ISSN 1725-2458

doi:10.3000/17252458.CE2010.114.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

53
4 Bealtaine 2010


Clár

Leathanach

 

III   Bearta Ullmhúcháin

 

An Chomhairle

2010/C /01

Seasamh (EU) No 2/2010 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gréasán Eorpach iarnróid do lasta iomaíoch
Arna nglacadh ag an gComhairle an 22 Feabhra 2010
 ( 2 )

1

2010/C /02

Seasamh (EU) No 3/2010 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gréasán Eorpach iarnróid do lasta iomaíoch
Arna nglacadh ag an gComhairle an 1 Márta 2010
 ( 2 )

17

 


 

(1)   Faoin tagairt C 114 E a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

 

(2)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA

 


III Bearta Ullmhúcháin

An Chomhairle

4.5.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


SEASAMH (EU) No 2/2010 ÓN GCOMHAIRLE AR AN GCÉAD LÉAMH

chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gréasán Eorpach iarnróid do lasta iomaíoch

Arna nglacadh ag an gComhairle an 22 Feabhra 2010

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

2010/C 114 E/01

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe Airteagal 91 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Faoi chuimsiú Straitéis Liospóin i leith fáis agus fostaíochta agus faoi chuimsiú Straitéis an Aontais Eorpaigh um Fhorbairt Inbhuanaithe, tá sé fíorthábhachtach, sa dul chun cinn i dtreo na soghluaisteachta inbhuanaithe, go gcruthófaí margadh inmheánach iarnróid, go mór mór maidir le hiompar lasta.

(2)

Bhí Treoir 91/440/CEE ón gComhairle an 29 Iúil 1991 maidir le forbairt ar iarnróid an Chomhphobail (4) agus i dTreoir 2001/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2001 maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a chionroinnt agus muirir ar úsáid bonneagair iarnróid a thobhach (5) ina gcéimeanna tábhachtacha i dtaca le cruthú an mhargaidh inmheánaigh iarnróid.

(3)

D'fhonn a bheith iomaíoch leis na modhanna eile iompair, ní mór go mbeidh na seirbhísí lasta iarnróid idirnáisiúnta agus náisiúnta, a osclaíodh don iomaíocht ón 1 Eanáir 2007 i leith, in ann tairbhiú as bonneagar iarnróid ar ardcháilíocht a bhfuil maoiniú leordhóthanach á dhéanamh air, is é sin le rá, bonneagar trína gcumasaítear seirbhísí iompair lasta a sholáthar faoi dhálaí maithe ó thaobh luais tráchtála agus amanna turais agus trína gcumasaítear na seirbhísí sin a bheith iontaofa, is é sin, go mbeidh an tseirbhís a sholáthraítear ag teacht leis na comhaontuithe conarthacha a rinneadh leis na gnóthais iarnróid.

(4)

Le hoscailt an mhargaidh iarnróid lasta, bhí oibreoirí nua in ann dul isteach ar an ngréasán iarnróid. Chun barr feabhais a chur ar an úsáid a bhaintear as an ngréasán agus chun iontaofacht an ghréasáin a áirithiú, is fóinteach nósanna imeachta breise a thabhairt isteach leis an gcomhar idir bainisteoirí bonneagair a neartú maidir le conairí idirnáisiúnta traenach a leithdháileadh le haghaidh na dtraenacha lasta.

(5)

Is é an tátal a baineadh as an gcruinniú a bhí ag an gComhairle an 7 agus an 8 Aibreán 2008, gur gá úsáid éifeachtúil an bhonneagair a chur chun cinn agus, más gá, toilleadh an bhonneagair iarnróid a fheabhsú trí bhearta arna nglacadh ar leibhéal na hEorpa agus ar na leibhéil náisiúnta, agus go háirithe, trí bhíthin gníomhartha dlíthiúla.

(6)

Sa chomhthéacs seo, dá mbunófaí dorchlaí idirnáisiúnta iarnróid do ghréasán iarnróid Eorpach d'iompar lasta iomaíoch a bhféadfadh traenacha earraí gluaiseacht orthu faoi dhálaí maithe agus dul go héasca ó ghréasán náisiúnta amháin go gréasán náisiúnta eile, d'fhéadfaí feabhas a chur ar choinníollacha úsáide an bhonneagair.

(7)

Chun dorchlaí idirnáisiúnta iarnróid a bhunú do gréasán iarnróid Eorpach i gcomhair iompair lasta iomaíoch, léiríonn na tionscnaimh a glacadh cheana i dtaca le bonneagar iarnróid gurb é an bealach is iomchuí chuige seo dorchlaí idirnáisiúnta a chruthú lena sásaítear riachtanais shonracha i réimse amháin nó níos mó den mhargadh lasta a shainaithnítear go soiléir.

(8)

Ba cheart go mbeadh an Rialachán seo gan dochar do na cearta agus do na hoibleagáidí atá ag bainisteoirí bonneagair atá leagtha amach i dTreoir 91/440/CEE agus i dTreoir 2001/14/CE agus, i gcás inarb ábhartha, ag na comhlachtaí leithdháiliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Threoir 2001/14/CE. Fanann na gníomhartha sin i bhfeidhm, lena n-áirítear feidhm i leith forálacha a dhéanann difear do chonairí lasta, go háirithe i leith cheart na mbainisteoirí bonneagair diúltú d'iarratais ar thoilleadh, ó eintitis dhlíthiúla seachas gnóthais iarnróid nó glacadh le hiarratais den sórt sin.

(9)

Ba cheart na dorchlaí idirnáisiúnta iarnróid do ghréasán iarnróid Eorpach i gcomhair lasta iomaíoch a chur ar bun ar bhealach a bheadh ag teacht leis an nGréasán Tras-Eorpach Iompair (‘TEN-T’) agus/nó le dorchlaí an Chórais Eorpaigh um Bainistiú Tráchta Iarnróid (‘ERTMS’). Chun na críche sin, is gá forbairt chomhordaithe a dhéanamh ar na gréasáin, agus go háirithe maidir leis na dorchlaí idirnáisiúnta le haghaidh lasta iarnróid a chomhtháthú isteach sa TEN-T atá ann cheana agus isteach i ndorchlaí an ERTMS. Thairis sin, ba cheart rialacha comhchuibhiúcháin maidir leis na dorchlaí lasta sin a bhunú ar leibhéal an Aontais. Más gá, ba cheart tacaíocht airgid a thabhairt do chruthú na ndorchlaí seo, faoi chuimsiú chláir TEN-T, faoi chuimsiú clár taighde agus chláir Marco Polo, agus faoi chuimsiú beartas agus cistí eile de chuid an Aontais, amhail Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa nó an Ciste Comhtháthaithe.

(10)

Faoi chuimsiú dorchla lasta, ba cheart dea-chomhordú a áirithiú idir na Ballstáit agus na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann, ba cheart tosaíocht leordhóthanach a thabhairt don trácht lasta iarnróid, ba cheart naisc éifeachtacha agus leordhóthanacha a chur ar bun leis na modhanna eile iompair agus ba cheart dálaí a chruthú atá fabhrach maidir le hiomaíocht a chothú idir soláthraithe na seirbhísí iompair lasta iarnróid.

(11)

I dteannta na ndorchlaí lasta a chuirfear ar bun i gcomhréir le hAirteagal 3, ba cheart cruthú dorchlaí lasta breise a scrúdú agus a fhormheas ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le nósanna imeachta trédhearcacha agus critéir thrédhearcacha atá sainithe go soiléir, ar nósanna imeachta agus critéir iad a thabharfaidh a oiread scóipe ó thaobh cinnteoireachta agus bainistíochta de do na Ballstáit agus do na bainisteoirí bonneagair chun gur féidir leo tionscnaimh atá ann cheana féin do dhorchlaí speisialta a chur san áireamh e.g. ERTMS, RailNetEurope (‘RNE’) agus TEN-T, agus bearta a dhéanamh a bheadh oiriúnaithe dá riachtanais shonracha.

(12)

Chun comhordú idir na Ballstáit agus na bainisteoirí bonneagair a spreagadh, ba cheart struchtúr iomchuí rialachais a bhunú le haghaidh gach dorchla lasta, agus an gá le dúblú le struchtúir rialachais atá ann cheana féin a sheachaint á chur san áireamh.

(13)

Chun freastal ar riachtanais an mhargaidh, ba cheart na modhanna maidir le bunú dorchla lasta a thíolacadh i bplean cur chun feidhme ar cheart go n-áireofaí mar chuid de bearta a d'fhéadfadh feabhas a chur ar fheidhmíocht an iompair lasta iarnróid a shainaithint agus sceideal a shocrú le haghaidh na mbeart sin. Thairis sin, chun a áirithiú, maidir leis na bearta atá beartaithe nó curtha chun feidhme chun dorchla lasta a bhunú, go bhfreastalaíonn siad ar riachtanais nó ionchais úsáideoirí uile an dorchla lasta a shásamh, ní mór, i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna sainiú go soiléir ag an mbord bainistíochta, dul i gcomhairle go tráthrialta leis na hiarratasóirí is dóigh a úsáidfidh an dorchla lasta.

(14)

Ba cheart a mheas freisin gur gá críochfoirt idirmhodúla lasta a bhunú chun tacú le bunú dorchlaí lasta iarnróid san Aontas.

(15)

Chun comhsheasmhacht agus comhleanúnachas thoilleadh an bhonneagair atá ar fáil feadh an dorchla lasta a ráthú, ba cheart an infheistíocht sa dorchla lasta a chomhordú idir na Ballstáit agus na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann agus í a phleanáil ar shlí ina bhfreastalaítear ar riachtanais an dorchla lasta. Maidir leis an sceideal a bhaineann leis an infheistíocht a dhéanamh, ba cheart é a fhoilsiú chun a áirithiú go mbeidh faisnéis mhaith ag na hiarratasóirí a d'fhéadfadh a bheith ag oibriú sa dorchla. Ba cheart go mbeadh tionscadail a bhaineann le forbairt córas idir-inoibritheach agus le méadú thoilleadh na dtraenacha san áireamh san infheistíocht.

(16)

Ar na cúiseanna céanna, maidir leis na hoibreacha uile a dhéanfaí ar an mbonneagar agus ar a threalamh, ar oibreacha iad a chuirfeadh srian ar an toilleadh a bheadh ar fáil ar an gconair lasta, ba cheart iad a chomhordú freisin ar leibhéal an dorchla lasta agus ba cheart iad a fhoilsiú i bhfoilseacháin nuashonraithe.

(17)

Chun iarrataí ar thoilleadh bonneagair le haghaidh na seirbhísí idirnáisiúnta lasta iarnróid a éascú, is iomchuí ionad uileghnó a ainmniú nó a bhunú le haghaidh gach dorchla lasta. Chuige sin, ba cheart cur le tionscnaimh atá ann cheana féin, go háirithe na tionscnaimh arna ngabháil de láimh ag RNE, ar comhlacht é a ghníomhaíonn mar uirlis chomhordúcháin le haghaidh na mbainisteoirí bonneagair agus a sholáthraíonn líon áirithe seirbhísí do na hoibreoirí idirnáisiúnta lasta.

(18)

Ba cheart freisin, maidir le bainistiú na ndorchlaí lasta, go n-áireofaí ann nósanna imeachta chun toilleadh bonneagair a chionroinnt le haghaidh na dtraenacha idirnáisiúnta lasta a bheidh ag gluaiseacht ar na dorchlaí lasta sin. Ba cheart go n-aithneofaí leis na nósanna imeachta sin go bhfuil gá le toilleadh maidir le cineálacha eile iompair, lena n-áirítear iompar paisinéirí.

(19)

Chun a áirithiú go mbainfear úsáid níos fearr as an mbonneagar iarnróid, is gá comhordú a dhéanamh ar oibriú an bhonneagair sin agus na gcríochfort atá suite feadh an dorchla lasta.

(20)

D'fhéadfadh sé go mbeadh spriocanna tosaíochta i gceist freisin leis na rialacha tosaíochta, ach sin ag brath ar an staid sa Bhallstát lena mbaineann.

(21)

Maidir le traenacha lasta a bheidh ag gluaiseacht ar an gconair lasta, ba cheart, a mhéid is féidir, go mbeidís in ann poncúlacht leordhóthanach a theachtadh i gcás ina mbeadh suaitheadh ann, ag féachaint do riachtanais gach cineáil iompair.

(22)

Chun gur féidir meastóireacht a dhéanamh go hoibiachtúil ar thairbhí na mbeart arb é is aidhm dóibh an dorchla lasta a bhunú, ba cheart faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht na seirbhísí lasta iarnróid feadh an dorchla lasta, agus ba cheart tuarascálacha cáilíochta a fhoilsiú go rialta. Ba cheart go n-áireofaí mar chuid den mheastóireacht ar an bhfeidhmíocht toradh na suirbhéanna faoi shástacht úsáideoirí an dorchla lasta.

(23)

Chun a áirithiú go mbeidh rochtain neamh-idirdhealaitheach ann ar na seirbhísí idirnáisiúnta iarnróid, is gá a áirithiú go mbeidh comhordú éifeachtúil ann idir na comhlachtaí rialála ar feadh na ngréasán éagsúil a chlúdaítear leis an dorchla lasta.

(24)

Chun rochtain a éascú ar an bhfaisnéis maidir le húsáid an phríomhbhonneagair go léir sa dorchla lasta agus chun rochtain neamh-idirdhealaitheach a ráthú ar an dorchla sin, ba cheart don bhord bainistíochta doiciméad ina mbeadh an fhaisnéis sin go léir a tharraingt suas, a nuashonrú go rialta agus a fhoilsiú.

(25)

Ós rud é nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon gréasán Eorpach iarnróid a bhunú do lasta iomaíoch atá comhdhéanta de dhorchlaí lasta, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát amháin agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr a scála agus a hiarmhairtí, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(26)

Ba cheart rialacha cothroma a thabhairt isteach i ndáil le comhordú na hinfheistíochta agus bainistiú an toillte agus an tráchta, ar rialacha iad a bheadh bunaithe ar an gcomhoibriú idir bainisteoirí bonneagair nach mór dóibh seirbhís ardcháilíochta a sholáthar do ghnóthais lasta faoi chuimsiú dorchla idirnáisiúnta iarnróid.

(27)

Ós rud é nach foláir go mbeadh traenacha idirnáisiúnta á reáchtáil de réir cúrsaí taistil ina n-áirítear roinnt dorchlaí éagsúla, mar a shainmhínítear sa Rialachán seo, féadfaidh bainisteoirí bonneagair roinnt dorchlaí éagsúla comhordú a dhéanamh freisin ar a gcuid gníomhaíochtaí ionas go n-áiritheofar, ar na dorchlaí lena mbaineann, go mbeidh toilleadh ar fáil, go mbeidh na gluaiseachtaí réidh ann agus go ndéanfar na rialacha tosaíochta a chur i bhfeidhm go comhleanúnach maidir leis na cineálacha éagsúla tráchta i gcás ina mbeadh suaitheadh ann.

(28)

Maidir leis na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart go nglacfaí iad i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (6).

(29)

Ina theannta sin, chun leasú a dhéanamh ar na critéir atá le cur san áireamh i ndáil le modhnú dorchlaí lasta agus roghnú tuilleadh dorchlaí lasta, ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidmhiú an Aontais Eorpaigh maidir le hoiriúnú a dhéanamh ar Iarscríbhinn II. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe le linn a chuid oibre ullmhúcháin i gcomhréir leis na gealltanais a tugadh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2009 maidir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

GINEARÁLTA

Airteagal 1

Cuspóir agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir le dorchlaí idirnáisiúnta iarnróid do ghréasán iarnróid Eorpach do lasta iomaíoch a bhunú agus a eagrú. Leagtar rialacha amach leis maidir le dorchlaí lasta a roghnú, a eagrú agus a bhainistiú.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le bainistiú agus úsáid bonneagair iarnróid i ndorchlaí lasta.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 2 de Threoir 2001/14/CE.

2.   De bhreis ar na sainmhínithe dá dtagraítear i mír 1:

(a)

ciallaíonn ‘dorchla lasta’ na línte iarnróid go léir a bheidh ainmnithe sna Ballstáit agus, i gcás inar gá, i dtríú tíortha Eorpacha, ar línte iarnróid iad lena nasctar na críochfoirt feadh phríomhbhealach an dromchla lasta, lena n-áirítear an bonneagar iarnróid agus a threalamh, na clóis eagraithe agus na saoráidí foirmithe traenacha agus, i gcás inar gá, na bealaí atreorúcháin;

(b)

ciallaíonn ‘plean cur chun feidhme’ an doiciméad ina dtíolactar an modh agus an straitéis a bheartaíonn na páirtithe lena mbaineann a chur chun feidhme chun na bearta atá riachtanach agus leordhóthanach chun go mbunófar an dorchla lasta a fhorbairt thar thréimhse shonraithe;

(c)

ciallaíonn ‘críochfort’ an tsuiteáil a sholáthraítear feadh an dorchla lasta agus a socraíodh go speisialta chun go mbeifí in ann earraí a luchtú ar thraenacha lasta agus/nó earraí a dhíluchtú uathu agus chun go mbeifí in ann na seirbhísí lasta iarnróid a chomhtháthú leis na seirbhísí bóthair, muirí, abhann agus aeir, agus chun go mbeifí in ann comhdhéanamh traenacha lasta a fhoirmiú nó a mhodhnú; agus, i gcás inar gá, chun go mbeifí in ann nósanna imeachta teorann a fheidhmiú ag teorainneacha le tríú tíortha Eorpacha.

CAIBIDIL II

AINMNIÚ AGUS RIALACHAS NA nDORCHLAÍ IDIRNÁISIÚNTA IARNRÓID DO LASTA IOMAÍOCH

Airteagal 3

Na dorchlaí lasta tosaigh a ainmniú

1.   Faoin … (7), déanfaidh na Ballstáit dá dtagraítear in Iarscríbhinn I na dorchlaí lasta a bhunú feadh na bpríomhbhealaí a leagtar amach san Iarscríbhinn sin. Cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoi bhunú na ndorchlaí lasta.

2.   De mhaolú ar mhír 1, déanfar na dorchlaí lasta feadh na bpríomhbhealaí a leagtar amach i bpointe 3, i bpointe 5 agus i bpointe 8 d'Iarscríbhinn I, a bhunú faoin … (8).

Airteagal 4

Dorchlaí lasta breise a roghnú

1.   Beidh gach Ballstát a bhfuil teorainn iarnróid aige le Ballstát eile rannpháirteach i mbunú dorchla lasta amháin ar a laghad, mura rud é gur comhlíonadh an oibleagáid sin cheana féin faoi Airteagal 3.

2.   D'ainneoin mhír 1, beidh na Ballstáit rannpháirteach, arna iarraidh sin do Bhallstát, i mbunú an dorchla lasta dá dtagraítear sa mhír sin nó i síneadh dorchla atá ann cheana, chun go bhféadfaidh Ballstát comharsanachta a oibleagáid faoin mír sin a chomhlíonadh.

3.   Gan dochar do na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit faoi Airteagal 7 de Threoir 91/440/CEE, i gcás ina measann Ballstát, maidir le bunú dorchla lasta, nach mbeadh sé sin ar mhaithe le leas na n-iarratasóirí sin ar dhóigh dóibh an dorchla lasta a úsáid nó nach mbeadh tairbhí suntasacha socheacnamaíocha ag gabháil lena bhunú nó go mbeadh sé ina chúis le hualach díréireach, ní bheidh oibleagáid ar an mBallstát sin lena mbaineann a bheith rannpháirteach mar a luaitear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo, ach sin faoi réir cinnidh ón gCoimisiún ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

4.   Ní bheidh oibleagáid ar Bhallstát a bheith rannpháirteach mar a luaitear i mír 1 agus i mír 2 má tá gréasán iarnróid aige nach ionann leithead a rianta agus leithead rianta an phríomhghréasáin iarnróid laistigh den Aontas.

5.   Chun an oibleagáid faoi mhír 1 agus faoi mhír 2 a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann a mholadh go comhpháirteach don Choimisiún go mbunófaí na dorchlaí lasta tar éis du l i gcomhairle leis na bainisteoirí bonneagair agus leis na hiarratasóirí lena mbaineann faoin … (9), agus na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn II á gcur san áireamh.

6.   Scrúdóidh an Coimisiún na tograí le haghaidh bhunú an dorchla lasta nó na ndorchlaí lasta dá dtagraítear i mír 5 a bhunú agus, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(3), déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná naoi mí tar éis an dáta a dtíolacfar an togra, cinneadh a ghlacadh i dtaobh an gcomhlíonann an togra sin an tAirteagal seo.

7.   Bunóidh na Ballstáit lena mbaineann an dorchla lasta tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis an dáta a nglacfaidh an Coimisiún an cinneadh dá dtagraítear i mír 6.

8.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Conhradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le hoiriúnuithe ar Iarscríbhinn II. Nuair atá na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa mhír seo á n-ullmhú aige, déanfaidh an Coimisiún na forálacha a leagtar amach i dTreoir 2001/14/CE agus i dTreoir 2008/57/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Chomhphobal (athmhúnlú) (10) a urramú agus cuirfidh sé san áireamh, go háirithe, an plean imscartha maidir leis na córais idir-inoibritheacha, an eabhlóid sa chóras iarnróid agus sa TEN-T agus go háirithe cur chun feidhme ERTMS, chomh maith le forbairtí ar an margadh lasta, lena n-áirítear idirghníomhaíocht le modhanna iompair eile.

I gcás na ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa mhír seo, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 20, in Airteagal 21 agus in Airteagal 22.

Airteagal 5

Na dorchlaí lasta a mhodhnú

1.   Féadfar na dorchlaí lasta dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 a mhodhnú ar bhonn togra chomhpháirtigh a chuirfidh na Ballstáit lena mbaineann chuig an gCoimisiún tar éis dul i gcomhairle leis na bainisteoirí bonneagair agus leis na hiarratasóirí lena mbaineann.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(3), cinneadh a ghlacadh maidir leis an togra, agus na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn II á gcur san áireamh.

Airteagal 6

Comhréiteach

Nuair nach n-aontóidh dhá Bhallstát nó níos mó maidir le conair lasta a bhunú nó a mhodhnú, agus a mhéid a bhaineann leis an mbonneagar iarnróid atá suite ar a gcríoch, déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin do cheann amháin de na Ballstáit lena mbaineann, comhairle a ghlacadh leis an gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 19, maidir leis an ábhar sin. Cuirfear tuairim an Choimisiúin ar aghaidh chuig na Ballstáit lena mbaineann. Cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann an tuairim sin san áireamh chun teacht ar réiteach, agus déanfaidh siad cinneadh ar bhonn toilithe fhrithpháirtigh.

Airteagal 7

Rialachas na ndorchlaí lasta

1.   I gcás gach dorchla lasta, bunóidh na Ballstáit lena mbaineann bord feidhmiúcháin a bheidh freagrach as cuspóirí ginearálta an dorchla lasta a shainmhíniú, as maoirsiú a dhéanamh agus as na bearta a dhéanamh dá bhforáiltear go sainráite in Airteagal 8, in Airteagal 10 agus in Airteagal 23. Is iad ionadaithe údaráis na mBallstát lena mbaineann a bheidh ar an mbord feidhmiúcháin.

2.   I gcás gach dorchla lasta, bunóidh na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann agus, i gcás inarb ábhartha, na comhlachtaí leithdháiliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Threoir 2001/14/CE, bord bainistíochta a bheidh freagrach as na bearta a ghlacadh dá bhforáiltear go sainráite i mír 6 den Airteagal seo agus in Airteagail 8, 10, 12(1), 13(2), (5) agus (6), 15(1), 16 agus 17(2) agus (3) den Rialachán seo. Ionadaithe na mbainisteoirí bonneagair a bheidh ar an mbord bainistíochta.

3.   Déanfaidh an bord feidhmiúcháin a chinntí ar bhonn toilithe fhrithpháirtigh ó ionadaithe údaráis na mBallstát lena mbaineann.

4.   Déanfaidh an bord bainistíochta a chinntí, lena n-áirítear cinntí maidir lena stádas dlíthiúil, lena acmhainní agus lena fhoireann, ar bhonn toilithe fhrithpháirtigh ó na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann.

5.   Maidir le freagrachtaí an bhoird feidhmiúcháin agus an bhoird bhainistíochta, ní dochar iad do neamhspleáchas na mbainisteoirí bonneagair dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) de Threoir 91/440/CEE.

6.   Bunóidh an bord bainistíochta grúpa comhairleach arb é a bheidh ann bainisteoirí agus úinéirí chríochfoirt an dorchla lasta. Féadfaidh an grúpa comhairleach sin tuairim a eisiúint maidir le haon togra ón mbord bainistíochta a mbeidh iarmhairtí díreacha aige ar infheistíocht agus ar bhainistiú na gcríochfort. Féadfaidh an grúpa comhairleach tuairimí féintionscnaimh a eisiúint freisin. Cuirfidh an bord bainistíochta na tuairimí sin san áireamh.

Airteagal 8

Bearta chun plean an dorchla lasta a chur chun feidhme

1.   Déanfaidh an bord bainistíochta plean cur chun feidhme a tharraingt suas agus cuirfidh sé faoi bhráid an bhoird feidhmiúcháin é lena fhormheas. Áireofar an méid seo a leanas sa phlean sin:

(a)

tuairisc ar shaintréithe an dorchla lasta, lena n-áirítear caolais tráchta, agus ar chlár na mbeart is gá chun an dorchla lasta a chruthú;

(b)

eilimintí riachtanacha an staidéir iompair agus tráchta dá dtagraítear i mír 3;

(c)

na cuspóirí do na dorchlaí lasta, go háirithe i dtéarmaí fheidhmíocht an dorchla lasta agus í á cur in iúl i dtéarmaí cháilíocht na seirbhíse agus thoilleadh an dorchla lasta i gcomhréir le forálacha Airteagal 17;

(d)

an plean infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 10; agus

(e)

na bearta atá ann chun forálacha Airteagal 11 go hAirteagal 17 a chur chun feidhme.

2.   Déanfaidh an bord bainistíochta athbhreithniú tréimhsiúil ar an bplean cur chun feidhme, agus cuirfear san áireamh san athbhreithniú sin an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme an phlean, an margadh lasta iarnróid ar an gconair lasta agus an fheidhmíocht arna tomhas i gcomhréir leis na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1.

3.   Déanfaidh an bord bainistíochta staidéar iompair agus tráchta go tréimhsiúil ar staidéar é a bhainfidh leis na hathruithe a fheictear agus leis na hathruithe a bhfuiltear ag súil leo sa dorchla lasta agus cumhdófar na cineálacha éagsúla tráchta, a mhéid a bhaineann le hiompar lasta agus le hiompar paisinéirí araon.

4.   Maidir leis an bplean cur chun feidhme, cuirfear san áireamh ann forbairt críochfort chun freastal ar riachtanais an lasta iarnróid a bheidh ag gluaiseacht ar an gconair lasta.

Airteagal 9

Dul i gcomhairle leis na hiarratasóirí

D'fhonn a áirithiú go mbeidh na hiarratasóirí ar dóigh dóibh an chonair lasta a úsáid rannpháirteach go cuí, tabharfaidh an bord bainistíochta isteach sásraí comhairliúcháin. Go háirithe, áiritheoidh sé go rachfar i gcomhairle leis na hiarratasóirí sula ndéanfar an plean cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8 a chur faoi bhráid an bhoird feidhmiúcháin.

CAIBIDIL III

INFHEISTÍOCHT SA DORCHLA LASTA

Airteagal 10

An infheistíocht a phleanáil

1.   Déanfaidh an bord bainistíochta plean infheistíochta a tharraingt suas agus déanfaidh sé athbhreithniú go tréimhsiúil air agus cuirfidh sé faoi bhráid an bhoird feidhmiúcháin é lena fhormheas. Áireofar an méid seo a leanas sa phlean sin:

(a)

liosta de na tionscadail atá á dtuar le haghaidh fhairsingiú, athnuachan nó athstruchtúrú an bhonneagair iarnróid agus a threalaimh feadh an dorchla agus na ceanglais ábhartha airgeadais agus na foinsí airgeadais;

(b)

plean imscartha maidir leis na córais idir-inoibritheacha atá ann ar feadh an dorchla lasta, ar plean é lena gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha agus na sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht a bhfuil feidhm acu maidir leis an ngréasán de réir mar a shainítear i dTreoir 2008/57/CE. Beidh an plean imscartha sin bunaithe ar anailís costais agus tairbhe ar úsáid na gcóras idir-inoibritheach;

(c)

plean do bhainistíocht thoilleadh na dtraenacha lasta a d'fhéadfadh gluaiseacht ar an gconair lasta. D'fhéadfadh sé an plean sin a bheith bunaithe ar mhéadú a dhéanamh ar an bhfad, ar an leithead luchtaithe nó ar an ualach acastóra a údaraítear le haghaidh na dtraenacha a ghluaiseann ar an dorchla lasta; agus

(d)

i gcás inarb infheidhme, tagairt don ranníocaíocht an Aontais a shamhlaítear faoi chláir airgeadais an Aontais.

2.   Beidh cur i bhfeidhm an Airteagail seo gan dochar d'inniúlacht na mBallstát maidir le bonneagar iarnróid a phleanáil agus a mhaoiniú.

Airteagal 11

Oibreacha a chomhordú

Déanfaidh na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann a sceidil maidir le cur i gcrích na n-oibreacha uile ar an mbonneagar agus ar a threalaimh, ar oibreacha iad a shrianfadh an toilleadh a bheadh ar fáil ar an dorchla lasta, a chomhordú agus a fhoilsiú de réir modha agus amscála iomchuí.

CAIBIDIL IV

AN DORCHLA LASTA A BHAINISTIÚ

Airteagal 12

Ionad uileghnó chun iarratas a dhéanamh ar thoilleadh bonneagair

1.   Ainmneoidh nó bunóidh bord bainistíochta an dorchla lasta comhlacht comhpháirteach agus/nó córas faisnéise trí chomhoibriú idir bhainisteoirí bonneagair agus, sa tslí sin, tabharfar deis d'iarratasóirí toilleadh bonneagair a iarraidh, in aon ionad amháin agus in aon oibríocht amháin (‘an t-ionad uileghnó’), do thraenacha lasta a thrasnaíonn teorainn amháin ar a laghad feadh an dorchla lasta.

2.   San ionad uileghnó, soláthrófar faisnéis bhunúsach freisin faoi leithdháileadh an toillte bhonneagair, lena n-áirítear an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 16.

3.   Déanfar aon iarratas ar thoilleadh bonneagair a chur ar aghaidh gan mhoill ón ionad uileghnó go dtí na bainisteoirí inniúla bonneagair agus, i gcás inarb ábhartha, go dtí na comhlachtaí leithdháiliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Threoir 2001/14/CE, agus déanfaidh siadsan cinneadh faoin iarratas sin i gcomhréir le hAirteagal 13 agus le Caibidil III den Treoir sin.

4.   Déanfar gníomhaíochtaí an ionaid uileghnó a chur i gcrích faoi choinníollacha trédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha. Beidh na gníomhaíochtaí sin faoi réir a rialaithe ag na comhlachtaí rialála i gcomhréir le hAirteagal 18.

Airteagal 13

Toilleadh arna leithdháileadh do thraenacha lasta

1.   I gcomhréir lena n-inniúlachtaí mar a leagtar amach in Airteagal 14(1) de Threoir 2001/14/CE iad, comhoibreoidh na Ballstáit chun an creat a shainiú do leithdháileadh an toillte bonneagair sa dorchla lasta.

2.   Déanfaidh an bord bainistíochta meastóireacht ar an ngá atá le toilleadh a leithdháileadh do thraenacha lasta a bheidh ag gluaiseacht ar an gconair lasta, agus an staidéar iompair agus tráchta dá dtagraítear in Airteagal 8(3) den Rialachán seo, na hiarrataí ar thoilleadh bonneagair a bhaineann leis na tráthchláir oibre a bhí ann agus atá ann agus na creat-chomhaontuithe á gcur san áireamh.

3.   Ar bhonn na meastóireachta a shonraítear i mír 2 den Airteagal seo, déanfaidh bainisteoirí bonneagair an dorchla lasta conairí traenach idirnáisiúnta réamhshocraithe le haghaidh na dtraenacha lasta a shainiú agus a eagrú go comhpháirteach de réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15 de Threoir 2001/14/CE, agus aitheantas á thabhairt acu don ghá le toilleadh do chineálacha eile iompair, lena n-áirítear iompar paisinéirí. Foilseofar na conairí réamhshocraithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh an dáta deireanach chun glacadh le hiarrataí ar thoilleadh dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2001/14/CE. Más gá, féadfaidh bainisteoirí bonneagair roinnt dorchlaí lasta comhordú a dhéanamh ar chonairí traenach idirnáisiúnta réamhshocraithe a mbeidh toilleadh á thairiscint acu ar na dromchlaí lasta lena mbaineann.

4.   Déanfaidh bainisteoirí bonneagair an dromchla lasta na conairí réamhshocraithe sin a leithdháileadh i dtosach do thraenacha lasta a thrasnaíonn teorainn amháin ar a laghad.

5.   Déanfaidh na bainisteoirí bonneagair, má tá údar maith acu de réir riachtanais an mhargaidh agus de réir na meastóireachta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, an toilleadh cúltaca a shainiú go comhpháirteach do thraenacha idirnáisiúnta lasta a bheidh ag gluaiseacht ar na dorchlaí lasta, agus aitheantas á thabhairt acu don ghá atá le toilleadh i gcás cineálacha eile iompair, lena n-áirítear iompar paisinéirí, agus coinneoidh siad an cúltaca sin ar fáil laistigh dá dtráthchláir chríochnaitheacha chun go mbeidh siad in ann freagairt go tapa agus go hiomchuí nuair a fhaightear iarrataí ad hoc ar thoilleadh dá dtagraítear in Airteagal 23 de Threoir 2001/14/CE. Cuirfear an toilleadh sin in áirithe go dtí an teorainn ama roimh an am a bheidh sceidealta dó, ar teorainn ama í a chinnfidh an bord bainistíochta. Ní rachaidh an teorainn ama sin thar 90 lá.

Is ar bhonn na meastóireachta a shonraítear i mír 2 a chinnfear an toilleadh cúltaca. Ní chuirfear toilleadh cúltaca den sórt sin ar fáil ach amháin ar choinníoll go bhfuil fíorghá margaidh leis.

6.   Déanfaidh an bord bainistíochta comhordú a chur chun cinn maidir leis na rialacha tosaíochta a bhaineann le leithdháileadh an toillte ar an dorchla lasta.

7.   Seachas i gcás force majeure, ní fhéadfar conair thraenach a bheidh leithdháilte d'oibríocht lasta faoin Airteagal seo a chur ar ceal tráth is giorra ná mí roimh an tráth a sceidealtar di sa tráthchlár oibre ach amháin i gcás ina bhformheasann an t-iarratasóir lena mbaineann an cealú sin. Sa chás sin, déanfaidh an bainisteoir bonneagair lena mbaineann iarracht conair thraenach a bheidh ar comhcháilíocht léi agus a bheidh chomh hiontaofa léi a thairiscint don iarratasóir agus beidh sé de cheart ag an iarratasóir glacadh léi nó diúltú di. Beidh an fhoráil seo gan dochar d'aon chearta a d'fhéadfadh a bheith ag an iarratasóir faoi chomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 19(1) de Threoir 2001/14/CE.

8.   Bunóidh bainisteoirí bonneagair an dorchla lasta agus an grúpa comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 7(6) nósanna imeachta lena n-áiritheofar an comhordú is fearr ar leithdháileadh an toillte idir bainisteoirí bonneagair, le haghaidh iarrataí dá dtagraítear in Airteagal 12(1) agus le haghaidh iarrataí a fhaigheann na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann. Cuirfear san áireamh leis seo freisin an rochtain ar na críochfoirt.

9.   I mír 4 agus i mír 8 den Airteagal seo, áireofar leis na tagairtí do bhainisteoirí bonneagair, i gcás inarb ábhartha, na comhlachtaí leithdháiliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Threoir 2001/14/CE.

Airteagal 14

Trácht a bhainistiú

1.   Bunóidh bainisteoirí bonneagair an dorchla lasta nósanna imeachta chun bainistiú an tráchta feadh an dorchla lasta a chomhordú agus féadfaidh siad nósanna imeachta a bhunú chun bainistiú an tráchta a chomhordú feadh roinnt dorchlaí lasta.

2.   Bunóidh bainisteoirí bonneagair an dorchla lasta agus an grúpa comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 7(6) nósanna imeachta lena n-áiritheofar an comhordú is fearr idir oibriú an bhonneagair iarnróid agus oibriú na gcríochfort.

Airteagal 15

Trácht a bhainistiú i gcás ina mbeidh suaitheadh ann

1.   Glacfaidh an bord bainistíochta spriocanna comhchoiteanna le haghaidh na poncúlachta agus/nó treoirlínte don bhainistiú tráchta i gcás suaitheadh a bheith ann ar ghluaiseachtaí traenacha ar an dorchla lasta.

2.   Déanfaidh gach bainisteoir bonneagair lena mbaineann rialacha tosaíochta a tharraingt suas le haghaidh an bhainistithe idir na cineálacha éagsúla tráchta sa chuid sin de na dorchlaí lasta atá faoi réimse freagrachta an bhainisteora bonneagair i gcomhréir leis na spriocanna comhchoiteanna agus/nó i gcomhréir leis na treoirlínte dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Foilseofar na rialacha tosaíochta sin sa ráiteas gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 2001/14/CE.

3.   Maidir leis na prionsabail chun na rialacha tosaíochta a bhunú, forálfar leo ar a laghad nach ndéanfar, a mhéid is féidir, aon mhodhnú ar an gconair thraenach dá dtagraítear in Airteagal 13(3) agus (5) agus a leithdháilfear do thraenacha lasta a chomhlíonann an tráth a sceidealtar dóibh sa tráthchlár oibre. Leis na prionsabail chun na rialacha tosaíochta a bhunú, féachfar le híoslaghdú a dhéanamh ar an aga athshlánaithe foriomlán don ghréasán maidir le gach cineál iompair. Chuige sin, féadfaidh na bainisteoirí bonneagair comhordú a dhéanamh ar an mbainistiú idir na cineálacha éagsúla tráchta ar feadh roinnt dorchlaí lasta éagsúla.

Airteagal 16

Faisnéis faoi choinníollacha úsáide an dorchla lasta

Déanfaidh an bord bainistíochta doiciméad ina mbeidh an méid a leanas a tharraingt suas, a nuashonrú go tráthrialta agus a fhoilsiú:

(a)

an fhaisnéis go léir atá sa ráiteas gréasáin do ghréasáin náisiúnta maidir leis an dorchla lasta, arna tharraingt suas i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 2001/14/CE;

(b)

liosta agus saintréithe na gcríochfort, go háirithe faisnéis faoi choinníollacha agus modhanna chun rochtain a fháil ar na críochfoirt;

(c)

an fhaisnéis faoi na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 13(8) agus in Airteagal 14(2); agus

(d)

an plean cur chun feidhme.

Airteagal 17

Cáilíocht na seirbhíse sa dorchla lasta

1.   Cuirfidh bainisteoirí bonneagair an dorchla lasta comhoiriúnacht chun cinn idir na scéimeanna feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 11 de Threoir 2001/14/CE.

2.   Déanfaidh an bord bainistíochta faireachán ar fheidhmíocht na seirbhísí lasta iarnróid sa dorchla lasta agus foilseoidh sé torthaí an fhaireacháin sin uair sa bhliain.

3.   Eagróidh an bord bainistíochta suirbhé faoi shástacht úsáideoirí an dorchla lasta agus foilseoidh siad torthaí an tsuirbhé uair sa bhliain.

Airteagal 18

Na comhlachtaí rialála

1.   Comhoibreoidh na comhlachtaí rialála dá dtagraítear in Airteagal 30 de Threoir 2001/14/CE chun faireacháin a dhéanamh ar an iomaíocht sa dorchla lasta iarnróid. Go háirithe, áiritheoidh siad go mbeidh rochtain neamh-idirdhealaitheach ann ar an dorchla agus is iad na comhlachtaí achomhairc iad dá bhforáiltear in Airteagal 30(2) den Treoir sin. Malartóidh siad an fhaisnéis riachtanach a bheidh faighte acu ó bhainisteoirí bonneagair agus ó pháirtithe ábhartha eile.

2.   I gcás gearáin ó iarratasóir chuig comhlacht rialála maidir leis na seirbhísí idirnáisiúnta lasta iarnróid, nó faoi chuimsiú imscrúdaithe féintionscnaimh ag comhlacht rialála, rachaidh an comhlacht rialála sin i gcomhairle le comhlachtaí rialála gach Ballstáit eile a dtéann an chonair thraenach idirnáisiúnta do thraenacha lasta lena mbaineann trína chríoch agus iarrfaidh sé gach faisnéis riachtanach orthu sula ndéanfaidh sé cinneadh.

3.   Déanfaidh na comhlachtaí rialála a dtéitear i gcomhairle leo faoi mhír 2, an fhaisnéis go léir a bhfuil sé de cheart acu féin í a iarraidh faoina reachtaíocht náisiúnta a sholáthar don chomhlacht rialála lena mbaineann. Ní fhéadfar an fhaisnéis sin a úsáid ach chun an gearán nó an t-imscrúdú dá dtagraítear i mír 2 a láimhseáil.

4.   Déanfaidh an comhlacht rialála a gheobhaidh an gearán nó a mbeidh an t-imscrúdú féintionscnaimh tionscanta aige an fhaisnéis ábhartha a aistriú chuig an gcomhlacht rialála freagrach ionas go mbeidh an comhlacht sin in ann bearta a ghlacadh maidir leis na páirtithe lena mbaineann.

5.   Déanfaidh aon ionadaithe gaolmhara de chuid bainisteoirí bonneagair dá dtagraítear in Airteagal 15(1) de Threoir 2001/14/CE a áirithiú go soláthrófar, gan mhoill, an fhaisnéis uile is gá chun an gearán nó an t-imscrúdú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a láimhseáil, agus a iarrfaidh comhlacht rialála an Bhallstáit ina bhfuil an t-ionadaí gaolmhar suite. Beidh an comhlacht rialála sin i dteideal an fhaisnéis sin faoin gconair thraenach idirnáisiúnta lena mbaineann a aistriú chuig na comhlachtaí rialála a luaitear i mír 2 den Airteagal seo.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 19

An nós imeachta Coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 11a de Threoir 91/440/CEE cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Threoir 1999/468/CE.

Airteagal 20

Feidhmiú an tarmligin

1.   Maidir leis an gcumhacht chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 4(8) a ghlacadh, tabharfar don Choimisiún í go ceann tréimhse cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Déanfaidh an Coimisiún, sé mhé ar a dhéanaí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana sin, tuarascáil a ullmhú maidir leis na cumhachtaí tarmligthe. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go huathoibríoch i gcomhair tréimhsí comhfhaid, mura rud é go ndéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é a chúlghairm i gcomhréir le hAirteagal 21.

2.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith ag an am céanna.

3.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 21 agus in Airteagal 22 a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

Airteagal 21

Cúlghairm an tarmligin

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 20 a chúlghairm.

2.   Féachfaidh an institiúid a bheidh tar éis tús a chur le nós imeachta inmheánach d'fhonn a chinneadh an ndéanfar tarmligean na cumhachta a chúlghairm le fógra ina leith sin a thabhairt don institiúid eile agus an Coimisiún mí amháin ar a dhéanaí mí sula ndéantar an cinneadh críochnaitheach, agus luafaidh sí na cumhachtaí tarmligthe a d'fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme agus na fáthanna atá leis an gcúlghairm.

3   Maidir leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfidh sé deireadh le tarmligean na gcumhachtaí a shonrófar sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis láithreach nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Déanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 22

Agóidí in aghaidh gníomhartha tarmligthe

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh in aghaidh an ghnímh tharmligthe laistigh de thréimhse trí mhí ó dháta an fhógra.

2.   Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse sin in éag, nach mbeidh agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle in aghaidh an ghnímh tharmligthe, nó más rud é, roimh an dáta sin, go bhfuil Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis an Coimisiún a chur ar an eolas go bhfuil cinneadh déanta acu gan agóidí a dhéanamh, tiocfaidh an gníomh tarmligthe i bhfeidhm ar an dáta a luaitear sa ghníomh tarmligthe sin.

3.   Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid in aghaidh anghnímh tharmligthe, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanann agóid na cúiseanna le hagóid a dhéanamh in aghaidh an ghnímh tharmligthe.

Airteagal 23

Faireachán ar an gcur chun feidhme

Gach dara bliain ón tráth a mbunófar an dorchla lasta, déanfaidh an bord feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(1) torthaí an phlean cur chun feidhme don dorchla sin a thíolacadh don Choimisiún. Déanfaidh an Coimisiún anailís ar na torthaí sin agus cuirfidh sé an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 19 ar an eolas faoin anailís sin.

Airteagal 24

Tuarascáil

Déanfaidh an Coimisiún scrúdú go tréimhsiúil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle, den chéad uair faoin … (11), agus gach trí bliana ina dhiaidh sin.

Airteagal 25

Bearta idirthréimhseacha

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le Poblacht na Cipire ná maidir le Málta fad nach mbeidh aon chóras iarnróid bunaithe ina gcríoch.

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 27

Foilsiú

Foilseofar an Rialachán seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i/sa …

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  IO C 317, 23.12.2009, lch. 94.

(2)  IO C 79, 27.3.2010, lch. 45.

(3)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil), seasamh ón gComhairle an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  IO L 237, 24.8.1991, lch. 25.

(5)  IO L 75, 15.3.2001, lch. 29.

(6)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(7)  Trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(8)  Cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(9)  Dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(10)  IO L 191, 18.7.2008, lch. 1.

(11)  Cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.


IARSCRÍBHINN I

Liosta de phríomhbhealaí na ndorchlaí lasta

 

Na Ballstáit

Na Príomhbhealaí (1)

1.

BE, NL,DE, IT

Zeebrugge - Antuairp/Rotterdam- -Duisburg-[Basel]-Milano-Genova

2.

NL, BE, LU, FR

Rotterdam-Antuairp-Luscamburg-Metz-Dijon-Lyon/[Basel]

3.

SE, DK, DE, AT, IT

Stócólm-Malmö-Cóbanhávan-Hamburg-Innsbruck-Verona-Palermo

4.

PT, ES, FR

Sines-Liospóin/Leixões

Sines-Elvas/Algeciras

Maidrid- San Sebastian-Bordeaux-Páras Metz

5.

PL, CZ, SK, AT, IT, SI

Gdynia-Katowice-Ostrava/Zilina-Vín-Trieste/ Koper

6.

ES, FR, IT, SI, HU

Almería-Valencia/Maidrid-Zaragosa/Barcelona-Marseille-Lyon-Turin-Udine-Trieste/Koper-Ljubljana-Búdaipeist-Zahony (teorainn na hUngáir-na hÚcráine)

7.

CZ, AT, SK, HU, RO, BG, EL

Prág-Vín /an Bhratasláiv-Búdaipeist

Búcairist-Constanta

Vidin-Sóifia-Thessaloniki- an Aithin

8.

DE, NL, BE, PL, LT

Bremerhaven/Rotterdam/Antuairp-Aachen/Beirlín-Vársá- Terespol (teorainn na Polainne-na Bealarúise)/Kaunas

9.

CZ, SK

Prág - Horni Lideč - Žilina-Košice-Čierna nad Tisou - (teorainn na Slóvaice-na hÚcráine)


(1)  Ciallaíonn ‘/’ bealaí malartacha.


IARSCRÍBHINN II

Na critéir a beidh le cur san áireamh mar a leagtar amach in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 iad

(a)

Comhsheasmhacht an dorchla lasta leis an TEN-T, le dorchlaí ERTMS agus/nó leis na dorchlaí arna sainiú ag RNE;

(b)

Comhtháthú na dtionscadal tosaíochta TEN-T (1) isteach sa dorchla lasta;

(c)

An dorchla lasta do thrasnú chríoch trí Bhallstát ar a laghad, nó chríoch dhá Bhallstát más mó ná 500 km an t-achar idir na críochfoirt iarnróid a bhfónann an dorchla lasta dóibh;

(d)

Leas na n-iarratasóirí sa dorchla lasta;

(e)

An chothromaíocht idir na costais shocheacnamaíocha agus na tairbhí socheacnamaíocha a éiríonn as bunú an dorchla lasta;

(f)

Comhsheasmhacht na ndorchlaí lasta go léir atá beartaithe ag na Ballstáit chun gréasán Eorpach iarnróid do lasta iomaíoch a bhunú;

(g)

Idirnaisc mhaithe a bheith ann leis na modhanna eile iompair, go háirithe de bharr gréasán leordhóthanach críochfort a bheith ann, lena n-áirítear sna calafoirt mhuirí agus sna calafoirt intíre;

(h)

Más iomchuí, idirnaisc níos fearr idir na Ballstáit agus tríú tíortha comharsanachta.


(1)  Féach Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Uimh. 1692/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 1996 maidir le treoirlínte Comhphobail le haghaidh an gréasán traseorpach iompair a fhorbairt (IO L 228, 9.9.1996, lch. 1).


RÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE

I.   RÉAMHRÁ

An 15 Nollaig 2008, thíolaic an Coimisiún a thogra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gréasán Eorpach iarnróid do lasta iomaíoch.

An 23 Aibreán 2009, vótáil Parlaimint na hEorpa maidir lena tuairim ar an gcéad léamh.

An 11 Meitheamh 2009, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an Rialachán atá beartaithe.

An 22 Feabhra 2010, ghlac an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach atá leagtha síos in Airteagal 294 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Chuir an Chomhairle an tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1) agus ó Choiste na Réigiún (2) san áireamh agus í i mbun a cuid oibre.

II.   ANAILÍS AR SHEASAMH NA COMHAIRLE AR AN GCÉAD LÉAMH

1.   Ginearálta

An 15 Nollaig 2008, thíolaic an Coimisiún an togra le haghaidh Rialacháin maidir le gréasán Eorpach iarnróid do lasta iomaíoch. Is é an cuspóir atá ag an Rialachán atá beartaithe gréasán Eorpach iarnróid a chruthú do lasta iomaíoch arb éard a bheidh ann conairí idirnáisiúnta lena ndéanfar bonneagar d'iompar lasta a bheidh éifeachtúil agus ar ardchaighdeáin a chur ar fáil d'oibreoirí. Mar thoradh air seo, ba cheart go mbeadh oibreoirí iarnróid in ann seirbhís éifeachtúil ardchaighdeáin a thairiscint agus ba cheart go mbeidís ní b'iomaíche i margadh an iompair earraí. Chuige sin, leagtar amach leis an togra na rialacha maidir leis na conairí lasta a chruthú agus a mhodhnú, maidir lena n-eagrú agus lena rialáil, agus leagtar amach bearta maidir le conairí lasta a chur chun feidhme agus maidir le pleanáil na hinfheistíochta, mar aon le bainistiú ar thoilleadh agus ar thrácht.

Le seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh, bunaítear creat comhsheasmhach chun gréasán Eorpach iarnróid a bhunú do lasta iomaíoch. Foráiltear, leis an gcomhsheasamh, go mbeidh nós imeachta níos simplí ann, ar bhonn liosta de phríomhbhealaí na gconairí, chun go mbunófar na conairí lasta tosaigh. Ba cheart gurbh iad a chomhlánódh an liosta tosaigh sin na Ballstáit nach luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán, ar Ballstáit iad a bhunóidh conairí lasta ag céim níos déanaí ná sin. Thairis sin, foráiltear le cur chuige na Comhairle go bhféadfadh maoluithe a bheith ann. Áirítear leis freisin córas rialála conairí lasta a mbeadh struchtúr ní b'fhearr aige. Chomh maith leis sin, chomhaontaigh an Chomhairle córas ní ba sholúbtha a bhunú d'iarrataí ar chosáin traenach do thraenacha lasta, agus é bunaithe ar chomhoibriú breise a bheith ann idir bhainisteoirí bonneagair.

2.   Na príomh-shaincheisteanna:

(i)   Roghnú na gconairí lasta

Mhol an Coimisiún nós imeachta lena mbeadh ar gach Ballstát conair amháin ar a laghad a chruthú leis an mBallstát eile nó leis na Ballstáit eile lena mbaineann. Chomh maith leis sin, bheadh ar chuid de na Ballstáit dhá chonair ar a laghad nó trí chonair a chruthú ar bhonn fheidhmíocht bhliantúil an lasta iarnróid arna sloinneadh i dtona-ciliméadar sna Ballstáit sin.

Ghlac an Chomhairle réiteach eile arb é atá ann, conairí lasta tosaigh a bhunú, laistigh de theorainneacha ama sonraithe, de réir liosta de phríomhbhealaí na gconairí a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán, agus oibleagáid a chur ar na Ballstáit nach luaitear sa liosta sin a bheith rannpháirteach i mbunú conair lasta amháin ar a laghad. Beidh na Ballstáit rannpháirteach freisin i mbunú na conaire nó i síneadh conaire atá ann faoi láthair, d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh Ballstát comharsanachta an oibleagáid atá air conair lasta amháin ar a laghad a bhunú.

Sa chomhréiteach thuas, tá dhá mhaolú a d'fhéadfaí a dhéanamh ar an oibleagáid a bheith rannpháirteach i mbunú conair lasta. Bheadh údar maith leis an gcéad mhaolú faoi choinníollacha áirithe amhail easpa spéise de chuid iarratasóirí ar dóigh dóibh an chonair á úsáid, gan sochair shocheacnamaíocha a bheith ag gabháil lena bunú nó i gcás nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid. Beidh an maolú sin faoi réir cinnidh ón gCoimisiún de réir an nós imeachta coiste. D'fhéadfadh feidhm a bheith ag an dara maolú maidir le Ballstát ina bhfuil gréasán iarnróid nach ionann leithead na rianta agus leithead rianta an phríomhghréasáin iarnróid san Aontas.

Thug Parlaimint na hEorpa na leasuithe seo a leanas isteach maidir leis an togra ón gCoimisiún:

ba cheart go mbeadh dhá Bhallstát ar a laghad á nascadh leis an gconair lasta agus go mbeadh sé comhoiriúnach leis an nGréasán Tras-Eorpach Iompair (TEN-T) nó le conairí an Chórais Eorpaigh um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS). Más gá, féadfaidh stráicí áirithe nach bhfuil sa TEN-T, agus a bhfuil a lán tráchta lasta orthu nó a bhféadfadh a lán tráchta lasta a bheith orthu, a bheith mar chuid den chonair lasta freisin.

cinnfidh na Ballstáit lena mbaineann conair lasta a chruthú nó a mhodhnú, tar éis dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún faoina bhfuil ar intinn acu, i dteannta le togra a tharraingeofar suas in éineacht leis na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann agus aird á tabhairt ar thionscnaimh agus ar thuairimí na ngnóthas iarnróid a úsáideann an chonair nó ar spéis leo í a úsáid. Féadfaidh gnóthais iarnróid leasmhara páirt a ghlacadh sa phróiseas, tráth ar bith a mbainfidh infheistíochtaí substaintiúla leo;

ba cheart na critéir do chruthú conair lasta a shainiú ar shlí a bheidh oiriúnaithe do riachtanais shonracha na mBallstát agus na mbainisteoirí bonneagair agus a thabharfaidh go leor scóipe dóibh ó thaobh cinnteoireachta agus bainistíochta de;

tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm, ní foláir go bhféadfar conair lasta amháin ar a laghad a chur ar fáil ar chríoch gach Ballstáit;

tabharfaidh an Coimisiún dá aire na tograí chun an chonair lasta a chruthú agus scrúdóidh sé an bhfuil siad i gcomhréir leis na critéir mheasúnachta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán.

(ii)   Rialachas na gconairí lasta

Mhol an Coimisiún gur cheart go mbunódh na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann comhlacht rialála do gach conair lasta, a bheadh freagrach as an bhfeidhmíocht a shainmhíniú agus a threorú agus as an bplean cur chun feidhme don chonair lasta a thabhairt cothrom le dáta. Thairis sin, ba cheart go mbunófaí meitheal arb é a bheidh ann bainisteoirí agus úinéirí na gcríochfort straitéiseach sa chonair lasta. D'fhéadfadh an mheitheal tuairim a thabhairt uaithi maidir le haon togra ón gcomhlacht rialála a mbeadh iarmhairtí díreacha aige ar infheistíocht agus ar bhainistiú na gcríochfort straitéiseach. Ní fhéadfadh an comhlacht rialála cinneadh a dhéanamh a bheadh contrártha leis an tuairim sin.

Mhodhnaigh an Chomhairle togra an Choimisiúin agus chinn sí go mbunóidh na Ballstáit lena mbaineann bord feidhmiúcháin, do gach conair lasta, a bheidh freagrach as cuspóirí ginearálta na conaire lasta a shainmhíniú, as maoirsiú a dhéanamh ar bhearta sonracha agus as bearta sonracha a dhéanamh maidir le cur chun feidhme agus le hinfheistíocht a phleanáil. Is iad ionadaithe údaráis na mBallstát lena mbaineann a bheidh ar an mbord feidhmiúcháin.

Thairis sin, bunóidh na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann bord bainistíochta, do gach conair lasta, a bheidh freagrach as bearta sonracha a dhéanamh maidir le cur chun feidhme, maidir le hinfheistíocht a phleanáil, maidir le toilleadh an bhonneagair agus maidir le cáilíocht na seirbhíse. Is iad ionadaithe na mbainisteoirí bonneagair a bheidh ar an mbord bainistíochta.

Bunóidh an bord bainistíochta grúpa comhairleach chomh maith arb iad a bheidh ann bainisteoirí agus úinéirí chríochfoirt na conaire lasta. Féadfaidh an grúpa comhairleach sin tuairim a eisiúint maidir le haon togra ón mbord bainistíochta a mbeidh iarmhairtí díreacha aige ar infheistíocht agus ar bhainistiú na gcríochfort. Féadfaidh sé tuairimí a eisiúint freisin ar a thionscnamh féin. Cuirfidh an bord bainistíochta na tuairimí sin san áireamh.

Lean Parlaimint na hEorpa a bheag nó a mhór an togra ón gCoimisiún. Maidir leis an bhforáil, áfach, faoi chomhlacht rialála a bhunú do gach conair lasta, mhol sí gur cheart go ndéanfadh gnóthais iarnróid leasmhara nó grúpálacha de ghnóthais iarnróid leasmhara a bhaineann úsáid as an gconair lasta, páirt a ghlacadh go tráthrialta sa chomhlacht sin ar bhonn comhairleach.

Mhol Parlaimint na hEorpa freisin go bhféadfadh na Ballstáit lena mbaineann bord feidhmiúcháin a bhunú a bheadh freagrach as an bplean cur chun feidhme a chuir an comhlacht rialála le chéile maidir leis an gconair a údarú agus as forghníomhú an phlean sin a mhaoirsiú.

Ar deireadh, agus meitheal á bunú ina mbeidh bainisteoirí agus úinéirí chríochfoirt straitéiseacha na conaire lasta, mar a mholann an Coimisiún, ba cheart go n-áireofaí inti ionadaithe ó chalafoirt mhuirí agus ó chalafoirt uiscebhealaí intíre freisin.

(iii)   Críochfoirt straitéiseacha agus lasta tosaíochta

Mhol an Coimisiún gur cheart go dtarraingeodh an comhlacht rialála straitéis suas i ndáil le críochfoirt straitéiseacha a fhorbairt ionas go mbeadh siad in ann freastal ar riachtanais an lasta iarnróid a ghluaiseann tríd an gconair lasta.

Thairis sin, mhol an Coimisiún gur cheart don chomhlacht rialála catagóirí an tráchta lasta, a bheidh bailí sa chonair lasta ina hiomláine, a shainmhíniú. I gcatagóir amháin ar a laghad de na catagóirí sin, dá dtagraítear mar ‘lasta tosaíochta’, ba cheart go gcuimseofaí earraí a bhfuil sprioc-am seachadta an-docht acu agus dá dteastaíonn iompar éifeachtúil agus poncúlacht gan teip.

Le seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh, scriostar na hairteagail a mhol an Coimisiún ar na saincheisteanna thuas. I ndáil le críochfoirt straitéiseacha, measadh gur cheart gur faoin margadh a bheadh sé cinneadh a dhéanamh. I dtaca le lasta tosaíochta, comhaontaíodh go bhféadfadh idirdhealú a bheith i gceist, go háirithe i gcoinne na dtraenacha paisinéirí.

Lean Parlaimint na hEorpa a bheag nó a mhór an togra ón gCoimisiún. I ndáil le críochfoirt straitéiseacha, áfach, mhol sí tagairt a chur isteach maidir le straitéis chomhtháite lena n-áireofar moil idirmhodúlacha ar feadh na gconairí lasta. Ba cheart go n-áireofaí leis an straitéis seo comhoibriú leis na húdaráis réigiúnacha, áitiúla agus náisiúnta, fáil na talún chun críochfoirt lasta iarnróid a fhorbairt agus rochtain ar chistí a éascú d'fhonn forbairtí mar sin a spreagadh. Thairis sin, ba cheart go n-áiritheodh an comhlacht rialála go gcruthófaí go leor críochfort i suíomhanna straitéiseacha, ar bhonn mhéid an tráchta a mbeifí ag súil leis.

Maidir leis an airteagal ar lasta tosaíochta, chinn Parlaimint na hEorpa an teideal a athrú go ‘Catagóirí caighdeánacha na gcosán traenach sna conairí lasta’, agus gur cheart an téacs a oiriúnú dá réir agus go ndéanfaí tagairt do nuashonruithe tréimhsiúla ar chatagóirí caighdeánacha na gcosán traenach lasta, agus gur cheart go mbeadh siad sin bailí maidir leis an gconair lasta iomlán. I gcatagóir amháin ar a laghad de na catagóirí seo (dá dtagraítear mar ‘lasta éascaithe’), ba cheart go n-áireofaí cosán traenach a mbeadh iompair éifeachtúil agus poncúlacht gan teip ar roinnt léi. Thairis sin, tar éis dul i gcomhairle leis na hiarratasóirí ar dóigh dóibh úsáid a bhaint as an gconair lasta, ba cheart go nglacfadh an comhlacht rialála na critéir maidir le catagóirí caighdeánacha an tráchta lasta a shainmhíniú.

(iv)   Ionad uileghnó le haghaidh na n-iarrataí ar chosáin iarnróid idirnáisiúnta

Mhol an Coimisiún go gcuirfeadh an comhlacht rialála ionad uileghnó ar bun le haghaidh na n-iarrataí ar chosáin traenach do thraenacha lasta a thrasnaíonn teorainn amháin ar a laghad ar feadh na conaire lasta agus go ndíreofaí na hiarrataí go léir maidir leis na cosáin traenach sin ar an ionad uileghnó seo.

Níor chomhaontaigh an Chomhairle ar an nós imeachta éigeantach a mhol an Coimisiún agus chinn sí, ina ionad sin, go n-ainmneodh nó go mbunódh an bord bainistíochta na conaire lasta comhlacht comhpháirteach agus/nó córas faisnéise trí chomhoibriú idir bhainisteoirí bonneagair agus gur cheart go dtabharfaí deis leis sin d'iarratasóirí toilleadh bonneagair a iarraidh, in aon ionad amháin agus in aon oibríocht amháin, do thraenacha lasta a thrasnaíonn teorainn amháin ar a laghad ar feadh na conaire lasta.

Lean Parlaimint na hEorpa a bheag nó a mhór an togra ón gCoimisiún. Chinn sí, áfach, a mholadh go bhféadfaí bainisteoirí bonneagair aonair ar chonair lasta a shannadh chun feidhmiú mar oifig tosaigh an ionaid uileghnó do na hiarratasóirí a mbeidh cosáin traenach á n-iarraidh acu.

(v)   Iarratasóirí údaraithe

Leis an togra ón gCoimisiún, foráiltear go mbeidh sé de cheart ag iarratasóirí, seachas na gnóthais iarnróid agus na grúpálacha idirnáisiúnta lena mbaineann siad, deis a bheith acu cosáin traenach a iarraidh le haghaidh iompair lasta nuair a bhaineann na cosáin traenacha sin le stráice amháin nó níos mó ná stráice amháin den chonair lasta.

Scrios an Chomhairle an t-airteagal a mhol an Coimisiún maidir le hiarratasóirí údaraithe. Ina ionad sin, ní ghlacann an Chomhairle leis gur féidir le hiarratasóirí seachas gnóthais iarnróid nó a ngrúpálacha idirnáisiúnta bonneagar i gcomhair stráicí áirithe de chonairí traenacha a iarraidh ach amháin i gcás ina mbeidh na conairí sin lonnaithe sna Ballstáit ina nglactar leis na hiarrataí sin ar bhonn a ndlí náisiúnta.

Chloígh Parlaimint na hEorpa leis an togra ón gCoimisiún ach rinneadh mionathrú ar an téacs.

(vi)   Trácht a bhainistiú i gcás ina mbeidh suaitheadh ann

Mhol an Coimisiún gur cheart do bhainisteoirí bonneagair na conaire lasta na rialacha a dhréachtú agus a fhoilsiú maidir le tosaíocht na gcineálacha difriúla tráchta i gcás ina mbeadh cur isteach ar thrácht sa chonair lasta. Ba cheart go bhforálfaí ar a laghad leis na rialacha tosaíochta sin nach bhféadfaí cosán traenach a bhíothas tar éis a leithdháileadh ar thraein lasta tosaíochta a raibh forálacha tosaigh a cosáin traenach á gcomhlíonadh aici a ath-leithdháileadh ar thraein eile ná a mhodhnú, ach amháin má d'aontaigh sealbhóir tosaigh an chosáin traenach go n-ath-leithdháilfí ar thraein eile nó go modhnófaí é.

Leasaigh an Chomhairle an togra ón gCoimisiún agus chinn sí go nglacfadh an bord bainistíochta spriocanna coiteanna le haghaidh na poncúlachta agus/nó treoirlínte don bhainistiú tráchta i gcás ina mbeadh suaitheadh i ngluaiseachtaí na dtraenacha ar an gconair lasta. Ar bhonn na spriocanna sin agus/nó na dtreoirlínte sin, dréachtóidh gach bainisteoir bonneagair ina dhiaidh sin rialacha tosaíochta do bhainistiú na gcineálacha éagsúla tráchta a bheidh ar an gconair lasta. Leis na prionsabail chun na rialacha tosaíochta a bhunú, féachfar le híoslaghdú a dhéanamh ar an aga athshlánaithe foriomlán don ghréasán i dtaca le gach cineál iompair.

Chloígh Parlaimint na hEorpa a bheag ná a mhór leis an togra ón gCoimisiún ach ghlac sí leis gur cheart do bhainisteoirí bonneagair na conaire lasta rialacha tosaíochta na gcineálacha difriúla cosán traenach a dhréachtú agus a fhoilsiú, go háirithe do na cosáin traenach a leithdháiltear ar thraenacha a bhfuil moill orthu, i gcás ina mbeidh cur isteach ar thrácht i ngach cuid den chonair lasta sa ghréasán. Cloífear, leis sin, le togra ó chomhlacht rialála na conaire lasta, agus urramófar na prionsabail agus na pleananna dá dtagraítear san Airteagal.

(vii)   Maolú

Mhol an Coimisiún go bhféadfadh Ballstát, más infheidhme, maolú ar fhorálacha an Rialacháin trí iarraidh ar mhaolú a mbeadh bunús léi a sheoladh chuig an gCoimisiún. Ba cheart don Choimisiún cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarraidh sin, i gcomhréir le nós imeachta comhairliúcháin a bheadh sainmhínithe, agus an suíomh geografach á chur san áireamh, maille lena fhorbartha atá seirbhísí iompair lasta iarnróid sa Bhallstát a d'iarr an maolú.

Scrios an Chomhairle an fhoráil thuasluaite arna mholadh ag an gCoimisiún. Ina ionad sin, d'aontaigh sí go gcuirfí isteach airteagal maidir le ‘bearta idirthréimhseacha’ ina leagfar síos nach mbeidh feidhm ag an oibleagáid an Rialachán seo a chur chun feidhme maidir le Poblacht na Cipire ná le Poblacht Mhálta fad nach mbeidh aon chóras iarnróid bunaithe ina gcríoch.

Chloígh Parlaimint na hEorpa leis an togra ón gCoimisiún.

3.   Leasuithe eile a ghlac Parlaimint na hEorpa

Leasaithe eile nár cuireadh isteach i seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh, baineann siad leis an méid seo a leanas go sonrach:

tagairt do bharrfheabhsú agus d'iontaofacht an tráchta lasta iarnróid;

taighde, agus cláir Marco Polo, agus beartais agus cistí eile de chuid an Aontais, amhail an Ciste Comhtháthaithe;

naisc éifeachtacha agus leordhóthanacha le meáin eile iompair a chur ar bun chun gréasán iompair lasta a bheidh éifeachtúil agus comhtháite a fhorbairt;

an nós imeachta maidir le sainmhíniú na dtáscairí feidhmíochta;

modhnuithe ar na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2;

coigeartú an phlean cur chun feidhme;

tagairt a chur isteach do chaolais ionchasacha tráchta;

clár chun an chonair lasta a fheabhsú;

staidéar margaidh a dhéanfaí a nuashonrú go tréimhsiúil;

cláir chun feidhmíocht sa chonair lasta a chruthú agus a fheabhsú;

iarratasóirí a bhfuil sé beartaithe acu an chonair lasta a úsáid;

an straitéis maidir le pleananna infheistíochta;

pleananna infheistíochta;

toilleadh cúltaca;

táille i leith cosán a leithdháiltear ach nach n-úsáidtear;

na rialacha tosaíochta;

comhsheasmhacht idir scéimeanna feidhmíochta difriúla;

an fhaisnéis a bheidh le soláthar ag na bainisteoirí bonneagair agus ag tríú páirtithe eile a bhfuil baint acu le leithdháileadh an toillte idirnáisiúnta ar na comhlachtaí rialála.

III.   CONCLÚID

Agus a seasamh ar an gcéad léamh á bhunú aici, chuir an Chomhairle an togra ón gCoimisiún agus an tuairim ó Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh san áireamh go huile agus go hiomlán. Maidir leis na leasuithe a mhol Parlaimint na hEorpa, feictear don Chomhairle go ndearnadh roinnt de na leasuithe sin a chur isteach cheana féin – bíodh sé ina n-éirim, go páirteach nó go hiomlán – ina seasamh ar an gcéad léamh.


(1)  Tuairim an 15 Iúil 2009 ( nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  (gan foilsiú fós san Iris Oifigiúil).


4.5.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/17


SEASAMH (EU) No 3/2010 ÓN GCOMHAIRLE AR AN GCÉAD LÉAMH

chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gréasán Eorpach iarnróid do lasta iomaíoch

Arna nglacadh ag an gComhairle an 1 Márta 2010

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

2010/C 114 E/02

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas

(1)

Le foraoiseacha cuirtear réimse leathan de shochair chomhshaoil, de shochair eacnamaíocha agus de shochair shóisialta ar fáil, lena n-áirítear táirgí foraoise adhmaid agus neamh-adhmaid agus seirbhísí comhshaoil.

(2)

Is mó i gcónaí is cúiseanna imní iad an lománaíocht neamhdhleathach agus an trádáil ghaolmhar de bharr éileamh méadaitheach a bheith ar adhmad agus ar tháirgí adhmaid ar fud an domhain, chomh maith leis na heasnaimh institiúideacha agus rialála atá ar earnáil na foraoiseachta i roinnt tíortha táirgthe adhmaid.

(3)

Is forleatach an fhadhb í an lománaíocht neamhdhleathach agus is mór an chúis imní ar an leibhéal idirnáisiúnta í. Is mór an bhagairt ar na foraoiseacha í mar go ngéaraíonn sí ar phróiseas an dífhoraoisithe, atá freagrach as tuairim agus 20 % de na hastaíochtaí CO2, mar go gcuireann sí an bhithéagsúlacht i mbaol agus mar go mbaineann sí na cosa de bhainistíocht inbhuanaithe foraoise agus d'fhorbairt inbhuanaithe foraoise, lena n-áirítear inmharthanacht tráchtála na n-oibreoirí a bhíonn ag gníomhú i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme. Chomh maith leis sin, tá impleachtaí sóisialta, polaitiúla agus eacnamaíocha aici.

(4)

I dTeachtaireacht an 21 Bealtaine 2003 ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle dar teideal ‘Forghníomhú an Dlí, Rialáil agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (FLEGT)’: ‘Togra le haghaidh Plean Gníomhaíochta AE’, moladh sraith beart chun tacú leis na hiarrachtaí idirnáisiúnta d'fhonn tabhairt faoi fhadhb na lománaíochta neamhdhleathaí agus na trádála gaolmhaire.

(5)

D'fháiltigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle roimh an Teachtaireacht sin agus d'aithin siad an gá atá ann go gcuirfeadh an tAontas leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ar an leibheál domhanda chun tabhairt faoi fhadhb na lománaíochta neamhdhleathaí,.

(6)

I gcomhréir le haidhm na Teachtaireachta sin, eadhon a áirithiú nach dtiocfadh isteach san Aontas ach earraí adhmaid arna dtáirgeadh de réir reachtaíocht náisiúnta na tíre táirgthe, tá idirbheartaíocht á déanamh ag an Aontas le tíortha táirgthe adhmaid (tíortha comhpháirtíochta) faoi Chomhaontuithe Comhpháirtíochta Saorálaí (VPA), ar comhaontuithe iad lena gcruthaítear ceanglas do na páirtithe, ar ceanglas dlíthiúil é, scéim ceadúnúcháin a chur chun feidhme agus an trádáil san adhmad agus sna táirgí adhmaid a shainaithnítear sna VPAanna sin a rialáil.

(7)

I bhfianaise mhórscála agus phráinn na faidhbe, is gá tacú go gníomhach leis an gcomhrac in aghaidh na lománaíochta neamhdhleathaí agus na trádála gaolmhaire, is gá an tionscnamh VPA a chomhlánú agus a neartú agus is gá na sineirgí a fheabhsú idir na beartais a bhfuil sé d'aidhm acu na foraoiseacha a chaomhnú ar láimh amháin agus leibhéal ard cosanta comhshaoil a bhaint amach, lena n-áirítear an comhrac in aghaidh an athraithe aeráide agus chailliúint na bithéagsúlachta ar an láimh eile.

(8)

Ba cheart aitheantas a thabhairt do na hiarrachtaí a rinne na tíortha a bhfuil VPA FLEGT tugtha i gcrích acu leis an Aontas agus do na prionsabail atá ionchorpraithe iontu, go mór mór maidir leis an sainmhíniú ar adhmad a táirgeadh go dleathach. Ba cheart go gcuirfí san áireamh freisin nach ndéantar, faoi scéim cheadúnúcháin FLEGT, ach amháin adhmad arna lománú i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha náisiúnta agus táirgí adhmaid atá díorthaithe as adhmad den sórt sin a allmhairiú isteach san Aontas. Ba cheart, dá bhrí sin, go measfaí gur as adhmad arna lománú go dleathach adhmad atá leabaithe sna táirgí adhmaid a liostaítear in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 maidir le scéim ceadúnúcháin FLEGT a bhunú i gcás allmhairí adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach (4), ar táirgí adhmaid iad a thionscnaíonn sna tíortha comhpháirtíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005, ar choinníoll go gcomhlíonann na táirgí adhmaid sin an Rialachán sin agus aon fhorálacha cur chun feidhme.

(9)

Ba cheart a chur san áireamh freisin go gceanglaítear ar na páirtithe sa Choinbhinsiún, leis an gCoinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES), gan cead onnmhairíochta CITES a dheonú ach amháin nuair a rinneadh speiceas atá liostaithe in CITES a lománú, inter alia, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta sa tír onnmhairíochta. Ba cheart, dá bhrí sin, go measfaí gur lománaíodh go dleathach adhmad na speiceas a liostaítear in Iarscríbhinn A, in Iarscríbhinn B nó in Iarscríbhinn C a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil (5), ar choinníoll go gcomhlíonann sé an Rialachán sin agus aon fhorálacha cur chun feidhme.

(10)

Agus castacht na lománaíochta neamhdhleathaí á cur san áireamh, a mhéid a bhaineann leis na fachtóirí atá mar bhonn di agus an tionchar a bhíonn aici, ba cheart díriú ar iompraíocht na n-oibreoirí d'fhonn buntáistí na hiompraíochta neamhdhleathaí a laghdú.

(11)

In éagmais sainmhínithe a bheadh comhaontaithe go hidirnáisiúnta, ba cheart gurbh í reachtaíocht na tíre inar lománaíodh an t-adhmad a bheadh mar an bonn ar a ndéanfaí sainmhíniú a thabhairt ar an lománaíocht neamhdhleathach.

(12)

Is iomaí táirge adhmaid a théann trí phróisis éagsúla sula gcuirtear ar an margadh den chéad uair iad nó tar éis iad a chur ar an margadh den chéad uair. Ionas nach mbeidh ró-ualach riaracháin á chur gan údar, ní bheidh faoi réir na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo ach na hoibreoirí sin a mbeidh adhmad nó táirgí adhmaid á gcur ar an margadh inmheánach den chéad uair acu, murab ionann agus na hoibreoirí go léir a bhfuil baint acu leis an slabhra dáileacháin.

(13)

Toisc go gcuirfeadh sé ualach neamhréireach ar oibreoirí dá gceanglófaí orthu faisnéis a thabhairt maidir le tionscnamh an adhmaid i gcás táirgí a bheadh déanta as adhmad athchúrsáilte, ba cheart go ndéanfaí na táirgí sin a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(14)

Na hoibreoirí a mbeadh adhmad agus táirgí adhmaid á gcur ar an margadh inmheánach den chéad uair acu, ba cheart dóibh a ndícheall cuí a dhéanamh, trí chóras beart agus nósanna imeachta (córas an díchill chuí), an riosca a bhaineann le hadhmad arna lománú go neamhdhleathach agus le táirgí atá díorthaithe ó adhmad den sórt sin a chur ar an margadh inmheánach a íoslaghdú.

(15)

Áirítear trí eilimint ar chóras an díchill chuí atá de dhlúth is d'inneach i mbainistiú riosca: rochtain ar fhaisnéis, measúnú riosca agus maolú a dhéanamh ar an riosca a shainaithneofar. Ba cheart go dtabharfaí rochtain, le córas an díchill chuí, ar fhaisnéis maidir le foinsí an adhmaid agus na dtáirgí adhmaid agus maidir le soláthraithe an adhmaid agus na dtáirgí adhmaid atá á gcur ar an margadh inmheánach den chéad uair, lena n-áirítear faisnéis ábhartha amhail comhlíonadh na reachtaíochta is infheidhme. Ba cheart go ndéanfadh na hoibreoirí measúnú riosca bunaithe ar an bhfaisnéis sin. I gcás ina sainaithneofar riosca, ba cheart d'oibreoirí an riosca sin a mhaolú ar mhodh a bheadh comhréireach leis an riosca arna shainaithint, d'fhonn go gcoiscfear adhmad arna lománú go neamhdhleathach agus táirgí adhmaid atá díorthaithe ó adhmad den sórt sin a chur ar an margadh.

(16)

D'fhonn aon ualach míchuí riaracháin a sheachaint, níor cheart go gceanglófaí ar na hoibreoirí sin a bhfuil leas á bhaint acu cheana féin as córais nó as nósanna imeachta a bhfuil ceanglais an Rialacháin seo á gcomhlíonadh acu córais nua a chur ar bun.

(17)

D'fhonn aitheantas a thabhairt do dhea-chleachtas in earnáil na foraoiseachta, féadfar deimhniú nó scéimeanna eile arna bhfíorú ag tríú páirtí agus a áiríonn fíorú maidir le comhlíonadh na reachtaíochta is infheidhme, a úsáid sa nós imeachta maidir le measúnú riosca.

(18)

Tá earnáil an adhmaid fíorthábhachtach do gheilleagar an Aontais. Tá ról tábhachtach ag eagraíochtaí na n-oibreoirí san earnáil mar go ndéantar ionadaíocht ar leasanna na hearnála sin ar scála leathan agus bíonn teagmháil acu le raon éagsúil de na páirtithe leasmhara. Tá an saineolas agus an inniúlacht ag na heagraíochtaí sin freisin le hanailís a dhéanamh ar an reachtaíocht ábhartha agus comhlíonadh na reachtaíochta a éascú dá mbaill, ach níor cheart go n-úsáidfeadh siad an inniúlacht sin d'fhonn ceannas a fháil ar an margadh. D'fhonn cur chun feidhme an Rialacháin seo a éascú agus cur le forbairt an dea-chleachtais, is iomchuí aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí atá tar éis ceanglais a fhorbairt d'fhonn córas an díchill chuí a fhorbairt, ar córais iad lena gcomhlíontar ceanglais an Rialacháin seo. Ba cheart liosta de na heagraíochtaí a mbeidh an t-aitheantas sin faighte acu a phoibliú chun a chumasú do na hoibreoirí leas a bhaint as na heagraíochtaí faireacháin sin a mbeidh aitheantas faighte acu.

(19)

Ba cheart do na húdaráis inniúla faireachán a dhéanamh go héifeachtach ar an gcaoi a gcomhlíonann oibreoirí na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo. Chuige sin, ba cheart do na húdaráis inniúla seiceálacha oifigiúla a dhéanamh, de réir mar is cuí, agus d'fhéadfadh go mbeadh seiceálacha ag áitreabh an oibreora san áireamh leis na seiceálacha, agus ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann a cheangal ar na hoibreoirí gníomhartha feabhais a dhéanamh i gcás inar gá sin.

(20)

Ba cheart do na húdaráis inniúla taifid a choinneáil ar na seiceálacha agus ba cheart an fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil d'aon iarratasóir i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol (6).

(21)

Ba cheart do na húdaráis inniúla comhoibriú le chéile agus le húdaráis riaracháin tríú tíortha agus leis an gCoimisiún, agus cineál idirnáisiúnta na lománaíochta neamhdhleathaí agus na trádála gaolmhaire á chur san áireamh.

(22)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ngearrfar pionóis i leith aon sáruithe ar an Rialachán seo agus go mbeidh na pionóis éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(23)

Ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ar gníomhartha iad a bhaineann leis na nósanna imeachta chun aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí faireacháin agus chun an t-aitheantas sin a tharraingt siar, a bhaineann le critéir eile um measúnú riosca a d'fhéadfadh a bheith riachtanach leis na critéir dá bhforáiltear cheana sa Rialachán seo a fhorlíonadh agus a bhaineann leis an liosta d'adhmad agus de tháirgí adhmaid a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachadh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe i rith chéim an ullmhúcháin i gcomhréir leis an ngealltanas a thug an Coimisiún i dTeachtaireacht an 9 Nollaig 2009 maidir le hAirteagal 290 de CFAE a chur chun feidhme.

(24)

Ba cheart na bearta atá riachtanach chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (7).

(25)

Ba cheart tréimhse réasúnta a thabhairt d'oibreoirí agus d'údaráis inniúla iad féin a ullmhú d'fhonn ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh.

(26)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon an comhrac in aghaidh na lománaíochta neamhdhleathaí agus na trádála gaolmhaire, a bhaint amach ina gceann agus ina gceann agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr a fhairsinge, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach é in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo na hoibleagáidí a bheidh ar oibreoirí a mbeidh adhmad agus táirgí adhmaid á gcur ar an margadh inmheánach den chéad uair acu, le go n-íoslaghdófar an baol go ndéanfar adhmad arna lománú go neamhdhleathach nó táirgí adhmaid a dhíorthaítear as adhmad den sórt sin a chur ar an margadh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘adhmad agus táirgí adhmaid’ an t-adhmad agus na táirgí adhmaid a leagtar amach san Iarscríbhinn, seachas táirgí adhmaid a dhíorthaítear as adhmad nó as táirgí adhmaid a cuireadh ar an margadh cheana féin chomh maith le táirgí adhmaid nó comhpháirteanna táirgí den sórt sin a mhonaraítear as adhmad nó as táirgí adhmaid a bhfuil a saolré tagtha chun críche agus a dhéanfaí a dhiúscairt mar dhramhaíl murach sin;

(b)

ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ adhmad nó táirgí adhmaid a sholáthar ar shlí ar bith, beag beann ar an teicníc díolacháin a úsáidtear, ar an margadh inmheánach den chéad uair chun é nó iad a dháileadh nó a úsáid le linn gníomhaíochta tráchtála, cibé acu ar íocaíocht nó saor in aisce. Áirítear leis freisin soláthar trí chianchumarsáid faoi mar a shainmhínítear í i dTreoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 1997 maidir le tomhaltóirí a chosaint i leith cianchonarthaí (8);

(c)

ciallaíonn ‘oibreoir’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach a chuireann adhmad nó táirgí adhmaid ar an margadh;

(d)

ciallaíonn ‘tír na lománaíochta’ an tír nó an chríoch inar lománaíodh an t-adhmad nó inar lománaíodh an t-adhmad atá leabaithe sna táirgí adhmaid;

(e)

ciallaíonn ‘arna lománú go dleathach’ arna lománú i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme i dtír na lománaíochta;

(f)

ciallaíonn ‘arna lománú go neamhdhleathach’ arna lománú de shárú ar an reachtaíocht is infheidhme i dtír na lománaíochta;

(g)

ciallaíonn ‘reachtaíocht is infheidhme’ an reachtaíocht atá i bhfeidhm i dtír na lománaíochta, ar reachtaíocht í lena gcumhdaítear na hábhair seo a leanas:

cearta chun lománaíocht a dhéanamh ar adhmad laistigh de theorainneacha a bhfuil taifead orthu in iris oifigiúil;

íocaíochtaí ar chearta lománaíochta agus ar adhmad lena n-áirítear dleachtanna a bhaineann le lománaíocht;

lománaíocht an adhmaid, lena n-áirítear an reachtaíocht chomhshaoil agus an reachtaíocht foraoise a bhfuil baint dhíreach aici léi;

cearta dlíthiúla atá ag tríú páirtithe maidir le húsáid agus maidir le tionacht a ndéanann lománaíocht an adhmaid difear dóibh; agus

reachtaíocht na trádála agus an chustaim, a mhéid a bhaineann sí le hearnáil na foraoiseachta;

Airteagal 3

Stádas adhmaid agus táirgí adhmaid arna gcumhdach ag FLEGT agus ag CITES

Measfar, chun críocha an Rialacháin seo, gur lománaíodh go dleathach adhmad atá leabaithe sna táirgí adhmaid a liostaítear in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ar táirgí iad a thionscnaítear sna tíortha comhpháirtíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 agus a chomhlíonann an Rialachán sin agus a fhorálacha cur chun feidhme.

Measfar, chun críocha an Rialacháin seo, gur lománaíodh go dleathach adhmad de speicis a liostaítear in Iarscríbhinn A, in Iarscríbhinn B nó in Iarscríbhinn C a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 338/97 agus ar adhmad é a chomhlíonann an Rialachán sin agus a fhorálacha cur chun feidhme.

Airteagal 4

Oibleagáidí na n-oibreoirí

1.   Déanfaidh na hoibreoirí a ndícheall cuí an baol atá ann maidir le hadhmad arna lománú go neamhdhleathach nó táirgí atá díorthaithe d'adhmad den sórt sin a chur ar an margadh a íoslaghdú a mhéid is féidir. Chuige sin, bainfidh siad leas as creat nósanna imeachta agus beart, dá ngairfear ‘córas díchill chuí’ anseo feasta, a leagtar amach in Airteagal 5.

2.   Déanfaidh gach oibreoir an córas díchill chuí a mbaineann sé féin leas as a chothabháil agus a mheasúnú go tráthrialta, ach amháin i gcás ina mbaineann an t-oibreoir leas as córas díchill chuí arna bhunú ag eagraíocht faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 7.

Airteagal 5

Córais díchill chuí

1.   Beidh an méid seo a leanas sa chóras díchill chuí dá dtagraítear in Airteagal 4(1):

(a)

bearta agus nósanna imeachta lena dtugtar rochtain ar an bhfaisnéis seo a leanas maidir le soláthar adhmaid nó soláthar táirgí adhmaid an oibreora ar adhmad nó táirgí adhmaid iad a chuirfear ar an margadh:

tuairisc, lena n-áirítear an t-ainm eolaíoch iomlán nó gnáth-thuairisc an spéicis crainn, an trádainm agus cineál táirge;

tír na lománaíochta, agus i gcás inarb infheidhme, an réigiún fo-náisiúnta inar lománaíodh an t-adhmad;

an chainníocht (arna sloinneadh i méid, i meáchan nó in uimhir na n-aonad);

ainm agus seoladh soláthraí an oibreora;

doiciméid nó faisnéis eile lena sonraítear go gcloíonn an t-adhmad sin agus na táirgí adhmaid sin leis an reachtaíocht is infheidhme;

(b)

nósanna imeachta um measúnú riosca lena gcuirtear ar chumas an oibreora anailís agus measúnú a dhéanamh ar an riosca atá ann go ndéanfar adhmad arna lománú go neamhdhleathach nó táirgí adhmaid atá díorthaithe as adhmad den sórt sin a chur ar an margadh.

Cuirfear san áireamh leis na nósanna imeachta sin an fhaisnéis a leagtar amach i bpointe (a) mar aon leis na critéir ábhartha um measúnú riosca, lena n-áirítear:

dearbhú ar chomhlíonadh na reachtaíochta is infheidhme, a bhféadfaí deimhniúchán nó scéimeanna eile, ar scéimeanna iad arna bhfíorú ag tríú páirtí, lena gcumhdaítear comhlíonadh na reachtaíochta infheidhme, a áireamh ann;

leitheadúlacht lománaíocht neamhdhleathach speiceas sonrach crann;

leitheadúlacht na lománaíochta neamhdhleathaí nó na gcleachtas ina leith i dtír na lománaíochta agus/nó sa réigiún fo-náisiúnta inar lománaíodh an t-adhmad;

castacht shlabhra soláthair na dtáirgí adhmaid;

(c)

seachas i gcás inar riosca diomaibhseach an riosca a aithnítear le linn na nósanna imeachta um measúnú riosca dá dtagraítear i bpointe (b), nósanna imeachta um maolú riosca arb éard atá iontu sraith beart agus nósanna imeachta atá leordhóthanach agus comhréireach chun íoslaghdú a dhéanamh go héifeachtach ar an riosca sin agus a bhféadfadh sé a bheith ar áireamh leo go n-éileofaí tuilleadh faisnéise nó tuilleadh doiciméad agus/nó go n-éileofaí fíorú tríú páirtí.

2.   Is i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2) a ghlacfar na rialacha mionsonraithe is gá d'fhonn a áirithiú go ndéanfar mír 1 a chur chun feidhme go haonfhoirmeach, seachas a mhéid a bhaineann le critéir ábhartha bhreise um measúnú riosca dá dtagraítear sa dara mír de phointe (b) den Airteagal seo. Glacfar na rialacha sin tráth nach déanaí ná … (9).

3.   Ionas go n-áireofar forbairtí sa mhargadh agus an taithí a fuarthas i gcur chun feidhme an Rialacháin seo, ar imeachtaí iad agus ar taithí í a sainaithníodh go háirithe tríd an tuairisciú dá dtagraítear in Airteagal 18(3), féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE maidir le critéir ábhartha bhreise um measúnú riosca a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil chun cur leis na critéir sin dá dtagraítear sa dara mír de phointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo. Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige, gníomhóidh an Coimisiún i gcomhréir le forálacha ábhartha an Rialacháin seo.

Beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 13, in Airteagal 14 agus in Airteagal 15 maidir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa mhír seo.

Airteagal 6

Údaráis inniúla

1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó ná údarás inniúil amháin a bheidh freagrach as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

Déanfaidh na Ballstáit, faoin … (10), ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil a chur in iúl don Choimisiún. Déanfaidh na Ballstáit aon athrú ar ainmneacha nó ar sheoltaí na n-údarás inniúil a chur in iúl don Choimisiún.

2.   Cuirfidh an Coimisiún liosta na n-údarás inniúil ar fáil go poiblí, lena n-áirítear ar an Idirlíon. Tabharfar an liosta cothrom le dáta go tráthrialta.

Airteagal 7

Eagraíochtaí faireacháin

1.   Déanfaidh eagraíocht faireacháin na feidhmeanna seo a leanas a fheidhmiú:

(a)

córas díchill chuí a chothabháil agus a mheasúnú go tráthrialta i gcomhréir le hAirteagal 5 agus ceart chun é a úsáid a dheonú d'oibreoirí;

(b)

a fhíorú go n-úsáidfidh na hoibreoirí sin córas an díchill chuí mar is ceart;

(c)

na bearta cuí a ghlacadh i gcás ina mainneoidh oibreoir a chóras díchill chuí féin a úsáid i gceart, lena n-áirítear fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla i gcás ina ndéanfadh oibreoir mainneachtain thromchúiseach nó mainneachtain arís agus arís eile.

2.   Féadfaidh eagraíocht cur isteach ar aitheantas mar eagraíocht faireacháin, má chomhlíonann sé na ceanglais seo a leanas:

(a)

go bhfuil pearsantacht dhlítheanach aici agus go bhfuil sí bunaithe go dleathach laistigh den Aontas;

(b)

go bhfuil sé d'acmhainn aici na feidhmeanna dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú; agus

(c)

go gcomhlíonfaidh sí a feidhmeanna ar bhealach lena seachnófar coinbhleachtaí leasa.

3.   Aithneofar iarratasóir a chomhlíonfaidh na riachtanais a leagtar amach i mír 2 mar eagraíocht faireacháin ar cheann de na slite seo a leanas:

(a)

tabharfaidh údarás inniúil Ballstáit aitheantas d'eagraíocht faireacháin a bheartaíonn a gníomhartha a dhéanamh go heisiatach sa Bhallstát sin, agus cuirfear an Coimisiún ar an eolas gan mhoill ina dhiaidh sin.

(b)

tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas, tabharfaidh an Coimisiún aitheantas d'eagraíocht faireacháin a bheartaíonn a gníomhartha a dhéanamh i mbreis agus Ballstát amháin, nó ar fud an Aontais.

4.   Déanfaidh na húdaráis inniúla seiceálacha go tráthrialta lena fhíorú go leanfaidh na heagraíochtaí faireacháin a oibríonn laistigh de dhlínse na n-údarás inniúil de na feidhmeanna a leagtar síos i mír 1 a chomhlíonadh agus go leanfaidh siad de na ceanglais a leagtar síos i mír 2 a chomhlíonadh.

5.   Má chinneann údarás inniúil nach bhfuil na feidhmeanna a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh a thuilleadh ag eagraíocht faireacháin atá aitheanta ag an gCoimisiún nó nach gcomhlíonann sí na ceanglais a leagtar síos i mír 2 a thuilleadh, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas gan mhoill.

6.   Féadfaidh na húdaráis inniúla nó an Coimisiún aitheantas a tharraingt siar nuair a chinnfidh an t-údarás inniúil nó an Coimisiún nach bhfuil na feidhmeanna a leagtar síos i mír 1 nó na ceanglais a leagtar síos i mír 2 á gcomhlíonadh a thuilleadh ag eagraíocht faireacháin. Ní fhéadfaidh an t-údarás inniúil ná an Coimisiún aon aitheantas a tharraingt siar seachas aitheantas a d'eisigh sé féin. Sula dtarraingeoidh an Coimisiún aitheantas siar, cuirfidh sé na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas maidir leis sin. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le tarraingt siar aitheantas.

7.   D'fhonn na rialacha nós imeachta a fhorlíonadh maidir le haitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí faireacháin agus maidir le haitheantas a tharraingt siar agus, má éilíonn taithí a leithéid, d'fhonn iad a leasú, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE. Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige, gníomhóidh an Coimisiún i gcomhréir le forálacha ábhartha an Rialacháin seo.

Beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 13, in Airteagal 14 agus in Airteagal 15 maidir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa mhír seo. Glacfar na gníomhartha sin tráth nach déanaí ná … (11).

8.   Glacfar rialacha mionsonraithe a bhaineann le minicíocht agus le cineál na seiceálacha dá dtagraitear i mír 4, agus atá riachtanach d'fhonn cur chun feidhme aonfhoirmeach na míre sin a áirithiú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2). Glacfar na rialacha sin tráth nach déanaí ná … (11).

Airteagal 8

Liosta na n-eagraíochtaí faireacháin

Foilseoidh an Coimisiún liosta na n-eagraíochtaí faireacháin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith C, agus cuirfidh sé ar fáil ar a láithreán gréasáin é. Tabharfar an liosta cothrom le dáta go tráthrialta.

Airteagal 9

Seiceálacha ar oibreoirí

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla seiceálacha lena dheimhniú go gcomhlíonann na hoibreoirí na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 4 agus in Airteagal 5.

2.   Tabharfaidh na hoibreoirí gach cúnamh is gá le gur féidir na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú go héasca.

3.   I gcás ina mbraitear easnaimh, tar éis na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla fógra a eisiúint maidir leis na gníomhartha feabhais a ghlacfaidh an t-oibreoir. Aon mhainneachtain a dhéanfaidh an t-oibreoir maidir le gníomh feabhais den sórt sin a dhéanamh, d'fhéadfadh sé a bheith ina chúis pionóis a ghearradh i gcomhréir le hAirteagal 17.

Airteagal 10

Taifead ar sheiceálacha

1.   Coinneoidh na húdaráis inniúla taifid ar na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 9(1), agus léireofar, go háirithe, cineál agus torthaí na seiceálacha, mar aon le taifid ar aon fhógraí faoi ghníomhartha feabhais arna n-eisiúint faoi Airteagal 9(3). Coinneofar taifead ar na seiceálacha uile ar feadh 5 bliana ar a laghad.

2.   Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil d'aon iarratasóir i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE.

Airteagal 11

Comhoibriú

1.   Comhoibreoidh na húdaráis inniúla le chéile, le húdaráis riaracháin tríú tíortha agus leis an gCoimisiún d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo.

2.   Déanfaidh na húdaráis inniúla faisnéis faoi na heasnaimh thromchúiseacha a bhraitear trí na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 7(4) agus in Airteagal 9(1) agus faisnéis faoi na cineálacha pionós arna bhforchur i gcomhréir le hAirteagal 17 a mhalartú le húdaráis inniúla na mBallstát eile agus leis an gCoimisiún.

Airteagal 12

Leasuithe ar an Iarscríbhinn

D'fhonn an taithí a fuarthas agus an Rialachán seo á chur chun feidhme a chur san áireamh, go háirithe an taithí a shainaithneofar tríd an tuairisciú dá dtagraítear in Airteagal 18(3), mar aon le forbairtí maidir le tréithe teicniúla, le húsáideoirí deiridh agus le próisis táirgeachta an adhmaid agus táirgí adhmaid, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE trí liosta na n-adhmad agus na dtáirgí adhmaid a leagtar amach san Iarscríbhinn a leasú agus a fhorlíonadh. Ní dhéanfar ualach neamhréireach a chur ar oibreoirí leis na gníomhartha sin. Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige, gníomhóidh an Coimisiún i gcomhréir le forálacha ábhartha an Rialacháin seo.

Beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 13, Airteagal 14 agus Airteagal 15 maidir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear san Airteagal seo.

Airteagal 13

Feidhmiú an tarmligin

1.   Tabharfar na cumhachtaí chun na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, ar gníomhartha iad dá dtagraítear in Airteagal 5(3), in Airteagal 7(7) agus in Airteagal 12, don Choimisiún go ceann tréimhse seacht mbliana tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis na cumhachtaí tarmligthe ar a dhéanaí trí mhí roimh dheireadh tréimhse trí bliana tar éis an dáta a ndéanfar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go huathoibríoch i gcomhair tréimhsí comhfhaid, ach amháin má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é a chúlghairm i gcomhréir le hAirteagal 14.

2.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith ag an am céanna.

3.   Déantar na cumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 14 agus in Airteagal 15.

Airteagal 14

Cúlghairm an tarmligin

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(3), in Airteagal 7(7) agus in Airteagal 12 a chúlghairm.

2.   Déanfaidh an institiúid a bheidh tar éis tús a chur le nós imeachta inmheánach d'fhonn cinneadh an ndéanfar an tarmligean cumhachta a chúlghairm an reachtóir eile agus an Coimisiún a chur ar an eolas ar a dhéanaí mí sula ndéanfaidh sí an cinneadhcríochnaitheach, agus luafaidh sí na cumhachtaí tarmligthe a d'fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme agus na fáthanna atá leis an gcúlghairm.

3   Cuirfidh an cinneadh cúlghairme deireadh le tarmligean na gcumhachtaí a sonraíodh sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis láithreach nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Déanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 15

Agóidí in aghaidh gníomhartha tarmligthe

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agóid a dhéanamh in aghaidh an ghnímh tharmligthe laistigh de thréimhse trí mhí ón dáta ar tugadh an fógra.

2.   Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse sin in éag, nach mbeidh agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle in aghaidh an ghnímh tharmligthe, nó más rud é, roimh an dáta sin, go bhfuil Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis an Coimisiún a chur ar an eolas go bhfuil cinneadh déanta acu gan agóidí a dhéanamh, tiocfaidh an gníomh tarmligthe i bhfeidhm ar an dáta a luaitear ina fhorálacha.

3.   Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid in aghaidh an ghnímh tharmligthe a glacadh, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanfaidh agóid na fáthanna a bhí aici le hagóid a dhéanamh in aghaidh an ghnímh tharmligthe.

Airteagal 16

An Coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um Fhorghníomhú an Dlí, Rialáil agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (FLEGT) arna bhunú faoi Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 17

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór do na pionóis a leagfar amach a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Cuirfidh na Ballstáit na forálacha sin in iúl don Choimisiún agus cuirfidh siad aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh in iúl dó gan mhoill.

Airteagal 18

Tuairisciú

1.   Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 30 Aibreán gach dara bliain tar éis an dáta a ndéanfar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo le linn an dá bhliain roimhe sin.

2.   Ar bhonn na dtuarascálacha sin, tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil le cur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach dara bliain.

3.   Faoin … (12), agus gach sé bliana ina dhiaidh sin, athbhreithneoidh an Coimisiún feidhmiú agus éifeachtacht an Rialacháin seo, ar bhonn tuairiscithe agus taithí maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go háirithe maidir leis na hiarmhairtí riaracháin do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide agus le cuimsiúchán an táirge. Féadfaidh tograí iomchuí le haghaidh reachtaíochta a bheith ag gabháil leis na tuarascálacha, i gcás inar gá sin.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón … (13). Beidh feidhm, áfach, ag Airteagail 5(2), 6(1), 7(7) agus 7(8) amhail ón ndáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

Airteagal 20

Foilsiú

Foilseofar an Rialachán seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i/sa,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  IO C 318, 23.12.2009, lch. 88.

(2)  IO C , , lch …

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Aibreán 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Seasamh ón gComhairle an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  IO L 347, 30.12.2005, lch. 1.

(5)  IO L 61, 3.3.1997, lch. 1.

(6)  IO L 41, 14.2.2003, lch. 26.

(7)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(8)  IO L 144, 4.6.1997, lch. 19.

(9)  18 mí tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

(10)  Sé mhí tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

(11)  18 mí tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

(12)  36+30 mí tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

(13)  30 mí tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.


IARSCRÍBHINN

Adhmad agus táirgí adhmaid faoi mar atá siad aicmithe san Ainmníocht Chomhcheangailte a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 (1) ón gComhairle, a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo:

4401 Connadh, ina spreotaí, ina bhilléid, ina chipíní, ina bhrosna, nó i bhfoirmeacha dá samhail; adhmad i sliseanna nó i gcáithníní; min sáibh agus fuíolladhmad agus dramhadhmad, bíodh nó ná bíodh sé ceirtleánaithe i bhfoirm spreotaí, brícíní, millíní nó foirmeacha den chineál sin;

4403 Adhmad neamhchóirithe, coirt nó sú-adhmad air nó bainte de, nó cearnaithe go garbh;

4406 Trasnáin iarnróid nó trambhealaí (trascheangail) as adhmad;

4407 Adhmad safa nó scealptha ar a fhad, sliseáilte nó scafa, bíodh nó ná bíodh sé plánáilte, greanáilte, nó ceannsiúntáilte, le tiús níos mó ná 6mm;

4408 Leatháin le haghaidh athchraicinn (lena n-áirítear na cinn a fhaightear trí adhmad lannaithe a shliseadh), le haghaidh sraithadhmaid nó le haghaidh adhmaid lannaithe comhchosúil agus adhmaid eile, safa ar a fhad, sliste nó scafa. bíodh nó ná bíodh sé plánáilte, greanáilte, scarshiúntaithe nó ceannsiúntáilte, le tiús níos mó ná 6mm;

4409 Adhmad (lena n-áirítear stiallacha agus fríosanna d'urlár iontlaise, nach bhfuil cóimeáilte) atá dealbhaithe go leanúnach (teangaithe, eitrithe, céimnithe, seaimféaráilte, V-siúntáilte, feirbthe, múnlaithe, maolaithe nó a leithéid) feadh aon cheann dá imill, dá chinn nó dá éadain, bíodh nó ná bíodh sé plánáilte, greanáilte, nó ceannsiúntáilte;

4410 Clár cáithníní, clár sliseog treoshuite (OSB) agus clár adhmaid den tsamhail sin, bíodh nó ná bíodh sé ceirtleánaithe le roisíní nó le táthshubstaintí orgánacha eile;

4411 Clár snáithíneach adhmaid nó ábhar ligneach eile, bíodh nó ná bíodh sé nasctha le roisíní nó le substaintí orgánacha eile;

4412 Sraithadhmad, painéil a bhfuil athchraiceann curtha orthu agus adhmad lannaithe den chineál céanna;

4413 00 00 Adhmad dlúthaithe, i mbloic, i bplátaí, i stiallacha nó i gcruthanna próifíle;

4414 00 Frámaí adhmaid do phictiúir, do ghrianghraif, do scátháin nó d'earraí den chineál céanna;

4415 Cásanna pacála, boscaí, cliathbhoscaí, drumaí agus pacáistithe dá samhail, déanta as adhmad; drumaí cáblaí, déanta as adhmad; pailléid, pailléid i bhfoirm boscaí agus cláir ualaigh eile, déanta as adhmad; coiléir phailléid, déanta as adhmad; cónraí;

(Ní ábhar pacála a úsáidtear go heisiatach mar ábhar pacála d'fhonn tacú le táirge eile a chuirtear ar an margadh nó d'fhonn táirge eile a chuirtear ar an margadh a chosaint nó a iompar.);

4416 00 00 Cascaí, bairillí, dabhcha, tobáin agus táirgí cúipéara eile agus codanna díobh, déanta as adhmad, lena n-áirítear na cláir;

4418 Táirgí siúinéireachta agus cearpantóireachta, lena n-áirítear painéil cheallacha adhmaid, painéil chóimeáilte urláir, slinnte agus fabhtanna, adhmad (lena n-áirítear stiallacha agus fríosanna d'urláir iontlaise, nach bhfuil cóimeáilte) atá dealbhaithe go leanúnach (teangaithe, eitrithe, céimnithe, seaimféaráilte, V-siúntáilte, feirbthe, múnlaithe, maolaithe nó a leithéid) feadh aon cheann dá imill, dá chinn nó dá éadain, bíodh nó ná bíodh sé plánáilte, greanáilte, nó ceannsiúntáilte;

Laíon agus páipéar i gCaibidil 47 agus i gCaibidil 48 den Ainmníocht Chomhcheangailte, cé is moite de tháirgí atá déanta as bambú agus táirgí (fuíll agus draimh) aisghafa;

9403 30, 9403 40, 9403 50 00, 9403 60 agus 9403 90 30 Troscán adhmaid;

9406 00 20 Foirgnimh réamhdhéanta.


(1)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).


RÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE

I.   RÉAMHRÁ

1.

An 17 Deireadh Fómhair 2008, chuir an Coimisiún isteach togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh. Tá an togra bunaithe ar Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

2.

Ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh ar an gcéad léamh an 22 Aibreán 2009 (1). Thug an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta uaidh a thuairim an 1 Deireadh Fómhair 2009 agus chuir Coiste na Réigiún in iúl nach raibh sé ar intinn aige tuairim a thabhairt uaidh.

3.

An 1 Márta 2010, ghlac an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh i gcomhréir le hAirteagal 294 de CFAE.

II.   CUSPÓIRÍ

Is é is cuspóir don Rialachán go laghdófaí an riosca go ndéanfaí adhmad arna lománú go neamhdhleathach a chur ar an margadh inmheánach. Tá sé bunaithe ar phrionsabal an díchill chuí agus dírítear leis ar an gcéad uair a chuirtear adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh inmheánach. Choimeád an Chomhairle sprid chur chuige sistéimeach an Choimisiúin. Dá bhrí sin, dhírigh sí ar na ceanglais dhlíthiúla atá ar an oibreoir é féin a iompar go réamhghníomhach a shaothrú tuilleadh.

III.   ANAILÍS AR SHEASAMH NA COMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH

1.   Barúlacha ginearálta

Ar an gcéad léamh di an 22 Aibreán 2009, ghlac Parlaimint na hEorpa (PE) 75 leasú.

Ionchorpraítear, le seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh, roinnt de leasuithe Pharlaimint na hEorpa, go páirteach nó sa spiorad. Ina measc siúd go sonrach tá na nithe seo: gur cheart aird ar leith a thabhairt ar thionchar an Rialacháin ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (leasuithe 22, 29, 47, 72); nár cheart go n-eisiafaí as raon feidhme an Rialacháin adhmad agus táirgí adhmaid a bheadh faoi réir critéar éigeantach inbhuanaitheachta (leasú 21 agus leasú 32) agus gur cheart don Choimisiún aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí monatóireachta a bhfuil sé ar intinn acu a gcuid gníomhaíochtaí a dhéanamh i níos mó ná Ballstát amháin (leasuithe 51-56).

Bhí leasuithe eile ann, áfach, nár léiríodh i seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh mar gur mheas an Chomhairle nach raibh gá leo i bhfianaise na slí ar tháinig an téacs chun cinn. Thug an Chomhairle isteach roinnt athruithe a rinneadh de bharr theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin an 1 Nollaig 2009, go háirithe an creat dlíthiúil a bhunófar a ghlacfaidh ionad chóras an nós imeachta coiste. Ó tharla gur tugadh seasamh PE ar an gcéad léamh tuairim is seacht mí sular tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm, níor cuireadh na leasuithe a bhain leis an nós imeachta coiste san áireamh mar nach raibh siad ábhartha a thuilleadh.

Áirítear chomh maith i seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh roinnt athruithe seachas na cinn a bheartaítear i seasamh Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh. Déantar cur síos sna ranna seo a leanas ar na hathruithe substainteacha. Ina theannta sin, tá athruithe dréachtaithe ann chun an téacs a shoiléiriú nó d'fhonn a áirithiú go bhfuil an Rialachán comhsheasmhach i gcoitinne.

2.   Pointí faoi leith

Sainmhínithe

Rinneadh na hathruithe seo a leanas ar an togra bunaidh:

rinneadh an sainmhíniú ar ‘adhmad agus táirgí adhmaid’ a mhodhnú chun a chur in iúl nach gcumhdófar faoin sainmhíniú sin táirgí adhmaid athchúrsáilte - is é sin, táirgí adhmaid nó comhpháirteanna na dtáirgí sin a mhonaraítear as adhmad agus as táirgí adhmaid a bhfuil a saolré tugtha chun críche acu agus a dhéanfaí a dhiúscairt mar dhramhaíl murach sin - mar measadh go mbeadh sé neamhréireach a chur de cheangal ar oibreoirí faisnéis a fháil ar fhoinse bunaidh an adhmaid a bheadh i dtáirgí athchúrsáilte;

scriosadh an eisceacht a bhí á beartú le haghaidh adhmaid agus le haghaidh táirgí adhmaid atá faoi réir na gcritéar éigeantach inbhuanaitheachta (leasú 21 agus leasú 32);

soiléiríodh nár cheart go gcumhdófaí faoin sainmhíniú ar ‘adhmad agus tairgí adhmaid’ (leasú 34) na táirgí adhmaid a dhíorthaítear as adhmad nó as táirgí adhmaid a cuireadh ar an margadh cheana féin;

shonraigh an Chomhairle an bhrí atá le ‘cur ar an margadh’ trína chur isteach go n-áirítear leis na teicnící díola go léir; chuir sí isteach freisin go n-áirítear leis chomh maith soláthar trí chianchumarsáid;

cuireadh isteach coincheap réigiún fo-náisiúnta na lománaíochta chun go gclúdófaí cásannna a bhfuil difríochtaí réigiúnacha laistigh de thír i gceist leo;

leathnaíodh an sainmhíniú ar ‘thír na lománaíochta’ le go gcuimseofaí ní amháin tíortha leis ach críocha chomh maith;

scriosadh na sainmhínithe ar ‘bhainistiú riosca’ agus ar ‘eagraíocht monatóireachta’ mar measadh gur chuimsithí a chuirtear síos ar na coincheapa seo san Airteagal faoi seach.

An reachtaíocht is infheidhme

Is ceann de shaincheisteanna lárnacha an dréacht-Rialacháin é an sainmhíniú ar an reachtaíocht is infheidhme mar nár mhór don oibreoir rochtain a bheith aige ar fhaisnéis i dtaobh an gcomhlíonann adhmad agus táirgí adhmaid an reachtaíocht is infheidhme. Rinne an Chomhairle a dícheall chun cothromaíocht cheart a bhaint amach idir liosta leathnaithe de réimsí reachtaíochta agus liosta a d'áireodh na réimsí ábhartha reachtaíochta i dtéarmaí ginearálta. Rinne an Chomhairle an sainmhíniú a cuireadh chun cinn sa togra ón gCoimisiún a leathnú le go gcuirfí an reachtaíocht a bhaineann le foraoiseacht san áireamh ann, lena n-áirítear reachtaíocht ar reachtaíocht chomhshaoil go díreach í mar aon le reachtaíocht na trádála agus reachtaíocht an chustaim, a mhéid a bhaineann siad le hearnáil na foraoiseachta. Chuir an Chomhairle isteach na ‘cearta dlíthiúla atá ag tríú páirtithe maidir le húsáid agus maidir le tionacht...’, rud a d'fhéadfaí a rá atá ag teacht leis an gcur chuige a bhí ag PE nuair a luaigh sí ‘tionacht maoine agus cearta na bpobal dúchais’ (leasú 38). Mheas an Chomhairle, áfach, go gcothófaí fadhbanna ar leibhéal an dlí agus ar leibhéal praiticiúil le leasuithe PE maidir leis an reachtaíocht saothair agus an reachtaíocht um leas an phobail a chur san áireamh.

Córais an díchill chuí

Mheas an Chomhairle go raibh sé tábhachtach go ndéanfaí príomheilimintí an dréacht-Rialacháin a shoiléiriú. Dá bhrí sin, rinne sí trí eilimint i gcóras an díchill chuí a shaothrú: rochtain ar fhaisnéis áirithe, an nós imeachta um measúnú riosca agus an nós imeachta um maolú riosca. I leasú 37 ó PE, b'fhacthas do PE freisin gur ghá dá eilimint a leagan amach go soiléir, is iad sin, aithint riosca agus íoslaghdú riosca.

I dtaobh na nósanna imeachta um measúnú riosca, rinne an Chomhairle ceithre cinn de chritéir um measúnú riosca a leagan amach ar féidir cur leo de bhun Airteagal 290 de CFAE.

Ina hAirteagal 5 (1) (b) agus (c), d'fhéach an Chomhairle le hidirdhealú a dhéanamh idir na nósanna imeachta um measúnú riosca agus na nósanna imeachta um maolú riosca, de réir tosca éagsúla amhail castacht na táirge agus tionscnamh na táirge, gan cásanna a lua go sonrach ar gá díriú orthu go speisialta, trí cheangaltais níos déine nó níos scaoilte a thabhairt isteach (leasú 47).

Murab ionann agus PE, níor leathnaigh an Chomhairle oibleagáid an díchill chuí chuig oibreoirí seachas oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh inmheánach den chéad uair (leasuithe 15, 17, 19, 20, 31, 33, 35, 41, 42, 43, 50). Measadh go mbeadh ualach rómhór ag gabháil le leathnú den sórt sin.

Rinne an Chomhairle foráil go bhféadfadh an t-oibreoir roghnú idir trí chóras díchill chuí éagsúla, a chóras féin, córas díchill chuí arna chur ar fáil ag eagraíocht monatóireachta nó córas arna chur ar fáil ag tríú páirtí.

Raon feidhme

Scrios an Chomhairle, mar a rinne PE an díolúine a bhí sa togra ón gCoimisiún (leasú 21 agus leasú 32) ar díolúine í a bhí á beartú le haghaidh adhmaid atá faoi réir na gcritéar éigeantach inbhuanaitheachta.

Iarscríbhinn

Chuir an Chomhairle ord nua ar na táirgí adhmaid atá san Iarscríbhinn de réir uimhriú na gcód AC agus chuir sí roinnt aicmí táirgí isteach. Mheas sí go mbeadh ualach róthrom ar oibreoirí ag an bpointe seo dá gcuirfí aicmí eile isteach (leasú 74 agus leasú 75).

Eagraíochtaí monatóireachta

Bhí an Chomhairle ar aon intinn le PE, go raibh sé tábhachtach go mbeadh caighdeáin chomhchuibhithe ann ar fud an AE agus mhol sí gur cheart don Choimisiún aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí monatóireachta chomh maith. Rinne an Chomhairle idirdhealú idir eagraíochtaí monatóireachta a mbeadh sé ar intinn acu gníomhaíochtaí a chur i gcrích i mBallstát amháin agus iad siúd a mbeadh sé ar intinn acu gníomhaíochtaí a chur i gcrích i mBallstáit éagsúla. D'aontaigh sí gur cheart don Choimisiún aitheantas a thabhairt do na heagraíochtaí sin a raibh a gcuid gníomhaíochtaí á ndéanamh acu i mBallstáit éagsúla (leasuithe 51, 53, 54, 55, 56) cf. (Airteagal 7(3)). Mar sin féin, measadh é a bheith níos praiticiúla gurbh é údarás inniúil Ballstáit a bheadh freagrach as aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí monatóireachta ar sa Bhallstáit sin amháin a bhí a gcuid gníomhaíochtaí á ndéanamh acu. Bhí an Chomhairle ar aon intinn le PE, go raibh sé tábhachtach gur cheart don eagraíocht monatóireachta a cuid feidhmeanna a dhéanamh ar chaoi go bhféadfaí aon choimhlint leasa a sheachaint (leasú 51) (cf. Airteagal 7(2)(c)). Níor measadh go raibh sé riachtanach idirdhealú a dhéanamh maidir le cé acu an eintiteas poiblí nó eintiteas príobháideach í an eagraíocht monatóireachta (leasú 51 agus leasú 52).

Pionóis

Smaoinigh an Chomhairle ar liosta pionós a chur isteach (leasú 69) ach tar éis an cheist a phlé ar feadh i bhfad, chinn sí go gcloífeadh sí leis an bhfoclaíocht a bhí sa togra ón gCoimisiún, ar foclaíocht í a comhaontaíodh i gcomhair reachtaíocht an AE. Ba é an bharúil a bhí ag go leor Ballstát go raibh leibhéal agus ábhar na bpionós laistigh de raon inniúlachta na mBallstát. Ina theannta sin, dá ndéanfaí liosta pionós a leagan amach, tharraingeofaí anuas roinnt ceisteanna praiticiúla ar nós uileghabhálacht an liosta agus ar nós na ndeacrachtaí maidir leis na sáruithe uile a d'fhéadfadh a bheith ann a aithint ag an bpointe sin.

Toirmeasc

Choimeád an Chomhairle sprid an togra ón gCoimisiún maidir le cur chuige sistéimeach. Ba cheart do na hoibreoirí córas an díchill chuí a úsáid d'fhonn go laghdófaí an riosca go ndéanfaí adhmad agus táirgí as adhmad arna lománú go neamhdhleathach a chur ar an margadh. Ní thagann an Chomhairle le dearcadh PE gur cheart toirmeasc a thabhairt isteach chun an dlíthiúlacht a áirithiú (leasuithe 17, 19, 31, 42 (maidir le hAirteagal 3(1)), 43, 50, 71). Measadh nach raibh síniú den sórt sin ar an raon feidhme ag teacht le sprid an togra agus nach raibh sé inghlactha dá bharr sin.

Cur i bhfeidhm

Mheas an Chomhairle gur mbeadh sé míréalaíoch go ndéanfaí an Rialachán infheidhme aon bhliain amháin tar éis an dáta a dtiocfadh sé i bhfeidhm, is cuma cé chomh hinmhianaithe a bheadh sé sin (leasú 73). Dá bhrí sin, agus chun am a thabhairt do na hoibreoirí dul i dtaithí ar an staid nua agus chun go nglacfaí na bearta cur chun feidhme, moladh gur cheart go ndéanfaí an Rialachán infheidhme 30 mí tar éis an dáta a dtiocfadh sé i bhfeidhm.

Cás na bhfiontar beag agus meánmhéide/cás na n-oibreoirí beaga agus meánmhéide

Chuir an Chomhairle san áireamh, mar a rinne PE, cás speisialta na bhfiontar beag agus meánmhéide agus cás na n-oibreoirí beaga agus meánmhéide (leasuithe 22, 29, 47, 72). Mar shampla, tá coincheap an riosca neamhbhríoch tugtha isteach aici in Airteagal 5(1)(c). Leagtar amach in Airteagal 12 nár cheart go gcuirfí ualach neamhréireach ar oibreoirí leis na gníomhartha arna dtarmligean, ar gníomhartha iad a dhéanfaidh liosta na n-adhmad agus na dtáirgí adhmaid a leagtar amach san Iarscríbhinn a leasú agus a fhorlíonadh. In Airteagal 18 maidir le tuairisciú, léirigh an Chomhairle chomh maith gur cheart go dtabharfaí aird ar leith leis an athbhreithniú ar na hiarmhairtí riaracháin a bheadh i gceist d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide.

Na haithrisí agus tagairtí do shaincheisteanna comhshaoil (bainistiú inbhuanaithe foraoisí)

Chuir PE isteach roinnt mhaith aithrisí chun an comhshaol foraoise, an bhithéagsúlacht, éiceachórais na bhforaoisí agus bainistiú inbuanaithe foraoisí a chur san áireamh (leasuithe 2-8, 10, 11, 14). Ó tharla gur i gcroílár an Rialacháin atá córas an díchill chuí agus iompar na n-oibreoirí chun go laghdófar an riosca go ndéanfar adhmad agus táirgí adhmaid arna lománú go neamhdhleathach a chur ar an margadh, measann an Chomhairle go bhfuil na tagairtí sin iomarcach, is cuma cé chomh hinmhianaithe atá na cuspóirí. Ina theannta sin, is chun forálacha an Rialacháin a dhlisteanú atá na haithrisí ann agus sa chás seo níl aon fhorálacha oibríochtúla ann a bhféadfaí na haithrisí sin a nascadh leo.

Athbhreithniú

D'aontaigh an Chomhairle le PE gur gá go ndéanfadh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán agus gur cheart, leis an athbhreithniú sin, go dtabharfaí aghaidh go háirithe ar na hiarmhairtí riaracháin a bheadh ann d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide (leasú 72).

3.   Athruithe eile a rinne an Chomhairle

Stádas táirgí adhmaid arna gcumhdach ag FLEGT agus ag CITES

Rinneadh an fhoráil maidir le hadhmad agus táirgí adhmaid arna gcumhdach ag FLEGT agus ag CITES a leagan amach in Airteagal ar leith toisc go meastar sa Rialachán gur leor ceadúnais FLEGT agus teastais CITES mar fhianaise ar lománú dleathach.

Comhoibriú idir na húdaráis inniúla

Shíl an Chomhairle nár ghá ach d'easnaimh thromchúiseacha a bheith faoi réir an mhalartaithe faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 11. Shonraigh an Chomhairle chomh maith gur cheart go ndéanfaí na cineálacha pionós arna bhforchur a chumhdach leis an malartú faisnéise.

Ábhar

D'fhonn cuspóir na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán a shoiléiriú, chuir an Chomhairle isteach gurb é an cuspóir atá ann go laghdófaí an riosca go ndéanfaí adhmad arna lománú go neamhdhleathach nó táirgí adhmaid a dhíorthaítear as an adhmad sin a chur ar an margadh.

Na hathruithe de bharr Chonradh Liospóin

Ó tharla go measann an Chomhairle gur cheart cumhachtaí a tharmligean chuig an gCoimisiún de bhun Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, chuir sí trí Airteagal nua isteach a bhfuil gá leo le haghaidh na ngníomhartha sin arna dtarmligean, is iad sin Airteagal 5(3) agus Airteagal 7(7) agus Airteagal 12 mar aon le haithris nua. Ar an gcaoi chéanna, rinne an Chomhairle oiriúnú ar na forálacha le haghaidh bearta cur chun feidhme a ghlacadh de bhun Airteagal 291 de CFAE.

IV.   CONCLÚID

Creideann an Chomhairle go bhfuil a seasamh ar an gcéad léamh ag teacht le bunchuspóirí an togra ón gCoimisiún. Is ionann é agus pacáiste cothromúil beart trína rannchuideofaí leis na cuspóirí a bhaint amach maidir le dul i ngleic leis an lománaíocht neamhdhleathach.

Tá an Chomhairle ag tnúth le plé cuiditheach a dhéanamh le Parlaimint na hEorpa le súil agus go bhféadfar teacht ar chomhaontú inoibrithe maidir leis an Rialachán seo.


(1)  8881/09


  翻译: