An spás spraoi-fhoghlama
Más dalta bunscoile nó meánscoile tú, tiocfaidh tú ar chluichí, comórtais agus leabhair ghníomhaíochta anseo chun cabhrú leat eolas a chur ar an Aontas ar bhealach spraíúil sa seomra ranga nó sa bhaile. Is féidir leat tuilleadh a fhoghlaim freisin faoi staidéar nó obair dheonach a dhéanamh i dtír eile.
An spás teagaisc agus líonraithe
Más múinteoir tú agus más mian leat cabhrú le do dhaltaí eolas a chur ar an Aontas Eorpach agus ar an mbealach a fheidhmíonn sé, is foinse ábhar teagaisc é seo do gach aoisghrúpa. Chomh maith le hinspioráid a fháil do phleananna ceachta, is féidir leat freisin deiseanna líonraithe a aimsiú le scoileanna agus múinteoirí eile ar fud an Aontais.
I ngach teanga den Aontas
Tá Cúinne na Foghlama ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Roghnaigh an teanga is rogha leat ag barr an leathanaigh.
Faigh amach níos mó
Tabhair geábh siar san am chun eolas a chur ar thréimhsí tábhachtacha sa stair, ar fhionnachtana, ar mhór-imeachtaí sa spórt agus sa tsochaí agus ar neart eile. Go leor de na nithe sin, tá lorg acu fós ar an Aontas Eorpach sa ré seo
Aimsigh scoileanna le dul i gcomhar leo, múinteoirí lenar féidir leat do thaithí a roinnt, seimineáir agus tuilleadh eolais a chuireann líonraí Eorpacha ar fáil.
Eolas maidir le malartuithe, scoláireachtaí, obair dheonach, cúrsaí oiliúna, poist, cuairteanna ar institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus go leor deiseanna eile do dhaoine óga.
What's new
Féach ar thorthaí an tsuirbhé agus bain úsáid as ár sraith uirlisí oideachasúla – an tsraith uirlisí chun steiréitíopaí inscne sa bhunscoil a chomhrac agus an tsraith uirlisí chun steiréitíopaí inscne sa mheánscoil a chomhrac – chun feasacht a mhúscailt i do sheomra ranga!
Le huirlis IMAGE Eurostat is féidir leat do léarscáileanna staitistiúla Eorpacha féin a ullmhú agus tá roghanna éagsúla réamhshainithe ar fáil i dtaca le leagan amach.
Cabhraigh linn chun ábhair oideachasúla níos fearr a chur ar fáil ach páirt a ghlacadh sa suirbhé ar líne ó Pharlaimint na hEorpa faoin 5 Eanáir!