Ceadúnas tiomána a mhalartú agus aitheantas a fháil dó san Aontas
Ceadúnas tiomána a mhalartú san Aontas
Ní féidir leat ach ceadúnas tiomána amháin de chuid an Aontais a bheith agat ag aon am amháin. Má bhogann tú go Ballstát eile den Aontas, de ghnáth ní gá duit do cheadúnas tiomána a mhalartú ar cheadúnas tiomána áitiúil. Mar sin féin, is féidir leat é a mhalartú go deonach ar cheann coibhéiseach i do thír chónaithe nua más mian leat.
Do cheadúnas tiomána a mhalartú go deonach i mBallstát eile den Aontas
Más mian leat do cheadúnas tiomána a mhalartú go deonach ní mór duit a bheith i do chónaí sa tír sin agus na coinníollacha a chomhlíonadh chun ceadúnas tiomána a bheith agat (e.g. tá an aois íosta sroichte agat, tá tú i ndea-shláinte le bheith ag tiomáint, etc.).
Sula malartaíonn na húdaráis do cheadúnas tiomána, déanfaidh siad teagmháil leis na húdaráis sa tír ina raibh cónaí ort roimhe seo chun a chinntiú nár cuireadh srian ar do cheadúnas tiomána, nár cuireadh ar fionraí é ná nár tarraingíodh siar é. Má mhalartaíonn tú ceadúnas sean-stíle, eiseofar an fhormáid chaighdeánach nua duit (cárta grianghraf plaisteach, atá ar chóimhéid le cárta creidmheasa agus atá ar fáil ó 2013).
Do cheadúnas tiomána a mhalartú go héigeantach i mBallstát eile den Aontas
Ní mór duit do cheadúnas tiomána a mhalartú sna cásanna seo a leanas:
- Cailleadh, goideadh nó rinneadh damáiste do do cheadúnas
- Tar éis duit gnáthchónaí a bheith agat i dtír ar feadh dhá bhliain, má tá ceadúnas tiomána agat a bhfuil tréimhse bhailíochta éiginnte aige (má éilíonn na húdaráis náisiúnta sa tír ina bhfuil cónaí ort anois é sin, agus sa chás sin amháin)
- Déanann tú cion tráchta sa tír ina bhfuil cónaí ort
Warning
Má bhogann tú go Ballstát eile den Aontas agus má dhéanann tú iarratas chun do cheadúnas tiomána a athnuachan nó a mhalartú, d’fhéadfaí doiciméad sealadach a thabhairt duit le linn do na húdaráis d’iarratas a phróiseáil. Tabhair do d’aire nach n-aithníonn roinnt Ballstát den Aontas na doiciméid shealadacha sin. D’fhéadfadh sé sin fadhbanna ar leith a chruthú do thiománaithe gairmiúla a oibríonn thar theorainneacha. Déan cinnte de go seiceálann tú na rialacha sa Bhallstát den Aontas is ábhartha.Warning
Nuair a mhalartaíonn tú do cheadúnas tiomána bunaidh ar cheadúnas áitiúil, beidh tú faoi réir rialacha na tíre sin maidir le ceadúnais tiomána (mar shampla maidir le tréimhsí bailíochta agus seiceálacha leighis).
Scéal samplach
Tá cónaí ar Monica sa Chipir agus tá ceadúnas tiomána Iodálach aici. Rinneadh damáiste don cheadúnas sin. Chun ceadúnas nuair a fháil, beidh uirthi a ceadúnas Iodálach a mhalartú ar cheadúnas Cipireach. Gheobhaidh sí ceadúnas ón gCipir atá bailí ar feadh 15 bliana, in ionad 10 mbliana mar atá san Iodáil.
Chomh maith leis, faigh amach cad is gá duit a dhéanamh má chailltear nó má ghoidtear do cheadúnas tiomána agus tú ag taisteal thar lear.
Aitheantas a fháil do cheadúnas tiomána san Aontas
An aithnítear do cheadúnas tiomána ar fud an Aontais sna cásanna seo a leanas:
Má tá ceadúnas tiomána sean-stíle agat a eisíodh san Aontas?
Má tá ceadúnas sean-stíle de chuid an Aontais agat, is féidir leat é a úsáid fós i ngach Ballstát den Aontas. Má dhéanann tú é a athnuachan, eiseofar leagan caighdeánach ceadúnais an Aontais duit. Seachas sin, ní mór duit é a mhalartú faoi 2033 ar a dhéanaí.
Má tá ceadúnas tiomána agat atá bailí ar feadh an tsaoil?
Aithnítear ceadúnais tiomána de chuid an Aontais atá bailí ar feadh an tsaoil i ngach Ballstát den Aontas. Mar sin féin, ní mór duit a chinntiú leis na húdaráis náisiúnta cén uair is gá duit é a mhalartú ar an leagan caighdeánach
Má tá ceadúnas sealadach agat?
Ní rialaítear ceadúnais shealadacha ná ceadanna tiomána idirnáisiúnta (ná aon deimhnithe eile a eisítear i do thír dhúchais) ar leibhéal an Aontais agus d’fhéadfadh sé nach n-aithneofaí iad i mBallstáit eile den Aontas.
Má tá ceadúnas tiomána sealadach agat agus má tá tú ag bogadh go Ballstát eile den Aontas, ba cheart duit na rialacha a chinntiú leis an údarás náisiúnta ceadúnas tiomána sa tír a bhfuil tú ag bogadh chuici.
Má tá ceadúnas tiomána agat a eisíodh i dtír nach Ballstát den Aontas í?
Féadfaidh roinnt Ballstát den Aontas ceadúnais a eisíodh i roinnt tíortha nach Ballstáit den Aontais iad a aithint. Má tá ceadúnas tiomána de chuid an Aontais agat a eisíodh mar mhalairt ar cheadúnas nach ceadúnas den Aontas é, agus más mian leat bogadh go Ballstát eile den Aontas, ba cheart duit a bheith ar an eolas go bhféadfadh sé nach n-aithneofaí do cheadúnas nua ansin.
Cinntigh na coinníollacha chun ceadúnais nach ceadúnais den Aontas iad a aithint leis na húdaráis áitiúla i do thír nua. Má tá ceadúnas tiomána de chuid na Ríochta Aontaithe agat, léigh na rialacha maidir lena mhalartú ar shuíomh gréasáin rialtas na Ríochta Aontaithe.
Scéal samplach
Is náisiúnach de chuid na Sile í Angeles a bhog go dtí an Spáinn cúpla bliain ó shin. Ó tharla go n-aithníonn an Spáinn ceadúnais tiomána Shileacha, bhí Angeles in ann a ceadúnas féin a mhalartú ar cheadúnas Spáinneach tar éis di roinnt foirmiúlachtaí riaracháin a chomhlíonadh.
Tá cead ag Angeles tiomáint san Aontas leis an gceadúnas nua sin. Mar sin féin, má bhogann sí ón Spáinn go dtí Ballstát eile den Aontas, beidh uirthi a chinntiú go n-aithníonn na húdaráis ansin a ceadúnas Spáinneach.
Má aithníonn an tír nua an ceadúnas bunaidh ón tSile go huathoibríoch, beidh sí in ann leanúint ar aghaidh ag tiomáint lena ceadúnas Spáinneach. Mura n-aithníonn, d’fhéadfadh sé go mbeidh uirthi aitheantas foirmiúil a fháil dá ceadúnas Sileach, sin nó é a mhalartú sa tír nua.
Faigh tuilleadh eolais faoin gcineál ceadúnais atá agat, an chuma atá air, a ghnéithe slándála agus na teidlíochtaí agus na catagóirí feithiclí atá liostaithe air ina measc.
Eolas tír-shonrach
Féach na rialacha maidir le ceadúnas tiomána a mhalartú nó aitheantas a fháil dó sa tír ina bhfuil cónaí ort:
Roghnaigh tír
Níl an Coimisiún Eorpach freagrach as aon ábhar ó shuíomhanna gréasáin seachtracha.