ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

62
4 Feabhra 2019


Clár

Leathanach

 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

AN CHÚIRT INIÚCHÓIRÍ

2019/C 45/01

Tuairim Uimh. 10/2018 (de bhun Airteagal 322(1) CFAE) maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta (COM(2018) 460 final)

1


 


 

(*1)   Faoin tagairt C 45 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


III Gníomhartha ullmhúcháin

AN CHÚIRT INIÚCHÓIRÍ

4.2.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


TUAIRIM Uimh. 10/2018

(de bhun Airteagal 322(1) CFAE)

maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta (COM(2018) 460 final)

ÁBHAIR

 

Mír

Leathanach

Achoimre

I-IV

2

Réamhrá

1-9

2

CUID I: NÓTAÍ TRÁCHTA GINEARÁLTA

10-19

4

Simpliú agus comhleanúnachas

13-14

4

Solúbthacht

15-16

5

Cuntasacht

17-18

5

Socruithe sonracha CEF

19

5

CUID II: NÓTAÍ TRÁCHTA SONRACHA

20-68

5

Teideal I Forálacha ginearálta (Airteagal 1 go hAirteagal 9)

20

5

Caibidil I Clársceidealú (Airteagal 10 go hAirteagal 15)

21-29

5

Caibidil II Forálacha sonracha maidir leis an gComharsanacht (Airteagal 16 go hAirteagal 18)

30-38

6

Caibidil III Pleananna gníomhaíochta, bearta agus modhanna cur chun feidhme (Airteagal 19 go hAirteagal 25)

39-48

7

Caibidil IV CEFI+, ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais do thríú tíortha (Airteagal 26 go hAirteagal 30)

49-57

8

Caibidil V Faireachán, tuairisciú agus meastóireacht (Airteagal 31 go hAirteagal 32)

58-65

9

Coinníollacha maidir le fianú ag an gCúirt

66-68

10

IARSCRÍBHINN — Anailís ar thogra an Choimisiúin agus ar mholtaí na Cúirte

 

11

TÁ CÚIRT INIÚCHÓIRÍ AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 322(1) de;

Ag féachaint don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (MFF) 2021-2027 mar a leagtar amach sa teachtaireacht “Buiséad Nua-aimseartha le haghaidh Aontas a chumhdaíonn, a chumhachtaíonn agus a chosnaíonn — an Creat Airgeadais Ilbhliantúil don tréimhse 2021-2027” (1);

Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (2);

Ag féachaint do Thuairim Uimh. 1/2017 ón gCúirt maidir leis an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (3);

Ag féachaint do thogra an Choimisiúin le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta (4);

Ag féachaint don iarratas ón gComhairle an 9 Iúil 2018 ar thuairim maidir leis an togra thuasluaite;

De bhrí gurb é cuspóir an togra roinnt ionstraimí a chuíchóiriú laistigh d’ionstraim fhorleathan amháin, agus ar an gcaoi sin deis a chur ar fáil chun córais bhainistíochta agus mhaoirseachta a réasúnú, agus an t-ualach riaracháin ar gheallsealbhóirí a laghdú mar thoradh;

TAR ÉIS AN TUAIRIM A LEANAS A GHLACADH:

Achoimre

I.

Déantar an togra i gcomhthéacs an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (MFF) 2021-2027 (5). Tá sé beartaithe leis an togra athstruchtúrú mór a dhéanamh ar ionstraimí gníomhaíochta seachtraí an Aontais trí roinnt díobh a chumasc ina n-ionstraim fhorleathan nua: an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta, a mbeidh feidhm aici ón 1 Eanáir 2021.

II.

Is é an réasúnaíocht atá leis an Togra “modhanna oibre a shimpliú” fad is a ndéantar comhleanúnachas agus chomhsheasmhacht a chuid idirghabhálacha a mhéadú, agus a bheith níos solúbtha ag freagairt do dhúshláin agus ghéarchéimeanna neamhthuartha. Ar an iomlán, baintear amach na cuspóirí sin leis an Togra.

III.

Tríd CEF a chomhtháthú in NDICI tugtar aghaidh ar neamhréireacht idir próiseas buiséadach CEF agus a phróiseas cuntasachta. Gheobhadh Parlaimint na hEorpa cumhacht bhuiséadach agus reachtach trí bhíthin an togra seo. Dá dheasca sin, thiocfadh feabhas ar an maoirseacht dhaonlathach a dhéantar ar chúnamh forbartha AE.

IV.

Déantar moltaí leis an tuairim seo i ndáil leis an Togra a dhéanamh níos soiléire trí chuid de na forálacha a atheagrú i bpáirt agus roinnt eile a dhéanamh níos sonraí.

Réamhrá

1.

An 14 Meitheamh 2018, d’fhoilsigh an Coimisiún togra (“an Togra”) le haghaidh Ionstraime maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta (6) (NDICI), mar aon le hiarscríbhinní a ghabhann leis an Togra le haghaidh Ionstraime maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta (7).

2.

Déantar an Togra i gcomhthéacs an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (MFF) 2021-2027 (8), mar a leagtar amach ina theachtaireacht “Buiséad Nua-aimseartha le haghaidh Aontas a chumhdaíonn, a chumhachtaíonn agus a chosnaíonn — an Creat Airgeadais Ilbhliantúil don tréimhse 2021-2027”. Leagtar síos sa teachtaireacht na príomhthosaíochtaí agus an creat buiséadach foriomlán le haghaidh chláir ghníomhaíochta seachtraí an Aontais faoin gceannteideal “An Chomharsanacht agus an Domhan”, lena n-áirítear bunú na hIonstraime maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta.

3.

In MFF 2014-2020, tá roinnt ionstraimí tugtha le chéile faoi cheannteideal 4 (“An Eoraip Dhomhanda”), agus rachaidh a bhformhór in éag an 31 Nollaig 2020. Tá sé beartaithe le MFF 2021-2027, athstruchtúrú mór a dhéanamh ar ionstraimí gníomhaíochta seachtraí an Aontais trí roinnt díobh a chumasc ina n-ionstraim fhorleathan nua: an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta, a mbeidh feidhm aici ón 1 Eanáir 2021. Is iad seo a leanas na hionstraimí/cláir reatha atá le cumasc/comhtháthú:

an Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt (9) (DCI);

an Ciste Eorpach Forbraíochta (10) (CEF);

an Ionstraim Eorpach i gcomhair Daonlathais agus Chearta an Duine (11) (EIDHR);

an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht (12) (ENI);

an Ionstraim um Chomhpháirtíocht (13) (PI);

an Ionstraim lena gcuirtear le Cobhsaíocht agus le Síocháin (14) (IcSP);

an Ionstraim um Chomhar i réimse na Sábháilteachta Núicléiche (15) (INSC);

an Sainordú Iasachtaithe Sheachtraigh (16) (ELM);

Ciste Ráthaíochta le haghaidh gníomhaíochtaí seachtracha (17);

an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI), an Ráthaíocht ina leith agus an Ciste Ráthaíochta a bhaineann leis (18);

Cúnamh Macra-Airgeadais (19) (CMA); agus

an Comhrialachán Cur Chun Feidhme (20) (CIR).

4.

De réir Aithris 8 den Togra, ba cheart cur chun feidhme NDICI a threorú leis na cúig phrionsabal a bhunaítear leis an Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh (an Straitéis Dhomhanda) (21). Sa bhreis air sin, in Aithris 9 tarraingítear aird ar a thábhachtaí atá an Comhdhearcadh nua Eorpach maidir le Forbairt (22) (an Comhdhearcadh), lena soláthraítear an creat le haghaidh cur chuige coiteann maidir le comhar an Aontais agus a Bhallstát um fhorbairt. Tá sé mar aidhm ag an gComhdhearcadh Clár 2030 um Fhorbairt Inbhuanaithe (23) agus Clár Oibre Gníomhaíochta Addis Ababa (24) a chur chun feidhme.

5.

Is é cuspóir na hIonstraime maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta “leasanna agus luachanna an Aontais a chumhdach agus a chur chun cinn ar fud an domhain chun cuspóirí agus prionsabail ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a shaothrú” (25).

6.

Is ionann an cistiú arna mholadh le haghaidh chur chun feidhme NDICI i gcomhair na tréimhse 2021-2027 agus 89,2 billiún euro (26).

7.

Tá CEF a chomhtháthú ar cheann de phríomhathruithe NDICI, atá lasmuigh den bhuiséad faoi láthair. Is é CEF an ionstraim sheachtrach is mó, lena mbaineann buiséad dar luach 30,5 billiún euro i gcomhair na tréimhse 2014-2020 (27). Rithfear CEF/CEFanna reatha (28) agus NDICI go comhuaineach go dtí go mbeidh an cistiú go léir caite.

8.

Molann an Coimisiún go dtacóidh an Togra leis an gcreat chun comhpháirtíocht comharba a chur chun feidhme i leith chomhaontú Cotonou reatha (29). Tá an cur chuige sin ina mhalairt ar an gceann reatha, faoinar thacaigh comhaontú Cotonou leis na CEFanna.

9.

Áirítear roinnt nótaí tráchta ginearálta (Cuid I), nótaí tráchta sonracha (Cuid II) agus liosta de mholtaí dréachtaithe sonracha (Iarscríbhinn) lenár anailís.

CUID I: NÓTAÍ TRÁCHTA GINEARÁLTA

10.

Is togra uaillmhianach atá in NDICI, lena ndéantar an méid a leanas:

(a)

roinnt clár agus ionstraimí (buiséadach agus seachbhuiséid) a chumasc in ionstraim amháin;

(b)

cláir gheografacha, cláir théamacha agus gníomhaíochtaí mearfhreagartha a chuimsiú;

(c)

mórán foirmeacha éagsúla a chuimsiú (deontais, conarthaí soláthair, tacaíocht bhuiséadach, ranníocaíochtaí le cistí iontaobhais, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, meascadh agus faoiseamh ó fhiachais).

Ciallaítear leis sin gur ionstraim chuimsitheach agus chasta atá in NDICI.

11.

Is é an réasúnaíocht atá leis an Togra “modhanna oibre a shimpliú” fad is a ndéantar comhleanúnachas agus chomhsheasmhacht a chuid idirghabhálacha a mhéadú, agus a bheith níos solúbtha ag freagairt do dhúshláin agus ghéarchéimeanna neamhthuartha (30).

12.

Ar an iomlán, déanfar an creat reachtach i réimse na cabhrach seachtraí a shimpliú leis an Togra. Soláthrófar solúbthacht níos fearr leis le haghaidh ionstraimí buiséadacha agus solúbthacht chomhchosúil le haghaidh na n-earraí a cuireadh san áireamh i CEF cheana féin.

Simpliú agus comhleanúnachas

13.

Is éard atá i gceist leis an simpliú atá á iarraidh ag an gCoimisiún go bunúsach roinnt ionstraimí buiséadacha a chumasc le CEF in ionstraim fhorleathan amháin.

14.

Cé go bhfuil an Togra ar an mbealach ceart agus go laghdaítear bearnaí agus forluí leis (31), braitheann comhleanúnachas agus comhsheasmhacht ar na socruithe cur chun feidhme a roghnaítear, agus ar shocruithe maoirseachta agus bainistíochta an Choimisiúin. Mar shampla, is féidir forbairt acmhainní i réimse na síochána agus na slándála a mhaoiniú go geografach agus go téamach faoin Togra agus féadfaidh ranna ar leith den Choimisiún, toscaireachtaí AE nó cistí iontaobhais AE í a chur chun feidhme. Sa bhreis air sin, féadfar gníomhaíochtaí comhchosúla a mhaoiniú chomh maith faoi CBES (misin oiliúna CBSC nach gcumhdaítear le “meicníocht Athena”) nó faoin tSaoráid um Shíocháin san Eoraip.

Solúbthacht

15.

Cuireadh in iúl go láidir sa teachtaireacht ar MFF 2021-2027 (32) nua “go mbeidh sé ríthábhachtach chomh maith forálacha solúbthachta atá cosúil leis na cinn atá ar bun maidir leis an gCiste Eorpach Forbraíochta a chur san áireamh sna rialacha lena rialaítear an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta”.

16.

Chun freagairt ar bhealach níos solúbtha do dhúshláin agus do ghéarchéimeanna neamhthuartha, tá dhá phríomhbheart i gceist leis an Togra: “cúlchiste um dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn” dar fiú 11 % a thabhairt isteach (Airteagal 6(3)) agus na rialacha maidir le bliantúlacht a mhaolú trí é a dhéanamh níos éasca gealltanais a thabhairt ar aghaidh agus gealltanais a saoradh a chur ar fáil arís i leith na líne buiséid bunúsaí (Airteagal 25).

Cuntasacht

17.

Tarraingíodh aird inár dtuarascáil bhliantúil ar CEF 2017 (33) ar neamhréireacht idir próiseas buiséadach CEF agus an próiseas cuntasachta. Ní dhéanann Parlaimint na hEorpa idirghabháil i mbunú bhuiséad CEF ná a chuid rialacha, ná i leithdháileadh acmhainní ábhartha. Déanann sé cinneadh áfach maidir le hurscaoileadh a thabhairt don Choimisiún Eorpach i leith an chaoi ina ndearna sé CEF a bhainistiú mar chuid de nós imeachta urscaoilte sonrach. Tugtar aghaidh ar an neamhréireacht sin trí CEF a chomhtháthú in NDICI agus treisítear maoirseacht dhaonlathach Pharlaimint na hEorpa ar chúnamh forbartha AE. Dá dheasca sin, tá feabhas tagtha ar an rialú daonlathach a dhéantar ar chúnamh forbartha AE. Gheobhaidh Parlaimint na hEorpa cumhacht bhuiséadach agus reachtach trí bhíthin an togra seo.

18.

Leagtar béim in Aithris 44 maidir leis an oibleagáid atá ar an gCoimisiún an méid a leanas a chur san áireamh “(…) comhaontuithe le tríú tíortha agus críocha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus in aon chonradh nó in aon chomhaontú a eascróidh ón Rialachán seo a chur chun feidhme, ar forálacha iad lena gcumhachtófar go sainráite an Coimisiún, an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF chun iniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach agus lena n-áiritheofar go mbeidh na cearta coibhéiseacha ag aon tríú páirtithe atá páirteach i gcur chun feidhme dheontais chistiúcháin an Aontais”. Ba cheart don Choimisiún agus do reachtóirí breathnú ar an oibleagáid a threisiú chun doiciméad nó faisnéis ar bith a sheoladh ar aghaidh chuig an gCúirt Iniúchóirí, arna iarraidh sin di, atá riachtanach chun a tasc a chomhlíonadh.

Socruithe sonracha CEF

19.

I gcás roinnt pointí ábhartha a bhaineann le CEF, amhail úsáid cistí iarmhéide, cúlchistí speisialta agus méideanna a saoradh, an méid atá i ndán do chomhaontú Cotonou agus Saoráid Infheistíochta ACC, ní chumhdaítear iad leis an Togra agus braithfidh siad ar chinneadh ó na Ballstáit nuair a rachaidh comhaontú Cotonou reatha in éag sa bhliain 2020 agus ar aon chomhaontú ina dhiaidh sin le tíortha ACC. Cruthaítear neamhchinnteacht do thíortha comhpháirtíochta mar thoradh.

CUID II: NÓTAÍ TRÁCHTA SONRACHA

Teideal I — Forálacha ginearálta (Airteagal 1 go hAirteagal 9)

20.   Leagtar béim sna haithrisí ar an tábhacht a bhaineann le comhionannas inscne agus cumhachtú na mban, athrú aeráide, imirce agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Ní luaitear comhionannas inscne ná an t-athrú aeráide go sainráite sna sainchuspóirí in Airteagal 3(2) áfach.

Caibidil I — Clársceidealú (Airteagal 10 go hAirteagal 15)

21.   Maidir le clársceidealú, seachas caibidil ar na saincheisteanna a bhaineann le Comharsanacht (Caibidil II) atá bunaithe ar fhorálacha faoi seach ENI (34), tá an Togra bunaithe ar Rialachán DCI den chuid is mó (35). Baineann sé sin leis na cláir gheografacha go háirithe.

22.   Maidir le cláir théamacha, cuirtear forálacha clársceidealaithe ó ionstraimí eile atá ann cheanna (m.sh. the IcSP (36), agus PI (37)) san áireamh. Ós rud é gur de chineál téamach atá na hionstraimí sin agus go bhfuil forálacha comhchosúla san áireamh iontu chomh maith, tá sraith forálacha atá i bhfad níos simplí le fáil sa Togra (go háirithe maidir le doiciméid chlársceidealaithe).

23.   In Airteagal 11 den Togra tugtar isteach roinnt prionsabal maidir le clársceidealú, lena dtugtar aghaidh ar chláir gheografacha go heisiach. Cé go bhfuil sé soiléir, i ngeall ar an gcineál prionsabail atá i gceist leo, nach mbaineann cuid de na prionsabail ach leis an gcineál sin cláir, (m.sh. maidir leis an gclárthréimhse a shioncronú le timthriallta straitéise tíortha comhpháirtíochta), tá cinn eile nach mbaineann le cláir gheografacha go heisiach. Tá an prionsabal gur cheart doiciméid chlársceidealaithe le haghaidh cláir gheografacha a bheith bunaithe ar thorthaí (Airteagal 11(5)) ina shampla de sin; is é ár dtuairim gur cheart go mbainfeadh sé sin le cláir théamacha chomh maith.

24.    Ba cheart don Choimisiún agus do na reachtóirí an méid a leanas a chur faoi chaibidil:

an prionsabal gur cheart do dhoiciméid chlársceidealaithe le haghaidh cláir gheografacha a bheith bunaithe ar thorthaí a chur i bhfeidhm maidir le cláir théamacha chomh maith.

25.   In Airteagal 11 den Togra éilítear idirphlé idir an tAontas, na Ballstáit augs na tíortha comhpháirtíochta d’fhonn gníomhaíocht chlársceidealaithe a dhéanamh. Níl aon tagairt don idirphlé sin le fáil sa chur síos ar an bpróiseas chun na cláir ilbhliantúla tháscacha (MIPanna) a ghlacadh, a fhaomhadh, a leasú nó a athbhreithniú (Airteagal 14) áfach, ná sa sainmhíniú ar inneachar doiciméad clársceidealaithe (Airteagal 12 agus Airteagal 13), m.sh. tagairt a chuimsiú do na príomhgheallsealbhóirí lenar chuathas i gcomhairle le linn an nós imeachta clársceidealaithe.

26.    Ba cheart don Choimisiún agus do na reachtóirí an méid a leanas a chur faoi chaibidil:

an tagairt sin atá ar iarraidh don idirphlé idir an tAontas, na Ballstáit agus tíortha comhpháirtíochta a chur san áireamh sa Togra.

27.   Is é an t-aon difríocht i bhfoclaíocht uimhir 3 agus uimhir 4 d’Airteagal 14 go dtugtar aghaidh ar chláir gheografacha le ceann amháin (uimhir 3), agus go dtugtar aghaidh ar chláir théamacha leis an gceann eile (uimhir 4), de réir mar a dhéantar sa chuid dheireanach d’uimhir 3 chomh maith (lena n-áirítear “tar éis cás géarchéime nó iar-ghéarchéime”). Tá moladh maidir le hathfhoirmliú san Iarscríbhinn.

28.   In Airteagal 15 tugtar aghaidh ar an “cúlchiste um dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn”. Ní léir cén fáth a chuimsítear an t-airteagal sin faoi “Clársceidealú” (Caibidil I).

29.    Ba cheart don Choimisiún agus do na reachtóirí an méid a leanas a chur faoi chaibidil:

Airteagal 15 a bhogadh go dtí, “cúlchiste um dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn”, tar éis Airteagal 6. Bheadh ord na n-airteagal níos loighciúla leis an modhnú sin mar tagraítear d’Airteagal 6 le hAirteagal 15.

Caibidil II — Forálacha sonracha maidir leis an gComharsanacht (Airteagal 16 go hAirteagal 18)

30.   Tá caibidil ar leith sa Togra maidir le “Forálacha sonracha maidir leis an gComharsanacht”, ina bhfuil trí airteagal a bhaineann le clársceidealú. Tá sé níos deacra an Togra a léamh leis an struchtúr atá molta.

31.   Baineann Airteagal 16(2) le prionsabail um chlársceidealú maidir le “Comharsanacht”. Cé go mbaineann an mhír seo le prionsabail um chlársceidealú, tá “Doiciméid chlársceidealaithe” mar theideal air. Níl sé sin ar aon dul leis an struchtúr a chuirtear i bhfeidhm i gCaibidil I, ina gcuirtear Prionsabail um Chlársceidealú (Airteagal 11) agus Doiciméid Chlársceidealaithe (Airteagal 12) faoi dhá Airteagal ar leith.

32.   Luaitear an méid a leanas in Airteagal 16(2) “De mhaolú ar Airteagal 11(2)… ”. Tá inneachar an dá mhír agus critéir na tíre comhpháirtíochta a úsáidtear le haghaidh clársceidealaithe cosúil i bpáirt áfach.

33.   In Airteagal 17, molann an Coimisiún “cur chuige ar bhonn feidhmíochta”. Ní bhaineann sé sin le tíortha “Comharsanachta” ach a mhéid a bhfuil saintréithe ag baint leo a bhféadfaí comparáid a dhéanamh eatarthu ag baint úsáid as táscairí feidhmíochta áfach.

34.   Cé gur cuireadh meicníocht chomhchosúil san áireamh faoin 11ú CEF (38)“chun dreasachtaí a sholáthar le haghaidh athchóirithe lena ndíreofar ar thorthaí”, ní amhlaidh an cás faoin Togra reatha.

35.   Sa bhreis air sin, luadh an méid a leanas sa tuarascáil ar an athbhreithniú meántéarmach ar ENI (39): “Solathraíodh le cur chun feidhme an chur chuige bunaithe ar dhreasachtaí mar a shainítear in ENI acmhainní airgeadais atá i bhfad níos airde do na comhphairtithe sin a bhfuil an dul chun cinn is láidre déanta acu maidir le hathchóirithe polaitiúla ach ní mór fós a léiriú a thionchar chun athchóirithe breise a threisiú, go háirithe i dtíortha eile. Níorbh fhéidir leis an ENI dreasachtaí leordhóthanach a sholáthar do na tíortha sin a bhfuil drogall orthu dul i mbun athchóirithe polaitiúla.” Níor athraíodh meicníocht reatha an chur chuige ar bhonn feidhmíochta leis an Togra.

36.    Ba cheart don Choimisiún agus do na reachtóirí an méid a leanas a chur faoi chaibidil:

meicníocht chomhchosúil a chur i bhfeidhm maidir leis an “cur chuige ar bhonn feidhmíochta” i leith an Togra ina iomláine. Áiritheofar leis an modhnú sin nach mbeadh an “cur chuige ar bhonn feidhmíochta” teoranta do thíortha “Comharsanachta”amháin.

37.   Tá coincheap an chur chuige ar bhonn feidhmíochta in Airteagal 17 mar an gcéanna leis an gcur cur chuige bunaithe ar dhreasachtaí do ENI (40); níl difríocht ach sa téarmaíocht. Ní dhearnadh an choincheap a choigeartú chun an bhéim a chuirtear ar fheidhmíocht agus ar thorthaí leis an Rialachán Airgeadais a léiriú (41).

38.    Ba cheart don Choimisiún agus do na reachtóirí an méid a leanas a chur faoi chaibidil:

Caibidil II, “Forálacha sonracha maidir leis an gComharsanacht” a scriosadh, agus na hairteagail faoi Chaibidil I, “Clársceidealú” a chur san áireamh, agus na forálacha sonracha don Chomharsanacht á gcoimeád chomh híseal agus is féidir. Bheadh sé níos éasca an Togra a léamh dá ndéanfaí an t-athrú sin.

Caibidil III — Pleananna gníomhaíochta, bearta agus modhanna cur chun feidhme (Airteagal 19 go hAirteagal 25)

39.   Ó thaobh cur chun feidhme de, tá an Togra bunaithe ar CIR (42) go príomha agus tugtar na forálacha maidir le cur chun feidhme i gcuid de na hionstraimí atá ann cheana féin faoi deara ann.

40.   I gcomparáid leis an gcreat reatha, cuimsítear sa Togra liosta atá i bhfad níos simplí de na cineálacha beart is féidir a ghlacadh (bearta aonair, bearta speisialta, bearta tacaíochta agus bearta cúnaimh eisceachtúil). Is é ár dtuairim go mbeadh an togra níos soiléire dá gcuimseofaí cur síos ar (chuid de) na cásanna ina ndéanfar bearta aonair a ghlacadh.

41.   Baineann Airteagal 19(4) le bearta cúnaimh eisceachtúil. De réir analaí leis na bearta tacaíochta, atá faoi rialú airteagal sonrach amháin (Airteagal 20) ba cheart plé le bearta cúnaimh eisceachtúil in airteagal ar leith, de bhua iad a bheith eisceachtúil.

42.   In Airteagal 21, molann an Coimisiún teorainneacha (10 milliún euro agus 20 milliún euro, faoi seach), nár ghá pleananna gníomhaíochta agus bearta a ghlacadh faoina mbun “trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin”. Is ionann na teorainneacha sin agus dhá oiread na dteorainneacha san 11ú CEF (43). I gcás clár atá á maoiniú faoin mbuiséad cheana féin, rinneadh na teorainneacha a dhúbailt chomh maith. Má dhéantar na tairseacha i gcomhair na n-eisceachtaí sin a mhéadú sa chás nach bhfuil gá le gníomh cur chun feidhme déanfar socruithe maoirseachta a lagú.

43.   Téann Airteagal 25 den Togra thar chumas an Rialachán Airgeadais leis an méid a leanas:

(a)

cead a thabhairt chun leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí nár úsáideadh a thabhairt anonn go huathoibríoch agus féadfar iad a ghealladh suas go dtí an 31 Nollaig an bhliain dar gcionn;

(b)

na leithreasuithe sin faoi chomhair gealltanas a chomhfhreagraíonn do mhéid na ngealltanas saortha a rinneadh toisc nár cuireadh gníomhaíocht chun feidhme go hiomlán nó i bpáirt, cuirfear ar fáil arís iad;

(c)

ní chuirtear Airteagal 114(2) den Rialachán Airgeadais (44) i bhfeidhm ann;

(d)

maolú ar Airteagal 209(3) den Rialachán Airgeadais a thabhairt isteach maidir leis na haisíocaíochtaí agus na hioncaim arna nginiúint le hionstraim airgeadais.

44.   Sa mheabhrán míniúcháin, luann an Coimisiún go bhfuil gá leis na forálacha sin chun solúbthachtaí CEF a thabhairt isteach, i.e. cistí gan leithdháileadh agus ilbhliantúlacht. Trí eisceachtaí a chruthú ar an Rialachán Airgeadais, déantar cúrsaí níos casta agus reachtaíocht á cur i bhfeidhm.

45.   Foráiltear in Airteagal 25(1) gurb í “an tsuim a tugadh anonn is túisce a úsáidfear sa bhliain airgeadais tar a éis sin. Luaitear in Airteagal 12(2) den Rialachán Airgeadais áfach go n-úsáidfidh an institiúid i dtrácht “na leithreasaí a údaraíodh don bhliain airgeadais reatha agus ní úsáidfear na leithreasaí a tugadh anonn go dtí go mbeidh na chéad leithreasaí údaraithe sin ídithe”.

46.   In Airteagal 25(2) den Togra, cuirtear eisceacht le forálacha Airteagal 15 den Rialachán Airgeadais (45) trí chead a thabhairt chun gealltanais shaortha a rinneadh toisc nár cuireadh gníomhaíocht chun feidhme go hiomlán nó i bpáirt, a chur ar fáil arís don líne buiséid bhunaidh.

47.   Cuirtear níos mó solúbthachta ar fáil maidir le cur chun feidhme bhuiséad NDICI le forálacha Airteagal 25. Ní mór measúnú a dhéanamh ar thionchar na solúbthachta níos mó sin ar bhainistiú na gcistí áfach, ós rud é go bhféadfaí cuntasacht a laghdú mar thoradh, i.e. níos lú freagrachta as bainistiú ceart leithreasuithe.

48.   Is féidir cistí a saoradh ó CEFanna roimhe seo a ghealladh arís faoin CEF atá fós i bhfeidhm, faoi réir cinneadh sonrach ón gComhairle. Mura nglactar cinneadh sonrach, déantar na cistí a leithdháileadh ar chúlchiste speisialta, go dtí go leithdháilfear iad (46). Faoin mbuiséad ginearálta, déantar cistí a saoradh le linn na clárthréimhse roimhe sin a chur ar ceal. Ní léir an mbaineann Airteagal 25(2) le cistí a saoradh tar éis dháta éaga MFF (47). Má amhlaidh atá sé, ba cheart foráil shonrach a chur san áireamh sa Togra ina leith.

Caibidil IV — CEFI+, ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais do thríú tíortha (Airteagal 26 go hAirteagal 30)

49.   I gCaibidil IV dírítear ar CEFI+ agus an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha.

50.   Tugaimid faoi deara gur féidir an ráthaíocht bhuiséadach a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtúla le ciste do sholáthar coiteann.

51.   Cé gurb é BEI an t-aon bhanc a bhí i gceannas ar ELM agus go raibh sé ina phríomh-chomhpháirtí i CEFI, ní léir cén ról a bheidh aige amach anseo (48).

52.   Liostaítear trí choinníoll in Airteagal 27(2) nach mór don Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha cloí leo. Ní luaitear sna critéir gur gá éifeacht ghiarála agus iolraitheora a bhaint amach bunaithe ar spriocraon luachanna arna sonrú i measúnú ex ante maidir leis an ráthaíocht bhuiséadach (49).

53.    Ba cheart don Choimisiún agus do na reachtóirí an méid a leanas a chur faoi chaibidil:

giaráil a chur leis an liosta coinníollacha nach mór don Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha cloí leo. Dhéanfaí an liosta coinníollacha don Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha níos iomláine leis an modhnú sin.

54.   De réir Airteagal 26(4), beidh an ráta soláthair idir 9 % agus 50 %. Cé go sonraítear é nuair a chuirtear ráta soláthair 9 % i bhfeidhm, ní chuirtear aon fhaisnéis ar fáil nuair a chuirtear ráta níos airde (suas le 50 % ar a mhéid) i bhfeidhm.

55.   Tá rioscaí éagsúla i gceist leis na hionstraimí a liostaítear in Airteagal 27(3). Bíonn riosca bunúsach an-ard i gceist le hiasachtaí in airgeadra áitiúil agus le rannpháirtíocht chothromais. Mar shampla, bhí rialacha ag Saoráid Infheistíochta ACC lena raibh rannpháirtíocht chothromais teoranta do shealúchais mhionlaigh neamhrialála. Sa bhreis ar sin, bhí teorainn luachanna i gceist maidir le rannpháirtíocht chothromais agus iasachtaí in airgeadra áitiúil (20 % ar a mhéid den dearlaic iomlán). Ba cheart forálacha comhchosúla a bheith san áireamh le comhaontuithe oibriúcháin.

56.   Luaitear in Aithris 35 den Togra gur cheart an ráthaíocht a phraghsáil chun saobhadh ar an margadh a sheachaint. Ar an gcaoi chéanna, luaitear in Airteagal 209(2) den Rialachán Airgeadais nach ndéanfaí iomaíochas sa mhargadh inmheánach a shaobhadh trí ráthaíochtaí do ghníomhaíochtaí seachtracha a íoc. Ordaítear in Airteagal 29(3)(d) den Togra gur cheart “luach na ráthaíochta” a chuimsiú i gcomhaontuithe ar Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, ach nach mór soiléiriú a chur san áireamh lena chur in iúl gur cheart saobhadh ar an margadh a sheachaint. Sa bhreis air sin, ní chuimsítear aon fhaisnéis sa Togra ar an gcaoi ar cheart an ráthaíocht a phraghsáil agus ar na cúinsí faoina bhféadfaí fóirdheontais a thabhairt ina leith. Sa bhreis air sin, tá tuilleadh soiléirithe ag teastáil ar an gcaoi ar cheart an ráthaíocht a phraghsáil agus ar na cúinsí faoin bhféadfaí fóirdheontais a thabhairt ina leith.

57.   Úsáidtear téarmaíocht go neamhréireach, m.sh. cúnamh airgeadais, cúnamh macra-airgeadais, agus iasachtaí cúnaimh mhacra-airgeadais.

Caibidil V — Faireachán, tuairisciú agus meastóireacht (Airteagal 31 go hAirteagal 32)

58.   Tagraítear don ionstraim go príomha le hAirteagal 31 “Faireachán agus tuairisciú”; Ní phléitear ach leis an meastóireacht a ndéantar uirthi le hAirteagal 32 “Meastóireacht”. Ní dhéantar idirdhealú sa Togra idir meastóireacht ar an ionstraim agus meastóireacht ar ghníomhaíochtaí.

59.   Luaitear an méid a leanas in Airteagal 31(2) den Togra “ba cheart faireachán a dhéanamh ar bhonn táscairí soiléire trédhearcacha agus, i gcás inarb iomchuí, intomhaiste, ar an dul chun cinn i leith na dtorthaí a bhfuiltear ag súil leo”. Féadfaidh táscairí a bheith cainníochtúil nó cáilíochtúil, a ba cheart iad a bheith intomhaiste i gcónaí le go mbeadh siad úsáideach. Dá bhrí sin, ba cheart “I gcás inarb iomchuí” a scriosadh.

60.    Ba cheart don Choimisiún agus do na reachtóirí an méid a leanas a chur faoi chaibidil:

idirdhealú soiléir a dhéanamh idir meastóireacht ar ghníomhaíochtaí agus Rialachán NDICI. Trí bhíthin an mhodhnaithe sin, dhéanfaí an Togra níos soiléire trí na hairteagail sin a bhfuil feidhm acu maidir le gníomhaíochtaí a shonrú seachas na cinn a bhfuil feidhm acu maidir le Rialachán NDICI féin.

61.   Tugtar liosta de na príomhtháscairí feidhmíochta in Iarscríbhinn VII leis an Togra “le gur féidir rannchuidiú an Aontais a thomhas le cuspóirí sonracha a ghnóthú”.

62.   Tagraíonn roinnt táscairí feidhmíochta do chuspóirí sonracha éagsúla, ach i gcás roinnt táscairí eile níl sé soiléir cén cuspóir sonrach lena mbaineann siad. I gcás cuspóirí sonracha eile, níl táscaire ar bith ann.

63.    Ba cheart don Choimisiún agus do na reachtóirí an méid a leanas a chur faoi chaibidil:

cuspóirí sonracha agus príomhtháscairí feidhmíochta a nascadh ar bhealach níos fearr. Nuair atá nasc soiléir le feiceáil idir príomhtháscairí feidhmíochta agus cuspóir sonrach, is féidir dul i mbun na cuspóirí sin a bhaint amach ar chaoi níos éifeachtaí.

64.   Tá sé beartaithe in Airteagal 32(1) meastóireacht eatramhach a dhéanamh ar an Togra, ach níl aon sonraí ann faoin gcuspóir ná faoin ábhar a bheadh i gceist léi.

65.    Ba cheart don Choimisiún agus do na reachtóirí an méid a leanas a chur faoi chaibidil:

ceanglais Airteagal 32(2) maidir leis an meastóireacht dheiridh ar an Rialachán a chur i leith na meastóireachta eatramhaí chomh maith, más ábhartha. Dhéanfaí na ceanglais atá le comhlíonadh le meastóireacht eatramhach a shoiléiriú leis an modhnú sin.

Coinníollacha maidir le fianú ag an gCúirt

66.   Inár Straitéis le haghaidh 2018-2020, léiríomar ár n-aidhm chun bogadh i dtreo “páirtíocht fianaithe” dár Ráiteas Dearbhaithe.

67.   Admhaímid nárbh é cuspóir an Togra sainmhíniú ná sonrú a dhéanamh ar an gcóras bainistithe agus rialaithe, ná ar an gcreat rialaithe inmheánach foriomlán agus a chomhpháirteanna sainordaitheacha (50).

68.   Tugaimid faoi deara, áfach, nach ndéantar foráil imleor leis an Togra reatha do chreat rialaithe inmheánach a chuimsiú sna córais bhainistíochta agus rialaithe, lena gcumasófaí don Chúirt dul sa tóir ar pháirtíocht fianaithe.

Ghlac an Chúirt Iniúchóirí an Tuairim seo i Lucsamburg ag a cruinniú an 13 Nollaig 2018.

Ar son na Cúirte Iniúchóirí

Klaus-Heiner LEHNE

An tUachtarán


(1)  COM(2018) 321 final, An Teachtaireacht “Buiséad Nua-aimseartha le haghaidh Aontas a chumhdaíonn, a chumhachtaíonn agus a chosnaíonn — an Creat Airgeadais Ilbhliantúil don tréimhse 2021-2027” ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún.

(2)  IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, “an Rialachán Airgeadais”.

(3)  IO C 91, 23.3.2017, lch. 1.

(4)  COM(2018) 460 final.

(5)  COM(2018) 321 final, de réir an teidil thuas.

(6)  Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta, COM(2018) 460 final.

(7)  Iarscríbhinní a ghabhann leis an Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta, COM(2018) 460 final, Iarscríbhinn 1 go hIarscríbhinn 7.

(8)  COM(2018) 321 final, An Teachtaireacht “Buiséad Nua-aimseartha le haghaidh Aontas a chumhdaíonn, a chumhachtaíonn agus a chosnaíonn — an Creat Airgeadais Ilbhliantúil don tréimhse 2021-2027” ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún.

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe maidir le comhar um fhorbairt don tréimhse 2014-2020 (IO L 77, 15.3.2014, lch. 44).

(10)  Comhaontú Inmheánach ar an 11ú CEF — (IO L 210, 6.8.2013, lch. 1); Rialachán (AE) 2015/322 ón gComhairle an 2 Márta 2015 maidir le cur chun feidhme an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, (IO L 58, 3.3.2015, lch. 1); Cinneadh (AE) 2015/334 ó gComhairle an 2 Márta 2015 (IO L 58, 3.3.2015, lch. 75).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 235/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe i gcomhair daonlathais agus chearta an duine ar fud an domhain (IO L 77, 15.3.2014, lch. 85).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht (IO L 77, 15.3.2014, lch. 27).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha (IO L 77, 15.3.2014, lch. 77).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 230/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim lena gcuirtear le cobhsaíocht agus le síocháin (IO L 77, 15.3.2014, lch. 1).

(15)  Rialachán (Euratom) Uimh. 237/2014 ón gComhairle an 13 Nollaig 2013 lena mbunaítear Ionstraim um Chomhar i réimse na Sábháilteachta Núicléiche a chur (IO L 77, 15.3.2014, lch. 109). Moltar nach mbeadh ach líon teoranta gníomhaíochtaí a bhaineann le húsáid shíochánta an fhuinnimh núicléach (féach Iarscríbhinn II(6)(i)) faoi chuimsiú NDICI. Cruthófar ionstraim chomhlántach i gcomhréir le nósanna imeachta sonracha Chonradh Euratom: an Ionstraim Eorpach maidir le Sábháilteacht Núicléach (EINS). Moltar go gcumhdófaí leis an ionstraime seo gníomhaíochtaí (agus maoiniú le haghaidh gníomhaíochtaí sa réimse núicléach) a bhaineann le cosaintí núicléacha, tacaíocht don bhonneagar agus d’oiliúint, agus aistrithe de shaineolas AE.

(16)  Cinneadh (AE) Uimh. 2018/412 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2018 lena leasaítear Cinneadh 466/2014/AE lena ndeonaítear ráthaíocht AE don Bhanc Eorpach Infheistíochta i gcoinne caillteanas faoi oibríochtaí maoinithe lena dtacaítear le tionscadail infheistíochta lasmuigh den Aontas (IO L 76, 19.3.2018, lch. 30).

(17)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 lena mbunaítear Ciste Ráthaíochta le haghaidh ghníomhaíochtaí seachtracha (IO L 145, 10.6.2009, lch. 10).

(18)  Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meán Fómhair 2017 lena mbunaítear an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI), Ráthaíocht CEFI agus Ciste Ráthaíochta CEFI (IO L 249, 27.9.2014, lch. 1).

(19)  Cé is moite de dheontais Chúnaimh Mhacra-Airgeadais. cuirfear Cúnamh Macra-Airgeadais i ngníomh de réir an cháis, agus de réir mar is gá.

(20)  Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena leagtar síos na rialacha agus nósanna imeachta coiteanna i dtaca le cur chun feidhme ionstraimí an Aontais maidir le gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú (IO L 77, 15.3.2014, lch. 95). Baineann CIR le roinnt ionstraimí faoi cheannteideal 4 “An Eoraip Dhomhanda” de MFF 2014-2020.

(21)  “Fís chomhroinnte, Comhghníomhaíochtaí: Eoraip Níos Láidre, Straitéis dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh”, 19.6.2016.

(22)  “An Comhdhearcadh nua Eorpach maidir le Forbairt: Ár Saol, Ár nDínit, Ár dTodhchaí”, Comhráiteas ón gComhairle agus ó Ionadaithe rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún Eorpach, 8.6.2017.

(23)  “I mbun athraithe: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe”, Rún arna ghlacadh ag arna ghlacadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 25.9.2015 (A/RES/70/1).

(24)  “Clár Oibre Gníomhaíochta Addis Ababa ar an Tríú Comhdháil Idirnáisiúnta um Maoiniú Forbraíochta”, a glacadh an 16.6.2015 agus a d’fhormhuinigh Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 27.7.2015 (A/RES/69/313).

(25)  Airteagal 3(5), Airteagal 8 agus Airteagal 21 den leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

(26)  Airteagal 6(1) den togra.

(27)  Coinneofar cuid shuntasach den tSaoráid um Shíocháin san Afraic, atá á cistiú ag CEF faoi láthair, lasmuigh den bhuiséad. I gcomparáid leis sin, is ionann an buiséad le haghaidh cheannteideal 4 “An Eoraip Dhomhanda” don tréimhse 2014-2020 agus 66,3 billiún euro.

(28)  Tá an tréimhse gealltanais imithe in éag don 8ú CEF, don 9ú CEF agus don 10ú CEF; tiocfaidh deireadh le tréimhse gealltanais an 11ú CEF in 2020, Airteagal 1(5) den Chomhaontú Inmheánach maidir leis an 11ú CEF — (IO L 210, 6.8.2013, lch. 1); Rialachán (AE) 2015/322 ón gComhairle (IO L 58, 3.3.2015, lch. 1).

(29)  Féach aithris 20 den Togra.

(30)  Meabhrán míniúcháin a ghabhann leis an Togra, pointe 1 “Comhthéacs an Togra”.

(31)  Sa mheasúnaithe tionchair ar an Togra (SWD(2018) 337 final) aithnítear níos lú bearnaí agus forluítí idir ionstraimí mar bhonn cirt amháin leis an athrú in ailtireacht na n-ionstraimí seachtracha, leathanach 19.

(32)  COM(2018) 321 final, Buiséad Nua-aimseartha le haghaidh Aontas a Chumhdaíonn, a Chumhachtaíonn agus a Chosnaíonn. An Creat Airgeadais Ilbhliantúil don tréimhse 2021-2027, fonóta 16.

(33)  Tuarascáil bhliantúil ar na gníomhaíochtaí arna gcistiú leis an 8ú CEF, an 9ú CEF, an 10ú CEF agus an 11ú CEF don bhliain airgeadais 2017, mír 45 (IO C 357, 4.10.2018, Ich. 315).

(34)  Rialachán (Euratom) Uimh. 232/2014 mar a luadh thuas.

(35)  Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 mar a luadh thuas.

(36)  Rialachán (AE) Uimh. 230/2014 mar a luadh thuas.

(37)  Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 mar a luadh thuas.

(38)  Rialachán (AE) 2015/322 mar a luadh thuas, Airteagal 7(2).

(39)  SWD(2017) 602, Commission staff working document - Evaluation of the European Neighbourhood Instrument Accompanying the document - Report from the Commission to the European Parliament and the Council – Mid-term review of External Financing Instruments.

(40)  Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 mar a luadh thuas, Airteagal 4(2) agus Airteagal (3).

(41)  “Ba cheart coincheap na feidhmíochta maidir leis an mbuiséad a shoiléiriú. Ba cheart feidhmíocht a nascadh le cur i bhfeidhm díreach phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais. Ba cheart sainmhíniú a thabhairt freisin ar phrionsabal na dea-bhainistíochta airgeadais, agus ba cheart nasc a bhunú idir na cuspóirí arna leagan amach agus táscairí feidhmíochta, torthaí agus cur chuige barainneach, tráthúil, éifeachtúlacht agus éifeachtacht maidir le húsáid leithreasuithe. Ar chúiseanna a bhaineann le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart an téarmaíocht feidhmíochta, go háirithe i dtaca le haschur agus torthaí, a shainmhíniú, ach coinbhleachtaí le creataí feidhmíochta reatha na gclár éagsúil a sheachaint” (An Rialachán Airgeadais, Aithris 9).

(42)  Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 mar a luadh thuas.

(43)  Airteagal 9(4) de Rialachán (AE) Uimh. 2015/322 mar a luadh thuas.

(44)  “I gcás gníomhaíochtaí seachtracha, i gcás ina dtiocfaidh comhaontú maoiniúcháin le tríú tír as an ngealltanas buiséadach foriomlán, tabharfar na comhaontuithe maoiniúcháin chun críche faoin 31 Nollaig de bhliain n+1. Sa chás sin, cumhdóidh an gealltanas buiséadach foriomlán costais iomlána na ngealltanas dlíthiúil lena gcuirtear chun feidhme an comhaontú maoiniúcháin a tugadh i gcrích laistigh de thréimhse 3 bliana tar éis an dáta ar tugadh an comhaontú maoiniúcháin i gcrích.”

(45)  De réir Airteagal 15(3) ní cheadaítear gealltanais shaortha a chur ar fáil arís ach sa chás go mbaineann siad le tionscadail taighde.

(46)  Airteagal 1(4) den Chomhaontú Inmheánach ar an 11ú CEF (IO L 210, 6.8.2013, lch. 1) mar a luadh thuas.

(47)  Cosúil leis an meicníocht um chúlchiste speisialta de chuid CEF, Airteagal 1(4) den Chomhaontú Inmheánach ar an 11ú CEF (IO L 210, 6.8.2013, lch. 1) mar a luadh thuas.

(48)  Aithris 33 den Togra: “Ba cheart go dtabharfaí le CEFI+ tacaíocht don Phlean Eorpach Infheistíochta Seachtraí agus go gceanglófaí oibríochtaí cumaiscthe agus rathaíochtaí buiséadacha a chumhdófar leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, lena n-áirítear na rioscaí ceannasacha sin a bhaineann le hoibríochtaí lena bhfaightear iasachtaí, a chuirtear i bhfeidhm roimhe seo faoi shainordú seachtrach oibríochtaí iasachta an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta. I ngeall ar an ról atá ag an mBanc Eorpach Infheistíochta faoi na Conarthaí agus ar an taithí atá aige le fiche nó tríocha bliain anuas tacú le beartais an Aontais, ba cheart go bhfanfadh sé ina chomhpháirtí nádúrtha ag an gCoimisiún chun oibríochtaí faoin Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a chur chun feidhme.”

(49)  Féach Airteagal 209(2)(d) agus Airteagal 219(3) den Rialachán Airgeadais.

(50)  I gCuid 2 den “Ráiteas Airgeadais Reachtach” atá mar Iarscríbhinn léirítear conas atá sé ar intinn ag an gCoimisiún bearta bainistíochta a chur ar bun.


IARSCRÍBHINN

Anailís ar thogra an Choimisiúin agus ar mholtaí na Cúirte

Tá cuid de na breithnithe a ardaíodh sa Tuairim seo le fáil sna moltaí dréachtaithe a leanas, ach níl siad go léir san áireamh ann. Tá sé de fhreagracht ar na reachtóirí na pointí sin a chur san áireamh agus iad a chuimsiú sna hairteagail chuí den Rialachán molta.

An téacs sa togra

Moladh na Cúirte

Nótaí tráchta

Airteagal 8

Prionsabail Ghinearálta

 

 

3.   Tacóidh an tAontas, de réir mar is iomchuí, le hidirphlé agus comhar déthaobhach, réigiúnach agus iltaobhach, comhaontuithe comhpháirtíochta agus comhar triantánach a chur chun feidhme.

 

3.   Ba cheart an téarma “comhar triantánach” a shonrú.

TEIDEAL II

CUR CHUN FEIDHME AN RIALACHÁIN SEO

TEIDEAL II

CUR CHUN FEIDHME AN RIALACHÁIN SEO

TEIDEAL II

CUR CHUN FEIDHME AN RIALACHÁIN SEO

Caibidil I

Clársceidealú

Caibidil I

Clársceidealú

 

Airteagal 14

Cláir ilbhliantúla tháscacha a ghlacadh agus a leasú

Airteagal 14

Cláir ilbhliantúla tháscacha a ghlacadh agus a leasú

 

3.   Féadfar cláir ilbhliantúla tháscacha le haghaidh cláir gheografacha a athbhreithniú nuair is gá lena gcur chun feidhme go héifeachtach, go háirithe sa chás go bhfuil athruithe suntasacha sa chreat beartais dá dtagraítear in Airteagal 7 nó tar éis géarchéime nó i staid iar-ghéarchéime.

3.   Féadfar cláir ilbhliantúla tháscacha le haghaidh cláir gheografacha a athbhreithniú nuair is gá lena gcur chun feidhme go héifeachtach, go háirithe sa chás go bhfuil athruithe suntasacha sa chreat beartais dá dtagraítear in Airteagal 7 nó, i gcás cláir gheografacha, tar éis géarchéime nó i staid iar-ghéarchéime.

 

4.   Féadfar cláir ilbhliantúla tháscacha le haghaidh cláir théamúla a athbhreithniú nuair is gá lena gcur chun feidhme go héifeachtach, go háirithe sa chás go bhfuil athruithe suntasacha sa chreat beartais dá dtagraítear in Airteagal 7.

4.   Féadfar cláir ilbhliantúla tháscacha le haghaidh cláir théamúla a athbhreithniú nuair is gá lena gcur chun feidhme go héifeachtach, go háirithe sa chás go bhfuil athruithe suntasacha sa chreat beartais dá dtagraítear in Airteagal 7.

 

5.   Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil údar iomchuí leo, amhail géarchéimeanna nó bagairtí láithreacha don daonlathas, don smacht reachta, do chearta an duine nó do shaoirsí bunúsacha, féadfaidh an Coimisiún cláir ilbhliantúla tháscacha dá dtagraítear in Airteagal 12 agus Airteagal 13 den Rialachán seo a leasú le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 35(4).

5 4 .   Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil údar iomchuí leo, amhail géarchéimeanna nó bagairtí láithreacha don daonlathas, don smacht reachta, do chearta an duine nó do shaoirsí bunúsacha, féadfaidh an Coimisiún cláir ilbhliantúla tháscacha dá dtagraítear in Airteagal 12 agus Airteagal 13 den Rialachán seo a leasú le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 35(4).

 

Caibilid II

Forálacha sonracha maidir leis an gComharsanacht

Caibilid II

Forálacha sonracha maidir leis an gComharsanacht

 

Airteagal 17

Cur chuige ar bhonn feidhmíochta

1.   Go táscach, déanfar 10 % den imchlúdach airgeadais a leagtar amach in Airteagal 4(2)(a), chun na leithdháiltí airgeadais tíre dá dtagraítear in Airteagal 12 a fhorlíonadh, a leithdháileadh ar thíortha comhpháirtíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I chun an cur chuige ar bhonn feidhmíochta a chur chun feidhme. Socrófar na leithdháiltí ar bhonn feidhmíochta de réir dul chun cinn na dtíortha i dtreo an daonlathais, chearta an duine, an smachta reachta, an chomhair i leith imirce, an rialachais eacnamaíoch agus na n-athchóirithe. Measfar dul chun cinn tíortha comhpháirtíochta go bliantúil.

Airteagal 17

Cur chuige ar bhonn feidhmíochta

1.   Go táscach, déanfar 10 % den imchlúdach airgeadais a leagtar amach in Airteagal 6(2)(a), chun na leithdháiltí airgeadais tíre dá dtagraítear in Airteagal 12 a fhorlíonadh, a leithdháileadh ar thíortha comhpháirtíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I chun an cur chuige ar bhonn feidhmíochta a chur chun feidhme. Socrófar na leithdháiltí ar bhonn feidhmíochta de réir dul chun cinn na dtíortha i dtreo an daonlathais, chearta an duine, an smachta reachta, an chomhair i leith imirce, an rialachais eacnamaíoch agus na n-athchóirithe. Measfar dul chun cinn tíortha comhpháirtíochta go bliantúil.

 

Caibidil III

Pleananna gníomhaíochta, bearta agus modhanna cur chun feidhme

Caibidil III

Pleananna gníomhaíochta, bearta agus modhanna cur chun feidhme

 

Airteagal 23

Foirmeacha an chistiúcháin ón Aontas agus modhanna cur chun feidhme

Airteagal 23

Foirmeacha an chistiúcháin ón Aontas agus modhanna cur chun feidhme

 

Tá an tacaíocht bhuiséadach dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1, lena n-áirítear le conarthaí feidhmíochta athbhreithnithe earnála, bunaithe ar úinéireacht tíre, ar chuntasacht fhrithpháirteach agus ar ghealltanais chomhroinnte i leith luachanna uilíocha, an daonlathais, chearta an duine agus an smachta reachta, agus tá sí dírithe ar chomhpháirtíochtaí a neartú idir an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta. Ina gcuid den tacaíocht sin beidh dialóg dhaingnithe faoi bheartais, forbairt acmhainneachtaí agus rialachas feabhsaithe lena gcomhlánófar iarrachtaí na gcomhpháirtithe ar níos mó a bhailiú agus ar a bheith ag caitheamh níos fearr chun tacú le fás eacnamaíoch agus poist a bheidh inbhuanaithe agus cuimsitheach agus deireadh a chur leis an mbochtaineacht.

4.   Déanfar an tacaíocht bhuiséadach dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1, lena n-áirítear le conarthaí feidhmíochta athbhreithnithe earnála, a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 236 den Rialachán Airgeadais. Bbeidh an tacaíocht sin bunaithe ar úinéireacht tíre, ar chuntasacht fhrithpháirteach agus ar ghealltanais chomhroinnte i leith luachanna uilíocha, an daonlathais, chearta an duine agus an smachta reachta, agus tá sí dírithe ar chomhpháirtíochtaí a neartú idir an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta. Ina gcuid den tacaíocht sin beidh dialóg dhaingnithe faoi bheartais, forbairt acmhainneachtaí agus rialachas feabhsaithe lena gcomhlánófar iarrachtaí na gcomhpháirtithe ar níos mó a bhailiú agus ar a bheith ag caitheamh níos fearr chun tacú le fás eacnamaíoch agus poist a bheidh inbhuanaithe agus cuimsitheach agus deireadh a chur leis an mbochtaineacht.

 

Beidh aon chinneadh tacaíocht bhuiséadach a sholáthar bunaithe ar na beartais tacaíochta buiséadaí a chomhaontóidh an tAontas, ar shraith shoiléir de chritéir incháilitheachta agus ar mheasúnú cúramach ar na rioscaí agus ar na tairbhí.

Beidh aon chinneadh tacaíocht bhuiséadach a sholáthar bunaithe ar na beartais tacaíochta buiséadaí a chomhaontóidh an tAontas, ar shraith shoiléir de chritéir incháilitheachta agus ar mheasúnú cúramach ar na rioscaí agus ar na tairbhí.

 

4.   Beidh tacaíocht bhuiséadach éagsúil chun gur féidir freagairt ar bhealach níos fearr do chomhthéacs polaitiúil, eacnamaíoch agus sóisialta na tíre comhpháirtíochta, agus cásanna leochaileachta á gcur san áireamh.

4.   Beidh tacaíocht bhuiséadach éagsúil chun gur féidir freagairt ar bhealach níos fearr do chomhthéacs polaitiúil, eacnamaíoch agus sóisialta na tíre comhpháirtíochta, agus cásanna leochaileachta á gcur san áireamh.

 

Agus an tacaíocht bhuiséadach á cur ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 236 den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an Coimisiún sainiú soiléir agus faireachán ar chritéir i dtaca le coinníollacht tacaíochta buiséid, lena n-áirítear dul chun cinn i leith athchóirithe agus trédhearcachta, agus tabharfaidh sé tacaíocht d’fhorbairt an rialaithe pharlaimintigh agus acmhainneachtaí iniúchta náisiúnta agus cuirfidh sé le trédhearcacht agus le rochtain phoiblí ar fhaisnéis.

Agus an tacaíocht bhuiséadach á cur ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 236 den Rialachán Airgeadais, déanfaidh Déanfaidh an Coimisiún sainiú soiléir agus faireachán ar chritéir i dtaca le coinníollacht tacaíochta buiséid, lena n-áirítear dul chun cinn i leith athchóirithe agus trédhearcachta, agus tabharfaidh sé tacaíocht d’fhorbairt an rialaithe pharlaimintigh agus acmhainneachtaí iniúchta náisiúnta agus cuirfidh sé le trédhearcacht agus le rochtain phoiblí ar fhaisnéis.

 

5.   Beidh eisíoc na tacaíochta buiséadaí bunaithe ar tháscairí lena léireofar dul chun cinn sásúil i dtreo na cuspóirí a comhaontaíodh leis an tír chomhpháirtíochta a bhaint amach.

5.   Beidh eisíoc na tacaíochta buiséadaí bunaithe ar tháscairí lena léireofar dul chun cinn sásúil i dtreo na cuspóirí a comhaontaíodh leis an tír chomhpháirtíochta a bhaint amach.

 

6.   Féadfaidh ionstraimí airgeadais faoin Rialachán seo a bheith i bhfoirmeacha amhail iasachtaí, ráthaíochtaí, cothromas nó cuasachothromais, infheistíochtaí nó rannpháirtíochtaí, agus ionstraimí roinnte riosca, agus, in aon chás inar féidir agus i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 209(1) den Rialachán Airgeadais faoi cheannaireacht BEI, institiúid Eorpach iltaobhach airgeadais amhail an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, nó faoi cheannaireacht institiúid Eorpach dhéthaobhach airgeadais, amhail bainc fhorbartha iltaobhacha, agus is féidir go mbeidh siad comhthiomsaithe le foirmeacha eile tacaíochta airgeadais, ó Bhallstáit nó ó thríú páirtithe.

6. 5.   Féadfaidh ionstraimí airgeadais faoin Rialachán seo a bheith i bhfoirmeacha amhail iasachtaí, ráthaíochtaí, cothromas nó cuasachothromais, infheistíochtaí nó rannpháirtíochtaí, agus ionstraimí roinnte riosca, agus, in aon chás inar féidir agus i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 209(1) den Rialachán Airgeadais faoi cheannaireacht BEI, institiúid Eorpach iltaobhach airgeadais amhail an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, nó faoi cheannaireacht institiúid Eorpach dhéthaobhach airgeadais, amhail bainc fhorbartha iltaobhacha, agus is féidir go mbeidh siad comhthiomsaithe le foirmeacha eile tacaíochta airgeadais, ó Bhallstáit nó ó thríú páirtithe.

 

Féadfaidh Ballstáit nó aon eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 62(1)(c) den Rialachán Airgeadais ranníocaíochtaí a dhéanamh le hionstraimí airgeadais an Aontais faoin Rialachán seo.

Féadfaidh Ballstáit nó aon eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 62(1)(c) den Rialachán Airgeadais ranníocaíochtaí a dhéanamh le hionstraimí airgeadais an Aontais faoin Rialachán seo.

 

7.   Féadfar na hionstraimí airgeadais sin a ghrúpáil ina saoráidí chun críocha cur chun feidhme agus tuairiscithe.

7.   Féadfar na hionstraimí airgeadais sin a ghrúpáil ina saoráidí chun críocha cur chun feidhme agus tuairiscithe.

 

8.   Ní ghinfear bailiú cánacha sonracha, dleachtanna sonracha nó muirir shonracha leis an gcistiú ón Aontas, ná ní chuirfear i ngníomh iad dá thoradh.

8. 6.   Ní ghinfear bailiú cánacha sonracha, dleachtanna sonracha nó muirir shonracha leis an gcistiú ón Aontas, ná ní chuirfear i ngníomh iad dá thoradh.

 

9.   Féadfaidh cánacha, dleachtanna agus muirir a fhorchuirfidh tíortha comhpháirtíochta a bheith incháilithe do mhaoiniú faoin Rialachán seo.

9. 7.   Féadfaidh cánacha, dleachtanna agus muirir a fhorchuirfidh tíortha comhpháirtíochta a bheith incháilithe do mhaoiniú faoin Rialachán seo.

 

Caibidil IV

CEFI+, ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais do thríú tíortha

Caibidil IV

CEFI+, ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais do thríú tíortha

Caibidil IV

CEFI+, ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais do thríú tíortha

Airteagal 26

Raon feidhme agus maoiniú

 

 

6.   Féadfar tacaíocht a thabhairt d’oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta i dtíortha comhpháirtíochta sna limistéir gheografacha dá dtagraítear in Airteagal 4(2) le CEFI+ agus leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha. Maoineofar soláthar na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha as buiséad na gclár geografach ábhartha a bhunaítear le hAirteagal 6(2)(a) agus aistreofar é isteach sa chiste do sholáthar coiteann. Féadfar tacú le hoibríochtaí i dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán IPA III le CEFI+ agus leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha freisin. Maoineofar an cistiú do na hoibríochtaí sin faoi CEFI+ agus do sholáthar na Ráthaíochta o Ghníomhaíochtaí Seachtracha le Rialachán IPA. Déanfar soláthar na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha le haghaidh iasachtaí do thríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 10(2) de Rialachán EINS a mhaoiniú le Rialachán EINS

 

6.   Tá easpa faisnéise ann maidir leis an méid a dhéanfar le m.sh. ioncaim agus aon íocaíochtaí a fhaigheann an tAontas i gcomhréir le comhaontuithe ráthaíochta nó iasachta, méideanna a aisghabhtar ó fhéichiúnaithe mainneachtana, torthaí ar infheistíochtaí na n-acmhainní atá á gcoimeád sa chiste do sholáthar coiteann. Níl aon fhaisnéis ar fáil maidir leis na costais lena mbaineann ach an oiread.

7.   Déanfar an soláthar dá dtagraítear in Airteagal 211(2) den Rialachán Airgeadais a shocrú ar bhonn dliteanais iomlána an Aontais a thagann as gach oibríocht, lena n-áirítear oibríochtaí arna síniú roimh an mbliain 2021 agus arna ráthú ag an Aontas. Féadfar méid bliantúil an tsoláthair atá riachtanach a bhailiú le linn tréimhse suas le 7 mbliana.

7.   Déanfar Socrófar ráta an soláthar tsoláthair dá dtagraítear in Airteagal 211(2) den Rialachán Airgeadais a shocrú bunaithe ar bhonn dliteanais dhliteanais iomlána an Aontais a thagann as gach oibríocht, lena n-áirítear oibríochtaí arna síniú roimh an mbliain 2021 agus arna ráthú ag an Aontas. Eisiafar ón méid sin na ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 208(2) den Rialachán Airgeadais (féach Airteagal 211(1) FR). Féadfar méid bliantúil an tsoláthair atá riachtanach a bhailiú le linn tréimhse suas le 7 mbliana.

7.   Is dealraitheach nár cuireadh Airteagal 211(6) agus Airteagal 211(7) den Rialachán Airgeadais san áireamh, cé go bhfuil siad fíorthábhachtach. Creidimid gur cheart don Choimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas láithreach, agus nach mór dóibh bearta athshlánaithe imleora a mholadh sa chás go mainníonn tír a bhaineann leas as cúnamh airgeadais ó AE aibíocht a íoc.

Ar cuireadh forálacha Airteagal 209(3) agus Airteagal 209(4) den Rialachán Airgeadais san áireamh i gceart sa togra? Féach Airteagal 29(6) thíos chomh maith.

8.   Maidir le comhardú na sócmhainní faoin 31 Nollaig 2020 i gCiste Ráthaíochta CEFI agus sa chiste Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a bhunaítear le Rialachán AE 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 faoi seach, déanfar é a aistriú isteach sa chiste do sholáthar coiteann chun a chuid oibríochtaí féin a sholáthar sa ráthaíocht aonair chéanna dá bhforáiltear i mír 4 den Airteagal seo.

8.   Maidir le comhardú na sócmhainní faoin 31 Nollaig 2020 i gCiste Ráthaíochta CEFI agus sa chiste Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a bhunaítear le Rialachán AE Uimh. 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 faoi seach, déanfar é a aistriú isteach sa chiste do sholáthar coiteann chun a chuid oibríochtaí féin a sholáthar sa ráthaíocht aonair chéanna dá bhforáiltear i mír 4 5 den Airteagal seo.

 

Airteagal 27

Incháilitheacht agus roghnú oibríochtaí agus contrapháirtithe

 

 

2.   Leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha tabharfar tacaíocht d’oibríochtaí airgeadais agus infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) go (c) d’Airteagal 209(2) den Rialachán Airgeadais agus:

 

2.   Tabhair faoi deara nach bhfuil sé sin i gcomhréir le hAirteagal 219(3) den Rialachán Airgeadais, mar ní chuirtear pointe (d) ina luaitear éifeacht ghiarála agus éifeacht iolraitheora ráthaíochtaí buiséadacha san áireamh ann. Ar fágadh amach é d'aon ghnó?

(a)

a áirithíonn comhlíontacht le tionscnaimh eile;

 

 

(b)

atá inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta agus an airgeadais de, agus aird iomchuí á tabhairt don tacaíocht agus don chómhaoiniú a d'fhéadfadh teacht ó chomhpháirtithe príobháideacha agus poiblí sa tionscadal, agus aird á tabhairt do thimpeallacht agus acmhainneachtaí oibríochta sonracha tíortha ar sainaithníodh go raibh leochaileacht nó coinbhleacht i gceist leo, na dTíortha is Lú Forbairt agus na dtíortha bochta ag a bhfuil fiachais ollmhóra a d'fhéadfadh tairbhe a bhaint as téarmaí lamháltais;

 

 

(c)

atá inmharthana ó thaobh na teicniúlachta de agus atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil agus na sochaí de.

 

 

5.   Cloífidh contrapháirtithe incháilithe leis na rialacha agus leis na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 62(2)(c) den Rialachán Airgeadais. Maidir le comhlachtaí faoi rialú dhlí náisiúnta Ballstáit nó tríú tíre a ranníoc leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha i gcomhréir le hAirteagal 28 den Rialachán seo, tabharfar tús áite do na comhlachtaí sin a nochtann faisnéis a bhaineann le critéir i ndáil le rialachas comhshaoil, sóisialta agus corparáideach.

5.   Cloífidh contrapháirtithe incháilithe leis na rialacha agus leis na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 62(2)(c) 62(1)(c) den Rialachán Airgeadais. Maidir le comhlachtaí faoi rialú dhlí náisiúnta Ballstáit nó tríú tíre a ranníoc leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha i gcomhréir le hAirteagal 28 den Rialachán seo, tabharfar tús áite do na comhlachtaí sin a nochtann faisnéis a bhaineann le critéir i ndáil le rialachas comhshaoil, sóisialta agus corparáideach.

 

Airteagal 28

Ranníocaíochtaí ó dheontóirí eile leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha

 

 

1.   Féadfaidh Ballstáit, tríú tíortha agus tríú páirtithe eile ranníoc leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha.

 

 

De mhaolú ar an dara fomhír d’Airteagal 218(2) den Rialachán Airgeadais, féadfaidh na páirtithe conarthacha sa Chomhaontú ar an Limistéar Eacnamaíoch Eorpach ranníocaíocht a dhéanamh i bhfoirm ráthaíochtaí nó airgead tirim.

 

1.   Úsáidtear an focal “féadfaidh” san airteagal ábhartha in FR, mar sin ní léir cén fáth a bhfuil maolú i gceist.

Is i bhfoirm airgid a ranníocfaidh tríú tíortha cé is moite de na páirtithe conarthacha sa Chomhaontú ar an Limistéar Eacnamaíoch Eorpach agus a ranníocfaidh tríú páirtithe eile agus beidh an ranníocaíocht sin faoi réir fhormheas an Choimisiúin.

 

 

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas gan mhoill faoi na ranníocaíochtaí arna ndeimhniú.

 

 

Arna iarraidh sin do na Ballstáit, féadfar na ranníocaíochtaí arna ndéanamh acu a chur in áirithe ansin chun gníomhaíochtaí a thionscnamh i réigiúin shonracha, i dtíortha sonracha, in earnálacha sonracha nó i bhfuinneoga infheistíochta sonracha atá ann cheana.

 

 

2.   Níor bheidh ranníocaíochtaí i bhfoirm ráthaíochta os cionn 50 % de mhéid na n-oibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 26(2) den Rialachán seo.

2.   Níor bheidh ranníocaíochtaí i bhfoirm ráthaíochta os cionn 50 % de mhéid na n-oibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 26(2) 26(3) den Rialachán seo.

 

Airteagal 29

Comhaontuithe maidir leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a chur chun feidhme

Airteagal 29

Comhaontuithe maidir leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a chur chun feidhme

 

5.   Féadfar na nithe seo a leanas a chumhdach leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha:

5.   Féadfar na nithe seo a leanas a chumhdach leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha:

 

(a)

i gcás ionstraimí fiachais, an phríomhshuim agus an t-ús agus na méideanna uile atá dlite don chontrapháirtí incháilithe arna roghnú, ach nach bhfuair sé iad i gcomhréir le téarmaí na n-oibríochtaí maoiniúcháin tar éis mainneachtain a bheith ann;

(a)

i gcás ionstraimí fiachais, an phríomhshuim agus an t-ús agus na méideanna uile atá dlite don chontrapháirtí incháilithe arna roghnú, ach nach bhfuair sé iad i gcomhréir le téarmaí na n-oibríochtaí maoiniúcháin tar éis mainneachtain a bheith ann;

 

(a)

i gcás infheistíochtaí cothromais, na méideanna arna n-infheistiú agus na costais mhaoiniúcháin a bhaineann leo;

(a) (b)

i gcás infheistíochtaí cothromais, na méideanna arna n-infheistiú agus na costais mhaoiniúcháin a bhaineann leo;

 

(b)

i gcás oibríochtaí eile maoiniúcháin agus infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 27(2), na méideanna arna n-úsáid agus na costais chistiúcháin a bhaineann leo;

(b) (c)

i gcás oibríochtaí eile maoiniúcháin agus infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 27(2) 27(3), na méideanna arna n-úsáid agus na costais chistiúcháin a bhaineann leo;

 

(c)

gach speansas agus gach costas aisghabhála ábhartha a bhaineann le mainneachtain, ach amháin i gcás inar asbhaineadh na speansais agus na costais sin as fáltais aisghabhála.

(c) (d)

gach speansas agus gach costas aisghabhála ábhartha a bhaineann le mainneachtain, ach amháin i gcás inar asbhaineadh na speansais agus na costais sin as fáltais aisghabhála.

 

6.   (b) an oibleagáid airgeadais atá gan íoc ag an Aontas a eascraíonn as oibríochtaí CEFI+ arna soláthar le haghaidh na gcontrapháirtithe incháilithe agus a n-oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta, arna miondealú de réir oibríochtaí aonair

 

6.   (b) níor comhlíonadh Airteagal 219(6) den Rialachán Airgeadais go hiomlán.

Caibidil V

Faireachán, tuairisciú agus meastóireacht

Caibidil V

Faireachán, tuairisciú agus meastóireacht

 

Airteagal 31

Faireachán agus tuairisciú

Airteagal 31

Faireachán agus tuairisciú

 

2.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán go tráthrialta ar a chuid gníomhaíochtaí agus athscrúdóidh sé an dul chun cinn a bheidh déanta i leith na torthaí a mbeifear ag súil leo a bhaint amach, agus aschur agus torthaí á gcumhdach aige.

2.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán go tráthrialta ar a chuid gníomhaíochtaí agus athscrúdóidh sé an dul chun cinn a a bheidh déanta i leith na torthaí a mbeifear ag súil leo a bhaint amach, agus aschur agus torthaí á gcumhdach aige.

 

Ba cheart faireachán a dhéanamh ar bhonn táscairí soiléire trédhearcacha agus, i gcás inarb iomchuí, intomhaiste, ar an dul chun cinn i leith na dtorthaí a bhfuiltear ag súil leo. Ba cheart fanacht i muinín líon beag táscairí chun gur fusa tuairisciú a dhéanamh go luath.

Ba cheart faireachán a dhéanamh ar bhonn táscairí soiléire trédhearcacha agus, i gcás inarb iomchuí, intomhaiste, ar an dul chun cinn i leith na dtorthaí a bhfuiltear ag súil leo. Ba cheart fanacht i muinín líon beag táscairí chun gur fusa tuairisciú a dhéanamh go luath.

 

6.   Sa tuarascáil bhliantúil a ullmhófar in 2021 beidh faisnéis chomhdhlúite ó thuarascálacha bliantúla a bhaineann leis an tréimhse ó 2014 go 2020 maidir leis an gcistiú ar fad a rinneadh faoi na Rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 40(2), lena n-áirítear ioncaim sheachtracha shannta agus ranníocaíochtaí le cistí iontaobhais agus beidh miondealú inti ar chaiteachas de réir tíre, úsáid ionstraimí airgeadais, gealltanas agus íocaíochtaí. Léireofar sa tuarascáil na príomhcheachtanna arna bhfoghlaim agus an obair leantach a rinneadh ar na moltaí ó na cleachtaí meastóireachta seachtracha a rinneadh sna blianta roimhe sin.

6.   Sa tuarascáil bhliantúil a ullmhófar in 2021 beidh faisnéis chomhdhlúite ó thuarascálacha bliantúla a bhaineann leis an tréimhse ó 2014 go 2020 maidir leis an gcistiú ar fad a rinneadh faoi na Rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 40(2) 39(2), lena n-áirítear ioncaim sheachtracha shannta agus ranníocaíochtaí le cistí iontaobhais agus beidh miondealú inti ar chaiteachas de réir tíre, úsáid ionstraimí airgeadais, gealltanas agus íocaíochtaí. Léireofar sa tuarascáil na príomhcheachtanna arna bhfoghlaim agus an obair leantach a rinneadh ar na moltaí ó na cleachtaí meastóireachta seachtracha a rinneadh sna blianta roimhe sin.

 


  翻译: