Cumhdach sláinte agus tú i do chónaí thar lear
Más náisiúnach de chuid an Aontais Eorpaigh thú a bhfuil sé beartaithe agat cónaí i mBallstát eile, bí ullamh do chórais slándála sóisialta éagsúla, árachas sláinte ina measc. An méid a bheidh ort a dhéanamh, beidh sé ag brath ar do staid phearsanta, ar fhad do chuairte agus ar théarmaí d'árachais sláinte reatha. Déan cinnte go dtuigeann tú do chás ar leith sula dtéann tú thar lear.
Tá na roghanna maidir le tithe cúraim chónaithe fhadtéarmaigh (tithe altranais) éagsúil i ngach tír san Aontas, mar aon leis na coinníollacha maidir le cabhair airgeadais chun costais an chúraim fhadtéarmaigh a chumhdach.
D’fhéadfá a bheith in ann páirt a ghlacadh freisin i gcláir cúraim sláinte choiscthigh amhail scagthástáil galar nó feachtais vacsaínithe.
Tuilleadh eolais:
Féach freisin: