20.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 63/19 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Sofiyski rayonen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 22 Samhain 2022 – S.R.G. v Profi Credit Bulgaria EOOD
(Cás C-714/22)
(2023/C 63/25)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Sofiyski rayonen sad
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: S.R.G.
Cosantóir: Profi Credit Bulgaria EOOD
Na ceisteanna a tharchuirtear
1. |
An gcaithfear Airteagal 3(g) de Threoir 2008/48/CE (1) a léiriú sa chaoi gurb ionann costais i ndáil le seirbhísí coimhdeacha arna gcomhaontú i ndáil le conradh creidmheasa tomhaltóra, ar nós táillí maidir leis an deis chun tráthchodanna a chur ar athlá nó a laghdú, agus cuid den ráta céatadánach bliantúil don chreidmheas? |
2. |
An gcaithfear Airteagal 10(2)(g) de Threoir 2008/48/CE a léiriú sa chaoi nach mór caitheamh le fógra mícheart faoin ráta céatadánach bliantúil i gconradh creidmheasa idir trádálaí agus tomhaltóir is iasachtaí mar easpa fógra faoin ráta céatadánach bliantúil sa chonradh creidmheasa agus nach mór don chúirt náisiúnta na hiarmhairtí dlí dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta i ndáil le heaspa fógra den ráta céatadánach bliantúil i gconradh tomhaltóra a chur i bhfeidhm? |
3. |
An gcaithfear Airteagal [23] de Threoir 2008/48/CE a léiriú sa chaoi go bhfuil pionós dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta, arb ionann é agus an conradh creidmheasa tomhaltóra a chur ar neamhní, ar dá réir níl ach an tsuim chaipitiúil a cuireadh ar fáil le haisíoc, comhréireach i gcás nach raibh an ráta céatadánach bliantúil luaite go cruinn sa chonradh creidmheasa tomhaltóra? |
4. |
An gcaithfear Airteagal 4(1) agus (2) de Threoir 93/13/CEE (2) a léiriú sa chaoi nach mór caitheamh le táillí i ndáil le pacáiste seirbhísí coimhdeacha dá bhforáiltear i gcomhaontú ar leith lena bhforlíontar an príomhchonradh, ar conradh creidmheasa tomhaltóra é, mar chuid de phríomhábhar an chonartha agus nach bhféadfadh sé, dá bhrí sin, a bheith ina ábhar den mheasúnú maidir le héagóir? |
5. |
An gcaithfear Airteagal 3(1) de Threoir 93/13/CEE, arna léamh i gcomhar le pointe 1(o) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir sin, a léiriú sa chaoi go bhfuil téarma i gconradh maidir le seirbhísí coimhdeacha i ndáil le creidmheas tomhaltóra éagórach má tá deis theibí tugtha ann don tomhaltóir íocaíochtaí a chur ar athlá agus a athsceidealú agus é faoi dhliteanas i leith táillí fiú mura mbaineann sé úsáid as an deis sin? |
6. |
An gcaithfear Airteagal 6(1) agus 7(1) de Threoir 93/13 agus prionsabal na héifeachtachta a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar fhoráil dlí faoina bhféadfaí cuid de na costais a chur ar an tomhaltóir i dtaobh imeachtaí sna cásanna seo a leanas: (1) i gcás ina seastar i bpáirt leis an iarratas ar dhearbhú nach bhfuil suimeanna dlite mar gheall ar éagóir téarma atá cruthaithe […]; (2) i gcás ina bhfuil sé beagnach dodhéanta nó thar a bheith deacair don tomhaltóir, agus a chearta á bhfeidhmiú aige, méid an éilimh a ríomh; agus (3) i ngach cás ina bhfuil téarma éagórach, lena n-áirítear na cásanna nach bhfuil tionchar díreach, go hiomlán nó i bpáirt, ag an téarma éagórach ar mhéid éileamh an chreidiúnaí nó nach mbaineann an téarma go díreach le hábhar na n-imeachtaí? |
(1) Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO 2008 L 133, lch. 66).
(2) Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO 1993 L 95, lch. 29).