23.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 303/3


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2288 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Lúnasa 2022

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2066 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le síneadh na díolúine ard-inmharthanachta maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír le haghaidh breallaigh mhaighdeogacha (Venus spp.), Muiríní (Pecten Jacobaeus) agus breallaigh chroise (Venerupis spp.) sa Mheánmhuir Thiar

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 (1), agus go háirithe Airteagal 14 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2066 ón gCoimisiún (2), déantar foráil maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír le haghaidh stoic ghrinnill áirithe sa Mheánmhuir, agus feidhm leis ón 1 Eanáir 2022 go dtí 31 Nollaig 2024.

(2)

An 9 Bealtaine 2022, chuir an Spáinn, an Fhrainc agus an Iodáil (“Grúpa Ardleibhéil Pescamed”), moladh comhpháirteach faoi bhráid an Choimisiúin ina moltar síneadh a chur le díolúintí áirithe ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás iascaigh ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar, agus tuairimí Chomhairle Chomhairleach na Meánmhara á gcur san áireamh.

(3)

Rinne an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (“STECF”) measúnú ar an moladh comhpháirteach idir an 16 agus an 20 Bealtaine 2022 (3).

(4)

An 8 Iúil 2022, chuir Grúpa Ardleibhéil Pescamed moladh comhpháirteach nuashonraithe isteach a ndearna STECF measúnú air freisin.

(5)

Faoi Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), rinne an Coimisiún breithniú ar an moladh comhpháirteach an 8 Iúil 2022 i bhfianaise mheasúnú STECF chun a áirithiú go bhfuil sé comhoiriúnach leis na bearta caomhnaithe ábhartha, lena n-áirítear an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír.

(6)

Moltar sa mholadh comhpháirteach nuashonraithe an 8 Iúil 2022 síneadh a chur leis na díolúintí ard-inmharthanachta, mar a fhoráiltear in Airteagal 15(4), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, arna bhunú le haghaidh breallaigh mhaighdeogacha (Venus spp.), Muiríní (Pecten jacobaeus) agus breallaigh chroise (Venerupis spp.) a ghabhtar le dreidirí meicnithe.

(7)

Maidir le breallaigh mhaighdeogacha (Venus spp.), tháinig STECF ar an gconclúid go bhfuil meastacháin láidre ard-inmharthanachta san fhaisnéis tacaíochta. Measann an Coimisiún gur cheart síneadh a chur leis an díolúine dá bhrí sin.

(8)

Maidir le muiríní (Pecten jacobaeus) agus breallaigh chroise (Venerupis spp.), chuir STECF i dtábhacht gur gá fianaise bhreise a chur isteach a mhéid a bhaineann le muiríní (Pecten jabobaeus). Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil staidéir eolaíocha agus foilseacháin ann maidir leis an dá speiceas sin agus speicis dhébhlaoscacha chomhchosúla eile a ghabhann dreidirí meicnithe in imchuacha farraige eile a ndearna STECF measúnú orthu san am a chuaigh thart. Maidir leis na cosúlachtaí idir muiríní na Meánmhara Thiar (Pecten jacobaeus) agus le breallaigh chroise (Venerupis spp.), déanfar ard-inmharthanacht na speiceas sin a mheas i ndáil leis an dá speiceas sin agus iarrfar ar na Ballstáit staidéir a fhorbairt sa Mheánmhuir Thiar.

(9)

Ós rud é go bhfuil an fhianaise maidir le rátaí marthanais muiríní (Pecten jacobaeus) agus breallaigh chroise (Venerupis spp.) neamhchonclúideach agus gur tháinig STECF ar an gconclúid gur gá tuilleadh fianaise eolaíche maidir leis an inmharthanacht a thabhairt maidir leis na speicis dhébhlaoscacha sin sa Mheánmhuir Thiar, measann an Coimisiún nár cheart síneadh a chur leis an díolúine ach ar feadh tréimhse ghearr. Ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann, dá bhrí sin, an fhianaise eolaíoch ábhartha a chur faoi bhráid STECF chun go ndéanfaidh STECF meastóireacht air.

(10)

Sa mholadh comhpháirteach nuashonraithe uathu an 8 Iúil 2022, rinne na Ballstáit lena mbaineann athnuachan ar a ngealltanas roghnaíocht an trealaimh iascaireachta a mhéadú i gcomhréir le torthaí na gclár taighde reatha chun gabhálacha de thaisme a laghdú agus a theorannú agus go háirithe gabhálacha faoi bhun íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a laghdú agus a theorannú.

(11)

Ina theannta sin, gheall na Ballstáit lena mbaineann sa mholadh comhpháirteach nuashonraithe an 8 Iúil 2022 go ndéanfaidh siad limistéir iata bhreise a shainaithint chun básmhaireacht i measc na n-iasc óg a laghdú, i gcás ina bhfuil fianaise ann go bhfuil líon ard iasc óg ann.

(12)

Tá na bearta a mholtar sa mholadh comhpháirteach nuashonraithe an 8 Iúil 2022 i gcomhréir le hAirteagal 15(4), 15(5), pointe (b), agus le hAirteagal 18(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2066 a leasú dá réir.

(13)

Ós rud é go bhfuil tionchar díreach ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar phleanáil an tséasúir iascaireachta le haghaidh shoithí an Aontais agus ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leo, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm láithreach tar éis a fhoilsithe. Ba cheart feidhm a bheith aige ó dháta níos déanaí, áfach.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2066 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a), (b) agus (c):

“(a)

muiríní (Pecten jacobeus) a ghabhtar le dreidirí meicniúla (HMD) go dtí an 31 Nollaig 2023;

(b)

breallaigh chroise (Venerupis spp.) a ghabhtar le dreidirí meicnithe (HMD) go dtí an 31 Nollaig 2023;

(c)

breallaigh mhaighdeogacha (Venus spp.) a ghabhtar le dreidirí meicnithe (HMD) go dtí an 31 Nollaig 2024;”

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Faoin 1 Bealtaine 2022 agus 2023, déanfaidh na Ballstáit a bhfuil leas díreach bainistíochta acu san iascach sa Mheánmhuir sonraí breise maidir le hábhar muirí aischurtha agus aon fhianaise eolaíoch ábhartha eile a thacaíonn leis an díolúine a leagtar síos i bpointí (a), (b) de mhír 1 a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Déanfaidh STECF meastóireacht ar na sonraí agus ar an bhfaisnéis a chuirfear isteach faoin 31 Iúil ar a dhéanaí.”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Lúnasa 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 172, 26.6.2019, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2066 ón gCoimisiún an 25 Lúnasa 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le mionsonraí faoi chur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír maidir le stoic ghrinnill áirithe sa Mheánmhuir Thiar le haghaidh na tréimhse 2022-2024 (IO L 421, 26.11.2021, lch. 17).

(3)  An Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) – Meastóireacht ar na Moltaí Comhpháirteacha i ndáil leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír agus leis an Rialachán maidir le Bearta Teicniúla (STECF-22-05).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).


  翻译: