30.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 252/73 |
CINNEADH (AE) 2022/1680 ÓN gCOMHAIRLE
an 26 Meán Fómhair 2022
lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Ríocht na Spáinne, de Choiste na Réigiún
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),
Ag féachaint don togra ó Rialtas na Spáinne,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla agus sainordú toghchánach acu in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa. |
(2) |
An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. |
(3) |
Tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Alberto NÚÑEZ FEIJÓO a cheapadh. |
(4) |
Mhol Rialtas na Spáinne Alfonso RUEDA VALENZUELA, arb ionadaí do chomhlacht réigiúnach é agus sainordú toghchánach aige in údarás réigiúnach, Presidente de la Junta de Galicia (Uachtarán Rialtas Réigiúnach na Gailíse), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Alfonso RUEDA VALENZUELA, arb ionadaí do chomhlacht réigiúnach é agus sainordú toghchánach aige in údarás réigiúnach, Presidente de la Junta de Galicia (Uachtarán Rialtas Réigiúnach na Gailíse), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. NEKULA
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.
(2) Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).