13.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 94/20


Achomharc arna thabhairt an 9 Nollaig 2022 ag OG, OH, OI agus OJ i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) arna thabhairt an 7 Deireadh Fómhair 2022 i gCás T-101/22, OG agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás C-754/22 P)

(2023/C 94/22)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Achomharcóirí: OG, OH, OI agus OJ (ionadaí: D. Gómez Fernández, abogado)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hachomharcóirí ar an gCúirt Bhreithiúnais:

ordú na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) an 7 Deireadh Fómhair 2022 a chur ar neamhní, ar tugadh é i gCás OG agus páirtithe eile v an Coimisiún, T-101/22, nár foilsíodh, EU:T:2022:661;

i gcás ina measann an Chúirt Bhreithiúnais go gceadaítear amhlaidh de réir staid na n-imeachtaí, agus cinneadh á dhéanamh aici ar shubstaint an cháis, rialú a thabhairt go bhfuil bunús leis na héilimh arna ndéanamh sa chéad chéim agus, dá bhrí sin, go neamhneodh sí Airteagal 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2021/2288 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tréimhse inghlacthachta na ndeimhnithe vacsaínithe arna n-eisiúint i bhformáid Dheimhniú Digiteach COVID AE lena léirítear gur críochnaíodh an tsraith vacsaínithe phríomhúil (1) agus Airteagail 1 go 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2022/503 ón gCoimisiún an 29 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le mionaoisigh a dhíolmhú ó thréimhse inghlacthachta deimhnithe vacsaínithe arna n-eisiúint i bhformáid Dheimhniú Digiteach COVID AE (2).

mar mhalairt rogha, i gcás ina measann an Chúirt Ghinearálta nach gceadaítear, de réir staid na n-imeachtaí, cinneadh a dhéanamh ar shubstaint an cháis, iarrann siad ar an gCúirt Ghinearálta an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta ionas go dtabharfadh sí rialú ar na héilimh arna gcur chun cinn sna caingne le haghaidh neamhniú arna ndéanamh sa chéad chéim.

a ordú don Choimisiún Eorpach costais na n-imeachtaí sa chéad chéim agus costais na n-imeachtaí achomhairc a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena n-achomharc, maíonn na h-achomharcóirí ndearnadh na ceanglais maidir le locus standi sa cheathrú mír d’Airteagal 263 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm go mícheart le hordú na Cúirte Ginearálta an 7 Deireadh Fómhair 2022, Cás T-101/22, ar bhonn na n-argóintí seo a leanas:

(1)

Déantar difear go díreach leis na Rialacháin atá faoi achomharc do chearta dlí na n-achomharcóirí toisc nárbh iad na Ballstáit a chinn go dtéann na deimhnithe in éag 270 lá i ndiaidh críoch na sraithe vacsaínithe príomhúla. Is leis na Rialacháin Tharmligthe arna nglacadh ag an gCoimisiún lenar cinneadh é seo agus, thairis sin, is cúis iad leis an dul ó bhail uathoibríoch.

(2)

Cuirtear na deimhnithe vacsaínithe ó bhail go huathoibríoch leis na Rialacháin Tharmligthe, gan ghá le hidirghabháil ag aon Bhallstát, ach amháin i gcás ina dtoilleann na daoine a bhfuil na deimhnithe sin acu le bheith ionaclaithe le teanndáileog, rud a fhágann go bhfuil sé ina mhodh chun an vacsaín a fhorchur go hindíreach, rud a dhéanann difear do chearta dlí na n-achomharcóirí.


(1)  IO 2021, L 458, lch. 459.

(2)  IO 2022, L 102, lch. 8.


  翻译: