An tsaoirse aistriú go Ballstát eile chun obair a dhéanamh gan chead oibre, is ceart é sin atá ag náisiúnaigh an Aontais.
D’fhéadfadh sé go mbeadh an ceart ag náisiúnaigh tríú tír obair a dhéanamh i dtír den Aontas freisin, nó an ceart chun go bpléifí leo ar comhchéim le náisiúnaigh den Aontas maidir le coinníollacha oibre. Braitheann na cearta sin ar a stádas mar bhaill teaghlaigh ag náisiúnaigh den Aontas agus ar a náisiúntacht féin.
An Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin
Cé nach bhfuil na tíortha sin ina mbaill den Aontas, is féidir lena gcuid náisiúnach dul ag obair san Aontas ar aon bhonn le náisiúnaigh an Aontais, toisc go mbaineann siad leis an Limistéar Eacnamaíoch Eorpach.
D’fhéadfadh sé go mbeadh srianta sealadacha ar oibrithe ón gCróit maidir le bheith ag obair i Lichtinstéin.
Cuireann Lichtinstéin cuótaí i bhfeidhm lena dteorannaítear líon na ndaoine a bhfuil cead acu a bheith ag obair agus ina gcónaí ann. Baineann an córas cuótaí seo le náisiúnaigh as tíortha uile an Aontais, as an Iorua agus as an Íoslainn.
An Eilvéis
Faoin gcomhaontú idir an tAontas agus an Eilvéis maidir le saorghluaiseacht daoine, is féidir le náisiúnaigh Eilvéiseacha dul chun cónaithe nó ag obair san Aontas.
Níl cead de dhíth ar an gcuid is mó de shaoránaigh an Aontais chun dul i mbun oibre san Eilvéis. Níl srianta i bhfeidhm ach amháin i dtaca le náisiúnaigh na Cróite, a bhfuil cead oibre ag teastáil uathu. Faigh tuilleadh eolais faoi bheith ag obair san Eilvéis mar shaoránach den Aontas.
An TuircAr dhlíthe gach tíre ar leith den Aontas a bhraitheann ceart na náisiúnach Turcach aistriú chun na tíre sin ag lorg oibre.
Tá na cearta seo a leanas ag oibrithe Turcacha atá fostaithe go dlíthiúil i mBallstát de chuid an Aontais agus atá cláraithe mar is cuí sa lucht oibre:
- tar éis bliain amháin fostaíochta dlíthiúla tá siad i dteideal go n-athnuafaí a gcead oibre leis an bhfostóir céanna má bhíonn an post ar fáil
- tar éis trí bliana fostaíochta dlíthiúla is féidir leo fostóirí a athrú agus glacadh le haon tairiscint oibre sa ghairm chéanna
- tar éis ceithre bliana fostaíochta dlíthiúla tá saor-rochtain acu ar aon fhostaíocht íoctha sa tír sin den Aontas.
Náisiúnaigh Thurcacha atá ag obair de réir dlí i dtír den Aontas, tá siad i dteideal na gcoinníollacha céanna oibre le náisiúnaigh na tíre sin.
An Ríocht AontaitheTar éis Brexit, scoir dlí an Aontais maidir le saorghluaiseacht shaoránaigh an Aontais d’fheidhm a bheith aige an 31 Nollaig 2020 maidir le saoránaigh den Aontas sa Ríocht Aontaithe agus náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe san Aontas. Tá cearta shaoránaigh na Ríochta Aontaithe chun cónaí, obair nó staidéar a dhéanamh san Aontas faoi rialú ag an gComhaontú um Tharraingt Siar agus/nó ag rialacha náisiúnta Bhallstáit an Aontais.
Náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe a bhí ina gcónaí go dleathach i dtír den Aontas roimh an 1 Eanáir 2021, tá siad faoi chosaint ag an gComhaontú um Tharraingt Siar. Tríd is tríd, tá na cearta céanna acu chun cónaí, obair agus staidéar a dhéanamh, agus chun rochtain a fháil ar shochair agus ar sheirbhísí, agus a bhí acu roimh Brexit sa Bhallstát ina raibh cónaí orthu roimh an dáta sin. Is amhlaidh an cás maidir le náisiúnaigh den Aontas a bhí ina gcónaí go dleathach sa Ríocht Aontaithe roimh an 1 Eanáir 2021 agus a fuair stádas cónaithe faoin Scéim Lonnaithe AE de chuid na Ríochta Aontaithe.
Tíortha eile a bhfuil comhaontú leis an Aontas Eorpach acu
Náisiúnaigh ó na tíortha seo a leanas, atá ag obair go dleathach san Aontas Eorpach, tá siad i dteideal dálaí oibre ar chomhchéim le náisiúnaigh na tíre aíochta:
- An Ailgéir, Maracó, an Túinéis
- An Rúis
- An Albáin, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró
- An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv*, an tSeirbia, an Úcráin
- Andóra, San Mairíne
- 79 tír de Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin
* Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
Tíortha nach bhfuil aon chomhaontú acu
I gcás náisiúnaigh ó thíortha eile – nach bhfuil aon chomhaontú leis an Aontas acu – braitheann an ceart chun obair a dhéanamh i dtír den Aontas ar dhlíthe na tíre sin go príomha, mura baill iad de theaghlach náisiúnaigh den Aontas.
Clúdaíonn rialacha an Aontais Eorpaigh na réimsí seo a leanas d'oibrithe ó gach tír nach bhfuil san Aontas, ámh:
- náisiúnaigh tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha san Aontas iad
- an ceart chun teaghlach a athaontú
- cead isteach do lucht taighde nach as an Aontas Eorpach dóibh
- cead isteach do mhic léinn, do dhaltaí malairte, nó do dhaoine atá i mbun oiliúint neamhíoctha nó atá ar sheirbhís dheonach
- cearta na n-oibrithe sároilte ó lasmuigh den Aontas Eorpach (scéim chárta gorm an Aontais)
- nósanna imeachta iontrála simplithe agus cearta do gach oibrí imirceach nach as an Aontas Eorpach dóibh
- coinníollacha iontrála agus cónaithe d’oibrithe séasúracha ó thríú tíortha
- coinníollacha iontrála agus cónaithe d’oibrithe séasúracha ó thríú tíortha i gcreat aistrithe ionchorparáide.