Jump to content

Béising

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilBéising
北京市 (zh-cn) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Siombail oifigiúilStyphnolobium japonicum, Platycladus, Rosa chinensis agus Chrysanthemum morifolium Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómóspríomhchathair agus tuaisceart Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 39° 54′ 15″ N, 116° 24′ 27″ E / 39.90403°N,116.40753°E / 39.90403; 116.40753
Stát ceannasachDaon-Phoblacht na Síne Cuir in eagar ar Wikidata
Iamhchríoch laistigh deHebei Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de

PríomhchathairCeantar Tongzhou Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán19,612,368 (2010) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús1,195.11 hab./km²
Teanga oifigiúilan tSínis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla16,410.54 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAbhainn Yongding agus Qing River (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Airde43 m Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeMount Dongling (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síKhanbaliq agus Pei-p'ing (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eachtra thábhachtach
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinPeople's Government of Beijing Municipality (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachBeijing Municipal People's Congress (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Méara Bhéising Cuir in eagar ar WikidataYin Yong (2022–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil3,610,260,000,000 ¥ (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist100000 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód10 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód ISO 3166-2CN-BJ agus CN-11 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinbeijing.gov.cn Cuir in eagar ar Wikidata

Is í Béising (Sínis: Běijīng Shì, 北京市) príomhchathair Dhaon-Phoblacht na Síne, agus í ar ceann de na cathracha is mó daonra ar fud an domhain.

Sa bhliain 2012 bhí fiche milliún, sé chéad nócha agus trí mhíle duine (20,693,000 duine) ina gcónaí i mBéising. Níl sí ar an gcathair is mó daonra sa tír áfach, nó tá fiche agus trí mhilliún duine ina gcónaí i Shang-hai.

Is í Béising an chathair is tábhachtaí sa tSín ó thaobh na polaitíochta agus an chultúir de. Bardasacht í cathair Bhéising atá faoi smacht díreach an rialtais náisiúnta. Tá ceithre cinn déag de cheantair uirbeacha nó fho-uirbeacha ann chomh maith le dhá chúige tuaithe.

Mol lárnach tráchta í Béising chomh maith, agus tá ceanncheathrúna na ngnólachtaí is mó faoi úinéireacht an Stáit suite ansin. Tá aerfort idirnáisiúnta Bhéising ar an dara haerfort is gnóthaí sa domhan, más i líon na bpaisinéirí a thomhaistear é.

Téann stair na cathrach trí mhílaois siar. Is deacair teacht ar mhórchathair chomh fadsaolach céanna sa domhan, agus chuirfeadh teampaill, páláis, tuamaí, ballaí agus geataí stairiúla na cathrach draíocht ar aon duine.

Maidir leis an stair chomhaimseartha, ní mór an sléacht i gCearnóg Tiananmen ar an 4 Meitheamh 1989 a lua. Faoi thionchar na n-imeachtaí in Oirthear na hEorpa san am chéanna, chuaigh na mic léinn amach sna sráideanna ag agóidíocht agus ag éileamh daonlathais. Sa deireadh, cuireadh tancanna agus saighdiúirí ag ceansú na n-agóideoirí, agus dealraíonn sé go bhfuair na mílte bás de thoradh na cniogbheartaíochta seo.

Cluichí Oilimpeacha. Sa bhliain 2008, tháinig lúithnirí an domhain le chéile i mBéising le Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh a imirt.


Béising – Aeráid
Eanáir Feabhra Márta Aibreán Bealtaine Meitheamh Iúil Lúnasa Meán Fómhair Deireadh Fómhair Samhain Nollaig Bliain
Meán-uasteocht an lae (°C) 1.8 5.0 11.6 20.3 26.0 30.2 30.9 29.7 25.8 19.8 10.1 3.7 17.9
Meán-íosteocht na h-oíche(°C) -8.4 -5.6 0.4 7.9 13.6 18.8 22.0 20.8 14.8 7.9 0.0 -5.8 7.2
Meán-bháisteach (mm) 2.7 4.9 8.3 21.2 34.2 78.1 185.2 159.7 45.5 21.8 7.4 2.8 571.8
Foinse:
Cearnóg Tian'anmen ón nGeata Tian'an
  翻译: