22.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 318/24


Iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo (an Phortaingéil) a taisceadh an 3 Bealtaine 2022 – NOS-SGPS SA v Autoridade Tributária e Aduaneira

(Cás C-290/22)

(2022/C 318/34)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Supremo Tribunal Administrativo

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: NOS-SGPS SA

Cosantóir: Autoridade Tributária e Aduaneira

An cheist a tharchuirtear:

An dtagann cuideachta sealbhaíochta atá bunaithe sa Phortaingéil agus a rialaítear le forálacha Fhoraithne-Dlí Uimh. 495/88 an 30 Nollaig 1988 (Decreto-Lei n.o 495/88), arb é an t-aon chuspóir atá aici ná scairshealbhaíochtaí i gcuideachtaí eile nach bhfuil san earnáil árachais a bhainistiú, faoin gcoincheap “institiúid airgeadais” de réir bhrí phointe 22 d’Airteagal 3(1) de Threoir 2013/36/AE (1) agus de réir bhrí phointe 26 d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013? (2)


(1)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).


  翻译: