30.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 173/73 |
CINNEADH (CBES) 2022/1044 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA
an 28 Meitheamh 2022
lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) (EUPOL COPPS/1/2022)
TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38, an tríú mír, de,
Ag féachaint do Chinneadh 2013/354/CBES ón gComhairle an 3 Iúil 2013 maidir le Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) (1), agus go háirithe Airteagal 9(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal 9(1) de Chinneadh 2013/354/CBES, údaraítear don Choiste Polaitiúil agus Slándála, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chonradh, na cinntí ábhartha a ghlacadh chun rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach Mhisean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) a fheidhmiú, lena n-áirítear an cinneadh Ceann Misin a cheapadh. |
(2) |
An 13 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2020/1541 (2) lena gceaptar Nataliya APOSTOLOVA mar Cheann Misin EUPOL COPPS don tréimhse ón 15 Samhain 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021. |
(3) |
An 28 Meitheamh 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/1066 (3), lenar cuireadh síneadh le sainordú EUPOL COPPS go dtí an 30 Meitheamh 2022. |
(4) |
An 1 Iúil 2021, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2021/1128 (4), lena gcuirtear síneadh le sainordú Nataliya APOSTOLOVA mar Cheann Misin EUPOL COPPS go dtí an 30 Meitheamh 2022. |
(5) |
An 27 Meitheamh 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1018 (5) lena gcuirtear síneadh le sainordú EUPOL COPPS ón 1 Iúil 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2023. |
(6) |
Tá molta ag Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála go ndéanfaí síneadh a chur le sainordú Nataliya APOSTOLOVA mar Cheann Misin EUPOL COPPS ón 1 Iúil 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2023, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, cuirtear síneadh le sainordú Nataliya APOSTOLOVA mar Cheann Misin Mhisean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) ón 1 Iúil 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2023.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2022.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Meitheamh 2022.
Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála
D. PRONK
An Cathaoirleach
(1) IO L 185, 4.7.2013, lch. 12.
(2) Cinneadh (CBES) 2020/1541 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 13 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Ceann Misin Mhisean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) (EUPOL COPPS/1/2020) a cheapadh (IO L 353, 23.10.2020, lch. 8).
(3) Cinneadh (CBES) 2021/1066 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2021 lena leasaítear Cinneadh 2013/354/CBES maidir le Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) (IO L 229, 29.6.2021, lch. 13).
(4) Cinneadh (CBES) 2021/1128 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 1 Iúil 2021 lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) (EUPOL COPPS/1/2021) (IO L 244, 9.7.2021, lch. 3).
(5) Cinneadh (CBES) 2022/1018 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2013/354 ón gComhairle a maidir le Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) (IO L 170, 28.6.2022, lch. 76).