AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,27.11.2020
COM(2020) 763 final
2020/0337(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bhunaítear leis an gComhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus Poblacht na Moldóive
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bhunaítear leis an gComhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus Poblacht na Moldóive (‘an Comhaontú’).
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Comhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Ballstáit agus Poblacht na Moldóive
Tá sé d’aidhm ag an gComhaontú Comhlimistéar Eitlíochta (CAA) a chruthú trí rochtain a thabhairt ar mhargaí na bPáirtithe, limistéar ina mbeidh dálaí iomaíochta comhionanna, agus urraim do rialacha coiteanna, lena n-áirítear rialacha sna réimsí seo a leanas – an tsábháilteacht, an tslándáil, bainistíocht aerthráchta, gnéithe sóisialta agus an comhshaol. Ba cheart rialacha an Chomhlimistéir Eitlíochta a bheith bunaithe ar an reachtaíocht ábhartha atá i bhfeidhm laistigh den Aontas Eorpach, faoi mar a leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú seo i ndáil leis an tsábháilteacht, leis an tslándáil agus le bainistíocht aerthráchta go háirithe.
Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 2 Lúnasa 2020.
2.2.An Comhchoiste
Bunaítear Comhchoiste le hAirteagal 22 den Chomhaontú. Beidh an Comhchoiste freagrach as an gComhaontú a riar agus áiritheoidh sé go gcuirfear chun feidhme go cuí é.
Is iad na príomhchúraimí atá air comhoibriú trí bhíthin: (a) athbhreithniú a dhéanamh ar dhálaí margaidh a dhéanann difear do na haersheirbhísí a chumhdaítear leis an gComhaontú; (b) dul i ngleic le saincheisteanna a bhaineann le ‘bheith i mbun gnó’ a d’fhéadfadh, inter alia, bac a chur ar rochtain ar an margadh agus ar oibriú rianúil na seirbhísí a chumhdaítear leis an gComhaontú seo, agus na saincheisteanna céanna a réiteach chomh fada agus is féidir mar mhodh chun cothrom na Féinne agus cóineasú rialála a áirithiú, agus chun an t-ualach rialála ar na hoibreoirí tráchtála a íoslaghdú; (c) malartuithe ar leibhéal na saineolaithe a chothú maidir le tionscnaimh agus forbairtí reachtaíochta nó rialála nua, lena n-áirítear tionscnaimh agus forbairtí sna réimsí seo a leanas – an tslándáil, an tsábháilteacht, an comhshaol, an bonneagar eitlíochta (lena n-áirítear sliotáin), an timpeallacht iomaíoch agus cosaint tomhaltóirí. (d) éifeachtaí sóisialta an Chomhaontaithe a scrúdú go rialta de réir mar a chuirfear chun feidhme é, go háirithe i réimse na dífhostaíochta, agus freagairt iomchuí a fhorbairt maidir le hábhair imní a chinntear a bheith dlisteanach; (e) réimsí a mheas ina bhféadfaí an Comhaontú a fhorbairt a thuilleadh, lena n-áirítear leasuithe ar an gComhaontú a mholadh; (f) teacht ar chomhaontú, ar bhonn an chomhdhearcaidh, maidir le tograí, le cineálacha cur chuige nó le doiciméid de chineál nós imeachta a bhaineann go díreach le feidhmiú an Chomhaontaithe; (g) cúnamh teicniúil a mheas agus a fhorbairt sna réimsí a chumhdaítear leis an gComhaontú; agus (h) comhar a chothú i bhfóraim idirnáisiúnta ábhartha.
Anuas air sin, i gcomhréir le hAirteagal 6 (Infheistíocht) den Chomhaontú, scrúdóidh an Comhchoiste ceisteanna a bhaineann le hinfheistíochtaí déthaobhacha faoi úinéireacht tromlaigh nó le hathruithe maidir le rialú éifeachtach aeriompróirí de chuid na bPáirtithe.
Faoi Airteagal 22(3) den Chomhaontú, glacfaidh an Comhchoiste a rialacha nós imeachta trí bhíthin cinnidh.
2.3.Gníomh beartaithe an Chomhchoiste
Le linn an chéad chruinnithe a bheidh aige, tá an Comhchoiste le cinneadh a ghlacadh maidir le rialacha nós imeachta an Chomhchoiste a ghlacadh ('an gníomh atá beartaithe').
Is é an cuspóir atá leis an ngníomh atá beartaithe go ndéanfar, i gcomhréir le hAirteagal 22(3) den Chomhaontú, na rialacha nós imeachta a ghlacadh a bheidh ina mbonn taca don eagraíocht agus d’fheidhmiú an Chomhchoiste ionas go mbeifear in ann an Comhaontú a chur chun feidhme go cuí.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, ba cheart a bheith d’aidhm leis rialacha nós imeachta an Chomhchoiste a ghlacadh, ar rialacha iad a bhunaítear leis an gComhaontú. Ba cheart an seasamh sin a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Na prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, cé is moite de ghníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear orthu freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a bhféadfadh tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht é an Comhchoiste a cuireadh ar bun le comhaontú, mar atá an Comhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus Poblacht na Moldóive.
An gníomh a iarrtar ar an gComhchoiste a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla aige, ós rud é go mbeidh sé ceangailteach ar na Páirtithe faoin dlí idirnáisiúnta.
Leis an ngníomh atá beartaithe, ní fhorlíontar creat institiúideach an Chomhaontaithe ná ní leasaítear é.
Ina fhianaise sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.
4.2.Bunús substaintiúil dlí
4.2.1.Na prionsabail
An bunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó mar chomhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is leis an aeriompar a bhaineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 100(2) CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Ba cheart Airteagal 100(2) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith ina mbunús dlí le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.
5.foilsiú an ghnímh atá beartaithe
Ós rud é go leagfaidh an Comhchoiste amach a rialacha nós imeachta, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.
2020/0337 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bhunaítear leis an gComhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus Poblacht na Moldóive
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2), i gcomhar le hAirteagal 218(9), de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Thug an tAontas an Comhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus Poblacht na Moldóive (‘an Comhaontú’) i gcrích trí bhíthin Chinneadh (AE) 2020/951 ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 2 Lúnasa 2020.
(2)Le hAirteagal 22 den Chomhaontú bunaítear Comhchoiste chun riar agus cur chun feidhme cuí an Chomhaontaithe a áirithiú.
(3)Le hAirteagal 22(3) den Chomhaontú foráiltear go nglacfaidh an Comhchoiste a rialacha nós imeachta.
(4)Chun cur chun feidhme cuí an Chomhaontaithe a áirithiú, ba cheart rialacha nós imeachta an Chomhchoiste a ghlacadh.
(5)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a leagan síos ós rud é go mbeidh an cinneadh ón gComhchoiste lena nglactar a rialacha nós imeachta, go mbeidh sé ceangailteach ar an Aontas. Ba cheart seasamh an Aontais laistigh den Chomhchoiste a bheith bunaithe ar an Dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis seo.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa chéad chruinniú den Chomhchoiste a cuireadh ar bun le hAirteagal 22 den Chomhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus Poblacht na Moldóive, i ndáil le rialacha nós imeachta an Chomhchoiste a ghlacadh, bunófar an cinneadh sin ar an Dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Féadfaidh ionadaithe an Aontais laistigh den Chomhchoiste mionathruithe ar an Dréachtchinneadh ón gComhchoiste a aontú gan cinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 2
Tá an Cinneadh seo dírithe ar an gCoimisiún.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,27.11.2020
COM(2020) 763 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bhunaítear leis an gComhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus Poblacht na Moldóive
CINNEADH Uimh. 1/ [bliain] ÓN gCOMHCHOISTE IDIR AN tAONTAS AGUS AN MHOLDÓIV A BUNAÍODH LEIS AN gCOMHAONTÚ UM AN gCOMHLIMISTÉAR EITLÍOCHTA IDIR AN tAONTAS EOPACH AGUS A BHALLSTÁIT AGUS POBLACHT NA MOLDÓIVE
dar dáta an …
lena nglactar a rialacha nós imeachta
TÁ AN COMHCHOISTE IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN MHOLDÓIV,
Ag féachaint don Comhaontú um an gComhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus Poblacht na Moldóive (‘an Comhaontú’), agus go háirithe d’Airteagal 22, mír 3, de,
TAR ÉIS CINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal aonair
Glactar leis seo rialacha nós imeachta an Chomhchoiste atá i gceangal leis an gcinneadh seo.
Arna dhéanamh ...,
Thar ceann an Chomhchoiste,
Ceann Thoscaireacht an Aontais Eorpaigh
[ainm]
Ceann Thoscaireacht Phoblacht na Moldóive
[ainm]
Iarscríbhinn
Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste
Airteagal 1
Cinn Toscaireachta
1. Faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 22, mír 1, den Chomhaontú, beidh an Comhchoiste comhdhéanta d’ionadaithe ó na Páirtithe.
2. Beidh Cinn Toscaireachta na bPáirtithe ina gcomhchathaoirligh ar an gComhchoiste.
Airteagal 2
Cruinnithe
1. De bhun Airteagal 22, mír 4, tiocfaidh an Comhchoiste le chéile de réir mar is gá agus nuair is gá. Féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí a iarraidh go dtionólfaí cruinniú.
2. Tionólfaidh an Comhchoiste cruinnithe aghaidh ar aghaidh, nó, mar eisceacht, ar bhealaí eile (e.g. glaonna comhdhála nó físchomhdhálacha).
3. Maidir le cruinnithe a reáchtáil beidh sealaíocht ann, a oiread agus is féidir, idir áit i mBallstát de chuid an Aontais agus Poblacht na Moldóive, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt.
4. Is é an Béarla an teanga oibre a bheidh ann.
5. Nuair a bheidh dáta agus áit na gcruinnithe comhaontaithe ag na Páirtithe, is é an Coimisiún Eorpach a thionólfaidh cruinnithe don Aontas Eorpach agus dá Bhallstáit agus is í an Aireacht atá i gceannas ar aeriompar a thionólfaidh cruinnithe do Phoblacht na Moldóive.
6. Seachas de réir mar a chomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, ní cruinnithe poiblí a bheidh i gcruinntithe an Chomhchoiste. Más gá, féadfar preaseisiúint a dhréachtú trí chomhaontú ag deireadh an chruinnithe.
Airteagal 3
Toscaireachtaí
1. Roimh gach cruinniú, cuirfidh na Cinn Toscaireachta in iúl dá chéile comhdhéanamh beartaithe a dtoscaireachtaí le haghaidh an chruinnithe.
2. Féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe geallsealbhóirí ó thionscal an aeriompair freastal ar chruinnithe mar bhreathnóirí, má chomhaontaíonn an Comhchoiste amhlaidh.
3. Féadfaidh an Comhchoiste, má chomhaontaítear amhlaidh, cuireadh a thabhairt do pháirtithe leasmhara nó saineolaithe eile freastal ar a chruinnithe chun faisnéis a sholáthar maidir le hábhair áirithe.
Airteagal 4
An Rúnaíocht
Oifigeach ón gCoimisiún Eorpach agus oifigeach ón Aireacht atá i gceannas ar aeriompar Phoblacht na Moldóive, gníomhóidh siad go comhpháirteach mar rúnaithe an Chomhchoiste.
Airteagal 5
Clár oibre na gcruinnithe
1. Leagfaidh na Cinn Toscaireachta síos clár oibre sealadach gach cruinnithe trí chomhaontú. Cuirfidh na rúnaithe an clár oibre sealadach sin chuig comhaltaí na dtoscaireachtaí cúig lá dhéag ar a laghad roimh dháta an chruinnithe.
2. Glacfaidh an Comhchoiste an clár oibre ag tús gach cruinnithe. Féadfar ítimí eile seachas iad siúd atá ar an gclár oibre sealadach a chuimsiú sa chlár oibre, má chomhaontaíonn an Comhchoiste amhlaidh.
3. An teorainn ama a shonraítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Cinn Toscaireachta í a ghiorrú chun na ceanglais nó an phráinn a bhaineann le hábhar áirithe a thabhairt san áireamh.
Airteagal 6
Miontuairiscí
1. Déanfar Dréacht-Mhiontuairiscí gach cruinnithe den Chomhchoiste a tharraingt suas tar éis gach cruinnithe. Cuirfear in iúl iontu na hítimí a pléadh, aon mholadh a rinneadh, agus aon chinneadh a glacadh.
2. Laistigh de mhí tar éis an chruinnithe, cuirfidh an Ceann Toscaireachta óstach na dréacht-mhiontuairiscí faoi bhráid an Chinn Toscaireachta eile, trí rúnaithe an Chomhchoiste, lena bhformheas tríd an nós imeachta i scríbhinn.
3. A luaithe a fhormheasfar iad, síneoidh na Cinn Toscaireachta na miontuairiscí i ndúblach agus comhdóidh an dá Pháirtí cóip bhunaidh amháin. Féadfaidh na Cinn Toscaireachta a chinneadh go gcomhlíontar an ceanglais sin le síniú agus malartú cóipeanna leictreonacha.
4. Na miontuairiscí ó chruinnithe an Chomhchoiste, ní chuirfear ar fáil go poiblí iad mura n‑iarrfaidh ceann de na Páirtithe a mhalairt.
Airteagal 7
Nós imeachta i scríbhinn
I gcás inar gá agus ina mbeadh sé cuí-réasúnaithe, féadfar cinntí agus moltaí ón gComhchoiste a ghlacadh tríd an nós imeachta i scríbhinn. Chun na críche sin, malartóidh na Cinn Toscaireachta na dréachtbhearta a mbeidh tuairim an Chomhchoiste á hiarraidh ina leith, agus féadfar iad a dheimhniú ansin trí mhalartú comhfhreagrais. Mar sin féin, féadfaidh aon Pháirtí a iarraidh go dtionólfaí an Comhchoiste chun an t‑ábhar a phlé.
Airteagal 8
Pléití
1. Déanfaidh an Comhchoiste a mholtaí agus glacfaidh sé a chinntí ar bhonn an chomhdhearcaidh.
2. "Cinneadh" agus "Moladh" an teideal a bheidh ar chinntí agus ar mholtaí an Chomhchoiste faoi seach, agus ina dhiaidh sin beidh sraithuimhir, dáta a nglactha agus tuairisc ar a n‑ábhar.
3. Síneoidh na Cinn Toscaireachta moltaí agus cinntí an Chomhchoiste, agus cuirfear i gceangal leis na Miontuairiscí iad.
4. Na cinntí a ghlacfaidh an Comhchoiste, cuirfidh na Páirtithe chun feidhme iad i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha féin.
5. Na cinntí a ghlacfaidh an Comhchoiste, féadfaidh na Páirtithe iad a fhoilsiú ina bhfoilseacháin oifigiúla féin. Aon ghníomh eile a ghlacfaidh an Comhchoiste, féadfaidh gach Páirtí a chinneadh é a fhoilsiú. Déanfaidh gach Páirtí cóip bhunaidh amháin de na cinntí agus na moltaí a chomhdú.
Airteagal 9
Meithleacha
1. Féadfaidh an Comhchoiste meithleacha a bhunú chun cabhrú leis an gComhchoiste a dhualgais a chur i gcrích. Na téarmaí tagartha le haghaidh meithle, déanfaidh an Comhchoiste iad a fhormheas agus cuimseofar iad in Iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh lena gcuirtear an mheitheal ar bun.
2. Beidh na meithleacha comhdhéanta d’ionadaithe ó na Páirtithe.
3. Is faoi údarás an Chomhchoiste a oibreoidh na meithleacha, agus tabharfaidh siad tuairisc dó tar éis gach cruinnithe a bheidh acu. Ní ghlacfaidh siad cinntí ach féadfaidh siad moltaí a chur faoi bhráid an Chomhchoiste.
4. Féadfaidh an Comhchoiste a chinneadh tráth ar bith deireadh a chur le meithleacha atá ann cheana, a dtéarmaí tagartha a mhodhnú, nó meithleacha nua a bhunú chun cabhrú leis a dhualgais a chur i gcrích.
Airteagal 10
Costais
1. I dtaca leis na costais a bhaineann le rannpháirtíocht na bPáirtithe i gcruinnithe an Chomhchoiste agus i gcruinnithe na meithleacha, glanfaidh na Páirtithe na costais sin, a mhéid a bhaineann le costais foirne, taistil agus chothaithe agus le costais phoist agus teileachumarsáide chomh maith.
2. Is ar an bPáirtí a óstálfaidh na cruinnithe a thitfidh aon chostas eile a bhaineann le heagrú ábhartha na gcruinnithe.
Airteagal 11
Na Rialacha Nós Imeachta a Leasú
Féadfaidh an Comhchoiste tráth ar bith na rialacha nós imeachta seo a leasú trí chinneadh a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 22 den Chomhaontú.