5.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 301/221


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Athbhreithniú ar LULUCF agus ar na Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill

(2022/C 301/17)

Rapóirtéir:

Åsa ÅGREN WIKSTRÖM (SE/EPP), Comhalta de Chomhairle Contae Västerbotten

Doiciméid tagartha:

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/841 a mhéid a bhaineann leis an raon feidhme, lena simplítear na rialacha comhlíontachta, lena leagtar amach spriocanna na mBallstát le haghaidh 2030 agus lena ngealltar go mbainfear amach ar bhonn comhchoiteann an aeráidneodracht faoi 2035 san earnáil úsáide talún, foraoiseachta agus talmhaíochta, agus (AE) 2018/1999 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar an bhfaireachán, an tuairisciú, an rianú ar dhul chun cinn agus ar an athbhreithniú

COM(2021) 554

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go dtí 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh

COM(2021) 555

I.   MOLTAÍ LE hAGHAIDH LEASUITHE

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/841 a mhéid a bhaineann leis an raon feidhme, lena simplítear na rialacha comhlíontachta, lena leagtar amach spriocanna na mBallstát le haghaidh 2030 agus lena ngealltar go mbainfear amach ar bhonn comhchoiteann an aeráidneodracht faoi 2035 san earnáil úsáide talún, foraoiseachta agus talmhaíochta, agus (AE) 2018/1999 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar an bhfaireachán, an tuairisciú, an rianú ar dhul chun cinn agus ar an athbhreithniú

COM(2021) 554

Leasú 1

Aithris 7

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(7)

Sa Teachtaireacht an 17 Meán Fómhair 2020 maidir le Dlús a chur le huaillmhian 2030 na hEorpa maidir leis an aeráid 33 leagadh amach rogha chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ón talmhaíocht nach astaíochtaí CO2 iad a chur le glanaistrithe na hearnála úsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta, agus earnáil talún nua-rialáilte a chruthú dá réir. Is féidir sineirgí a chur chun cinn ó chumasc mar sin idir gníomhartha maolaithe talamh-bhunaithe agus is féidir ceapadh beartas agus cur chun feidhme beartas níos comhtháite a chumasú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Chun na críche sin, ba cheart an oibleagáid do Bhallstáit pleananna maolaithe comhtháite a chur isteach i leith na hearnála talún a threisiú.

Scriosta

Cúis

Tá an baol ann go mbeidh cumasc an dá earnáil sin fritorthúil, neamhéifeachtúil agus éagórach. Ba cheart don Aontas díriú go príomha ar astaíochtaí a laghdú agus, ag an am céanna, acmhainneacht mhaolaithe earnáil LULUCF a bharrfheabhsú.

Leasú 2

Aithris 8a (nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(8a)

Faoi láthair, is glanastaírí gás ceaptha teasa san Aontas iad talamh curaíochta, féarthalamh agus bogach, ach d’fhéadfadh siad a bheith ina bhfoinsí de ghlanaistrithe gás ceaptha teasa go háirithe trí bhogaigh agus tailte portaigh a athbhunú.

Leasú 3

Aithris 10

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Chun na haistrithe gás ceaptha teasa a fheabhsú, beidh dreasacht dhíreach de dhíth ar fheirmeoirí nó bainisteoirí foraoise aonair chun níos mó carbóin a stóráil ar a dtalamh agus ina bhforaoisí. […] […]Is leis na dreasachtaí agus na samhlacha gnó sin a chuirfear feabhas ar an maolú aeráide sa bhithgheilleagar, lena n-áirítear trí leas a bhaint as táirgí marthanacha adhmaid lománaithe, agus lánurraim á léiriú do phrionsabail éiceolaíocha lena gcothaítear an bhithéagsúlacht agus an geilleagar ciorclach. Is amhlaidh dá réir ba cheart catagóirí nua táirgí stórála carbóin a thabhairt isteach sa bhreis ar na táirgí adhmaid lománaithe. Na samhlacha gnó, na cleachtais feirmeoireachta agus bainistíochta talún atá ag teacht chun cinn chun feabhas a chur ar aistrithe; rannchuidíonn siad le forbairt chríochach agus fás eacnamaíoch cothrom sna ceantair thuaithe. […]

Chun na haistrithe gás ceaptha teasa a fheabhsú, beidh dreasacht dhíreach de dhíth ar fheirmeoirí nó bainisteoirí foraoise aonair chun níos mó carbóin a stóráil ar a dtalamh, ina bhforaoisí agus i dtáirgí stórála carbóin . […] […]Is leis na dreasachtaí agus na samhlacha gnó sin a chuirfear feabhas ar an maolú aeráide sa bhithgheilleagar, lena n-áirítear trí leas a bhaint as táirgí marthanacha adhmaid lománaithe agus trí ábhair iontaise agus ábhair atá dian ar charbón a ionadú , agus lánurraim á léiriú do phrionsabail éiceolaíocha lena gcothaítear an bhithéagsúlacht agus an geilleagar ciorclach. Is amhlaidh dá réir ba cheart catagóirí nua na dtáirgí stórála carbóin uile a thabhairt isteach , lena n-áirítear réitigh nuálacha nua agus bithfhuinneamh le gabháil agus stóráil carbóin, sa bhreis ar na táirgí adhmaid lománaithe. Ba cheart do na Ballstáit meastacháin a chur ar fáil freisin maidir leis an acmhainneacht mhaolaithe a bhaineann le hábhair iontaise nó ábhair atá dian ar charbón ábhair a bhfuil adhmad iontu a ionadú. Na samhlacha gnó nua, forbairt bhreise an bhithfhuinnimh a bhfuil teicneolaíochtaí maidir le gabháil agus stóráil carbóin ag gabháil leis , na cleachtais feirmeoireachta agus bainistíochta talún atá ag teacht chun cinn chun feabhas a chur ar aistrithe, agus infheistíochtaí fadtéarmacha sa bhithgheilleagar ; rannchuidíonn siad le forbairt chríochach agus fás eacnamaíoch cothrom sna ceantair thuaithe. […]

Cúis

Ba cheart an tionchar a bhíonn ag táirgí nuálacha bithbhunaithe ar an aeráid a chur san áireamh go hiomlán. Ba cheart gach catagóir ábhartha a áireamh amhail laíon, páipéar, clár páipéir, veinír, clár snáithíneach, slischlár, plainc, adhmad innealtóireachta, teicstílí, comhchodaigh, lignin, ceimiceáin, bithghualach agus táirgí bithghineacha carbóin eile.

Is é sprioc aeráide an Aontais a bheith neodrach ó thaobh carbóin de, agus go ndíothófar astaíochtaí breosla iontaise faoi 2050. Aontaíonn acadóirí agus samhaltóirí (e.g. de chuid na Náisiún Aontaithe agus an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide) gur beag an seans atá ann go mbainfear spriocanna Chomhaontú Pháras amach mura mbainfear leas as aistrithe carbóin atá bunaithe ar an teicneolaíocht. Is éard atá sa bhithfhuinneamh le gabháil agus stóráil carbóin (BECCS) an próiseas chun bithfhuinneamh a bhaint as bithmhais agus an carbón a ghabháil agus a stóráil, agus ar an gcaoi sin, é a bhaint ón atmaisféar.

Tá sé loighciúil BECCS a chur san áireamh sa Rialachán toisc gurb as foinsí inathnuaite fuinnimh a fhástar ar an talamh a thagann astaíochtaí bithghineacha. Ach an creat cuntasaíochta céanna a úsáid le haghaidh na dtáirgí stórála carbóin, na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe carbóin uile ón earnáil sin, beifear in ann comhaireamh dúbailte a sheachaint.

Leasú 4

Aithris 11a (nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(11a)

Leis an mbainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí, cuirtear feabhas ar cheapadh carbóin agus cuirtear i gcoinne aosú foraoisí agus tubaistí nádúrtha, atá ar cheann de na tosca a chuireann le laghdú na n-aistrithe carbóin san earnáil talún le blianta beaga anuas. Dá bhrí sin, ba cheart, leis an Rialachán seo, cleachtais inbhuanaithe a spreagadh i ngach cineál foraoise san Aontas maidir le bainistíocht foraoisí lena gcuirtear leis an athrú aeráide a mhaolú agus leis an oiriúnú don athrú aeráide, mar a leagtar amach i Straitéis Foraoise an Aontais do 2030.

Cúis

Dá gcuirfí srian rómhór ar na féidearthachtaí a bhaineann le bainistíocht ghníomhach foraoisí, D’fhéadfadh foraoisí a bheith níos leochailí i gcás suaití amhail dóiteáin agus ráigeanna lotnaidí, agus laghdófaí acmhainneacht fhadtéarmach na bhforaoisí maidir le ceapadh carbóin freisin.

Leasú 5

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 1 – mír 1 – pointe (e)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(e)

gealltanais na mBallstát chun na bearta riachtanacha a ghlacadh leis an aidhm chun aeráidneodracht a ghnóthú go comhchoiteann san Aontas faoi 2035 in earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta lena n-áirítear astaíochtaí ón talmhaíocht neamh-CO2 ;

(e)

gealltanais na mBallstát chun na bearta riachtanacha a ghlacadh leis an aidhm chun aeráidneodracht a ghnóthú go comhchoiteann san Aontas faoi 2035 in earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta;

Cúis

Tá imní ar CnaR go bhféadfadh earnáil ina dtugtar le chéile úsáid talún agus astaíochtaí talmhaíochta neamh-CO2 an dul chun cinn atá ag teastáil san earnáil talmhaíochta a lagú, ós rud é go bhféadfadh earnálacha eile, amhail earnáil na bhforaoisí, cúiteamh a dhéanamh ar na deacrachtaí atá ag an earnáil talmhaíochta maidir le hastaíochtaí a laghdú. Tá ról lárnach ag aistrithe carbóin earnáil LULUCF maidir le cuspóirí aeráide an Aontais a bhaint amach. Tá an baol ann go mbeidh cumasc an dá earnáil sin fritorthúil, neamhéifeachtúil agus éagórach. Ba cheart don Aontas díriú go príomha ar astaíochtaí a laghdú agus, ag an am céanna, acmhainneacht mhaolaithe earnáil LULUCF a bharrfheabhsú.

Leasú 6

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 2 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

2.   Baineann an Rialachán seo freisin le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa atá liostaithe in Alt A D’Iarscríbhinn I, mar a thuairiscítear de bhun Airteagal 26(4) de Rialachán (AE) 2018/1999 agus a tharlaíonn ar chríocha na mBallstát sa tréimhse idir 2026 agus 2030 in aon cheann de na catagóirí tuairiscithe talún agus/nó earnálacha seo a leanas:

2.   Baineann an Rialachán seo freisin le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa atá liostaithe in Alt A D’Iarscríbhinn I, mar a thuairiscítear de bhun Airteagal 26(4) de Rialachán (AE) 2018/1999 agus a tharlaíonn ar chríocha na mBallstát sa tréimhse ó 2026 ar aghaidh in aon cheann de na catagóirí tuairiscithe talún agus/nó earnálacha seo a leanas:

Cúis

Tá imní ar CnaR go bhféadfadh úsáid talún mheasctha agus earnáil talmhaíochta neamh-CO2 an dul chun cinn atá ag teastáil san earnáil talmhaíochta a lagú, ós rud é go bhféadfadh earnálacha eile, amhail earnáil na bhforaoisí, cúiteamh a dhéanamh ar na deacrachtaí atá ag an earnáil talmhaíochta maidir le hastaíochtaí a laghdú. Tá ról lárnach ag aistrithe carbóin earnáil LULUCF maidir le cuspóirí aeráide an Aontais a bhaint amach. Tá an baol ann go mbeidh cumasc an dá earnáil sin fritorthúil, neamhéifeachtúil agus éagórach. Ba cheart don Aontas díriú go príomha ar astaíochtaí a laghdú agus, ag an am céanna, acmhainneacht mhaolaithe earnáil LULUCF a bharrfheabhsú.

