An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú

 

ACHOIMRE AR:

An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú

Prótacal chun an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú

Cinneadh 86/238/CEE maidir le haontachas an Chomhphobail leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú, arna leasú leis an bPrótacal a síníodh i bPáras in 1984

Cinneadh (AE) 2019/2025 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail chun leasú a dhéanamh ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú

Rialachán (AE) 2017/2107 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOINBHINSIÚN, AN PRÓTACAL NA CINNTÍ AGUS AN RIALACHÁN?

PRÍOMHPHOINTÍ

Nóta: Cumhdaíonn an achoimre seo an coinbhinsiún arna leasú ina dhiaidh sin leis an bprótacal.

Struchtúr

Bunaítear ICCAT leis an gcoinbhinsiún chun a chuid cuspóirí a chur i gcrích, lena gcuirtear cur chuige réamhchúraim agus éiceachórais i bhfeidhm, lena n-áirítear:

De réir an choinbhinsiúin, ba cheart do Choimisiún ICCAT teacht le chéile gach 2 bliana agus níor cheart níos mó ná triúr toscaire ó gach comhalta ICCAT a bheith ar an gCoimisiún, le cúnamh ó shaineolaithe agus ó chomhairleoirí. Déanta na fírinne, tagann Coimisiún ICCAT le chéile gach bliain agus is é atá freagrach as na nithe seo a leanas:

Tagann Comhairle ICCAT le chéile uair amháin san idirthréimhse idir cruinnithe Choimisiún ICCAT. Tá sé comhdhéanta de Chathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach ICCAT agus idir 4 agus 10 n-ionadaí comhalta.

Ceapfaidh Coimisiún ICCAT Rúnaí Feidhmiúcháin agus féadfaidh sé painéil a bhunú de réir speicis nó limistéir gheografaigh.

Moltaí

Ar bhonn fianaise eolaíche, déanann ICCAT moltaí arb é is aidhm dóibh:

Agóidí agus díospóidí

Is féidir le baill Choimisiún ICCAT agóidí maidir le moltaí a chur i láthair i scríbhinn i gcás:

Ní mór do pháirtithe in aon díospóid dul i gcomhairle lena chéile chun díospóidí a réiteach ar mhodh cairdiúil agus chomh tapa agus is féidir. Mura réitítear díospóid, is féidir í a chur faoi eadráin chríochnaitheach cheangailteach trí chomhiarratas. Leagtar amach in iarscríbhinn na nósanna imeachta chun díospóidí a réiteach.

Forfheidhmiú

Aontaíonn comhaltaí de Choimisiún ICCAT gach ní is gá a dhéanamh chun a áirithiú go bhforfheidhmeofar an coinbhinsiún agus ní mór dóibh ráiteas a chur isteach maidir leis na bearta a dhéantar chun an coinbhinsiún a bhaint amach gach 2 bliana, nó de réir mar is gá. Ní mór do bhaill Choimisiún ICCAT:

Socruithe airgeadais

Ranníocann gach comhalta de chuid an Choimisiúin ICCAT méid leis an mbuiséad a ríomhtar i gcomhréir le rialacháin airgeadais arna nglacadh ag Coimisiún ICCAT, bunaithe go páirteach ar mheáchan slánaithe iomlán gabhála agus glanmheáchan táirgí stánaithe agus ar fhorbairt eacnamaíoch na mball.

Comhoibriú

Éilíonn an coinbhinsiún caidreamh oibre idir Coimisiún ICCAT agus Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, agus coimisiúin idirnáisiúnta iascaigh agus eagraíochtaí eolaíochta eile a d’fhéadfadh cur lena gcuid oibre, agus an deis a bheith acu páirt a ghlacadh (ach gan vóta a chaitheamh) i gcruinnithe Choimisiún ICCAT.

An Rialachán 2017

Leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/2107 rialacha caomhnaithe agus rialaithe maidir le héisc mhórimirceacha atá á mbainistiú ag ICCAT (tá na speicis lena mbaineann liostaithe in iarscríbhinn). Áirítear sa rialachán rialacha mionsonraithe maidir le bearta sonracha do na speicis seo a leanas laistigh de ghnáthlimistéar ICCAT:

Áirítear ann freisin rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (IO L 162, 18.6.1986, lgh. 34-38).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Prótacal chun an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú leasú (IO L 313, 4.12.2019, lgh. 3-13).

Cinneadh 86/238/CEE an 9 Meitheamh 1986 maidir leis an gComhphobal d’aontú don Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú, arna leasú leis an bPrótacal a cuireadh i gceangal le Gníomh Críochnaitheach Chomhdháil Lánchumhachtaí na Stáit is Páirtithe sa Choinbhinsiún arna síniú i bPáras ar an 10 Iúil 1984 (IO L 162, 18.6.1986, lch. 33).

Cinneadh (AE) 2019/2025 ón gComhairle an 18 Samhain 2019 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail chun an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (IO L 313, 4.12.2019, lgh. 1-2).

Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle (IO L 315, 30.11.2017, lgh. 1-39).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 17.01.2022

  翻译: