gach ceann do na hinstitiúidí airgeadais sin. |
(2) |
Chun a áirithiú nach mbeidh feidhm ag díolúintí ach amháin i gcás inar glacadh cinntí coibhéise i leith tríú tíortha lena mbaineann agus chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú i dtaobh an nós imeachta coibhéise infheidhme, is gá sonrú a dhéanamh ar na forálacha ábhartha bunaithe ar na cinntí coibhéise a bheidh le glacadh chun go gcuirfear na díolúintí sin i bhfeidhm. Is gá, dá bhrí sin, na nósanna imeachta ábhartha a shonrú chun coibhéis na tríú tíre ina bhfuil na heintitis bunaithe a chinneadh. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/990 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. In Airteagal 2(6) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/990, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a), (b) agus (c):
“(a) |
institiúid creidmheasa a dhéanfar maoirseacht uirthi faoi Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), nó institiúid creidmheasa údaraithe i dtríú tír ar glacadh cinneadh coibhéise ina leith i gcomhréir le hAirteagal 114(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; |
(b) |
cuideachta infheistíochta a dhéanfar maoirseacht uirthi faoi Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), nó cuideachta infheistíochta údaraithe i dtríú tír ar glacadh cinneadh coibhéise ina leith i gcomhréir le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014; |
(c) |
gnóthas árachais a dhéanfar maoirseacht air faoi Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), nó gnóthas árachais údaraithe i dtríú tír ar glacadh cinneadh coibhéise ina leith i gcomhréir le hAirteagal 260 den Treoir sin; |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Meitheamh 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 169, 30.6.2017, lch. 8.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/990 ón gCoimisiún an 10 Aibreán 2018 lena leasaítear agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hurrúsuithe simplí, trédhearcacha agus caighdeánaithe (STS) agus páipéir tráchtála sócmhainnbhunaithe (ABCPanna), ceanglais le haghaidh sócmhainní a fhaightear mar chuid de chomhaontuithe athcheannaigh droim ar ais agus na modheolaíochtaí atá ann chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht chreidmheasa (IO L 177, 13.7.2018, lch. 1).