Leasú 7

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 2 – mír 3

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

3.     Baineann an Rialachán seo freisin le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa atá liostaithe in Alt A d’Iarscríbhinn I, mar a thuairiscítear de bhun Airteagal 26(4) de Rialachán (AE) 2018/1999 agus a tharlaíonn ar chríocha na mBallstát ó 2031 amach, in aon cheann de na catagóirí cuntasaíochta talún a liostaítear i mír 2, pointí (a) go (j) agus in aon cheann de na hearnálacha seo a leanas:

(a)

coipeadh eintreach;

(b)

bainistíocht aoiligh;

(c)

saothrú ríse;

(d)

ithreacha talmhaíochta;

(e)

loscadh machairí forordaithe;

(f)

loscadh páirceanna d’fhuíoll talmhaíochta;

(g)

aoladh;

(h)

úsáid úiré;

(i)

“leasacháin eile ina bhfuil carbón”;

(j)

“eile”.’;’.

Scriosta

Cúis

Tá imní ar CnaR go bhféadfadh earnáil ina dtugtar le chéile úsáid talún agus astaíochtaí talmhaíochta neamh-CO2 an dul chun cinn atá ag teastáil san earnáil talmhaíochta a lagú, ós rud é go bhféadfadh earnálacha eile, amhail earnáil na bhforaoisí, cúiteamh a dhéanamh ar na deacrachtaí atá ag an earnáil talmhaíochta maidir le hastaíochtaí a laghdú. Tá ról lárnach ag aistrithe carbóin earnáil LULUCF maidir le cuspóirí aeráide an Aontais a bhaint amach. Tá an baol ann go mbeidh cumasc an dá earnáil sin fritorthúil, neamhéifeachtúil agus éagórach. Ba cheart don Aontas díriú go príomha ar astaíochtaí a laghdú agus, ag an am céanna, acmhainneacht mhaolaithe earnáil LULUCF a bharrfheabhsú.

Leasú 8

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 4 – mír 2

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

2.   Is ionann sprioc 2030 an Aontais maidir le glan-aistrithe gás ceaptha teasa agus 310 milliún tona de choibhéis CO2 mar shuim de spriocanna na mBallstát a bhunaítear i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, agus beidh sí bunaithe ar an meán dá sonraí fardail gháis cheaptha teasa do na blianta 2016, 2017 agus 2018.

2.   Is ionann sprioc 2030 an Aontais maidir le glan-aistrithe gás ceaptha teasa agus 310 milliún tona de choibhéis CO2 mar shuim de spriocanna na mBallstát a bhunaítear i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, agus beidh sí bunaithe ar an meán dá sonraí fardail gháis cheaptha teasa do na blianta 2016, 2017 agus 2018.

[…]

[…]

 

Faoin 30 Meitheamh 2024, leagfaidh gach Ballstát rannchuidiú náisiúnta síos don sprioc do ghlan-aistrithe gás ceaptha teasa do 2030 dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, rannchuidiú a bheidh níos airde ná an sprioc náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn IIa. Féadfar rannchuidiú den sórt sin a áireamh sna pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999.

Áireofar sa rannchuidiú náisiúnta faisnéis agus spriocanna maidir le hastaíochtaí a laghdú nó maidir le méadú a dhéanamh ar aistrithe gás ceaptha teasa ó thalamh curaíochta, ó fhéarthailte agus ó bhogaigh i ndáil leis na sonraí tuairiscithe do 2016, 2017 agus 2018.

Cúis

Tacaíonn CnaR le sprioc LULUCF atá uaillmhianach, cothrom agus cuimsitheach, chun cuidiú le spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach. Tá na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ar an eolas faoi iarmhairtí an athraithe aeráide ar an leibhéal áitiúil agus tacaíonn siad le gníomhaíochtaí aeráide atá uaillmhianach agus cothrom.

Leasú 9

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 4 – mír 3

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

3.   […] Beidh na treochtaí náisiúnta sin bunaithe ar mheán na sonraí fardail gás ceaptha teasa do na blianta 2021, 2022 agus 2023, arna dtuairisciú ag gach Ballstát. Féadfaidh luach na nglan-aistrithe 310 milliún tona de choibhéis CO2 mar shuim de na spriocanna le haghaidh Ballstát arna leagan amach in Iarscríbhinn IIa teacht faoi réir ceartú teicniúil de bharr athrú ar mhodheolaíocht na mBallstát. Is sna gníomhartha cur chun feidhme seo a leagfar amach an modh do chinneadh an cheartaithe theicniúil le cur le spriocanna na mBallstát. […]

3.   […] Beidh na treochtaí náisiúnta sin bunaithe ar mheán na sonraí fardail gás ceaptha teasa do na blianta 2021, 2022 agus 2023, arna dtuairisciú ag gach Ballstát. Féadfaidh luach sprioc an Bhallstáit a leagtar amach in Iarscríbhinn IIa agus luach na nglan-aistrithe 310 milliún tona de choibhéis CO2 mar shuim de na spriocanna le haghaidh Ballstát arna leagan amach in Iarscríbhinn IIa teacht faoi réir ceartú teicniúil de bharr athrú ar mhodheolaíocht na mBallstát. Ba cheart an ceartú teicniúil atá le cur le sprioc Ballstáit a bheith ag teacht leis an éifeacht atá ag an athrú ar mhodheolaíocht agus ar fhoinsí sonraí na spriocanna agus a bheith leagtha amach sna gníomhartha cur chun feidhme seo. […]

Cúis

Tá sé tábhachtach go n-oibreodh na Ballstáit go leanúnach chun a modheolaíocht a fheabhsú, agus go léireofaí na feabhsuithe sin freisin sa mheasúnú ar na spriocanna, chun spriocanna atá ró-ard agus ró-íseal a sheachaint. Tá forbairt leanúnach ar mhodhanna chun sonraí gníomhaíochta agus fachtóirí maidir le hastaíochtaí scagtha a sholáthar ag teacht leis an gcleachtas tuairiscithe reatha. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh, dá bhrí sin, torthaí nua ó thaighde intíre a úsáid chomh maith le treoirlínte nuashonraithe ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) agus ó thaighde foilsithe idirnáisiúnta eile.

Leasú 10

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 4 – mír 4

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

4.     Beidh neodracht charbóin faoi 2035 mar aidhm do na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an Aontais sna hearnálacha atá leagtha amach in Airteagal 2(3), pointí (a) go (j); agus gnóthóidh an tAontas astaíochtaí diúltacha ina dhiaidh sin. Glacfaidh an tAontas agus na Ballstáit na bearta is gá chun gnóthú comhchoiteann na sprice do 2035 a chumasú.

Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2025 agus ar bhonn pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtaisceadh ag gach Ballstát de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 faoin 30 Meitheamh 2024, tograí a cheapadh i ndáil le rannchuidiú gach Ballstáit leis an nglanlaghdú ar astaíochtaí.’;

Scriosta

Cúis

Tá imní ar CnaR go bhféadfadh earnáil ina dtugtar le chéile úsáid talún agus astaíochtaí talmhaíochta neamh-CO2 an dul chun cinn atá ag teastáil san earnáil talmhaíochta a lagú, ós rud é go bhféadfadh earnálacha eile, amhail earnáil na bhforaoisí, cúiteamh a dhéanamh ar na deacrachtaí atá ag an earnáil talmhaíochta maidir le hastaíochtaí a laghdú. Tá ról lárnach ag aistrithe carbóin earnáil LULUCF maidir le cuspóirí aeráide an Aontais a bhaint amach. Tá an baol ann go mbeidh cumasc an dá earnáil sin fritorthúil, neamhéifeachtúil agus éagórach. Ba cheart don Aontas díriú go príomha ar astaíochtaí a laghdú agus, ag an am céanna, acmhainneacht mhaolaithe earnáil LULUCF a bharrfheabhsú.

Leasú 11

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 – pointe b

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 9 – mír 2

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16 chun mír 1 den Airteagal seo agus chun Iarscríbhinn V a leasú trí chatagóirí nua de tháirgí stórála carbóin a chur isteach, lena n-áirítear táirgí adhmaid lománaithe, a bhfuil éifeacht ceaptha carbóin acu, bunaithe ar Threoirlínte IPCC arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC nó ag Comhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras, agus tríd an tsláine chomhshaoil a ráthú.”;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Glacfaidh an Coimisiún , go luath amach anseo, gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16 chun mír 1 den Airteagal seo agus chun Iarscríbhinn V a leasú trí chatagóirí nua de tháirgí stórála carbóin a chur isteach, lena n-áirítear táirgí adhmaid lománaithe, bithfhuinneamh le gabháil agus stóráil carbóin agus na catagóirí uile eile de tháirgí bithbhunaithe , a bhfuil éifeacht ceaptha carbóin acu, bunaithe ar Threoirlínte IPCC arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC nó ag Comhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras, agus tríd an tsláine chomhshaoil a ráthú.”.

Cúis

Ba cheart an tionchar a bhíonn ag táirgí nuálacha bithbhunaithe ar an aeráid a chur san áireamh go hiomlán. Ba cheart gach catagóir ábhartha a áireamh amhail laíon, páipéar, clár páipéir, veinír, clár snáithíneach, slischlár, plainc, adhmad innealtóireachta, teicstílí, comhchodaigh, lignin, ceimiceáin, bithghualach agus táirgí bithghineacha carbóin eile.

Leasú 12

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 14

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 13c – mír 1 – fomhír 2

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Méid arb ionann é agus méid an fharasbairr glanastaíochtaí gás ceaptha teasa, i dtonaí de choibhéis CO2, arna iolrú faoi fhachtóir 1,08 , cuirfear an méid sin leis an bhfigiúr astaíochtaí gás ceaptha teasa arna thuairisciú ag an mBallstát an bhliain dár gcionn, i gcomhréir leis na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 15.’;

Scriosta

Cúis

Tá imní ar CnaR go bhféadfadh ceanglais tuairiscithe bhliantúla difear a dhéanamh do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha trí cheadú do na Ballstáit gníomhú in aghaidh athruithe bliantúla gan choinne, trí chinntí a dhéanamh maidir le mearathrú ar ghníomhaíochtaí bainistíochta agus ar úsáid talún. Is féidir leis sin dochar a dhéanamh do chumas na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a mbithgheilleagar féin a fhorbairt.

Is saintréithe D’earnáil LULUCF iad luaineachtaí nádúrtha agus éiginnteachtaí maidir le sreafaí carbóin a thomhas. Ní féidir leis na Ballstáit sreafaí carbóin linnte na hearnála talún a rialú do gach bliain. Dá bhrí sin, ní féidir spriocanna bliantúla a shocrú agus sáruithe a fhorchur ar neamhchomhlíonadh ar bhonn bliantúil.

Leasú 13

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 15

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 14 – mír 1

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

[…]

[…]

Áireofar measúnú sa tuarascáil chomhlíontachta ar an méid seo a leanas:

Áireofar measúnú sa tuarascáil chomhlíontachta ar an méid seo a leanas:

a)

na beartais agus na bearta maidir le comhbhabhtálacha;

a)

na beartais agus na bearta maidir le comhbhabhtálacha;

b)

na sineirgí idir maolú agus oiriúnú aeráide;

b)

na sineirgí idir maolú agus oiriúnú aeráide;

c)

sineirgí idir maolú aeráide agus bithéagsúlacht.

c)

sineirgí idir maolú aeráide agus bithéagsúlacht.

 

d)

sineirgí idir maolú ar an athrú aeráide, oiriúnú don athrú aeráide agus forbairt an bhithgheilleagair, lena n-áirítear meastacháin ar choigiltí ar gháis ceaptha teasa a bhaineann le hábhair atá dian ar charbón agus ábhair iontaise a ionadú le hábhair atá bunaithe ar adhmad.

[…]

[…]

Cúis

Trí thacú le húsáid na dtáirgí foraoise uile, cuirfear dlús leis an aistriú i dtreo bithgheilleagar ciorclach a thiocfaidh in ionad ábhair agus astaíochtaí iontaise-bhunaithe. Ba cheart a thabhairt faoi deara go mbaineann an sochar a bheadh ann a bhuí leis an ionadú sin (i.e. laghdú ar astaíochtaí a bhaineann le táirgeadh táirgí atá bunaithe ar adhmad i gcomparáid le hábhair agus táirgí eile atá coibhéiseach ó thaobh feidhme de) le táirgí adhmaid fadshaolacha agus le táirgí atá bunaithe ar shnáithíní araon.

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go dtí 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh

COM(2021) 555

Leasú 14

Aithris 6 (a) (nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

D’fhéadfadh dibhéirseacht iomarcach i Spriocanna na mBallstát maidir le Comhroinnt Díchill bac a chur ar chuspóir na haeráidneodrachta a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí; i gcomhthéacs na tréimhse 2021-2027, ba cheart an méid seo a leanas a chur san áireamh agus cistí an bheartais comhtháthaithe, eadhon Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe agus an Ciste um Aistriú Cóir á leagan amach: cláir shaincheaptha, ais tosaíochta, straitéisí agus pleananna críochacha lena ndírítear freisin ar acmhainneacht na mBallstát a mhéadú a mhéid a bhaineann le hastaíochtaí GCT a laghdú sna hearnálacha a rialaítear le Rialachán 2018/842 agus, dá bhrí sin, ar rannchuidiú le cóineasú níos fearr a bhaint amach idir na spriocanna atá leagtha amach acu cheana féin don chlárthréimhse seo.

Leasú 15

Aithris 18 (a) (nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(18a)

Ní mór go ngabhfadh earnálacha uile an gheilleagair iarracht chomhpháirteach orthu féin, lena n-áirítear earnáil na talmhaíochta, chun go mbeidh sé níos éasca an sprioc 1,5  oC a bhaint amach agus an ceartas aeráide a áirithiú. San fhís straitéiseach fhadtéarmach atá aige ar mhaithe le geilleagar rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch atá aeráidneodrach  (1) , dhearbhaigh an Coimisiún go bhféadfaí astaíochtaí GCT neamh-CO2 ón talmhaíocht a laghdú go 211 mhilliún tona de choibhéis CO2 (MtCO2e) in 2050, rud a laghdódh an gá atá le teicneolaíochtaí diúltacha astaíochtaí neamh-inbhuanaithe chun astaíochtaí GCT glan-nialasacha a bhaint amach. Mar sin féin, is beag dul chun cinn atá déanta ag roinnt earnálacha faoin Rialachán sin le blianta beaga anuas. D’fhonn a áirithiú go rannchuideodh gach earnáil comhroinnte díchill le cuspóirí aeráide a bhaint amach go tráthúil, beidh gá le rannchuidithe íosta earnála i ndáil leis an sprioc maidir le hastaíochtaí GCT a laghdú a leagtar síos leis an Rialachán sin don bhliain 2030 agus ina dhiaidh sin, maille le faireachán, tuairisciú agus bearta cuí ón gCoimisiún. Le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ceanglaítear ar na Ballstáit straitéisí fadtéarmacha a fhorbairt a chuirfidh le comhlíonadh ghealltanais na mBallstát maidir le cuspóirí Chomhaontú Pháras agus le laghduithe fadtéarmacha ar astaíochtaí GCT a bhaint amach agus le feabhas a chur ar aistriú linnte i ngach earnáil i gcomhréir le cuspóir an Aontais maidir le haeráidneodracht. Bainfidh an Coimisiún úsáid as na straitéisí sin, chomh maith le pleananna agus tuarascálacha eile na mBallstát faoi Rialachán (AE) 2018/1999, chun baint amach comhchoiteann spriocanna na n-earnálacha comhroinnte díchill ar leibhéal Aontais a shocrú agus faireachán a dhéanamh orthu.

Leasú 16

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3a (nua)

Rialachán (AE) 2018/842

Airteagal 4 – mír 3(a) nua

An téacs atá ann

Leasú ó CnaR

 

(3a)

in Airteagal 4, cuirtear mír 3(a) leis:

Spriocanna laghdaithe astaíochtaí na mBallstát do 2030 agus ina dhiaidh sin

Chun an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 (“an Dlí Aeráide Eorpach”) agus an sprioc aeráide uile-Aontais do 2040 a bhaint amach de bhun Rialachán (AE) 2021/1119, déanfaidh an Coimisiún togra reachtach faoi dheireadh 2025, de réir mar is iomchuí, bunaithe ar mheasúnú tionchair mionsonraithe, chun an Rialachán sin a leasú chun rannchuidithe íosta earnála a thabhairt isteach chun an sprioc ar leibhéal an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, arna socrú leis an Rialachán sin do 2030 agus ina dhiaidh sin, maille le faireachán, tuairisciú agus bearta cuí chun a áirithiú go rannchuideoidh na hearnálacha uile faoin Rialachán sin le baint amach tráthúil na gcuspóirí aeráide.

Cúis

A áirithiú go rannchuideoidh gach earnáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.

Leasú 17

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3b (nua)

Rialachán (AE) 2018/842

Airteagal 5– mír 1 agus mír 2

An téacs atá ann

Leasú ó CnaR

 

(3b)

In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

1.     I ndáil leis na blianta 2021 go 2025, féadfaidh Ballstát cainníocht suas le 10 % a fháil ar iasacht óna leithdháileadh bliantúil astaíochtaí don bhliain dár gcionn.

 

“1.     I ndáil leis na blianta 2021 go 2029, féadfaidh Ballstát cainníocht suas le 5 % a fháil ar iasacht óna leithdháileadh bliantúil astaíochtaí don bhliain dár gcionn.”

2.     I ndáil leis na blianta 2026 go 2029, féadfaidh Ballstát cainníocht suas le 5 % a fháil ar iasacht óna leithdháileadh bliantúil astaíochtaí don bhliain dár gcionn.

 

Cúis

D’fhonn cur chun feidhme an rialacháin a áirithiú, tá sé inmholta an tsolúbthacht a laghdú D’fhonn cosc a chur ar fhadhbanna cur chun feidhme meántéarmacha a bheith mar thoradh ar fhaoisimh ghearrthéarmacha i ngeall ar iasachtaí, agus ar mhaithe leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha nach mbíonn baint dhíreach acu go minic le cinntí náisiúnta maidir le solúbthacht.

Leasú 18

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3c (nua)

Rialachán (AE) 2018/842

Airteagal 5 – mír 4

An téacs atá ann

Leasú ó CnaR

 

(3c)

In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

4.   Féadfaidh Ballstát suas le 5 % dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí le haghaidh bliain ar leith a aistriú go Ballstáit eile i ndáil leis na blianta 2021 go 2025, agus suas le 10 % i ndáil leis na blianta 2026 go 2030. Féadfaidh an Ballstát glactha an chainníocht sin a úsáid le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9 sa bhliain ar leith nó i mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030.

 

4.   Féadfaidh Ballstát suas le 5 % dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí le haghaidh bliain ar leith a aistriú go Ballstáit eile i ndáil leis na blianta 2021 go 2030. Féadfaidh an Ballstát glactha an chainníocht sin a úsáid le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9 sa bhliain ar leith nó i mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030.

Cúis

Ba cheart aistrithe a theorannú chun cur chun feidhme éifeachtach a áirithiú i ngach Ballstát. Ba cheart a chur in iúl go bhféadadh sé go mbeadh éagothromaíochtaí réigiúnacha i mBallstát amháin ag a bhfuil acmhainneacht maidir le haistrithe aige. Ba cheart dúshláin réigiúnacha a chur san áireamh sula mbreithneofar aistrithe chuig tíortha eile.

Leasú 19

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5a (nua)

Rialachán (AE) 2018/842

Airteagal 8

An téacs atá ann

Leasú ó CnaR

 

(5a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

1.   Má shuíonn an Coimisiún, ina mheasúnú bliantúil faoi Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus á thabhairt san áireamh dó an úsáid a bheartaítear do na solúbthachtaí dá dtagraítear in Airteagail 5, 6 agus 7 den Rialachán seo, nach bhfuil dóthain dul chun cinn á dhéanamh ag Ballstát maidir lena oibleagáidí faoi Airteagal 4 den Rialachán seo a chomhlíonadh, déanfaidh an Ballstát sin, laistigh de thrí mhí, plean gníomhaíochta ceartaithí a thíolacadh don Choimisiún, ina mbeidh an méid seo a leanas:

1.   Má shuíonn an Coimisiún, ina mheasúnú bliantúil faoi Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus á thabhairt san áireamh dó an úsáid a bheartaítear do na solúbthachtaí dá dtagraítear in Airteagail 5, 6 agus 7 den Rialachán seo, nach bhfuil dóthain dul chun cinn á dhéanamh ag Ballstát maidir lena oibleagáidí faoi Airteagal 4 den Rialachán seo a chomhlíonadh, déanfaidh an Ballstát sin, laistigh de thrí mhí, plean gníomhaíochta ceartaithí a thíolacadh don Choimisiún, ina mbeidh an méid seo a leanas:

[…]

[…]

 

(c)

i gcás ina mbeidh éagothromaíochtaí réigiúnacha suntasacha ann maidir le feidhmíocht nó dúshláin struchtúracha thromchúiseacha ar an leibhéal réigiúnach, agus i gcás críocha oileánacha áirithe, ní mór forálacha sonracha le haghaidh na bhfadhbanna sin a bheith sa phlean gníomhaíochta ceartaithí.

[…]

2.   I gcomhréir lena chlár oibre bliantúil, tabharfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil cúnamh don Choimisiún san obair a dhéanfaidh sé chun measúnú a dhéanamh ar aon phleananna gníomhaíochta ceartaithí den sórt sin.

2.   I gcomhréir lena chlár oibre bliantúil, tabharfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil cúnamh don Choimisiún san obair a dhéanfaidh sé chun measúnú a dhéanamh ar aon phleananna gníomhaíochta ceartaithí den sórt sin.

3.   Féadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint maidir le stóinseacht na bpleananna gníomhaíochta ceartaithí a thíolacfar i gcomhréir le mír 1, agus sa chás sin, déanfaidh sé sin laistigh de cheithre mhí ón tráth a bhfaighidh sé na pleananna sin. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann lánaird ar an tuairim ón gCoimisiún agus féadfaidh sé a phlean gníomhaíochta ceartaithí a athbhreithniú dá réir.

3.   Féadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint maidir le stóinseacht na bpleananna gníomhaíochta ceartaithí a thíolacfar i gcomhréir le mír 1, agus sa chás sin, déanfaidh sé sin laistigh de cheithre mhí ón tráth a bhfaighidh sé na pleananna sin. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann lánaird ar an tuairim ón gCoimisiún agus féadfaidh sé a phlean gníomhaíochta ceartaithí a athbhreithniú dá réir. Foilseoidh an Ballstát tuairim an Choimisiúin agus áiritheoidh sé go scaipfear í i measc na n-údarás áitiúil agus réigiúnach.

4.     Áiritheoidh an Ballstát go bhfoilseofar an plean gníomhaíochta ceartaithí agus aon athbhreithnithe a d’fhéadfadh a bheith ann, agus go scaipfear iad i measc na n-údarás áitiúil agus réigiúnach.

Cúis

Ní mór bearta don leibhéal réigiúnach a chur san áireamh i bpleananna gníomhaíochta chun staideanna fadhbacha a réiteach, más rud é gur cúis shuntasach leis an staid iad fadhbanna réigiúnacha. Ní mór na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chur ar an eolas maidir le pleananna gníomhaíochta ionas go mbeidh siad in ann rannchuidiú go hiomlán leis an mbeartas aeráide.

II.   MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

1.

ar an eolas maidir leis na héifeachtaí tubaisteacha atá ag an athrú aeráide ar phobail áitiúla; á chur in iúl go n-aithníonn sé go bhfuil gá le gníomhaíochtaí láidre chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach; Tacaíonn CnaR le gealltanas ardleibhéil maidir le LULUCF ach athdhearbhaíonn sé freisin go bhfuil gá le solúbthacht chun spriocanna a bhaint amach;

2.

den tuairim go bhfuil ról cinntitheach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sna hearnálacha a chumhdaítear leis an Rialachán (2) maidir le Comhroinnt Díchill agus le Rialachán LULUCF (3), ós rud é go n-éilítear sna rialacháin sin go n-áireofaí an ghné chríochach. Is réimsí iad sin ina bhféadfadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a bheith gníomhach, i bhfianaise a bhfreagrachtaí agus a gcumhachtaí dlíthiúla;

3.

á iarraidh go gcoinneofaí na bearta atá i Rialachán LULUCF i gcomhréir le cuspóirí na Straitéise Bithéagsúlachta agus Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le hoiriúnú don athrú aeráide. Chun na spriocanna aeráide a bhaint amach, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh gach Ballstát, i gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, creat dlíthiúil a chur chun feidhme maidir le foraoisí lena n-áiritheofar cothromaíocht idir an táirgeadh, an bhithéagsúlacht agus an chosaint;

4.

á chur in iúl go láidir nár cheart an comhtháthú críochach ná na grúpaí agus na críocha is leochailí a bheith thíos leis an aistriú. Cuidíonn na Ballstáit agus earnálacha uile an gheilleagair leis na laghduithe ar astaíochtaí CO2 a bhaint amach, agus cothromaíocht agus dlúthpháirtíocht á gcur san áireamh; I ndáil leis sin, measann sé go bhféadfadh measúnuithe tionchair chríochaigh ar fheirmeoirí aonair agus ar fhoraoiseoirí léargas níos soiléire a thabhairt ar na fíorchostais agus na fíorthairbhe;

5.

á chur in iúl go bhfuil sé go mór i gcoinne an fhócais sa togra ar fhoraoisí mar linnte carbóin den chuid is mó agus an easpa airde a thugtar ann ar ról na bhforaoisí maidir le bunábhar inbhuanaithe a chur ar fáil chun roghanna malartacha iontaise a ionadú. Dá bhrí sin, ní aithnítear acmhainneacht iomlán earnáil na foraoiseachta maidir leis an athrú aeráide a mhaolú agus maidir leis an mbithgheilleagar áitiúil agus réigiúnach a fhorbairt;

6.

á chur in iúl gur gá an téarnamh fuinnimh ó bhithmhais adhmaid a laghdú chun na spriocanna in earnáil LULUCF a bhaint amach. Ba cheart tosaíocht a thabhairt D’úsáid chascáideach, trí bhithmhais a úsáid níos mó ná uair amháin mar ábhar den chaighdeán is airde is féidir sula n-úsáidtear í le haghaidh fuinnimh;

7.

á chur in iúl go láidir nár cheart é a bheith mar thoradh ar uaillmhianta méadaithe earnáil LULUCF go n-allmhairítear amhábhar de thionscnamh anaithnid ó áiteanna lasmuigh den Aontas. D’fhéadfadh sé go gciallódh sé sin nach dtiocfadh aon fhíorfheabhsuithe ar an aeráid ar fud an domhain as na bearta a rinneadh chun glanlinn earnáil LULUCF a fheabhsú. Tá gá le dearcadh córais níos leithne chun cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh maidir leis an gcaoi ar féidir an tionchar aeráide a laghdú trí cheapadh carbóin i bhforaoisí agus trí tháirgí agus bithfhuinneamh ó fhoraoisí a úsáid;

8.

á chur in iúl go n-aontaíonn sé le measúnú an Choimisiúin gur gá cur i gcoinne na treochta diúltaí maidir leis an laghdú atá ag teacht ar an linn charbóin san Aontas mar chuid den sprioc fhadtéarmach maidir le haeráidneodracht a bhaint amach; ar aon intinn maidir leis an sprioc de chuid an Aontais atá beartaithe glanúsáid 310 milliún tona de choibhéis CO2 a bhaint amach faoi 2030 agus molann sé go ndéanfaí rannchuidiú náisiúnta breise do ghlansprioc 2030 atá níos airde ná na spriocanna náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn IIa. Tá éagsúlacht mhór idir na Ballstáit maidir leis an bhféidearthacht an glanúsáid carbóin a mhéadú agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú in earnáil LULUCF. Braitheann an méid sin ar chumas táirgthe nádúrtha na talún agus ar dháileadh an limistéir talún iomláin ar chatagóirí éagsúla talamhúsáide. Creideann CnaR gur cheart na huaillmhianta méadaithe a leagfar amach faoi 2030 a bheith ar leibhéal atá comhoiriúnach le creat beartais na mBallstát maidir leis an aeráid agus lenar féidir an bithgheilleagar a fhorbairt i ngach Ballstát;

9.

den tuairim go bhfuil baol ann go ndéanfadh earnáil choiteann don talmhaíocht agus don fhoraoiseacht an brú a ísliú maidir le hastaíochtaí a laghdú in earnáil na talmhaíochta agus go ndéanfadh tíortha ina bhfuil líon ard foraoisí agus ag a bhfuil glanúsáid ard i bhforaoisí astaíochtaí a “chúiteamh” le tíortha ag a bhfuil earnáil talmhaíochta mhór nó astaíochtaí iontaise arda. Ba cheart bearta a ghlacadh chun an t-athrú aeráide a mhaolú i ngach earnáil agus tír, bunaithe ar choinníollacha na hearnála nó na tíortha sin;

10.

á chur in iúl nár cheart Rialachán LULUCF a leathnú chuig faireachán agus tuairisciú réimsí beartais eile atá faoi réir reachtaíocht eile. Leis an togra ón gCoimisiún gur cheart go n-áireofaí i dtuairisciú LULUCF faisnéis maidir le caomhnú carbóin in ithreacha atá ar mhórán carbóin, réimsí ina bhfuil bithéagsúlacht ard, ithreacha athchóirithe agus ithreacha athchóirithe atá i mbaol suaitheadh nádúrtha, ní chuirtear feabhas ar cháilíocht an tuairiscithe in earnáil LULUCF;

11.

á chur i bhfios nár cheart do na réigiúin a bheith thíos leis an gcistiú a chuireann na Ballstáit ar fáil; á aithint gur gá na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chur ar an eolas faoi na féidearthachtaí cistiúcháin atá ann chun tacú le gníomhú ar son na haeráide;

12.

ag tabhairt rabhadh faoin mbaol a bhaineann le cur chun feidhme neamhéifeachtach; ag tacú leis an athbhreithniú atá beartaithe agus leis an ngá atá ann iarmhairtí phaindéim COVID-19 a chur san áireamh; á chur i bhfios, áfach, gur gá a áirithiú go gcloífear leis na conairí atá molta sa Rialachán maidir le comhroinnt díchill;

13.

ag áitiú ar an gCoimisiún modheolaíocht a leagan amach chun go mbeidh na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla in ann a n-iarrachtaí maidir le hastaíochtaí a laghdú a ríomh ar bhealach a bheidh i gcomhréir leis na spriocanna náisiúnta agus lena seachnófar saobhadh díréireach;

14.

ag leagan béim ar an mbaol a bhaineann le solúbthacht iomarcach maidir le hiasachtaí ó leithdháiltí agus aistrithe bliantúla idir na Ballstáit. Tá cinnteacht de dhíth ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun a mbeartais aeráide agus eacnamaíocha a phleanáil. D’fhéadfadh difríochtaí suntasacha réigiúnacha a bheith ann a mhéid a bhaineann le cásanna náisiúnta a cheadaíonn solúbthacht faoin rialachán;

15.

á aithint go bhfuil gá le réitigh, agus le dreasachtaí lena ngintear ioncam go háirithe, a chur ar fáil do na réigiúin sin a bhféadfadh deacrachtaí a bheith acu nó meath teacht ar an dul chun cinn atá déanta acu san aistriú is gá chuig geilleagar ísealcharbóin; á chur i bhfios a thábhachtaí atá sé go mbeadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach maidir le conairí forbartha inbhuanaithe a fhorbairt, conairí a D’fhéadfadh geilleagair na réigiún sin a spreagadh;

16.

ag tacú le forálacha níos láidre maidir le pleananna gníomhaíochta ceartaithí agus trédhearcacht, agus béim á leagan ar an ngné réigiúnach, lena n-éilítear sonraíochtaí maidir leis an mbealach chun dul i ngleic le héagothromaíochtaí réigiúnacha trí réitigh phraiticiúla ar dhúshláin réigiúnacha a chur chun cinn;

17.

ag leagan béim ar an tábhacht a bhaineann le seiceálacha comhlíontachta; á mholadh go ndéanfaí measúnú ar an bhféidearthacht pionóis airgeadais a ghearradh i gcás easpa comhlíonta. Ba cheart aon ioncam ó phionóis a athinfheistiú i ngníomhú ar son na haeráide agus san aistriú cóir agus béim ar leith á leagan ar dhúshláin réigiúnacha;

18.

á mholadh go ndéanfaí machnamh ar an gCúlchiste sábháilteachta do na Ballstáit a bhfuil OTI íseal per capita acu. Déantar OTI a mheas cheana féin agus spriocanna náisiúnta á mbunú agus tá amhras ann gur luach aonair é toisc nach gcuirtear san áireamh leis léargas iomlán ar staid na réigiún agus nach léiriú i gcónaí é ar riachtanais forbartha chasta críche.

An Bhruiséil, 28 Aibreán 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)   Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta – “Pláinéad Glan do Chách – Fís uile-Eorpach straitéiseach fhadtéarmach ar mhaithe le geilleagar rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch atá aeráidneodrach”

(2)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).

(3)  Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1).


  翻译: