Ag obair le trealamh scáileán taispeána
ACHOIMRE AR:
Treoir 90/270/CEE maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte d’obair le trealamh scáileán taispeána
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
Leagtar síos léi híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte d’obair le trealamh scáileán taispeána* san Aontas Eorpach (AE).
PRÍOMHPHOINTÍ
Raon feidhme
Cuimsítear rialacha sa treoir lena bhforlíontar na rialacha ginearálta atá i dTreoir 89/391/CEE maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe ag an obair (féach an achoimre).
Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, nach bhfuil feidhm ag an treoir seo maidir leis an méid seo a leanas:
- cábáin tiománaithe nó cábáin rialaithe le haghaidh feithiclí nó innealra;
- córais ríomhaireachta ar bord modh iompair;
- córais ríomhaireachta atá beartaithe go príomha le haghaidh úsáid phoiblí;
- córais iniompartha, ach amháin maidir le húsáid fhada ag stáisiún oibre*;
- áireamháin, scipéid airgid agus aon trealamh a bhfuil taispeáint bheag sonraí nó tomhais air a theastaíonn le haghaidh úsáid dhíreach an trealaimh;
- clóscríobháin de dhearadh traidisiúnta, den chineál ar a dtugtar “clóscríobháin ar a bhfuil fuinneog”.
Oibleagáidí fostóirí
- Chun sláinte agus sábháilteacht oibrithe a áirithiú, ní mór d’fhostóirí an méid seo a leanas a dhéanamh:
- anailís a dhéanamh ar stáisiúin oibre chun na dálaí sábháilteachta agus sláinte a mheasúnú, agus chun bearta iomchuí a dhéanamh chun na rioscaí a aimsítear a leigheas agus chun iad a chur ar aon dul le ceanglais na treorach;
- eolas a thabhairt d’oibrithe faoi gach beart a bhaineann lena sláinte agus sábháilteacht, agus a bhaineann lena stáisiún oibre agus oiliúint a chur orthu.
- Chomh maith leis sin, ní mór dóibh gníomhaíochtaí oibrithe a phleanáil sa dóigh go gcuirfear isteach go tréimhsiúil ar an obair laethúil ar threalamh scáileán taispeána le sosanna nó le hathruithe gníomhaíochta.
- Ní mór dóibh oiliúint a chur ar fáil d’oibrithe i ndáil le húsáid an stáisiúin oibre sula dtosóidh siad ar an gcineál sin oibre, agus aon uair a dhéanfar athrú suntasach ar eagrú an stáisiúin oibre.
Súile agus radharc na n oibrithe a chosaint
- Tá oibrithe i dteideal tástáil súl agus amharc na súl a fháil sula dtosóidh siad a n obair scáileán taispeána, agus ag eatraimh rialta ansin le linn a ngníomhaíochtaí agus má bhíonn deacrachtaí amhairc acu.
- Más gá agus murar féidir gnáthfheistí ceartaitheacha a úsáid, ní mór feistí ceartaitheach speisialta atá oiriúnach don obair lena mbaineann a chur ar fáil d’oibrithe, gan táille.
Gníomhartha tarmligthe
Tá an chumhacht ag an gCoimisiún Eorpach gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 10a de Rialachán (AE) 2019/1243, chun leasuithe teicniúla amháin a dhéanamh ar an iarscríbhinn, chun dul chun cinn teicniúil, forbairtí ar rialacháin nó ar shonraíochtaí idirnáisiúnta agus eolas i réimse an trealaimh scáileán taispeána a chur san áireamh.
Athbhreithniú ar an reachtaíocht
Mar chuid dá chreat straitéiseach maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair 2021-2027, a foilsíodh i mí an Mheithimh 2021, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 90/270/CEE i bhfianaise an digitithe ó glacadh an treoir ar dtús.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá feidhm le Treoir 90/270/CEE ón 11 Meitheamh 1990 agus b’éigean dlí (trasuíomh) a dhéanamh di i mBallstáit AE faoin 31 Nollaig 1992.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Trealamh scáileán taispeána. Scáileán taispeána alfa-uimhriúil nó grafach, beag beann ar an bpróiseas taispeána a úsáidtear.
Stáisiún oibre. Cóimeáil ina gcuimsítear trealamh scáileán taispeána, a bhféadfaí méarchlár nó feiste ionchuir agus/nó bogearraí a sholáthar leis lena gcinntear comhéadan an oibreora/an mheaisín, gabhálais roghnacha, gléasanna forimeallacha lena n áirítear an tiomántán dioscaí, teileafón, móideim, printéir, coinneálaí doiciméad, cathaoir oibre agus deasc oibre nó dromchla oibre, agus an timpeallacht oibre mórthimpeall.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 90/270/CEE ón gComhairle an 29 Bealtaine 1990 maidir le bunriachtanais sábháilteachta agus sláinte maidir le hobair le trealamh scáileán taispeána (an cúigiú Treoir aonair laistigh de bhrí Airteagal 16 (1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 156, 21.6.1990, lgh. 14-18).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 90/270/CEE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Creat straitéiseach AE um shláinte agus um shábháilteacht ag an obair 2021-2027 – sábháilteacht agus sláinte ceirde i saol na hoibre atá ag athrú (COM(2021) 323 final, 28.6.2021).
Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsúcháin ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.6.1989, lgh. 1-8).
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 10.11.2021