Mholfadh muid “Heartstopper” a chur ar do liosta léitheoireachta; Brisfidh sé do chroí agus ardóidh sé arís é! 🥹 Léigh an léirmheas ag LoveLeabharGaeilge.ie 💗📚 #LoveLeabharGaeilge #Gaeilge #Léirmheas
Love Leabhar Gaeilge
Marketing Services
Cuireann Love Leabhar Gaeilge le Foras na Gaeilge leabhair Ghaeilge chun cinn ar fud na hÉireann.
About us
Cuireann Love Leabhar Gaeilge le Foras na Gaeilge leabhair Ghaeilge chun cinn ar fud na hÉireann.
- Website
-
https://www.loveleabhargaeilge.ie/
External link for Love Leabhar Gaeilge
- Industry
- Marketing Services
- Company size
- 2-10 employees
- Headquarters
- Dublin
- Type
- Government Agency
Locations
-
Primary
Dublin, IE
Updates
-
Cén chaoi a ndéanann tú ceiliúradh ar Nollaig na mBan? 🤶 Nuair atá an aimsir chomh fuar is atá sé inniu, ní mór dúinn an tráthnóna a chaitheamh cois tine ag labhairt faoi na leabhair Ghaeilge a léigh muid i 2024. Cén áit eile a mbeifeá? 😍 Foras na Gaeilge #LoveLeabharGaeilge #LeabhairGhaeilge #Gaeilge #NollaignamBan
-
An bhfuil tú fós sa tóir ar bhronntanas deas don Nollaig? 🎁 Labhair buaiteoir Ghradam Love Leabhar Gaeilge Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana, Gearóidín Nic Cárthaigh le RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina leabhar splancfhicsin 'Geansaithe Móra'. Éist leis an mhír iomlán anseo 📻 https://lnkd.in/ga63pzrN
-
Tá an Nollaig buailte linn! 🎅 An bhfuil tú ag súil le cúpla leabhar a léamh le linn na Nollag? Bí cinnte muid a choinneáil ar an eolas faoi na leabhair Ghaeilge a fhaigheann tú mar bhronntanais! 🎁 Bíodh Nollaig mhór mhaith agat agus bliain úr faoi mhaise ó #LoveLeabharGaeilge 💗📚 Foras na Gaeilge
-
Táimid ag tnúth le fáil amach cé a bhuafaidh 'Leabhar Éireannach na Bliana' le An Post ar an Déardaoin! 📚 Ar ndóigh, tá foireann Love Leabhar Gaeilge fós ag ceiliúradh théis an oíche iontach a bhí againn ag na An Post Irish Book Awards i mí na Samhna. Fógraíodh buaiteoirí na gcatagóirí difriúla ag searmanas bronnta i mBaile Átha Cliath, le Gearóidín Nic Cárthaigh, Molly Nic Céile, agus Hector ina measc. Bliain iontach ab ea 2024 do na scríbhneoirí Gaeilge! Bí ag féachaint ar RTÉ1 ag 10:15i.n. ar 19 Nollaig le fáil amach cé a bhuafaidh 'Leabhar Éireannach na Bliana' 📺 Foras na Gaeilge RTE #LoveLeabharGaeilge #APIBA
-
An bhfaca tú na leabhair Ghaeilge ar an #LateLateToyShow ? Ardaíonn sé ár gcroíthe nuair a labhraítear faoi leabhair Ghaeilge do dhaoine óga ar chlár náisiúnta a chraoltar go tithe ar fud fad na tíre. Is iontach an rud é go bhfuil go leor roghanna ann do léitheoirí óga an Nollaig seo. Idir rannta traidisiúnta agus cnuasach amhrán, tá leabhar ann do gach uile pháiste. Aimsigh an scéal is ansa leat an Nollaig seo ag LoveLeabharGaeilge.ie 💗📚 RTE Foras na Gaeilge #LoveLeabharGaeilge
-
📚 5 Leabhar Gaeilge do Léitheoirí Óga 📚 Tabhair leabhar Gaeilge mar bhronntanas an Nollaig seo! Pioc do rogha leabhar: 1⃣ An Nollaig le Teidí: Oíche Nollag atá ann agus tá Teidí ar bís! Is leabhar álainn é seo d’aon pháiste óg atá fiosrach agus samhlaíoch. 2⃣ Ceol na Mara: Is cnuasach álainn amhrán bunaithe ar théama na farraige é seo atá oiriúnach do léitheoirí os cionn 6 bliana d’aois. Bheadh sé foirfe don seomra ranga! 3⃣ Mamaí Gé: Is órchiste de rannta do pháistí óga, i nGaeilge agus i mBéarla é seo, a bheadh foirfe dóibh siúd atá ag foghlaim Gaeilge. Tá aistriúchán Gaeilge le Gabriel Rosenstock ar rannta Mhamaí Gé (Mother Goose Rhymes) ann agus léaráidí gleoite le Kim Sharkey san áireamh. 4⃣ Santaí sa Bhaile: Conas a chaitheann Saintí agus a chairde an Nollaig sa Mhol Thuaidh meas tú? Is leabhar iontach gleoite é seo a léifí arís agus arís ag am Nollag. 5⃣ Cuairt San Nioclás: Is casadh Gaeilge é ‘Cuairt San Nioclás’ ar chlasaic na Nollag ‘Twas The Night Before Christmas’. Is deis iontach é an leabhar seo éalú isteach i ndraíocht ullmhúcháin Daidí na Nollag ar Oíche Nollag. Aimsigh an scéal is ansa leat an Nollaig seo! Foras na Gaeilge #LoveLeabharGaeilge #Nollaig
-
An bhfuil siopadóireacht le déanamh agat don Nollaig go fóill? Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin #LoveLeabharGaeilge le treoir a fháil! 💭 Tá 15 leabhar Gaeilge roghnaithe againn don Nollaig seo a bhfreastalaíonn ar ‘chuile léitheoir, idir pháistí óga agus daoine fásta. Tá scéalta lán le mistéir ann a mheallfadh léitheoirí fiosracha agus finscéalta a dhéanfadh amhlaidh. Aimsigh an scéal is ansa leat an Nollaig seo. 🎅 Foras na Gaeilge
Aimsigh scéal nua Gaeilge an Nollaig seo - Love Leabhar Gaeilge
loveleabhargaeilge.ie
-
‘Sí an Nollaig í! Le hinspioráid ón #LateLateToyShow seo duit ár moltaí do léitheoirí óga an Nollaig seo. 👶🎅 Pioc do rogha leabhar ag loveleabhargaeilge.ie #LoveLeabharGaeilge
-
Óstán na bhFeithidí le Áine Ní Ghlinn, maisithe ag Mr Ando 🐞🦋 “Scríofa ag iar-Laureate na nÓg, Áine Ní Ghlinn, tá a stíl scríbhneoireachta chomh snasta agus spraíúil is a bhí riamh idir an rím shásúil agus imeartas focal.” Léigh an léirmheas ag loveleabhargaeilge.ie 💗📚 Foras na Gaeilge #LoveLeabharGaeilge #Gaeilge #Léirmheas